An Coimisiún Eorpach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
European Commission.svg

I dteannta le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus le Parlaimint na hEorpa, is ceann de na hinstitiúidí is tábhachtaí den Aontas Eorpach é an Coimisiún Eorpach.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an Coimisiún Eorpach le Conradh na Róimhe sa bhliain 1957 (féach airteagail 155 go 163). Tá ball as gach ballstát den Aontas ar an gCoimisiún, rud a chiallaíonn go bhfuil 28 coimisinéirí páirteach ann faoi láthair.

Berlaymont-Building-1.Jpg

Faoi láthair, is é Jean-Claude Juncker, polaiteoir as Lucsamburg, atá ina uachtarán ar an gCoimisiún. Thosaigh sé sa phost ar an 1 Samhain 2014, tar éis don Pharlaimint Eorpach glacadh leis mar uachtarán ar an 15 Iúil 2014.

Feidhmeanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is é príomhchúram an Choimisiúin Eorpaigh ná polasaithe a mholadh agus a chur i bhfeidhm. ‘Caomhnóir na gConarthaí’ atá sa Choimisiún, cinntíonn sé go gcuirtear i bhfeidhm iad agus is leisean an ceart tionscnaimh chun dlíthe nua a mholadh a bhaineann le hábhair a bhfuil an tAontas amháin freagrach astu – aontas custam an Aontais, caomhnú acmhainní nádúrtha na mara, an Margadh Eorpach Aonair agus an t-airgeadra aonair, ina measc.

Bratacha os comhair an Choimisiúin Eorpaigh

I bprionsabal, tá ról lárnach ag an gCoimisiún mar chosantóir leas comhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus is de bharr an róil sin atá an ceart tionscnaimh aige. I gcomhthéacs na gcóras polaitiúil, tá gné ar leith ag an gCoimisiún ós rud go bhfuil sé freagrach as leas comhchoiteann an Aontais cé nach dtagann a chumhacht ó Pharlaimint na hEorpa, parlaimint a thoghann lucht vótála an Aontais féin.

Tá ról tábhachtach ag brúghrúpaí i bpróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin Eorpaigh, brúghrúpaí a oibríonn ar son leas an phobail agus brúghrúpaí a oibríonn ar son leas na ngnóthaí.

Maireann téarma an Choimisiúin cúig bliana.

Iris: "Commission en direct"

Caidreamh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rialtais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cé go bhfuil cosúlachtaí ann idir ról an Choimisiúin agus ról rialtais na mballstát, tá difríochtaí ann leis. I bprionsabal, oibríonn na coimisinéirí ar son an Aontais agus tá siad neamhspleách ar a dtír féin. I ndáiríre, áfach, polaiteoirí atá sna coimisinéirí de ghnáth, polaiteoirí a bhfuil saol fada caite acu ag obair i rialtas a dtíre féin agus nach gcaitheann ach seal beag leis an gCoimisiún sara dtéann siad thar n-ais isteach i rialtas a dtíre féin.

Chomh maith leis sin, braitheann an Choimisiún ar rialtais na mballstát le buiséad a fháil.

Parlaimint[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Coimisiún freagrach do Pharlaimint na hEorpa agus tá an Pharlaimint i gcumas an Coimisiún a cháineadh. Ach níl an Pharlaimint i gcumas an Coimisiún a cháineadh ach amháin maidir lena riarachán agus, chun an próiseas cáinte a chur i bhfeidhm, teastaíonn vóta ó dhá thrian d’fheisirí na Parlaiminte.

seomra cruinnithe, ardán 13, Berlaymont

An Chomhairle[athraigh | athraigh vicithéacs]

Roinntear na cumhachtaí, cumhachtaí reachtacha agus cumhachtaí feidhmiúcháin araon, idir an Coimisiún agus an Chomhairle.

Riarachán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Coimisiún lonnaithe sa Bhruiséil, i bhfoirgneamh Berlaymont atá suite ag cearnóg boulevard Charlemagne agus rue de la Loi.

Tá foireann mhór státseirbhíseach ann a chabhraíonn le hobair na gCoimisinéirí, is í an fhoireann sin an fhoireann is mó san Aontas – sa bhliain 2007, bhí beagnach 27,000 duine ag obair inti.

Ó bunaíodh an Coimisiún sa bhliain 1958, bíonn sealanna ina mbíonn sé níos gníomhaí agus sealanna eile ina mbíonn sé níos ciúine. I ndáiríre, is é an rud is tábhachtaí a théann i gcion ar obair an Choimisiúin agus ar obair na gCoimisinéirí ná lánpháirtiú na hEorpa.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]



Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc