Uirlis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uirlisí

Aon fhearas a mbaintear feidhm as chun saothar a chur i gcrích is ea uirlis. Anallód dhéantaí na tuanna luatha trí fhaobhar a chur ar phíosa cloch thine.

Tá ilghnéitheacht uirlisí nua-aoiseacha ann anois, go minic fuinnmhithe le leictreachas is stiúrtha ag ríomhairí, agus iad oiriúnaithe d'obair ar scálaí éagsúla, ó na holltochaltóirí a úsáidtear sa mhianadóireacht is tochailt tollán síos go dtí an scála adamhach sna meaisíní lenar féidir adaimh aonaracha a aistriú is a chur in ionad ar leith chun ábhair a thógáil adamh i ndiaidh adaimh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall 4000 RC cuireadh uirlisí cré-umha in ionad na n-uirlisí cloiche, agus ina dhiaidh sin fós uirlisí iarainn.

Baineadh feidhm astu seo chun ionstraimí is meaisíní simplí a dhéanamh. Sa Réabhlóid Thionsclaíoch tháinig uirlisí meaisín chun cinn agus d'éirigh an t-olltáirgeadh indéanta de réir a chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uirlis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 689.