An Mholdóiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Mholdóiv
Moldova (ro) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLimba noastră Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Discover the routes of life» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPrionsacht na Moldóive Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 47°15′00″N 28°31′00″E / 47.25°N 28.51667°E / 47.25; 28.51667

PríomhchathairCísineá Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,603,813 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús76.94 hab./km²
Teanga oifigiúilan Rómáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirdheisceart na hEorpa
Oirthear na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla33,843.5 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBălănești Hill (en) Aistrigh (430 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Dnístir (2 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive agus An tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú27 Lúnasa 1991
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Phoblacht na Moldáive Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Moldova (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMircea Snegur (1990–1997) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Moldova (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataDorin Recean (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil13,692,230,147 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraMoldovan leu (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.md Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+373 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreMD Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmoldova.md Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír thalamhiata í an Mholdóivan Mholdáiv, nó Poblacht na Moldóive go hoifigiúil, in Oirthear na hEorpa, suite idir an Rómáin agus an Úcráin. Is í Císineá príomhchathair na tíre.

D'fhógair an Mholdóiv a neamhspleáchas ar an 27 Lúnasa 1991, mar chuid de dhíscaoileadh an tAontas Sóivéadach. Ghlacadh le Bunreacht na Moldóive i 1994. Tá stráice críocha Moldóvach ar bhruach thoir na habhann Dniester faoi cheannas de facto rialtas Tras-dnístria ó 1990.

Mar gheall ar laghdú i dtáirgeacht tionsclaíochta agus talmhaíochta i ndiaidh díscaoileadh an tAontas Sóivéadach, tá earnáil na seirbhísí tar éis fás agus anois is é os cionn 60% de olltáirgeacht (OTI) na tíre. Tá ceann de na geilleagar is boichte san Eoraip sa Moldóiv.

Is poblacht pharlaiminteach í an Mholdóiv le uachtarán mar cheann stáit agus príomh-aire mar cheannaire rialtais. Is ballstáit í sna Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Domhanda Trádála, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhair san Eoraip (ENASCE) agus Comhlathas na Stát Neamhspleách. Tá sí ag iarraidh a bheith mar bhallstáit san Aontas Eorpach.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an t-ainm 'an Mholdóiv' ó Abhainn na Moldóive; úsáideadh gleann na habhann seo mar ionad pholaitíochta ag an am inar bhunaíodh Prionsacht na Moldóive i 1359. Níl a fhios againn bunús ainm na habhann. De réir an fhinscéil a d'inis na croiniceoirí Moldóiví Dimitrie Cantemir agus Grigore Ureche, bhronn an Prionsa Dragos an ainm ar an abhainn tar éis gur bheir sé ar áracsanna; i ndiaidh na tóraíochta bádh spíonta an Phrionsa, Molda, san abhainn.

Ar feadh tamaill ghairid i rith na 1990idí, ag bunú Comhlathais na Stát Neamhspleách, litríodh ainm Poblacht na Moldóive mar "an Mholdáiv" chomh maith. I ndiaidh déscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, thosaigh an tír ag úsáid an ainm Románaigh, Moldova. Ach bhronn na Náisiúin Aontaithe an t-ainm Poblacht na Moldóive ar an tír.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2010, fuaireadh uirlisí breochlocha i mBayraki atá idir 800,000 agus 1.2 milliúin bliain d'aois. Taispeánann é seo go raibh luath-dhaoine sa Mholdóiv i rith an tréimhse Pailéiliteach. I rith an Chlochaois Neoiliteach bhí críoch na Moldóive i lár an cultúr Cucenteni-Trypilliach a shín amach soir thar an Abhainn Dniester san Úcráin, agus siar suas go dtí agus thar na Sléibhte Cairp sa Rómáin. Chleachtaigh áitritheoirí an sibhialtacht seo, a bhí ann idir 5500 agus 2750 RC go garbh, talmhaíocht, thóg siad beostoc, bhí siad ag fiach agus rinneadar potaireacht a bhí deartha go fíorchasta.

An Seansaol agus an Mheánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seansaol, chónaigh treibheanna Dáiciach i gcríocha na Moldóive. Idir an chéad agus an seachtú aois AD, bhí an deisceart faoi Impireacht na Róimhe agus ansin an Impireacht Bhiosántach. De bharr go bhfuil sí suite ar bealach idir an Eoraip agus an Áise, d'ionsaíodh críocha comhaimseartha na Moldóive go leor sa Seansaol agus sa Meánaois, d'ionsaigh na Gotaigh, na Hungaigh, na hAváraigh, na Bulgáraigh, na Maigiaraigh, na Mongólaigh agus na Tataraigh.

Bhí Prionsacht na Moldóive, a bunaíodh in 1359, suite soir ó na Sléibhte Cairp, siar ó Abhainn an Dnístir agus ó thuaidh ó Abhainn an Danóib agus an Mhuir Dhubh. Bhí críocha Poblacht na Moldóive an lae inniu (seachas an talamh soir ón Dnístir), ocht gcontae oirthearach na Romáine agus na réigiúin Chernvitsi agus Budjak san Úcráin i bPrionsacht na Moldóive. Cosúil le poblacht na linne seo agus réigiún oirthuaisceart na Romáine, ghlaoigh muintir na háite Moldova ar an áit. D'ionsaigh Tataraigh Criméach an Mholdáiv go mion is go minic, agus ó thús an 15ú aois thosaigh na Tuircaigh á ionsú. I 1538, ghlac an Impireacht Otamánach seilbh ar an bprionsacht agus ba chíosaí í ó shin amach, ach choinnigh sí féinriail intíre agus féinrial páirteachtrach.

I mí na Bealtaine 1600, bhain Mícheál an Chróga Ieremia Movilă de choróin na Moldóive trí chath Bacău a bhua, agus chruthaigh sé an chéad aontas de na trí phrionsacht Rómánacha: an Mholdáiv, Wallachia agus an Transalváin. An teideal a úsáídeadh ins an doiciméad ar an 6ú Iúil 1600 ná "Rí na Romáine, Ardeal agus an Mholdáiv ar fad". Níor choinnigh Mícheál smacht ar na trí chúige ach ar feadh bliain amháin sular éirigh aicme uasal na Trasalváin agus roinnt de aicme uasal na Moldáive agus Wallachia amach ina éadan i sraith de réabhlóidí. Chur arm Polannach faoi cheannaireacht Jan Zamoyski an ruaig ar muintir Wallachia ón Mholdáiv agus chloígheadar Mícheál ag Năieni, Ceptura agus Bucov. Ghlac Ieremia Movilă le coróin na Moldáive arís faoi vhasáilleacht an Comhlathas Polannach-Liotuánach. Chuaigh an Moldáiv ar ais san vasáilleacht Otamánach faoi dheireadh i 1621.

Nua-Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Impireacht na Rúise[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomhréir le Conradh Búcairist 1812, agus in ainneoin roinnt agóidí a rinne aicme uasal na Moldáive ar son ceannasacht a bprionsacht, an Impireacht Otamánach