YouTube
URL | https://www.youtube.com/ |
---|---|
Ainm gearr | YT |
Cineál | seirbhís beoshruthaithe físe, ardán físeán ar líne, user-generated content platform (en) , comhphobal ar líne agus live streaming service (en) |
Sluaghairm | Broadcast Yourself |
Teanga | ilteangacha |
Ceadúnas | end-user license agreement (en) |
Teanga ríomhchlárúcháin | Python agus Go |
Úinéir | YouTube (en) agus Google |
Cruthaitheoir | Steve Chen, Jawed Karim agus Chad Hurley |
Cur i seirbhís | 14 Feabhra 2005 |
Ceanncheathrú | San Bruno |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gradam a fuarthas |
|
Ioncam iomlán | 31,500,000,000 dollair na Stát Aontaithe (2023) |
Rangú Alexa | 2 (24 Lúnasa 2019) 2 (12 Eanáir 2020) 2 (27 Meitheamh 2020) 2 (13 Nollaig 2020) |
Blag oifigiúil | https://blog.youtube/ |
Is suíomh gréasáin comhroinnte físeán é YouTube. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar na físeáin chéanna.
Bíonn an chuid is mó de na físeáin á gcruthú ag na húsáideoirí féin agus bíonn gearrthóga scannán, gearrthóga teilifíse agus físeáin cheoil ina measc, chomh maith le hábhar amaitéarach amhail físbhlaganna agus ábhar bunaidh físeán na n-úsáideoirí féin.
Is áis é atá saor in aisce. Ní gá clárú ar an suíomh le féachaint ar na físeáin, cé gur gá clárú le breathnú ar fhíseáin shrianta áirithe.
Is fochuideachta de chuid Google é. Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in San Bruno, California.
Teicneolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáideann YouTube teicneolaíocht HTML5 chun réimse leathan d'ábhair físeáin a thaispeáint. Bhain an comhlacht úsáid as Adobe Flash Video cheana.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir iarfhostaithe de chuid PayPal tús le YouTube sa bhliain 2005. D'fhorbair Meiriceánaigh darb ainm Steve Chen, Chad Hurley agus Jawed Karim YouTube i rith 2005, chun comhroinnt físeán a éascú ar an idirlíon.
Cheannaigh Google YouTube ar $1.65 billiún i Samhain 2006.
Thuairiscigh anailísí de chuid Bank of America sa bhliain 2015 gur fiú $70 billiún an suíomh YouTube ag an am sin[1].
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bréagnuacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2024, cheadaigh Youtube fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin in Éirinn.[2] Ba le fonn córas scagtha Youtube a thástáil a chuir an eagraíocht Global Witness sé fhógra dhéag chuig an meán sóisialta a raibh eolas bréagach iontu. Vótáil ar líne agus i dtéacs teileafóin; an aois vótála; agus cead vótála ag inimircigh in Éirinn – mar dhea – na hábhair a cuireadh i láthair sna fógraí. Ghlac YouTube le péire acu ach tharraing Global Witness siar iad sular foilsíodh iad.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ tuairisc.ie, 22 Nollaig 2016
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht TG4 (2024-06-04). "Fógraí bréagacha maidir leis an tír seo ceadaithe ag TikTok" (as ga-IE).