Teilifís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
📺Teilifís

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla deearnáil eacnamaíochta, infreastruchtúr agus type of mass media (en) Aistrigh
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agSoham Patel agus Charles Francis Jenkins
Tréithe
Le cuidstáisiún teilifíse
bealach teilifíse
gréasán teilifíse
teilifíseán
television watcher (en) Aistrigh
people-meter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
RTÉ, Monadh Rois, Domhnach Broc

Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán.

  • Tagraíonn an focal teilifís do na cláir, don chraoltóireacht agus don tarchuradóireacht, mar ghníomhaíocht.
  • Teilí a thugtar ar an dá rud sa ghnáthchaint Gaeilge go minic: chonaic mé ar an teilí é. Focal é sin atá bunaithe ar ghnáthchaint an Bhéarla.
  • Is féidir an bosca, nó an bosca draíochta, a thabhairt ar an teilifíseán agus, go meatonaimeach, ar an gcraolachán teilifíse freisin.
RTÉ Domhnach Broc

Comhpháirteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:

  • Foinse na híomhá. Is éard atá ann ná comhartha leictreach a sheasann don íomhá. Más íomhánna beo atá á gcraoladh, tá an comhartha seo á sholáthar ag an gceamara a iompaíonn an t-imprisiún físe (is é sin, na himeachtaí infheicthe) ina bhíoganna leictreacha. Is féidir, áfach, gur íomhánna taifeadta atá againn ansin, agus an comhartha á sholáthar ag an taifeadán fístéipe. Is féidir freisin scannán den tseanchineál a léamh le scanóir ar leith.
  • Foinse na fuaime. Ar bhealach cosúil le foinse na híomhá, is éard atá i gceist leis seo ná comhartha leictreach a sheasann don fhuaim. Más fuaim bheo atá ann, tagann na bíoganna leictreacha ón micreafón a iompaíonn an fhuaim - guth an duine, abair, nó an ceol, nó eile - ina leictreachas. Ar ndóighe, úsáidtear fuaim thaifeadta chomh maith.
    craoladh seachtrach, 1970idí
  • An tarchuradóir. Iompaíonn an gléas seo an comhartha físe agus an comhartha fuaime ina dtonnta raidió, is é sin, ina radaíocht leictreamhaighnéadach. Tá bannaí minicíochta na radathonnta níos airde ar scála an tonnfhaid, agus dá réir sin, níos ísle ar scála na minicíochta, ná an radaíocht infridhearg.
  • An aeróg leis na radathonnta a tharchur.
  • An aeróg leis na radathonnta a ghlacadh.
  • An glacadóir sa chiall chúng, is é sin, an tiúnóir, a aithníonn na comharthaí radathonnta agus a iompaíonn ar ais ina mbíoganna leictreacha iad.
  • stiúideo teilifíse 1, RTÉ, Monadh Rois
    stiúideo Big Bite, RTÉ
    An gléas taispeána. Go traidisiúnta, bhí feadán ga-chatóideach á úsáid leis na craolacháin teilifíse a thaispeáint. San fheadán ga-chatóideach, tá leictreoid dhiúltach - catóid - suite i gcúl an fheadáin, agus í ag tabhairt leictreon uaithi. Tá cornaí leictreacha timpeall an fheadáin agus anóid taobh istigh de, agus iad ag stiúradh shruth na leictreon de réir an chomhartha físe a fhaightear ón aeróg. San áit ina mbuaileann sruth na leictreon an scáileán fluaraiseach, feictear ponc solais ag lasadh suas, agus nuair a athraíonn an comhartha físe treo na leictreon, tarraingíonn an ponc solais seo íomhá i ndiaidh íomhá ar an scáileán fluaraiseach chomh sciobtha is nach féidir le súil an duine na pictiúir seo a aithint thar a chéile. Mar sin, téann siad i bhfeidhm ar an bhféachadóir díreach mar a bheadh gluaiseacht leanúnach ann.
stiúideo Nuacht RTÉ 2009

Teicneolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hé an feadán ga-chatóideach an t-aon teicneolaíocht is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin phlasma agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óideanna astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.

  • An gléas fuaime, is é sin, an t-aimplitheoir fuaime agus an callaire, leis an gcomhartha fuaime a iompú ina fhuaim inchloiste.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB)[1]. Stáisiún teilifíse de chuid General Electric a bhí ann.

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn, is é RTÉ an príomhchraoltóir náisiúnta, agus é faoi smacht an rialtais. Gearrtar suim airgid de na féachadóirí mar thaille ceadúnais leis an gcraolachán a mhaoiniú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://en.wikipedia.org/wiki/WRGB