Na Náisiúin Aontaithe
Bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (nó Na Náisiúin Aontaithe de ghnáth) sa bhliain 1945. Fóram is ea na Náisiúin Aontaithe inar féidir leis na 193 ballstát ceisteanna deacra a ardú agus a phlé, fadhbanna cogaidh agus síochána ina measc.[1] Chomh maith leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú ar domhan, cosnaíonn Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cearta an duine, tugann sí cabhair dhaonnúil, cuireann sí an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn agus seasann sí leis an dlí idirnáisiúnta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1919, cuireadh Conradh na Náisiún ar bun mar thoradh ar phlean Woodrow Wilson, Uachtarán na Stát Aontaithe, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Ach ar ndóigh, níor éirigh leis an eagraíocht sin cogadh domhanda eile a sheachaint.
Baineadh úsáid as an ainm ‘Na Náisiúin Aontaithe’, a chum Franklin D. Roosevelt, Uachtarán na Stát Aontaithe, den chéad uair ar an 1 Eanáir 1942, le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a gheall ionadaithe ó 26 náisiún go leanfadh a rialtais orthu ag troid le chéile i gcoinne Chumhachtaí na hAise (an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin).
Bhí an saol réabtha ó bhonn tar éis scrios an Dara Chogaidh Dhomhanda. Bhí rún ag na bunaitheoirí nach ligfí dona leithéid de shlad tarlúint arís. D’aithin ceannairí domhanda go raibh gá le heagraíocht dhomhanda a chuideodh leis an tsíocháin a chothú agus lena chinntiú nach dtarlódh cogaí feasta.
Síníodh cáipéis bhunaidh na Náisiún Aontaithe, Cairt na Náisiún Aontaithe, ar an 26 Meitheamh 1945, i San Francisco. Tháinig Cairt na Náisiún Aontaithe i bhfeidhm ar an 24 Deireadh Fómhair 1945. Anois ceiliúrtar Lá na Náisiún Aontaithe ar an 24 Deireadh Fómhair gach bliain.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá formhór thíortha an domhain ina mbaill ar an eagraíocht.
Tá a ceanncheathrú suite i Nua-Eabhrac, agus tá 193 ballstát aige. Tá 6 teangacha oifigiúla aige: Béarla, Fraincis, Spáinnis, Araibis, Sínis agus Rúisis.
Íocann baill na Náisiún Aontaithe as gach rud a dhéanann an eagraíocht, de réir scála measúnachtaí a chomhaontaíonn gach tír. Tá an scála sin bunaithe ar chumas íoca tíre, ar a hioncam agus ar dhaonra na dtíortha éagsúla.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cothaíonn na Náisiún Aontaithe an tsíocháin: tá 117,000 coimeádaí síochána aici in 15 oibríocht ar cheithre ilchríoch.
- Baineann sí leas as an taidhleoireacht chun coinbhleachtaí a chosc: cabhraíonn sé le thart ar 67 dtír in aghaidh na bliana lena gcuid toghcháin
- Déanann sí cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain agus trí 80 conradh/dearbhú.
- Cabhraíonn sí le níos mó ná 65 milliún duine atá ag teitheadh ó chogadh, gorta agus géarleanúint, agus tugann sí cosaint dóibh.
- Cuireann sí vacsaíní ar fáil do 45% de pháistí an domhain, rud a chuidíonn le trí mhilliún duine a thabhairt slán gach bliain .
- srl.
Éire agus na Náisiúin Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1955.[2]
Tá trúpaí de chuid na hÉireann ina gcoimeádaithe síochána ar fud an domhain faoi bhratach na Náisiún Aontaithe le breis agus 50 bliain anois – ó 1958 i leith, in áiteanna deacra dúshlánacha ar nós an Mheánoirthir, an Chongó agus na hAfraice Thiar agus na hAfraice Thuaidh. Is ag Éirinn atá an teist is faide gan bhriseadh ó thaobh coimeádaithe síochána de chuid na Náisiún Aontaithe: tá breis is 70,000 turas dualgais curtha díobh ag fir agus mná de chuid Óglaigh na hÉireann.
D’fhóin Mary Robinson, iar-Uachtarán na hÉireann, mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ó 1997 go 2002.
Toghadh Éire chun fónamh ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le linn na tréimhse 2013-2015.
Sa bhliain 2020, bhí suíochán gnóthaithe ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar feadh dhá bhliain (2021-2022).[3][4]
Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Uimhir | Ainm | Tír | Teacht in Oifig | Éirí as Oifig | Nótaí |
---|---|---|---|---|---|
1 | Trygve Lie | An Iorua | 2 Feabhra 1946 | 10 Samhain 1952 | a d'éirigh as a phost |
2 | Dag Hammarskjöld | An tSualainn | 10 Aibreán 1953 | 18 Meán Fómhair 1961 | a fuair bás in oifig |
3 | U Thant | Burma | 30 Samhain 1961 | 31 Nollaig 1971 | arbh é an chéad duine nach Eorpach é bheith in oifig |
4 | Kurt Waldheim | An Ostair | 1 Eanáir 1972 | 31 Nollaig 1981 | |
5 | Javier Pérez de Cuéllar | Peiriú | 1 Eanáir 1982 | 31 Nollaig 1991 | |
6 | Boutros Boutros Ghali | An Éigipt | 1 Eanáir 1992 | 31 Nollaig 1996 | nár chaith ach an tréimhse ba ghairide riamh in oifig |
7 | Kofi Annan | Gána | 1 Eanáir 1997 | 31 Nollaig 2006 | |
8 | Ban Ki-moon | An Chóiré Theas | 1 Eanáir 2007 | 31 Nollaig 2016 | |
9 | António Guterres | An Phortaingéil | 1 Eanáir 2017 | In oifig |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ WorldWise Global Schools (2019). "Ag gabháil don Oideachas - Saoránachta Domhanda". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Ireland at the UN" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-10-24.
- ↑ "Suíochán ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe" (as ga) (2020-06-18).
- ↑ Éanna Ó Caollaí (2020). "Ról na hÉireann i gcomhthéacs idirnáisiúnta -Na Náisiún Aontaithe: Céard is fiú an bua is déanaí agus cén chumhacht a thagann leis?" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-24.