Ollscoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coláiste na Tríonóide

Is institiúid ardoideachais agus taighde í an ollscoil, a bhronnann céimeanna acadúla. Cuireann ollscoil oideachas tríú leibhéal agus ceathrú leibhéal ar fáil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D´fhéadfaí a rá gurbh í an chéad ollscoil san iarthar an tAcadamh a bhunaigh Pláto, an fealsamh Gréagach, ar bun i 387 RC i gcoill Academos lámh le hAtain, mar ar thug sé ceachtanna fealsúnachta, matamaitice agus lúthchleasaíochta dos na mic léinn.

Cuireadh na céad ollscoileanna Eorpacha sna meánaoiseanna ar bun i mBologna na hIodáile agus i bPáras (an Fhrainc) sna meánaoiseanna le haghaidh staidéar ar dhlí, ar leigheas, agus ar dhiagacht.

I bhfad roimhe sin, bhí a leithéidí d'institiúidí cheana féin sa Pheirs agus sa domhain Ioslamach, go háirithe Acadamh Gundishapur agus níos deireanaí freisin in ollscoil Al-Azhar Chairó, arb í an ollscoil is faide i mbun léinn ar domhan. Tá Nalanda, i mBihar India, ar cheann de na hollscoileanna is tábhachtaí san Áise, seachas Acadamh Gundishapur, áit a raibh an fealsamh Búdíoch Nagarjuna i mbun léinn sa dara hAois tar éis Chríost.

San Eoraip, lean fir óga ar aghaidh don ollscoil nuair a chríochnaigh siad staidéar ar an dtrivium: na healaíona ullmhúcháin arbh iad an gramadach, an reitric, agus an loighic; agus an quadrivium: uimhríocht, geoiméadracht, ceol, agus réalteolaíocht[1]

Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Grande école (École nationale des chartes, Paris.)

Cuirtear ollscoileanna ar bun de ghnáth de réir dlí nó cairte.

Sa bhFrainc, téann mic léinn freisin chuig na cours prepartoires agus grandes écoles, a bhfuil an-mheas agus clú orthu, agus a bhfuil comórtais an-déine le h-iontráil acu. .

Terry Pratchett ag ól Guinness i gColáiste na Tríonóide, BAC

Sna Stáit Aontaithe, aithnítear ollscoil de réir dlí mar chorparáid ar nós aon chorparáid eile, cé go gcuireann stáit áirithe freagracht áirithe orthu maidir le leas na mac léinn. Mar nach gcuireann rialtas cónaidhme Mheiriceá eagar nó riaradh díreach ar na hollscoileanna, thosaigh eagrais réigiúnaí d'institiúidí ardléinn córais meastúcháin dá gcuid féin. Is eagrais neamh-shocair formhór mór ollscoileanna príobháideacha agus poiblí Mheiriceá, ach ó na 70í ar aghaidh, cuireadh go leor coláistí agus ollscoileanna le sochar ar bun chun tairbhe a bhaint as athraithe áirithe i gcláracha cúnaimh an rialtais chónaidhme.

Ó na 1980idí ar aghaidh, cuireadh roinnt oll-ollscoileanna ar bun, a thugann teagasc le córais múineadh ó i bhfad.

Gnáthúsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, úsáidtear an téarma ollscoil, nó university sa Bhéarla, le tagairt don tréimhse sin i saol duine, ach i Meiriceá Thuaidh, úsáidtear an téarma coláiste, nó, as Béarla, college.


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Féach ar Degrees of Oxford University, ar Wikipedia an Bhéarla chun feiscint conas ar tháinig an trivium agus an quadrivium chun saoil, go háirithe i ndomhain an Bhéarla.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]