Cré-umha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clog déanta as cré-umha

Ceann de na cóimhiotail is luaithe dá raibh in úsáid ag daoine is ea cré-umha. Cuid amháin stáin le dhá chuid copair atá ann.

Crua is frithsheasmhach i gcoinne creimthe. De réir nóis úsáidtear é i dteilgean clog, agus is é an t-ábhar is coitianta i ndealbhóireacht mhiotail. Ar dtús ullmhaíonn an dealbhóir samhail i gcré, adhmad nó ábhar cuí eile.

sciath chosanta, as Contae Ros Comáinː Ceann de na cóimhiotail is luaithe dá raibh in úsáid ag daoine is ea cré-umha

Ansin déanann sé claonmhúnla bosca in dhá leath le meascán gainimh is marla (atá teasdíonach), baineann an tsamhail as an múnla, agus doirteann an cré-umha leáite isteach sa mhúnla. Fuarthas go raibh dealbhóireacht mhaisithe ar chaighdeán ard á déanamh sa tSín sa 16ú céad RC.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cré-umha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 180.