Copar
Copar | |
Siombail Cheimiceach | Cu |
Uimhir Adamhach | 29 |
Meáchan Adamhach | 196.966569(4) g·mol |
Grúpa, Peiriad | 11, 4, d |
Dlús | 8.96 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Na miotail trasdultacha |
![]() |
Is dúil cheimiceach é an copar. Is é an ceann is éadroime de na miotail lómhara. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 29, agus is é Cu an tsiombail cheimiceach. Miotal insínte é agus é ina sheoltóir maith leictreachais agus teasa. Tá dath ruadhearg ann, nó fiú pinc, má tá sé nuaghearrtha. Ó tá sé chomh maith sin ag iompar teasa agus leictreachais, úsáidtear mar sheoltóir leictreach agus teirmeach é. Comhábhar tábhachtach é ina lán cóimhiotal freisin - is cóimhiotal copair agus stáin é an cré-umha, agus mar is eol dúinn, bhí an cré-umha chomh tábhachtach lena linn is gur bhaist na staraithe a ainm ar aois iomlán i stair an duine - an Chré-umhaois.
Maidir leis an gcopar féin, fuair sé a ainm ó oileán na Cipire, ós ansin a bhí na poill mhianaigh ba mhó a tháirg copar sa tseanársaíocht.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcopar sna comhdhúile ná +II (na comhdhúile copracha) agus +I (na comhdhúile coprúla), agus is é +II an ceann is coitianta agus is cobhsaí. Bíonn dath gorm nó uaine sna comhdhúile copracha. Is féidir leis an bhfluairín an copar a ocsaídiú go +III nó +IV, ach bíonn a leithéidí de chomhdhúile an-éagobhsaí.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |