An Impireacht Bhiosántach
| Βασιλεία Ῥωμαίων (grc) | |||||
| Ainmnithe in ómós | Cathair Chonstaintín | ||||
| Suíomh | |||||
| Tréimhse stairiúil | Impireacht na Róimhe | ||||
| Príomhchathair | Cathair Chonstaintín | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 17,000,000 (300) | ||||
| Teanga oifigiúil | Laidin na meánaoise Gréigis na Meánaoise | ||||
| Reiligiún | Ceartchreidmheach an Oirthir | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Impireacht na Róimhe Medieval Rome (en) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Impireacht na Róimhe, Impireacht na Róimhe Thiar, Latin Empire (en) | ||||
| Cruthú | 285 286 330 17 Eanáir 395 | ||||
| Díscaoileadh | 29 Bealtaine 1453 | ||||
| Á leanúint ag | Éimíríocht na Créite, an Impireacht Otamánach, Diúcacht Brescia, Maona of Chios and Phocaea (en) | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | monarcacht absalóideach agus Dominate (en) | ||||
| • Ceannaire stáit | Impire Biosántach | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| Airgeadra | soladas | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Ba í leanúint na hImpireachta Rómhánaí i riocht nua, an Impireacht Bhiosántach, a mhair ón Seansaol déanach go dtí thitim Chathair Chonstaintín sa bhliain 1453 A.D. Bhí contrárthacht ann san Impireacht Rómhánach eadar an t-Iarthar Laidineach agus an t-Oirthear Gréagach, agus mhalartaigh an cothrom eatarthu le linn na n-aoiseanna.
Cé go raibh nasc nár briseadh ann ó thaobh réime na n-impirí agus nádúr a chóras rialtais, is féidir stair na ré Biosántaí a dhealú de na haoiseanna ní ba luaithe i stair na himpireachta. Gan mhóimint áirithe mar an phointe bheacht ag ar thiontaigh Impireacht na Róimhe in a hImpireacht Bhiosántach, luann staraithe athruithe mar theacht na Gréigise in áit na Laidine; an t-aistriú príomhchathrach ón Róimh go Cathair Chonstaintín, agus an suaitheadh reiligiúnach faoi Theodaisias a hAon, an t-impire a ghlac leis an Chríostaíocht mar reiligiún an stáit agus a chuir cosc ar an phágántacht. Rinne an saineolaí George Ostrogorsky athchoimre chruinn ar an bhforbairt mar, “sintéis an chultúir Ghréagaigh leis an chreideamh Chríostaí, faoi chóras rialtais Rómhánaigh.”
Athraíodh teorainneacha na himpireachta le linn a staire, ag leathnú agus ag laghdú le huaillmhianta a rialtóirí. Cé gur cailleadh cuid mhór a críocha i ndiaidh thitim na Róimhe sa cúigiú haois, bhí an impireacht chomh mór agus a bheadh ariamh sa chéad aois eile i ndiaidh ratha mhíleata an Impire Iústainiáin, a chuir cósta na hAfraice Thuaidh, an Iodáil, chomh maith leis an Róimh í fhéin faoi smacht impiriúil arís. Leathnaíodh an teorainn san oirthear i rith réimis Mháraíciais a hAon, agus neartaíodh rialú Biosántach ó thuaidh. Spreagadh cogadh d’fhiche bliain nuair a feallmharaíodh Maraícias, áfach, agus bhí acmhainní na himpireachta sáraithe i ndiaidh na coimhlinte sin. Agus an impireacht lagaithe tar éis na mblianta ag troid, thoisigh na Moslamaigh ag déanamh ionsaithe ar na Biosántaigh sa tseachtú haois. I gcaitheamh seacht mbliana, thóg na hArabaigh de na Biosántaigh a bproibhinsí ba luachmhaire: an Éigipt agus an tSiria.
Tháinig athbheochan le teacht an ríshleachta Mhacadónaigh sa naoiú haois. Chuaidh an impireacht i méid agus i saibhreas faoi riail an teaghlaigh sin, sular cailleadh an mhórchuid d’Anatóil do na Turcaigh i ndiaidh chath Mhanzikert sa bhliain 1071. Lean an impireacht i laige den uair sin. Buailleadh buille mór uirthi i rith na cheathrú crosáide, nuair a cloíodh Cathair Chonstaintín, cailleadh údarás lárnach, agus scaradh an impireacht i stáit bheaga neamhspleácha a bhíodh in iomaíocht le chéile.
Thóg na Biosántaigh Cathair Chonstaintín ar ais sa bhliain 1261, éacht a mhárcáil athbhunú a n-impireachta. Ach, ón bhliain sin go dtí a laethanta deiridh, cha raibh innti ach stát faoi ionsaithe naimhde ní ba láidire, agus í faoi ualachaí éagsúla eile nach mbeadh sí ábalta a shárú. Beag ar bheag, le linn an cheathrú chéid déag, thóg na Turcaigh de na Biosántaigh an tír a bhí fágtha dhóibh, go dtí gur cuireadh deireadh leis an Impireacht Bhiosántach le titim Chathair Chonstaintín sa bhliain 1452.
Ainmníocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iomaí ainm a thugtaí ar an impireacht i ndiaidh a titime: “Impireacht Chathair Chonstaintín”; “Impireacht na nGréagach”; “Impireacht an Iarthair,” agus “An Impireacht Dheireanach”, san áireamh. [1]
Bhí na Biosántaigh bródúil as a n-oidhreacht Rómhánach agus stádas na cathrach sin mar lár an domhain Chríostaí. Ó tharla go raibh a mothú féiniúlachta chomh dlúthcheangailte don Róimh, is rud nádúrtha é gur thógadar “Romani” (Rómhánaigh) mar dhaonainm. [2]Is dócha gur aontaigh na Moslamaigh leo ar an adhbhar sin, mar ba é “Rum” –Rómhánach–an t-ainm a thugaidís orthu.[3] B’fhearr le daoine in iarthar na hEorpa, áfach, an focal “Gréagach” nuair a labhraidís faoi n-a gcomharsana in oirthear na himpireachta, de réir mhaíomh na n-iartharach gurbh iad fhéin, agus iadsan amháin, na fíor-Rómhánaigh.[4]
Ba é an chéad údar a d’úsáid an téarma “Biosántach” (de “Biosaintiam”, an áit in ar buníodh Cathair Chonstaintín) ná Laonikos Chalkokondyles (1516-1580), scríbhneoir ar mhol staraí eile, Hieronymus Wolf, a chuid leabharthaí céad bliain i ndiaidh a bhfoilsithe. D’úsáid Wolf an téarma (in a “Corpus Historiae Byzantinae”) le béim a chur ar an chodarsnacht eadar cultúr na Rómhánach agus cultúr na nGréagach sa Ré Chlasaiceach. Faoin ochtú haois déag, bhí an focal “Biosántach” scaipte go forleathan i measc an tsaoil acadúil, a bhuidhe le saothair ó phinn scríbhneoirí Francacha, leithéid Montesquieu, agus is annamh a thugtar aon ainm eile uirthi sa lá atá inniubh ann.
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh bhás Alastair Mhóir (323 R.Ch.), roinneadh an impireacht a chruthaigh sé eadar na Diadócaí (a ghinearáil ba shinsearaí), le gach aon acu i gceannas ar a réigiún fhéin. Ón dtús, bhí na ríochtaí seo ag fógairt cogaidh ar a chéile, le haidhm an lámh in uachtar a aimsiú ar an iar-impireacht de chuid Alastair. Mhair an ré coimhlinte seo breis agus céad bliain, sula dtáinig na Rómhánaigh ar an bhfód.
Ba léir an staid lagaithe in a raibh ríochtaí na nDiadócaí, agus bhain na Rómhánaigh tairbhe as achrann na nGréagach. Toisíodh próiseas gabhála ar na tíortha sin leis an Chogadh Shiriach, agus le linn na n-aoiseanna roimh Chríost, trí chath agus trí scéiméireacht, tháinig na Rómhánaigh, céim ar chéim, i bhfeidhm ar Oirthear na Meánmhara, togra a cuireadh i gcrích nuair a gabhadh Coraint sa bhliain 146 R.Ch.

Aois neamhchinnteachta a bhí ann don Impireacht Rómhánach sa tríú chéad A.D., leis an oiread dúshlán a bhí roimpi. Bhí a córas rialtais agus a fórsaí míleata i mí-eagar, a laigeacht le feiceáil chomh soléir, agus naimhde ar a teorainneacha ag bagairt ionsaithe. Bhí arm na hImpireachta scartha eadar faicsin reigiúnacha, agus tugadh “impirí-shaighdiúirí” ar na ginearáil a bhí in a gceannairí orthu. Mheas ceann acu, Dióicléitiánas, go raibh an stát rómhór le fear amháin a bheith i gceannas air agus, in iarracht an fhadhb a dh’fhuasgladh, bhunaigh sé an Tetrarcacht (nó rialú ceathrair), córas in a raibh údarás na hImpireachta roinnte eadar beirt Augustus (nó ard-impirí), duine acu a rialódh san iarthar, nuair a bhíodh an t-impire eile i gceannas ar an oirthear, agus Caesar (tánaiste) acu araon a dtiocfadh i gcomharbas i ndiaidh bhás a Augustuis.[5]
Bhí rath go leor ar an chóras seo go dtí gur cailleadh an t-impire Constaintias sa bhliain 306 A.D. Fógraíodh ansin go mbeadh a mhac, Constaintín, i gcoróin Augustuis agus Caesair ag an am céanna. Pléascadh cogadh cathartha de bharr na dánachta seo, coimhlint lán d’fheall agus de chomhcheilg. Faoi dheireadh an chogaidh, ba é Constaintín a tháinig slán as, le n-a lámh in uachtar os cionn a iomraitheoirí. Aithníodh é mar Augustus na hImpireachta iomláine sa bhliain 324, agus le linn na sé bliana in a dhiaidh sin, atógadh Cathair Bhiosáintiam faoi n-a mhaoirseacht, i gcaoi agus go mbeadh stádas mar phríomhchathair na hImpireachta agus an teideal “Róimh Nua” cuí dhaoithe (cé gur “Constantinopolis” [Cathair Chonstaintín] a thugtaí uirthi sa ghnáthchaint).
Ba mhór an socrú, an phríomhchathair a aistriú don Ghréig, cé nach raibh an Róimh–i dháirire–in a lár rialtais ag an uair sin, agus b’amhlaidh le fada; (níor chónaigh aon Impire sa Róimh ó mheán na triú haoise, mar shampla). Os a choinne sin, b’iomaí buntáiste ag Biosaintiam ó thaobh leagan amach na háite, suite, mar a bhí, i lárionad na Meánmhara agus na mbealaí trádalá a bhaineadh léithe. Lonnaithe eadar dhá mhór-roinn agus dhá fharraige, ar chríoch thaobh thiar na Slíghe Síoda, agus oscailte go Bealach na Spíosraí a leanadh go dtí an Afraic agus an India, bhí Biosaintiam ar na háiteanna ab fhearr a dtigeadh le rialtóir a roghnú mar bhun-áit a rialtais.

Chun a chathair nua a chosaint, chuaidh Constaintín i ngleic le tógáil ballaí ollmhóra, a bhí in a struchtúr ba shuntasaí den chathair faoi am a gcomhlíonta. In a theannta leis na múrtha cosanta, dhaingnigh sé an caladh, agus thimpeallaigh sé é le cabhlachán–beartaí a rinne den Róimh Nua an chathair ba mhó ba shábháilte den ré. Leasaitheoir gníomhach a bhí i gConstaintín, agus d’obair sé chun feabhsuithe i réimsí éagsúla eile a bhunú. Chuir sé i bhfeidhm airgeadra seasmhach, an solidus (bonn d’ór), in áit an aureus (a bhí déanta d’airgead). D’athchóirigh sé an maorlathas agus an t-arm–dhá fhorás a bhuin sé leas as i rith na gcogaí a lean go gairid i ndiaidh an tsaothair sin.
Cé nár fógraíodh an Chríostaíocht mar reiligiún oifigiúil a’ stáit sa réimeas Chonstaintín, ba é an chéad impire a thiontaigh daoithe, agus bhí an rialtas claonta dá creidmhigh. Frasadh pribhiléidí éagsúla ag na Críostaí: tugadh tús áit dóibh in earcú do phostanna sa riarachán; díolmhaíodh na cléirigh saor ó chánachas, agus tugadh údarás breitheamhna sibhialta do na heaspaig. Bhunaigh Constaintín prionsabal na neamheadarghabhála maidir le cúrsaí creidimh (is é sin, ní cheadfaí don impire aon ghné dogma a shocrú ar a chonlán fhéin) cé gur choimeád sé an chumhacht comhairlí na hEaglaise a ghairm ar son conspóidí reiligiúnacha a dh’fhuasgladh. Mar sin, thionóil Constaintín an Sionad d’Arles, agus leis an Chomhairle Nícaea neartaíodh ról an Impire mar cheannaire na hEaglaise.
Ré Ionraí agus Titim an Iarthair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhrúigh dúshláin éagsúla ar an impireacht ins an chúigú haois fosta, eadar theacht na mBarbarach, conspóid teorann, agus reibiliúin a tharla de dheasca na staide lagaithe in a raibh sí. Bhí an domhan Rómhánach in a chíor thuathail (fiú sular scaradh an impireacht eadar an bheirt mhac d’Impire Teodaiseas), agus le linn na n-anachainí, tháinig na Barbaraigh chun cinn in a bhfórsa míleata aontaithe, neamhspleách agus uathbhásach, agus d’oibrigh siad go díograiseach leis an lámh in uachtar a fháil os cionn na ngrúpaí scoilte na himpireachta.

Is casta an stair eadar na Barbaraigh agus na Rómhánaigh. Cuireadh an dá chine le chéile ag deireadh a’ cheathrú chéid nuair a tháinig sraith treibheanna isteach san impireacht mar dhídeanaí. Pobail Ghearmánacha ab iad, don chuid ba mhó (Gotaigh, Viseagotaigh, Vandail, agus araile) agus iad ag teitheadh ó na Hun, pobal trodach Oirthearach a bhí ag leathnú a dteorainneacha trí ionsaithe siar.[6] Tháinig an iomarca teifeach ag ráta róthapaidh chun na heachtrannaigh seo a bheith comhtháthaithe go síothúil san impireacht–agus d’fhás achrann agus amhras dá bharr.
Ar feadh glúnta, bhí na Barbaraigh iomallaithe eadar Hunaigh throdacha agus Rómhánaigh dhoicheallacha, agus mhéadaigh an fuath a bhí ag na gnáth-dhaoine Barbaracha dá tsochaí óstach le linn na mblianta úd. I measc roinnt na gceannairí Barbaracha, áfach, d’fhorbair dearcadh fábhrach don Róimh, a cultúr, agus an tsibhialtacht a chruthaigh sí. Mar a dúirt Athamhalf, rí na Viseagotach: “Go gcuimhnítear mé mar an té a chuir an Impireacht ar ais, óir is léir nach dtig liom í a athrú.”
Tháinig an dá mhac de chuid an Impire Teodaiseas in a gcomharbas mar chomh-impirí i ndiaidh bhás a n-athar sa bhliain 395, le Honóirias ag rialú san iarthar, agus Arcaideas i gceannas ar an oirthear.[7] Agus é an-óg, cuireadh Honóirias faoi stiúradh a’ ghinearáil Stiliceo. Mac máthar Romhánaí agus athar Vandalach a bhí i Stiliceo, a chuaidh chun cinn ag lán seol trí chéimeanna an airm. I ndiaidh blianta i seirbhís don impireacht, cúitíodh Stiliceo leis an onóir a bheith ceaptha in a gharda cosanta do Theodaiseas, agus rinne an t-impire sin ginearál de giota beag ní ba dheireanaí. Chomh mór agus a bhí an meas ag Teodaiseas ar an ghinearál leath-Vandalach go ndearna sé cleamhnas eadar Stiliceo agus a neacht, Flavia Serena, in ainneoin go raibh na huaisle mishásta le pósadh géige gile den rítheaghlach Rómhánach le fear fola measctha.
Le Teodaiseas marbh, tharla gur thiontaigh ról Stiliceo ó chaomhnóir mhac impire do leasrí na himpireachta thiar.[8]Ní raibh Stiliceo sásta leis sin, áfach, agus thoisigh sé ag beartú ar threascairt Rúfanais, a mhacashmhail a bhí a threorú Arcaideas ins an oirthear. Níorbh fhada sular fhorbair achrann eadar an dá thaobh, agus tharla conspóid teorann faoi úinéireacht Iliria (réigiún lárnach a chomhfhreagríonn don Albáin den lá atá inniubh ann). Le cois a suite straitéiseach, b'í Iliria an áit ba thabhachtaí maidir le hearcaíocht mhíleata. Barbaraigh ab iad, an mhórchuid de na saighdiúirí a bhíodh á n-earcú ag an am sin, agus b’é an oiread ollmhór dá phobal a maraíodh ar seirbhís don impireacht i rith a’ chogaidh i measc cúiseanna gearáin agus feirge a spreagfadh na Barbaraigh chun reibiliúin in aghaidh na Rómhánach.
Le linn na cúigiú haoise, tháinig na Barbaraigh le chéile i gcónaidhmeanna faoi smacht ceannairí feidhmiúla, agus ba é Alaraic a hAon, rí na Viseagotach, an phearsa ba thabhactaí de na taoisigh siúd. (Scéal marachtála i lár coimhlinte anordúla mí-ionraice atá i mbeathfhaisnéis Alaraic, in a choinnigh sé a staid agus a chéim mar cheannaire cumasach trí stuaim phraicticiúil agus uainíocht géillsine eadar faicsin éagsúla.) Bhí sé in a ghinearál faoi Theodaiseas, [9]ach i ndiaidh bhás an impire sin, ainmníodh Alaraic rí na nGotach, agus chuaidh sé chun cogaidh in aghaidh na himpireachta sa bhliain 395, i bhfeachtas creachta tríd an tuath.
Tá tuairimíocht éagsúil fá cad é a ba bhunchúis a’ tsocraithe dul i gcomhrac in aghaidh na n-údarás. Go ginearálta, is í barúil na staraithe go raibh Alaraic faoi bhrú fhreagrachtacht a dhualgais mar rí nua na nGotach; go raibh sé ag iarraidh staid a chinntiú dá phobal i gcóras na himpireachta, agus, ós fear míleata atá i gceist, nach ionntas gur roghnaigh sé an bealach chun cogaidh leis an méid sin a chur i gcrích.
D’iompaigh cothrom cumhachta na himpireachta tar éis sléachta de mhílte ban agus clainne na mBarbarach a d’ordaigh an t-Impire Honóirias i mbabhta de pharanóia. I ndiaidh an ainghnímh sin, líonadh arm Alaraic le hoiread mór na mBarbarach ar dúnmharíodh a dteaghlaigh, agus iad in a saighdiúirí proifisiúnta spreagtha chun cogadh a dhéanamh le tréan díoltais. Le tacíocht na bhfear Viseagotach agus na saighdiúirí úra a raibh sé i ndiaidh earcú, shocraigh Alaraic feachtas creachtaí a dhéanamh tríd an Iodáil. Rinne na Barbaraigh a mbealach ó dheas go suaimhneach, “mar go rabhadar ag dul don fhéis” de réir an staraí.
Bhí timpeall 800,000 duine in a gcónaí sa Róimh, an chathair ba mhó den ré, agus sa bhliain 408, nuair a chuir na Barbaraigh an chathair faoi léigear, pléascadh uathbhás millteanach tríd an phobal. D’iarr na sagairt pháganacha ar an Phápa ceadúnas íobairtí a dhéanamh san fhóram. Níor ceadaíodh.
Agus an chathair in a cíor thuathail, bhí cliúmhilleadh nimhneach á scaipeadh fán bhanríon Sherena. Cé gurbh í baintreach Stiliceo agus neacht an impire Teodaiseas, agus in ainneoin nach raibh fianaise ar bith ann, dúradh go raibh sí i gcomhcheilg le hAlaraic, agus go mbeadh sí ag seoladh faisnéise don rí Barbarach. Is dócha go raibh an ráfla seo bunaithe ar an bhfíric go raibh roinnt socruithe poilaitiúla pragmatacha déanta ag Stiliceo maidir le Alaraic i rith na staire fada casta eadar an dá cheannaire. Ba leor sin, i measc scaoll na héigeandála, le bás Sherena a chinntiú, agus d’ordaigh Seanad na Róimhe go dtachtfaí an bhanphrionsa.
Bhlocáil na Barbaraigh an Tibir, le bac a chur ar an sruth soláthairtí don chathair. Bhí an pobal ar iomall an ghorta nuair a seoladh teachtaí den seanad Rómhánach chuig an rí Barbarach le comhréiteach a dhéanamh agus anachain a chosc. Do liostaigh Alaraic a chuid éileamh: an t-ór agus an t-airgead iomlán, chomh maith leis na hearraí toigh, agus na sclábhathe uile den chathair a bheith seachadta chuige. Nuair a d’fhiafraigh na teachtaí cad é a d’fhágfaí do na Rómhánaigh, d’fhreagair Alaraic: “a mbeathaí”. Íocadh an t-airgead, agus baineadh an léigear. D’fhulaing an Róimh léigear eile an bhliain dar gcionn, áfach.
D’fhill Alaraic ar an Róimh sa bhliain 409, le harm méadaithe ag 40,000 fhear a bhí sé i ndiaidh earcú de na sclábhaithe a chuir sé saor i ndiaidh an chéad léigir. An babhta seo, bhí Alaraic ag éileamh go mbeirfí dó cíoscháin bhliantúil d’ór agus de ghrán, agus go ngéillfí tíortha san Iodáil agus ins na Balcáin dá phobal. Nuair a fuair Alaraic litir mhaslach mar fhreagair dá chuid éileamh, bhí se trí chéile. Chuir se deireadh leis an chaibidlíocht, agus d’ullmhaigh sé a shaighdiúirí i gcomhair cogaidh.
Rinne sé athmhachnamh nuair a chluin sé aithris gur earcaigh Honóirias arm de 10,000 Hunach. D’ofráil Alaraic téarmaí nua: go dtabharfaí do na Viseagotaigh tíortha sa Noricum agus oiread gráin a mheasfadh na Rómhánaigh a bheith réasúnta. Theip ar an bheartaíocht i ndiaidh iarracht feall-mharfa in ar bheag nár maraíodh Alaraic. Ansin, i staid buile, shocraigh Alaraic ar sprioc sonrach amháin: gabháil na Róimhe. Tar éis léigir ghairid, osclaíodh na geataí móra.
Creachadh mórán de na foirgnimh mhóra. Maslaíodh maisealéam na nImpirí Ágastais agus Hadriáin–tógadh amach a gcuid luaithreach agus scaipeadh iad. Goideadh arbh fhéidir leis na Barbaraigh a thógáil. Scriosadh an Geata Saláirian, loiteadh na garraithe Salluist, agus loisceadh an bhaisleac Iúilia. In ainneoin a’ chreachta agus an fhoréigin fhorleathain, spáráladh na hardeaglaisí de Pheadar agus de Phól, cé gur goideadh ciborium airgid den Phálás Lataránach. Fágadh pobal na Róimhe cloíte, agus mórán díobh tógtha mar sclábhaithe, Galla Placidia–deirbhiúr an impire–san áireamh. Éilíodh airgead-fhuasgladh ar roinnt daoine, rinneadh sclábhaithe de chuid eile acu, agus éigníodh mórán sular dúnmharaíodh iad.

Ba shin an chéad uair a creachadh an Róimh ar feadh 800 blianta, agus baineadh siar as na daoine ar fud an dá thaobh na himpireachta, óir dhearcaidís don Róimh mar an Chathair Shíoraí. Do nocht an tubaiste an laigeacht mhíleata in ar thit na Rómhánaigh agus cé chomh soleonta agus a bhí Impireacht an Iarthair. Do scríobh Naomh Iaróm: “Más féidir go dtitfeadh an Róimh, cad é atá sábháilte”. Bhí an Impireacht Rómhánach Thiar ag teipeadh faoi bhrú na bhfadhbanna éiseacha, agus bhí an creachadh ar na heachtraí ab uathbhásaí go dtí an uair sin. Bhí treascairt agus reibiliúin ag scriosadh na himpireachta, agus bhí naimhde ar an iomall ag bagairt ionsaithe.
Sa bhliain 442, tháinig Geinseiric, rí na Vandal, in Afraic le harm dá chine fhéin le cois a chomhghuallainithe Alannacha. Ins an tréimhse céanna, d’fhoghlaim na Frainc an bhuntáiste a bhaineann leis an aontacht, agus thug Clóvas a hAon na ríochtaí beaga den Fhrainc faoi n-a cheannaireacht. Thuig na Biosántaigh fírinne a’ cháis pholaitiúil agus, in áit aghaidh a thabhairt ar Chlóvas, thugadar aitheantas dó. Aimníodh é mar chonsal agus cheannaire ar thaillte a chomhfheagraíonn don Fhrainc den am i láthair.
Ó thaobh an airm Rómhánaigh, d’ísligh dílseacht don impireacht i gcomhréir le méadu an oiread saighdiúirí Barbaracha ina ranganna. Buaileadh an Róimh le creachadh ní ba chruaidhe sa bhliain 455, agus Vandail na húdair leis an uair sin. Thit Impireacht an Iarthair fá dheireadh sa bhliain 476, nuair a baineadh an t-Impire Ágastalas as a ríchathaoir, agus Ódabhacar, rí Barbarach, ag tógáil a áite le h-é fhéin a dh’fhógairt mar Rí na hIodáile.
I gCathair Chonstaintin, tháinig Léó a hAon i gcomharbas ar Mharaícian sa bhliain 457. Cé gur thoisigh sé a réimeas ar teaghrán ag Aspar, an phríomhghinearál Alanach, shaor Léó é fhéin de thionchar na nAlanach trí chomhghuallaíocht leis na hIosamhraigh, treibh leath-Bharbarach de dheisceart na hAnatóile.
Le céadta, b’iad na ceannairí míleata a chorónaíodh na himpirí, agus b’amhlaidh i gcás Léó fosta. Fear diaganta a bhí ann, áfach, agus bhunaigh Léó nós nua le béim a chur ar an cheangal eadar Eaglais agus Impireacht. Chuaidh Léó don Hagia Sóphia mar a chuir sé an choróin ar an altóir. Agus é ag imeacht den eaglais, corónaíodh Léó ag Anatólas, Patrarc Chathair Chonstaintín. Mhair an cleachtadh seo go dtí an Meán Aois, agus thóg searmanas a’ chorónaithe nádúr ní ba reiligiúnaí le linn na gcéadta.
Ins an bhliain 468, theip ar iarracht a rinne Léó le smacht Afraic Thuaidh a thógáil ar ais de na Vandail. Faoin uair sin, níor fágadh don Impireacht Thiar ach an Iodáil agus na tíortha ó dheas na Danóibe go dtí na Balcáin. Sa bhliain 466, mar choingheall a chomhghuallaíochta leis na hIosamhraigh, rinne Léó cleamhnas dá nighean Ariadné leis an Iosamhrach Tarasicodissa, a d’athraigh a ainm do Zéineo. Nuair a cailleadh Léó sa bhliain 474, rinneadh impire de mhac Zéineo agus Ariadné. Corónaíodh mar Léó a Dó é, agus bhí Zéineo in a thánaiste dhó gus go bhfuair Léó bás roinnt míosa ní ba mhoille.[10]
Agus Zéineo ag rialú san oirthear, thit impireacht an iarthair nuair treascraíodh Rómalas Ágastas ag an ghinearál Barbarach Ódabhacar sa bhliain 476. Chun an Iodáil a athghabháil, bhunaigh Zéineo comhghuallaíocht leis na hOstrogotaigh de Theodóraic. Thug sé an rí sin chun na hIodáile mar magister militum per Italiam, nó ardcheannaire míleata na hIodáile. Tháinig Teodóraic in áit Ódabhacar mar rialtóir a’ taoibh thiar den Impireacht agus, mar sin, d’aimsigh Zéineo smacht–go h-oifigiúil, ar a laghad–ar an impireacht iomlán, agus fuair sé réidh d’iomaitheoir neamhiontaobhtha d’aon iarraidh.
I ndiaidh bhás Zéineo, fágadh dá bhaintreach, Ariadné, impire nua a chur i n-a ionad, agus ba é Anastaiseas a roghnaigh sí. Cé gur mhaorlathaí aosta a bhí ann, tharla go shaothródh Anastaiseas go bríomhar chun leasa na hImpireachta. Chuir sé córas úr cánachais i bhfeidhm, agus leis an ioncam de bhí sé ábalta ballaí cosanta a thógáil leis na Sasainidí a choimeád amuigh.
Réimeas Iústainiáin a hAon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le teacht a' séú chéid, tháinig an Impireacht Bhiosántach in a cinseal d’ór faoi réimeas Iústainiáin a hAon, (527-565). Rialtóir go han-ghníomhach a bhí ann, ar a dtugtar uaireanta “An Rómhánach Deireanach”, ós rud gurbh é an t-impire deiridh a tógadh leis an Laidin, agus gur dhírigh sé a chuid fórsaí chun athghabhála de thíortha na hImpireachta Rómhánaí san iarthar.
Ba é an ginearál Beileasáirias a chuir an saothar míleata sin i gcrích, i gceann arm a d’athshealbhaigh cuid mhaith na gcríocha ar cailleadh le titim na Róimhe. Taobh astoigh de seacht mbliana, chloígh na Biosántaigh cósta na hAfraice Thuaidh, sular chuir siad an ríocht Ostrogotach faoi n-a gcos. Leis an bhuadh Bhiosántach úd, cuireadh an Dalmáit, an tSicil agus an leithinis na hIodáile ar ais faoi smacht na hImpireachta.
Le cois na héachtaí míleata, d’obair Iustainián go dícheallach chun leasa an domhain Bhiosántaigh i réimsí éagsúla eile. Chuaidh sé i mbun fheachtas tógála, agus tá an mhór-eaglais Hagia Sóphia i measc na dtoraithe is suaitheanta den obair. Maireann oidhreacht eile de réimeas Iustainiáin in a Corpus Juris Civilis (Corpas an Dlíghe Shibialta), agus é in úsáid (le mionathruithe) i dtíortha ar fud an domhain den lá atá inniubh ann.

Chomh maith leis a stuaim i gcúrsaí polaitíocha agus a uaillmhianta domhanda, bhí sé de chliú ar Iustainián gurbh fhear diaganta a bhí ann a d’obair go diograiseach i gcosaint an chreidimh Chríostaí. Mar sin, aithnítear é mar naomh san Eaglais Ortodocsach.
Trí chogadh agus trí chonradh síthe, bhí na Biosántaigh ábalta an Impireacht Sasainid a choinneáil i sáinn, agus fairsing a gcríocha fhéin a mhéadú ag an am céanna. Sáraíodh airgead na mBiosántach ag na cogaí sin, áfach, agus bhí an impireacht ní ba sholeonta i ndiaidh leathnú na dteorainneacha.
B’ionntach an chliú a thuill an impireacht roimh thitim na Róimhe, le cineál glóire a chuir sí ar leith. Bhí sin caillte le céadta faoi theacht Iústainiáin, agus é i gceannas ar impireacht laghdaithe, íslithe. Ach mhair nóisean na ré órga i samhlú na mBiosántach fós, agus thoisigh an t-impire ar tóir na glóire sin a athaimsiú, le go ndealródh sí ar a chliú fhéin. Bhí sé meáite aige ansin go mb’é fhéin a d'athsheallbhódh na tíortha caillte den iarimpireacht, agus, leis sin mar aidhm aige, chuaidh Iústainián i gcomhairle le Beileasáirias, ginearál d'Arm an Oirthir, le pleanannaí ionsaithe ar Afraic Thuaidh a dh’fhorbairt. An bliain dar gcionn, le n-a arm de 18,000 fhear, thug Beileasáirias buadh ar Gheileamar, Rí na Vandail, agus cuireadh fáilte a' laoich roimhe sa bhliain 534 nuair a d’fhill sé ar Chathair Chonstaintín.
Agus sin curtha i gcrích, d’aimsigh Iústainián ar athghabháil na hIodáile agus cósta na Dalmatia, a bhí faoi smacht na nOstrogotach. Gabhadh go héascaigh an tSicil agus Nápoilí. I gcás na Róimhe, áfach, bhí feidhm ar na Biosántaigh léigear a dhéanamh. Níor mhair an bhlocáil fada, agus d’oscail an Pápa na geataí i mí na Nollag, sa bhliain 536. Le fuinneamh an fheachtais ag cruinniú nirt, lean na Biosántaigh ó thuaidh, ag teannadh ar na Gotaigh tríd an Iodáil. Sháraigh siad na Gotaigh i Míleánó, agus in a gcathair daingean, Ravena, mar ar gabhadh an cheannasaí Gotach Vidhge sular tógadh é don Ghréig mar phríosúnach.
Níor luaithe agus a bhí Beileasáirias ar ais i gCathair Chonstaintín ná gur athghrúpáil na Gotaigh, (an babhta seo faoi cheannaireacht Thóiteala), agus roimh fhada, tháinigeadar chun geataí na Róimhe. Laghdaigh an meas agus muinín a bhí ag Iústainián do Bheileasáirias i rith na mblianta, ach cha raibh rogha aige ach é a sheoladh don Iodáil. In ainneoin amhrais Iústainiáin, thug Beileasáirias buadh ar na Gotaigh in aon turas eile, agus bhí an Róimh gaibhte aige sa bhliain 546.
Ghair Iústainián ar Bheileasáirias go bhfillfeadh sé chun na cúirte. Bhí an Róimh gaibhte ag Tóiteala don darna tráth, agus b’é Nairséis a bhfuair an t-ordú chun déileáil leis an uair sin, in ionad Bheileasáirias. I gceann arm ollmhór, thug sé aghaidh ar na Gotaigh i gcath a chríochnaigh le bás Thóiteala. Bhí Nairséis ábalta ansin a chuid saighdiúirí a dhíriú ó dheas go Verona mar a raibh an t-aon daingean a bhí fágtha do na Gotaigh. Géilleadh an baile do na Biosántaigh i mí Iúil, 561.
Le tamall fada, ba mhian le Iústainián gabháil na Spáinne a bhaint amach, agus leis an tranglam cogaí a bhí ar siubhal, roghnaigh sé an mhóimint cheart le n-a dheis a thapú. Sa bhliain 562, do lainseáil sé armáid don oirthear-dheisceart na Spáinne, mar a chuir an t-arm Biosántach ruaig ar na Gotaigh. Cath cinntitheach a bhí ann, agus bhí an mhórchuid d’Afraic Thuaidh, cuid mhaith na Spáinne, agus roinnt oileán den Mheánmhara tógtha isteach an “Loch Rómhánach” i ndiaidh na ruaige.
Bhuin Iústainián tairbhe mhaith as a pholasaí ionsaitheach ins an iarthar. Ins an oirthear, áfach, bhí na Biosántaigh ag streachailt i gcoimhlint cosanta in aghaidh na Sasainidí, agus chríochnaigh an cogadh sin le cath Chailinceo agus buadh Shasainide. Cé gur cloíodh na Biosántaigh, d’aimsigh Iústainián téarmaí réasúnta maithe i ndiaidh chailleadh an chogaidh. Síníodh conradh in ar géilleadh do na Biosántaigh an leithinis Lazica ar chósta na Seoirsia. Leis an réigiún sin faoi n-a smacht, bhac na Biosántaigh rochtain don Mhuir Dhubh ar na Sasainidí
Mhair an tsíocháin ocht mbliana sular chuir Chosramh, rí na Sasainidí, críoch leis, agus é ag ionsaí ar an Mheaspatáim Rómhánach. Ghabh na Sasainidí Aintíoch go tapaidh, agus Latia ins an chéad bhliain eile. Cath gan fógairt a bhíodh ann, de straitéis luath-chogaidh. Gabhtaí cathair ag na Sasainidí sul a bhfágaidís í de mhalairt ar airgead fuascailte. Chríochnaigh an choimhlint seo nuair a shínigh Iústainián conradh in ar aontaigh na Biosántaigh 400 solidí a dh’íocadh go bliaintúil.
Ins na blianta céanna, chomh maith leis na hionsaithe Peirseacha, b’éigean do na Biosántaigh aghaidh a thabhairt ar na Bulgáraigh, agus iad a teacht ins na Balcáin le smacht uathbhásach a imirt ar an réigiún. Thoisigh a bhfeachtas sceimhle sa bhliain 514, agus na Bulgáraigh ag comhordú ionsaithe ar fud na Gréige. Bhí ionradh dírithe chun lár na Gréige, nuair a tháinig arm eile acu i nGallípólí, agus an treas ag máirseáil ar Chathair Chonstaintín.
Cé nach raibh na Bulgáraigh ábalta na ballaí cosanta a shárú, ní raibh na Biosántaigh slán ó sceimhle na ruathairí fós. B’fheachtas drochaigeanta dochrach a bhí in a bhfilleadh chun a dtíre fhéin, agus iad ag lot agus ag loscadh gach uile bhaile in a gcosán. Níor bhagair na Bulgáraigh an Impireacht Bhiosántach arís, ach thrasnaigh grúpaí eile an teorainn roimh dheireadh réimeas Iústainián, agus gach aon tráth bhí an t-impire ábalta srian a chur orthu, trí chogadh, trí chealg no trí chomhréiteach.
An Saothar Dlí-eolaíochta Iústainiáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin am ar corónaíodh Iústainián sa bhliain 526, bhí tranglam ollmhor de reachtaíocht carntha, agus bhí athchóiriú na ndlíthe sin ar na héachtaí ba shuntasaí a réimis. Athbhreithníodh na sean leabharthaí dlíghe chun athrá agus neamhréiteach a scriosadh, dlíthe dúbláilte a chomhoiriúnú, chomh maith le dlíthe scaoilte agus béarlagair chasta a shimpliú. Athchoimre de 20,000 leabhar dlíghe Rómhánach atá i gceist, agus na reachtanna siúd le bheith athbhunaithe ar phrionsabail Chríostaí agus béasaí a’ domhain Ghréagaigh. Taobh astoigh de chúig bliana, bhí ceithre leabhar cruinn mar thoradh a’ tsaothair–ceithre leabhar a rialódh na caidrimh eadar na saoránaigh, agus a shocródh an bhaint eadar an pobal agus an stát le céadta as sin amach.
Ceisteanna Reiligiúnacha sa Ré Iústainiáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ré reiligiúnach ar fad a bhí ann, lán conspóide diagachta, lán gnáth-dhaoine creidimh, agus, ó ba rud é go ndearcaidís dá gceannairí eaglasta le treoir a fháil ó thaobh ceisteanna reiligiúnacha, thigeadh sluaite na gcreidmheach i gcampa amháin, no i gcampa eile maidir leis na dogmaí a bhí á scaipeadh ar fud na himpireachta. B’amhlaidh i gcás na Neastórachta agus a diúltú: an t-Aon-nádúrachas.
Mhaíomh Neastór agus a leantóirí go raibh dhá phearsa ag Íosa Críost, le n-a ghné dhaonna, agus a ghné dhiaga ar leith ón-a chéile. Mheas an Eaglais go raibh eiriceacht ann óir, de réir an dogma oifigiúil, nach bhfuil ach an t-aon phearsa in Íosa, agus a dhá ghné le chéile gan dealú, gan mhearbhall.
Glacadh leis an Neastóracht go háirithe san oirthear, ar an teorainn leis an ríocht Sasainide, sean-namhaid na mBiosántach, agus bhí imní ann go bhforbrófaí bagairt don aontacht na himpireachta Biosántaí de bhrí éagsúlachta reiligiúnaí. Ba chasta an cheist pholaitiúil roimh Iústainián, agus dhírigh sé ar fhuasgladh na faidhbe nach gcoimhtheodh dream amháin nó an dream eile den diospóireacht. Mar sin, ghairm Iústainián ar an Phápa agus na heaspaig le comhairle a thionól–an cúigiú chomhairle dá cineál.
Bhrúigh an t-impire go láidir ar an Phontaif agus na heaspaig ionas go ndiúltóidís an Neastóracht, agus i ndiaidh diospóireachta malltriallaí, cháin an Pápa an eiriceacht go hoifigúil i mí Feabhra, 555.
Na Círéibeacha Nika
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ins an bhliain 532, bhí na Biosántaigh faoi bhrú an cogadh a chothú san iarthar agus an chíoscháin a dh’íocadh san oirthear. Chomh maith le costas cúrsaí eachtracha, bhí iompar flúirseach feiceálach an impire Iústainián ag dul thar cailc, agus bhí cúlchist na hImpireachta beagnach ídithe ag a chaitheamh neamhshrianta. Mar sin, chun an scéal eacnamaíoch a dh’fheabhsú, d’fhostaigh Iústainián Seán de Chappadocia mar ardbhailitheoir cánach. Rinne an t-oifigeach a dhícheall chun an t-airgead a aimsiú, agus leis an oiread díograise gur spreag sé goimh na ndaoine agus sraith tarluithe tubaisteacha.
Ré aráin agus sorcas a bhí ann sna laethanta úd, agus bhí an-tóir ar rásaí a’ hipeadróim.[11]Bhí ceithre fhoireann rásaíocht carbad, agus bhíodar in a mball de chumainn chumachtacha, le leantóirí dúthrachtacha ag gach aon acu. B’ait an scéal leis na cumainn sin, chomh casta agus a bhí a nádúr agus an ról a d’imir siad ins an tsochaí. Le dlúthiomaíocht na rásaí a choinneáil, bhí feidhm ar arm oibrithe de cheirdeanna éagsúla a bheith ann: traenálaithe capall, saoir cairte, paraimhiochainóirí, agus araile. Le cois a n-obair sna rásaí, ghníomhaíodh roinnt fear de chuid na gcumann mar ghardaí cosanta agus gheallghlacadóirí dá bpatrúin fosta.
Ach bhí tuilleadh fós don bhaint eatarthu: d’oibríodh na cumainn mar bhuidheanta de ghríosóirí polaitiúla dá máighistrí chomh maith. Thar na blianta, chuir siad barr feabhais don dóigh ina scaipidís teachtaireachtaí a maighstrí i measc na ndaoine, agus leis an saoghal cruinnithe sa hipeadróm, bhaineadh na cumainn tairbhe as an phlód ollmhór a bheith faoi cuing acu agus i dteacht a mbolscaireachta.

Ó am go ham, léirítí toil na ndaoine, nó toil a bpatrún, i gcíréibeacha a thógáladh na cumainn. Chan é gur ainriail iomlán a bhíodh ann. Foréigean polaitiúil cuibheasach teoranta a bhí i gceist, faoi smacht agus srian ag ceannairí na gcumann. Sa bhliain 532, áfach, bhí tosca éagsúla ann a spreag na daoine chun iompair go han-dána i dtéarmaí teanntais a gcuid éileamh agus scála na corríola a rad siad.
Mhéadaigh misneach na gcumann i gcomhréir le deachrachtaí an impire, agus é lagaithe faoi bhrú a chogaidh in aghaidh na Sasainidí. Tugadh tuilleadh uchtaigh fós do na cumainn nuair a fuair siad tacaíocht ó sheanadóirí a bhí míshásta fá pholasaithe chánachas Iústainiáin. Mar sin a tháinig Cathair Chonstaintín ag pointe réabhlóide, agus b’é cinneadh conspóideach breise ó thaobh an rialtais mar an phreab deiridh a spreagfadh an anachain.
Ar an 10 Eanáir, d’éalaigh beirt chimí ó choimeád na n-údarás le tearmann a dh’iarraidh in eaglais éigin, agus an dís acu faoi bhreith bháis. Fir na gcumann a bhí ann–an t-aon duine acu de chuid a’ chumainn ghoirm, agus an fear eile den bhfaicsean glas. Chloígh na póilíní le tradisiún a’ tearmainn, ach chuir siad garda timpeall na heaglaise in ullmhú athghabhála na gcoirpeach.
Sa tríú lá déag de mhí Eanáir, tháinig mórshlua feargach don hipeadróm ag scairteadh amach a gclamhsán agus a gcuid maslú don impire, agus é ag coimhead as balcóin a’ pháláis ríoga. Go dtí an rás deiridh, in ionad na ngnáth-ghártha de dhathannaí na bhfoirne, bhí sluaite na gcumann aontaithe ag áitiú go glórmhar go dtugfaí maithiúnas dá gcomrádaithe. Ag deireadh na rásaíochta, thoisigh siad ag glaoch “nika”, is é sin, “cloígh” no “bua”. Leis sin, do lasc na dronganna amach chun an pálás a ionsaí. Loisceadh mórán foirgneamh le linn na seachtaine de chíréibeacha, an ard-eaglais Hagia Sóphia san áireamh.
In ainneoin an fhornirt, do lean na rásaí ar aghaidh ar an darna lá den ainriail. An lá úd, plódaíodh an hipeadróm de chíréibeoirí, agus iad a gáireadh amach a gcuid gearán. Bhí Iústainián chomh croite ag radharc staide agus sráideanna líonta le mórshlua ar mire gur ghéill sé don éileamh go gcuirfí Seán de Chappadocia as a phost. Cruthaíodh nach mba leor géilleadh an impire leis an daoscarshlua a shuaimhniú, áfach. Níorbh fhéidir leis na saighdiúirí Gotacha a chur na círéibeoirí fá smacht ach oiread. D’imigh gríosóirí na gcumann i bhfiain, agus fad’s a bhí a n-amhais ag coirloscadh na cathrach, chuaidh a gceannairí ar lorg dhuine uasail a d’fhéadfaidís a chur in áit Iústainiáin mar impire. Lean an rachlas ar aghaidh ar feadh laethanta.
Ar an Domhnach, d’áitigh Iústainián ar an slua aon turas eile. D’aidmhigh sé go raibh a chuid earráidí déanta aige. (Is é sin rud ba cheart do gach uile dhuine a admháil.) Ach chuaidh Iústainián ní b’fhaide ná sin. Gheall sé go dtabharfaí pardúin do na círéibeoirí, agus bhí an t-impire chomh uiríslithe go dtug sé a leithscéal don ghramaisc. Cha raibh fonn a’ mhaithiúnais ag an ghrascar, agus d’fhógair na círéibeoirí go dtreascróidís an t-impire–agus go mb’é Heapaiteas a chuirfidís in ionad Iústainiáin.
Bhí an t-impire ar tí teite, agus b’fhéidir go n-imíodh sé murach áitiú a mhná chéile, Téadóra. Deirtear go dtug sí ar Iústainián le neart iomlán a roscaireachta chun é a choinneáil ins an phálás. “Níor cheart do rí a bheatha a choimeád i ndiaidh chailleadh a choróine,” agus: “Chan fheicfinn an lá nach dtabharfaí ‘a bhanríon’ orm”. Dúirt sí fosta, de réir Procóipiais, “is maith an dath corcra, agus oiriúnach don taiséadach é.”
Bhí ceannairí a’ reibiliúin sa hipeadróm, agus iad ar tí an choróin a chur ar Heapaiteas, nuair a tháinig dís na nginearál a b’fhearr le Iústainián–Beileasáirias agus Múndús–ar iomall na staide. Foirgneamh fada ubhchruthach a bhí innte, ag a raibh ach dhá bhealach amach–agus iad ag na taobhanna a b’fhaide óna chéile. Threoraigh Beileasáirias a chuid fear isteach ar thaobh amháin, agus Múndús ag dul isteach le n-a bhuidhean fhéin ar an taobh eile. Sáiníodh ceannaircigh na gcumann eadar an dá grúpaí de shaighdiúirí, agus thoisigh na trúpaí ag tabhairt ruathair ar an slua. Go tobann, rug Beileasáirias ar Heapaiteas, nuair a thoisigh Múndús ag sléachtadh na sluaite sáinnithe.
Bhí meascán suaite agus normaltachta i ndiaidh áir a’ hipeadróim, in ar maraíodh tuilleadh ar 30,000 duine. Básaíodh Heapaitias (thug an bhan-ríon ar an impire le go sáródh sé a chlaonadh chun trócaire), agus díbríodh roinnt de na seanadóirí a thug tacaíocht do na círéibeoirí. Coigistíodh eastáit na gceannairceach fosta, cé go dtug Iústainián tír agus teidil do mhic Heapaiteais ní ba mhoille. B’fhada sula mbeifí rásaíocht sa hipeadróm arís, cé gur mhair na cumainn san eadarlinn (agus bhí feidhm ar an rialtas iad a scriosadh sa bhliain deiridh de réimeas Iústainiáin). Athtógáladh foirgnimh na cathrach, go sonrach an Hagia Sóphia (an Chríonnacht Naomhtha), ar na heaglaisí is clúití, is áille den domhan.
Dísheallbhú na nGréagach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor mhair na méaduithe dúiche de réimeas Iústiniáin go han-fada. Bhí na tíortha nua-chloíte soghonta ón dtús. Le linn na mblianta, chuaidh achar na himpireachta i gcuinge gus go dtáinig an teorainn gar don phríomhchathair, agus na cosaintí dhíobh fágtha i bhfaillí. Tamall beag i ndiaidh bhás Iústainiáin, rinne na Lombardaigh ionsaí ar an Iodáil, agus thógadar smacht ar dhá thrian di. Sa Spáinn, cailleadh Córdoba do na Viseagotaigh go héascaidh, sular thit an chuid eile den phroibhinse ní ba mhoille. Tháinig na Turcaigh i gCrimé den chéad uair ariamh, agus sa bhliain 577, thrasnaigh sluaite Shlavacha an teorainn thoir.
Ó tharla gur cailleadh na tíortha thiar a gabhadh faoi réimeas Iústainián, shocraigh lár cumhachta den Impireacht san oirthear arís. Bhí na Biosántaigh ag íocadh cíos-chánach do na Saisainidí ó laethanta réimeas Iústiniáin de réir choingheall chonradh síochána, agus pléascadh cogadh fada nuair a dhiúltaigh an t-Impire Iústaíneo an t-airgead sin a dh’íocadh. Cuireadh deireadh leis an choimlint nuair a shínigh an t-Impire Máraícias conradh le Chosramh, an t-Impire Sasainid. Socrú ní ba bhuntáistí do na Biosántaigh a bhí ann, in ar géilleadh an taobh thiar d’Arméin dóibh.
Bhunaigh Maraícias riarachán Biosántach san iarthar, i Raivéina agus Cartágó, ach timpeall an ama sin, ba ghá aghaidh a thabhairt do na Slavaigh a bhí a dh'ionsaí isteach sna Balcáin. Ní hamháin gur chreachadar bailte taobh astoigh den teorainn, thoisigh na Slavaigh sin a thabhairt futhub ar nós ní ba dhaingnithe gus gur bhunaigh siad a ríochtaí oifigiúla.
Mhair an cogadh in aghaidh na Slavach ón bhliain 595 go dtí dheireadh na bliana 602. Thiontaigh an t-arm chun ceannairce sa bhliain sin, agus cuireadh an t-impire agus a mhic chun báis. Le linn an fholúis pholaitúil a tharla dá bharr, lonnaigh oiread mór Slavach sa tuath na mBalcán. Luath go leor ba iad an pobal ba mhó sa reigiún, agus bhí na Gréagaigh fágtha teoranta do bhailte ar an chósta.
Éigeandáil agus Athrú na hImpireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse](610-711)
Ré athruithe a bhí ann sa séú chéad. Leis an chailleadh dúiche, tháinig athrú cultúrtha. Chuaidh an litríocht chlasaiceach in éag, agus bhí leabharthaí creidimh á bhfoilsiú in a háit. Sa bhliain 602, dúnmharaigh Phócas an t-impire Maraícias chun an choróin a bhaint de. Comhaontaíonn na foinsí Biosántacha gur thíoránach paranóideach a bhí i bPócas, a chéasadh go dian duine ar bith a mbíodh amhras aige faoi. Cuireadh le chéile roinnt plotaí in aghaidh an fhorghabhálaí, ach theip ar scéim i ndiaidh scéime sula dtáinig Hearaiclias thar sáile le harmáid faoi sheol ar a raibh íomhá Muire. Ba é a chuir Phócas ó choróin.
Sa tríú bliain de réimeas Hearaiclias, 613, d’fhorghabh na Sasainidí Iarúsailéim, agus bhain siad an Fhíor-Chros Naomhtha den chathair. Mar sin, bhí cogadh naomhtha ann, leis na Biosántaigh ag iompar archeiropoietos mar bhratacha cogaidh. Nuair a theip ar na hAvair forbhais Chathair Chonstaintín a bhaint amach sa bhliain 626, dúradh gurbh a bhuidheachas le hidirghabháil Mhuire gur baineadh an léigear, ó ba rud é gur threoraigh an Patrarc Sergias mórshiubhal le híomhá na Maighdine timpeall na múrtha cosanta. Má bhí Muire agus na haingil ar thaobh na mBiosántach nó nach raibh, scriosadh an mhórchuid den arm Sasanaide i Ninebhé sa bhliain 627, agus i 629 chuir Hearaiclias an Chros Naomhtha san áit ba chuí in Iarúsailéim. Cé go raibh an lá buaite acu, fágadh na Biosántaigh leathchaite ag an chogadh–agus bhainfeadh na hArabaigh tairbhe as an scéal.
Tar éis dóibh a rialú a dhaingniú sa Mheánoirthear, dhírigh na hArabaigh fuinneamh a ndúthrachta ar an Anatóil. Ba mhinic na ruathair Arabacha isteach dúiche na hImpireachta, agus cuireadh Cathair Chonstaintín faoi léigear eile a mhair ón bhliain 674 go dtí 678. Ruaigeadh na hArabaigh ar dheireadh tríd an úsáid de thine ghréagach, agus síníodh sos cogaidh de tríocha bliain eadar an Impireacht Bhiosántach agus an Chailifeacht Úmaighead. Sháraigh na hArabaigh an conradh luath go leor, áfach, agus d’fhulaing Cathair Chonstaintín meath mall de dheasca a n-ionsaithe. D’íslíodh daonra na cathrach de 500,000 go ní ba lú ná 70,000 duine, agus d’éirigh an chathair ní ba thalmhaiche sa phróiseas. Cailleadh an Éigipt do na hArabaigh sa bhliain 618, agus, leis sin, an soláthar gráin den régiún don impireacht.
Ba é Hearaclias a d’fhógair an t-Aonthoileachas mar chomhghéilleadh eadar ceartchreideamh na hEaglaise agus eirceachtaí ní ba heitreadocsaí fós, ar nós na Neastórachta. Leis an ordú céanna, chuir sé cosc ar dhiospóireacht fán adhbhar. Bhí an chonspóid seo a chruthaigh an oiread trioblóide do Hearaclias beo fós sa lá a gharmhac, an t-impire Constans, agus d'eisigh Constans ordú den chineál chéanna sa bhliain 648. Ach bhí creideamh na bpatrarcaí ní ba láidire ná mar a mheas na himpirí, agus ag comhairle na hEaglaise sa bhliain dár gcionn, cháin an Pápa Mairtín an t-impire as é a bheith ag cur a ládar isteach i gcúrsaí creidimh.
Theip ar Chonstans in a chuid iarrachtaí meán-bhealach a stiúradh eadar an Eaglais agus na heiricigh. D’ordaigh sé go ngabhfaí an Pápa, agus tugadh é go Cathair Chonstaintín mar choirpeach. Sa bhliain 653, díbríodh an Pápa bocht chun Chearsóine, agus ba den áit sin ar imigh sé ar shlí na fírinne dhá bhliain ní ba dheireanaí. Sa bhliain 668, casadh bás ní ba neamhiomráití ar Chonstans nuair a scoilt giolla a chlaigeann le buicéad sna folcadáin.
An Dealbh-bhriseadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag dtús na hochtú haoise, bhí mothúchán ag fás i measc roinnte den tsochaí Bhiosántach go raibh urraim a’ phobail do na dealbha agus do na pictiúir reiligiúnacha i ndiaidh tiontú in íoladhradh. Bhí a lán nirt tagtha don dearcadh seo agus go raibh a dtacaí ar tí feachtas uathbháis a scaoileadh amach, le cuspóir an Eaglais a ghortghlanadh dá híocóin agus dá dealbha. Ar an láimh eile den diospóireacht, i measc iad a bhí ar son chosaint na n-íomhánna, d’áitigh siad nach raibh in ardmheas ar na híocóin ach machnamh ar naomhthacht na bhfigiúirí a bhí siombalaithe ionntu.
Bhí an Pápa den dara dream, agus mhínigh sé smaoineadh na hEaglaise ar an adhbhar nuair a d’eisigh sé fógra frith-íoladhradh. Ba é an t-íoladhradh a cháin an Pápa, seachas na h-iocóin iad fhéin. Bhí an t-impire Léo a Trí go díograiseach in aghaidh na n-íomhanna, áfach, agus chonacthas dó nach raibh i bhfógra na hEaglaise ach anglais iarleanna.
I lár Chathair Chonstaintín, roimh an Phálás Mór, a bhí an Geata Chré-umha suite, séadchomhartha ollmhór álainn a bhí gléasta le mósáicí agus dealbha de mharmar, an Críost den Gheata an ceann ba chlúití díobh. Sa bhliain 726 AD, d’ordaigh an t-impire Léó go mbainfí amach an dealbh sin, an príomh-íocón den impireacht. Sa bhliain 730, d’fhógair Léó feachtas dealbh-bhriste. Cuireadh patrarcaí a ghríomhaíodh in aghaidh an fheachtais as a bpostanna, tugadh greadtaí do heaglaisigh mhícheansa, agus cuireadh oiread mór na gcléireach i bpríosún.
Leis an dúshlán a thug an t-impire don Phápa ó thaobh a údarás reiligiúnaigh, agus na bhrúidiúlachta a bhí sé a dhíriú in aghaidh na gcléireach, bhí an caidreamh eadar an impire agus na patrarcaí caillte. B’ansin a dhearc ceannairí na hEaglaise chuig na ríthe Francacha mar rialtóirí a d’fhéadfadh an ról de chosantóirí a’ Chreidimh agus na Pápachtachta a thógáil.
Faoi bhás Léó a Trí, fágadh an impireacht scoilte in achrann agus reiligiúnach ar feadh céadta. Lean an polasaí dealbh-bhriste i bhfeidhm faoi oidhre Léó, a mhac Constaintín a Cúig, agus é ní ba dhúthrachtaí ná Léó fán adhbhar. Leathanaigh Constaintín an ghéarleanúint. Iad a thabharfadh ómós do na naoimh agus daoine a ghuidhfeadh ar thaisí naomhtha, bhí siad dírithe ansin ag amhlais an impire.
Bhí Constaintín chomh gaibhte leis an fheachtas uathbháis, le cois an chogadh in aghaidh na n-Arabach, gur lig sé cúrsaí Iodálacha i bhfaillí. Thuig an Pápa go raibh se tréigthe gan chosaint, agus na Lombardaigh ag ionsaí ar fud mheán na hIodáile. Mar sin, thrasnaigh sé na hAlpaí a dh’iarraidh cuidithe ar ríthe na bhFranc. B’as na heachtraí seo a dtáinig na tíortha Pápachtacha in a stát fhéin.
Nuair a cailleadh an t-impire Léó a Ceathair ag an eitinn sa bhliain 780, corónaíodh Constaintín a Cúig, a bhí naoi mbliana d’aois ag an am sin. Rialaigh a mháthair, Írín, mar leasrí le linn leanbaíocht a’ gharsúin-impire, agus b’ise a chuir ceal ar an ghéarleanúint reiligiúnach nuair a ghairm sí comhairle na hEaglaise le polasaí a’ dealbh-bhriste a dhiúltú go hoifigiúil. Le Constaintín ag teacht in a fhear, thug Írín ar na ginearáil go n-aithneoidís í mar bhan-impire, agus a mhac mar thánaiste. Chuaidh sí thar fóir leis an bhfiontar sin, áfach, agus i mí Dheireadh Fómhair, d’fhógair ceannairí an airm go mba Chonstaintín an ríaltóir ríoga aonair den impireacht.
Bhí Constaintín faoi mhíbhuntáiste easpa stuaime, agus níor mhair a réimeas go han-fada. Scrios sé a chliú, agus chuir sé na daoine in a choinne as na cinntí conspóideacha a ndearna sé, go suntasach an dalladh a rinne sé ar a ghinearál dílis, Alacsas Mosele. Bhuin Írín tairbhe as míchliú a mic, agus thapaidh sí a deis leis an coróin a ghabháil ar ais de.

B’ise an t-aon bhan-impire i stair na himpireachta (cé gur dhiúltaigh sí an teideal). Chan amháin gur thóg Írín an choróin de Chonstaintín, chinntigh sí go ndéanfaí dalladh air fosta. Le linn na n-eachtraí seo, d’fhorbair caidreamh tairbheach eadar an Pápa Léó a Trí agus Séarlas Mór, Rí na bhFranc.
Cuireadh iomaí coir i leith an Phápa, eadar adhaltranas agus mionnú eithigh, agus sa bhliain 795 ba bheag nár gabhadh é ag buidhean a naimhde, agus rún acu na súile agus an teanga a bhaint dá chlaigeann. D’iarr Léó ar Shéarlas go gcosnódh Séarlas a bheatha, agus cuireadh an Pápa abhaile don Róimh le garda armtha Francach. An bhliain dar gcionn, tháinig Séarlas sa Róimh le freastal ar an lítheachas i leith an Phápa. Dúirt Séarlas, a bhí i gceannas na n-imeachtaí, nach raibh an t-údarás ag aon duine breitheamhnas a thabhairt ar Phápa. Ar an 23 Nollaig, mhionnaigh an Pápa móid neamhchiontachta, agus cuireadh críoch leis an chás. Ag aifreann a’ mheán oídhche de Lá Nollag sa bhliain 800, corónaíodh Séarlas ag an Phápa, a d’fhógair an Franc Imperator Romanorum, nó “Impire na Rómhánach”.
Tá sé ar na ceisteanna níos conspóidí ó thaobh stair na mBiosántach ná cad é go díreach a bhí i gceist leis an chorónú agus an teideal a dtug an Pápa do Shéarlas. Deir roinnt staraithe go raibh an Pápa faoi chomaoin ag an rí as an mhéid cuidithe a fuair sé de, agus nach raibh sa searmanas ach cleasaíocht pholaitiúil phragmatach deartha chun tairbhe an dá fhear. Ta staraithe eile de bharúil níos catharnaí. Dar leo gurbh é “Rí na gCríostaithe” nó “Rí a’ Domhain Chríostaí” ba brí don teideal “Imperator Romanorum,” ós rud gurbh í an Róimh lár na hEaglaise Caitlicí, agus leis an bheannacht a thug an Pápa do Shéarlas, bronnadh air an ról de chosantóir a’ chreidimh agus na gcreidmheach den domhan iomlán. Luann siad fosta, le n-a dteoiric a thacú, go dtug Séarlas Mór aitheantas d’Írín mar impire na hImpireachta Rómhánaí, agus go mbítí le léamh ann gur aithin sé difear eadar cúrsaí creidimh agus gnó a’ domhain shaolta. Seans go raibh seift eile ann fosta. Sheol sé céiliúr pósta uirthi timpeall an ama céanna, agus is dócha gur phósadh politiciúil a bhí á bheartú aige, le sprioc a údarás saoghalta a neartú. Cé b’é an fhírinne de, cuireadh i neamhabhartha plean ar bith chun na corónacha a dh’aontú trí mheán pósta. Ag an t-aon uair a tháinig teachtaí Shéarlais i gCathair Chonstaintín leis an chéiliúr a thabhairt d’Írín, gabhadh í ag lucht treascartha, agus cuireadh an ginearál Nícéipheoras ina háit.
An Rí-shliocht Amóiriánach (820-867)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh luath agus a cuireadh Írín as an ríchathaoir, fógraíodh go n-insealbhófaí an seanadóir Nícéipheoras in a háit. Bhí an iomaíocht eadar é agus Séarlas Mór ar na gnéithe lárnacha de réimeas an impire seo. Bhí an teideal “Impire an Iarthair” tógtha ag rí na bhFranc, agus ba mhian Shéarlais go dtabharfaí dó tíortha an iarthair leis. Chloígh Nícéipheoras, áfach, leis an maíomh gurbh é fhéin an t-aon impire, mar an chomharba ba dheireanaí den réim impirí a thoisigh le hOctáivian ag bunús na hImpireachta Rómhánaí. Tar éis a lán margála, aontaíodh go dtréigfeadh Níceipheoras a chuid éileamh ar roinnt tíorthaí san Iodáil agus ar chósta na Dalmáitia. Le síniú conartha, caitheadh ar leataobh dóchas ar bith go mbeadh an impireacht aontaithe arís.
Cailleadh Nícéipheoras i mbun catha. Chuaidh a chomharba, Mícheál, ní b’fhaide maidir le ceansú Shéarlais Mhóir. Thréig Mícheál a theideal de basileus, agus chuir sé céiliúr pósta ar nighean Shéarlais ag an am céanna. Tháinig críoch dá réimeas de dheasca anachaine míleata. Faoi bhrú na círe tuathail sin, thug sé an choróin do Leon a Cúig, a mhair cúig bliana sular feallmharaíodh é sa mhór-eaglais.
Toisíodh ré ní ba shona faoi réimeas Mhíchil a Trí. Cha raibh ach trí bliana aige agus é ag teacht don ríchathaoir agus, mar sin, fágadh rialú na himpireachta dá mháthair, Téadóra, agus an ardchomhairle Teoictisteo. Neartaíodh an nasc eadar an impireacht agus an Eaglais faoi rialú na leasríochta seo, a tháinig chun crích nuair a shroich Mícheál ceithre bliana déag d’aois, agus cuireadh Téadóra i gclochar.
Bhí rath go leor ar an impire Mícheál ag dtús a réimis, ó thaobh cúrsaí míleata chomh maith leis an tionchar cultúrtha agus reiligiúnach a d’imir an impireacht. Thug sé ruaig ar na Rúis nuair a d’fhéach siad a chur léigir ar Chathair Chonstaintín. Sheol sé misnéirí (an naomh Ciril, san aireamh) chun Morávia, agus iad ag tabhairt aistriúcháin Shlaivigh den Bhíobla Naomhtha leotha do chreidmhigh a’ réigiúin. Thug sé ní ba mhó aird do na tíortha ní b’fhaide ó thuaidh fosta, agus bhunaigh sé caidreamh leis na Rúis a mhairfeadh le céadta.
Ach sa bhaile, tháinig iomaíocht agus formad eadar beirt na bhfear ba ghaire do Mhícheál: a dhlúthchomhairle, an uaillmhianach Basailias, agus a chomh-impire, Bardas. Cé gur dheartháir a mháthar é Bardas, thaobhaigh Mícheál le Basailias, agus thug sé cead dó a uncail a mharú. Agus an dúnmharú déanta aige, d’fhill Basailias chun na cúirte ríoga, mar a ndearna Mícheál socrú tubaisteach nuair a d’ainmnigh sé Basailias mar chomh-impire. Níor rith an smaoineadh ariamh le Mícheál go mb’fhéidir go mbraithfí é ag an scéiméir marbhthach a raibh sé i ndiaidh a chur i gcothrom leis, agus bhí a chosa nite cheana fhéin.
Le linn cóisire sa bhliain dar gcionn, chuir Mícheál é fhéin ar dheargmeisce, agus d’fhill sé dá sheomra sa drochbhail sin. Tar éis tamaill bhig, chuaidh Basailias isteach in a dhiaidh, agus a chuid giollaí gualainne aige. Scoith fear acu na lámha den impire, sular chuir sé críoch leis an aingníomh agus an impire le goin a chlaidhimh trí ucht Mhíchil.
An Rí-shliocht Macadónach (867-1057)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn réimeas Mhíchil, faoi stiúradh an tsaoidh Théactastós, cuireadh bunchloch na hAthbheochana Macadónaí. Ardaíodh cáil na himpireachta le scaipeadh a’ chreidimh Ortodocsaigh. Casadh glacadh ní ba chairdiúla ar mhisnéirí Eaglais an Oirthir ná mar a d’fhaigheadh iompaitheorí na Róimhe, ó bhí an dream Ortodocsach ábalta cumarsáid a choimeád sna teanganna áitiúla. Mar sin, rinneadh tús maith don saothar sin, a thoisigh roinnt blianta roimh Bhaisteadh na Rúise.
Cuireadh i bhfeidhm athleasú an chóras talaimh faoin ríshlíocht Macadónach. Ba nós sean-ghlactha é go mbíodh úinéirí talaimh faoi chomaoin ag an choróin le seirbhís mhíleata a thabhairt don impireacht. Ós cothromóid shimplí gur ní ba mhó úinéirí ionann le ní ba mhó saighdiúrí, thaobhaigh an rialtas leis na feirmeoirí beaga, chun a dtacaíocht a chintiú sa bhfeactas in aghaidh na nArabach.
Coimhlint leis na Moslamaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cailleadh Afraic Thuaidh do na hArabaigh sa seachtú haois, agus den régiún sin seoladh armáidí Moslamacha chuig na cuanna d’Iodáil agus an Dalmáit. I meán na naoiú haoise, cuireadh an tSicil, chomh maith le cuid theas na hIodáile, faoi smacht na nArabach, agus cuireadh dlíthe agus srianta ar na daoine dúchais. Casadh bac láidir leis na hArabaigh ní b’fhaide soir, áfach. Sheas na Biosántaigh an fód nuair a tháinig na hairm Arabacha sa nDalmáit, agus luath go leor ba iad na Gréagaigh a bhí i dtóir ar na hArabaigh. Neartaíodh cosaintí a’ réigiúin, agus i dreo dheireadh na naoiú haoise d’iompaíodh cuid mhaith dá ndaoine don Chríostaiocht Ortodocsach. Lean an choimhlint leis na hArabaigh i gcaoi na sáinne ar feadh na chéad choda den déichiú haois, gus gur casadh an taoide i rith réimeas Nícéipheorais, a chloí an Chréit sula raibh sé in a impire, agus cuid mhaith den Mheánoirthear i ndiaidh a chorónaithe.
Buineadh rathanna breise amach sna laethanta de chomharba Nícéipheoras, an t-impire Seán Tzimiciskes. Tar éis dó an ruaig a chur ar arm measctha de Rús agus Maigiaraigh, d’fhill sé go Cathair Chonstaintín mar a frasadh fáilte a' laoich dhó. Dhírigh sé ansin a chuid fórsaí soir chun tíortha Arabacha a ghabháil. Thit cathair Arabach i ndiaidh cathrach Arabaí: Emesa, Heliopolis, Damaisc, Tibéirias, Nasareit, Caesaréa, Siodón, Béiriút, Bíoblós, agus Tripilí, agus ba bheag nár tógadh Iarúseiléim.
Bhí scéal doilligh don impire i réigiúin eile, agus beag rath a bhí air san iarthar. Dhaingnigh sé an tionchar Biosántach sna tíortha imeallacha an tuascirt, áfach, agus nuair a tháinig daoine na Tráice reibiliúnach, phlándáil Seán pobal eachtrannach in a measc, leis na daoine dúchais a lagú.
Éigeandáil agus Scaradh (1025-1057)
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuair a cailleadh Basalas, corónaíodh a dheartháir, Constaintín a hOcht. Bhí 65 bliain d’aois ag an am sin, agus fuair sé bás tar éis trí bliana. B’é meascán comóntach agus intleachtóirí a bhí i gceannas ar an impireacht ar feadh tréimhse 32 bhliain in a dhiaidh sin, agus as sin a dtugtar “Rialtas na bhFeallsúnach” uirthi. Bhí trí nighean ag Constaintín a hOcht. Ar a dhé deiridh, thug sé ar a treas nighean, Zóé, go bpósfadh sí an patrarc Rómhánas Argarós. (Chuaidh an nighean ba shine sna mná rialta, agus dhiúltaigh an nighean eile pósadh.)
Bhí sé de chliú ar Rómhánas gur gharsún umhal a bhí ann, agus dúradh gurbh é sin an fáth ar roghnaíodh é: le bheith mar fhear géilliúil do Zóé, an bhan-impire Mhacadónach, agus b’fhéidir gurbh é an míchliú seo a spreag sé chun a fhiúntas a chruthú don domhan. Sa bhliain 1030, d’fhéach sé a chur stad do na hionraithe Arabacha faoi dheireadh agus faoi dheoidh. D’eagraigh Rómhánas a chuid fórsaí, agus le harm ollmhór, thrasnaigh sé isteach dúiche Arabacha le gabháil Aleppo mar chuspóir aige. Cuireadh deireadh leis an fheachtas taobh astoigh de mhí nuair a gabhadh é ag na Moslamaigh, agus bhí feidhm ann airgead fuascailte a dh’íocadh le go scaolfaí saor é.
Le cois an chailleadh mhíleata, rinne Rómhánais praiseach de chiste a’ rialtais, fosta. Fágadh cúrsaí airgid ní ba mheasa ná mar a bhí siad roimh eadarghabháil Rómhánais. Tháinig sé slán as roinnt iarrachtaí dúnmharaithe (a raibh a dheirbhiúr cleamhnais, Téadóra, lastiar den mhór-chuid, de réir ráfla), ach, ins an bhliain 1034, cuireadh críoch dá shaol, agus dúradh go raibh lámh a bhean fhéin ann an tráth úd.
Chan aontaíonn na foinsí ar adhbhar bhás Rómhánas. Dar roinnt staraithe gur cailleadh an t-impire ar nós nádúrtha; de réir údar eile, ba nimhiú mall a bhí i gceist. Bhí scéal ann, fiú, gur báthadh é. Cé b’é, cailleadh Rómhánas i Meán Fómhair den bhliain 1034 ,agus phós a bhean fear eile an lá céanna. I gcaitheamh oídhche amháin, rinneadh baintreach agus brídeach de Zóé, agus rinneadh impire den ghiolla Mícheál nuair a thug Zóé breab de 50 phunt d’ór don phatrarc Alacsas le go gcorónódh sé a fear úr mar Mhícheál a Ceathair.
Dúradh gur fhorbair an dáimh eadar Zóé agus Mícheál tamall ní ba luaithe, agus é in a ghiolla na cúirte. Malartóir airgid a bhí ann, dóighiúil, dealbhach de dheagh-bhéasa. Chomh maith leis na buanna sona, bhí se buillte de chás trom titimis, agus de bharr sin, rinneadh beag de ráfla fá chaidreamh sheachphósta eatarthu.
Lig Mícheál gurbh fhíor-ghrá a bhí aige dá bhean úr, a bhí 32 bliain ní ba shine ná é. Ach chomh luath agus a corónadh é, chuir sé Zóé i gclochar, agus é fhéin in a chompord sa phálás. Bhí sé meáite aige go rialódh sé an impireacht ina aonair, ach tháinig eachtraí aduaidh air. Níor chuir sé i gcunntas an meas a bhí ag na gnáthdhaoine dá mbanríon, Zóé, agus cuireadh é amach luath go leor i gclabhsúr threascairt a’ rialtais a spreagadh de bhrígh na drochíde a dtug sé do Zóé.
Ní raibh sí ar ais ar an ríchathaoir ach trí mhí sul ar phós Zóé fear eile, a treas, an t-uasal Constaintín Monomacó, (nó Constaintín a Naoi, i ndiaidh a chorónaithe). Cor cinniúnach na himpireachta a bhí i réimeas an Chonstaintín seo, in a ndeachaidh an impireacht in olcas go gasta. Bhí an impireacht i ndiaidh leathnú ró-tapaidh, agus cloíodh tíortha fairsinge gan riail Bhiosántach a bheith daingnithe ionntu. Tháinig naimhde ní ba éifeachtaí in ionad na sean-naimhde agus, ag an am céanna, bhí gallóglaigh tagtha in áit na saighdiúirí Biosántacha proifisiúnta a rinne seirbhís i dtréimhsí ní ba rathúla.
Ag deireadh réimeas Chonstaintín a Naoi, tháinig an scaradh foirmiúil eadar an dá thaobh den Eaglais. Faoin am sin, bhí na Normannaigh ag gabháil dúiche san Iodáil le tamall, agus i ndiaidh catha in ar gabhadh agus cuireadh i gcimíocht é, thuig an Pápa nach mbeadh a chuid fórsaí míleata ábalta cosaint a chinntiú don Róimh. Ins an eadarlinn, bhí na Normannaigh ag bagairt ionsaithe ar na Biosántaigh. Mar sin, chonacthas do na Rómhánaigh rud nádúrtha go n-aontódh an dá thaobh le haghaidh a thabhairt dá namhaid comhchoiteann: na Normannaigh.
Tháinig an toscaireacht phápach i gCathair Chonstaintín le comhghuailíocht a eagrú, ach casadh fáilte fuar leotha. In ainneoin an mhéid a bhí ag brath ar na cainteanna, theip orthu de bharr achrainn agus aighneis ó thaobh cursaí creidimh agus na bpearsantachta dóspreagtha de na fir i gceist. Sheachaid na cléirí Ladineacha–go pearsanta–litir coinnealbháite na bPatrarc Ortodocsach, agus d’fhreagair an patrarc Ortodocsach go láithreach le fógra ar an chuma chéanna, ar na cléirigh Laidineacha. Ainmníodh an Patrarc Mícheál Ceileairias, an Ardeaspag Léó d’Orchid agus a ghiollaí, ach chan é gur choinnealbhá ginearálta a bhí i gceist. Cé nár bh’é go raibh sna heachtraí seo scaradh dearbhtha eadar Iarthar agus Oirthear, tháinig eascairdeas as an tarlú, agus lean an caidreamh eatarthu ag dul i ndonacht.
Comnaeneos agus na Crosáidí (1057-1081)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Alexios I, sinear rí-theaghlach Chomnaeneos
De réir a nighean, Anna, a scríobh beath-fhaisnéis faoi, bhí an impireacht ar tí titime faoin am ar corónadh Alacsaías, (c. 1057 – 15 Lunasa 1118) fear míleata ag a raibh cleachta cogaidh in aghaidh na dTurcach sul a dtáinig sé ina impire. Lean sé ar aghaidh le feachtais mhíleata agus an choróin air. Ruaig sé na Normannaigh nuair a lainseáil siad ionradh ar an Ghréig thiar. Leis na Normannaigh curtha ar ais, dhírigh sé a chuid fórsaí ansin ar na Turcaigh, a bhí ag cur a súile thar chailc na teorann thoir. Bhí sé mar thairne sa bheo na mBiosántach go raibh na Turcaigh ag sarú ar iomall na himpireachta, a fhad agus a bhí na Normannaigh ag bagairt ionsaithe ar an taobh eile.
Tharla go bhfuasclófaí na fadhbanna seo nuair a cailleadh dís a dhearbhnaimhde taobh astoigh de sheacht mbliana. Bhí deis ag Alacsaías i mbás Robert Guiscard agus an sultáin Mailíc, agus níor chuir sé amú léithe. Chinntigh sé síocháin agus sábháilteacht na coda thoir den impireacht le conradh síthe a thug sé ar chomharbaí an tsultáin le síniú, agus bhunaigh sé comhaontas leis an uasal Heinrí in Iodáil theas.
Deirtear gur cheannaire míleata láidir, Alacsaías, ach gurbh é scéal níos measctha ann ó thaobh a bhainistíochta de chúrsaí polaitíochta. Chuir sé i bhfeidhm airgeadra nua, a bhí rathúil go leor. Ach cáineann staraithe a straitéis fioníochais, a mheasann siad a bheith mar chúis trioblóide do himpirí ní ba dheireanaí.
I rith a réimis, d’athbhunaigh Seán cuid mhaith na glóire a cailleadh ins na haoiseanna roimhe sin. Cha raibh sé sásta leis an status quo den impireacht lagaithe laghdaithe a fágadh dó ar a theacht don ríchathaoir, agus theann sé ar sprioc áirithe: an Anatóil a athghabháil de na Turcaigh. Chuir sé na Turcaigh faoi mhíbhuntáiste agus cuid mhaith an oirthir faoi smacht Biosántach. Thug sé buadh ar na hairm Úngaracha agus Seirbiacha fosta, sula ndeachaidh sé i gcomhar leis an impire Lothair a Trí chun na Normannaigh a choimeád i sáinn.
Bhí sé de chliú ar Sheán gur rialtóir míleata láidir a bhí ann, agus é ainmnithe as a bheith cóir, cothrom ó thaobh a riail intíre. Cuirtear é i gcomporáid le Marcas Áiréilias as a bheith in a cheannaire prionsabálta tuigseanach i ré brúidiúlachta. Cailleadh é sa bhliain 1142, de bharr goin a d’fhulaing sé de shaighead nimhithe le linn thuras seilge.

Shocraigh Seán comharbas ar a cheathrú mac, Manuel, agus lean an mac sin treocht a athar i gcúrsaí míleata. Chruthaigh sé é fhéin a bheith mar thacaí intaofa do chúis na gcrosáidí nuair a sheol sé armáid don Mheánoirthear. Bhí a chomhghuaillí Amalraic, rí na Iarúsailéime, ar tí ionradh na hÉigipte a scaoileadh, agus sa bhfómhar den bhliain 1169, tháinig an cabhlach Biosántach in Éigipt le n-a tacú a thabhairt don eachtra: fiche long chogaidh mór, 150 ramhlong faoi striúradh an megas doux, Andronikos Kontostephanos. Chomh mór agus a bhí an flít gur cuireadh ionntas fiú ar Uilliam de Tyre.
Shocraigh na comhghuaillí ar ghabháil Dhamietta mar an chéad chéim den fheachtas, agus chuadar i ngleic le réiteach léigear ar an chalafort. De dheasca easpa pleanála agus theip cumarsáide, casadh tubaiste agus anachain ar na crosáidí. Bhí loistíocht chogadh fásaidh ní ba chasta ná mar a mheasadar, agus roimh fhada b’éigean dóibh an léigear a thréigeadh. Leis a gcuid soláthartí ag dul in éag, rinne siad iarracht díchéille leis an chathair a ghabháil trí tréan urra. Nuair a theip sin orthu, réitigh Amalraic sos cogaidh agus conradh síochána leis na hArabaigh, agus d’fhill na Biosántaigh abhaile. Níor shroich an leathchuid díobh go caladh, áfach, óir tháinig stoirm fhiach go tobann ar an fhlít a mharaigh mórán de na saighdiúirí.
Cé gur cuireadh críoch chomh náireach don eachtra, aithníodh Manuel go foirmiúil ag rithe a’ regiúin, (Raynauld d’Aintíoc agus Amalraic d’Iarúsailéim san aireamh), mar thaoiseach na stát crosáidí, ó ba mhó ansin a spleáchas ar chosaint Bhiosántach i ndiaidh a’ gríosaithe ná mar a bhí roimhe.
Ins an oirthear, ath-eagraíodh an t-arm Biosántach tar éis dóibh a bheith buailte i ndóigh chomh dona ag cath Myriokeohalon. Chomh mór agus a bhí an urraim ar chliú Mhanuel go ndeachaigh sluaití d’óglaigh isteach san arm a bhí sé a dhíriú chun na fórsaí Turcacha a scriosadh. Ansin, threoir Manuel é fhéin a mharcshlua le ruaig a chur ar na Turcaigh ó dheas de Pharnasam le n-a smacht a dhearbhú ar na críocha d’Anatoil athgaibhte.
In ainneoin a dhícheall, ni bheadh i gcumas Mhanuel an scaradh reiligiúnach i measc na heaglaise a shlánú, cé gur oibrigh sé le cumhachtaí Laidineacha an iarthair agus gur réitigh sé go maith leis an Phápa.
Athbheochan na Dara hAoise Déag
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh ré cogaidh, tháinig aois shíochána a mhair go dtí deireadh an chéid. Mar thoradh na fola doirte agus na sábháilteachta a tuilleadh tríthi, tugadh do na Biosántaigh fáil forbartha ar fud fairsinge a n-impireachta, a bhí i ndiaidh neartú agus leathnú. Leis an méadú dúiche, chuaidh cuid mhaith den tír chun cinn mar thalamh feirme. Lig sin do na bailte a dh’fhás agus, dá réir sin, bhisigh na nascanna trádála a bhaineadh dhóibh. Chan amháin na trádálaithe a bhuin tairbhe as an tréimhse saibhrithe seo, ó tharla an tionchar a bheith ní ba leithne de shroich. Tugtar creidiúint le forbairtí áirithe ealaíne don fheabhsú eacnamaíochta–stíle úra mósáice agus ailtireachta, mar shampla–agus foilsíodh leabharthaí nua le húdair a bhí spreagtha ag saothair na bhfeallsúna clasaiceacha.
Treascairt agus Míriail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is mór an difear eadar na ríshleachta Comnaeneos agus Aingealas. Stuaim agus cúram na saintréithe a léirigh an chéad teaghlach, agus a malairtí ag an dream deireanaí. Ba é Constaintín Aingealas an sinsear a bhunaigh an ríshliocht a bheirfeadh a ainm. Fear misneach, beoghúil, agus go han-dóighúil a bhí ann, de réir na gcroiniceoirí. B’é rud nádúrtha, mar sin, go raibh Constaintín ábalta pósadh le Téadóra, nighean an impire Comnaeneos, a bhaint amach.
Tháinig Constaintín den mheánuaisle, agus b’fhéidir gurbh as an tsiocair sin gur choimeád an bhanríon Írín dearcadh chomh tarcaisneach i leith an Aingealais. Níor sháraigh Írín a hamhras fá Chonstaintín, agus chuaidh an caidreamh eadar í agus a neacht Téadóra in olcas de bharr a’ phósta. Ó thaobh an impire, áfach, cha raibh díth muiníne ag Manuel a Dó nuair a chinn sé an flít impiriúil a chur faoi cheannas Chonstaintín.
Sa bhliain 1154, bhí na Biosántaigh ar tí cogaidh leis na Normannaigh, a bhí ag cruinniú a bhfórsaí cabhlaigh gar do chósta Lacóinia. Fuair Constaintín orduithe gan dul i ngleic leis na Normannaigh sula dtiocfadh trúpaí Biosántacha breise le h-é a thacú. Ach thug Constaintín neamhshuim d’orduithe an impire agus, de bhrí chomhairle astralaithe, dhírigh sé an flít Biosántach in aghaidh an chabhlaigh Normannaigh, a bhí i bhfad ní ba mhó ná a chabhlachán fhéin. Gabhadh an mhórchuid de na longa Biosántacha chomh maith le Constaintín fhéin sa ghníomh easurraime díchéillí, agus chaith sé roinnt bliana i mbraighdeanas i ndiaidh na hanachaine sin.

Léirigh Constaintín go d’fhéadfadh tubaiste mhíleata a theacht mar thoradh de mhisneach gan chiall; ach léirigh a mhac Andronacas nach gá leis an mhisneach a bheith ann ach oiread. Ins an bhliain 1179, cuireadh Andronacas i gceannas feachtais in aghaidh na dTurcach sa réigiún de Characs. Oídhche éigin, chuala Andronacas scairteacha sa dorchadas. Níorbh ach scata beag scabhtaí a bhí ann, ach ba leor sin le geit a bhaint as Andronacas, agus d’imigh sé leis chomh tapaidh agus a d’iompródh an each é. Ag radharc na sceilmise, lean na saighdiúirí eiseamláir a gceannaire, agus chuirtí ruaig ar cholún Bhiosántach ag buidhean beag Turcach murach guaim Mhanuel Canracoseanos, a chuir aghaidh do na saighdiúirí teifeacha le léiriú dóibh nach raibh aon duine dá leanúint.
Bhí scéal mheatacht Andronacais scaipte go forleathan i mbéal a phobail, agus bhí an t-impire Manuel ar buile fán mí-ionracas a tharraing a chol ceathrair ar an theaghlach impiriúil. Bhí sé meáite ag Manuel go gcuirfeadh sé éadaí ban ar Andronacas, agus go dtabharfadh sé an meatachán ag máirseáil sa riocht sin trí sráideanna Chathair Chonstaintín. I ndiaidh tamaill, d’imigh an oiread feirge den impire agus go raibh a chomhairleoirí ábalta áitiú ar go mb’fhearr an deasgnáth náireachta a chealú.
Fágadh an impireacht le garsún-impire, Alacs a Dó, i ndiaidh bhás a athar, Manuel, 24 Meán Fómhair 1180. Thug Manuel ar na huaisle mionn a ghlacadh go ngéillfidís dá bhean, Máire, dá gcaillfí é sula dtiocfadh a mhac in a aois céille; d’aontaigh na huaisle–ar an choingheall go rachadh Máire sna mná rialta dá dtarlódh na heachtraí amhlaidh.
Leis an chuidiú d'ardchomhairle Alacs Comnaeneos, rialaigh Máire (a bhí, de réir an aontaithe, in a bean rialta faoin am sin), agus díríodh cúrsaí a’ stáit chun donachta faoi stiúradh na díse. Bean leasrí agus bean Fhrancach a bhí i máthair an impire, agus ba leor na buanna sin aici le Máire a chur i staid neamhsheasmhach i ríocht a raibh olc do lucht Laidineach a dul chun cinn ann.
Bhí sí aineolach go raibh sí ag rith ar thanaí, áfach, agus thug sí neamhshuim don ghearán go raibh sí claonta i dtreo na Laidineach. Thuig sí méid an fhuath nuair a spreagadh ciréibeacha in a h-éadan, agus thiontaigh corraíl a’ phobail in aingnímh. Theith sluaite lucht Laidinigh den fhoréigean, ach cailleadh oiread mór le linn an áir.
I lár na hanachaine, tháinig ansin Andronacas Comnaeneos, uasal óg dathúil deagh-chruthach a raibh gnaoi na ndaoine agus tacaíocht an airm air. Nuair a corónadh é mar chomh-impire i Meán Fómhair sa bhliain 1183, tugadh le fios go mbeadh sé in a chosantóir don impire óg. Is dócha go raibh Alacs ag súil go dtiocfadh sé slán den trioblóid faoi scath dheagh-chliú a ghaoil ní ba shine. Bhí sé meáite ag Andronacas, áfach, go dtógfadh sé an choróin agus an bhean d’Alacs. Trí mhí ní ba dheireanaí, chuir sé amhlais chun an garsún a thachtadh, agus teilgeadh corpán an impire sa Bhosparas.
Rialtóir ciallmhar bríomhar a bhí in Andronacas Comnaeneos, a bhíodh in a chompord comhrá béasúil intleachtach a choinneáil, chomh maith le foreigéan brúidiúlach a dhéanamh. Dhírigh sé neart a chuid fuinneamh i dtreo leasú na himpireachta a bhí, ag an am sin, curtha de dhroim seoil ag an truailliú fear faillí. Cuireadh ceal ar an díolú oifige faoi n-a riail. Thug sé le fios go mbeadh cumas agus stuaime mar chrann tomhais maidir leis an earcaíocht den uair sin amach, agus go n-iocfaí turastal caoidh do na hoifigí fiúntacha. Le cois leasú na maoirseachta, d’eagraigh Andronacas ath-chóiriú talmhainn agus an chóras cánachais a bhain daoithe. Bhí na tuathánaigh buidheach as, cé go raibh na tiarnaí talaimh mí-shásta leis.
Ins an phríomhchathair, áfach, bhí na daoine trí chéile ag pearsantacht scoilte, dothuartha an impire, agus d’fhás an eagla faoi agus an fuath dhó. Scoite in iargúil a pháláis, chaill Andronacas teagmháil leis an phríomhchathair, chomh maith le cúrsaí eachtracha. Ghabh na Normannaigh an Chipir, oileáin straitéiseach, lárnach don impireacht, agus tharla an cailleadh dhi mar ionntas agus comhartha fainne don domhan. I rith an mhí-ordaithe a bhí á scaipeadh i measc na mBiosántach, thapaidh na Normannaigh an deis ansin le críoch Biosántach breise a ghabháil. Thit Dyrrachium do na Normannaigh go héascaidh, sular chuireadar Theasaloinicé faoi n-a smacht. Ansin, d’imir siad díoltas uathbhásach ar na Biosántaigh as an ár a rinne siadsan ar lucht Laidineach i gCathair Chonstaintín.
Creachadh an chathair, agus ma tháinig siad mall ag Cathair Chonstaintín, is é gur tarraingíodh siar iad ag meall chreachadh na mbailte eadar Theasaloinícé agus an príomh-chathair. Leis an tubaiste ar casadh ar Theasaloinícé, chaill Andronacas aon roinnt tacaíochta a mbíodh fágtha dhó i measc na ndaoine, agus le cailleadh dheagh-ghean a’ phobail, chaith sé ualach a’ deaghrialtóra de. In ionad cothrom cúramach a choimeád eadar na faicsin agus eadar na haicme, scaoil sé an t-uathbhás ar an phobal iomlán.
Bhí Andronacas ag iarraidh na gnáth-dhaoine a chur faoi n-a chos, ó ba léir faoin uair sin go raibh an pobal i ndiaidh tionntú in a aghaidh. Dhírigh sé ar na huaisle fosta, ó chonacthas don impire go mb’ar cheann uasal eile a gcuirfí an choróin dá mbainfidís í de. Cuireadh i bpriosún cuid mhór na n-uaisle ar leithscéal go raibh siad in a gceannaircigh, ach, i dháiríre, gabhadh iad mar ghialla le cosaint in aghaidh treascartha ó thaobh a dteaghlach.
Ba bhuinnean na dteaghlach Comnaeneos agus Aingealas é, Íosác Aingealas, i measc na bhfear a b’uaisle, agus, de réir a’ chritéir sin, ar na fir a b’oiriúnaí don rí-chathaoir. Ach in ainneoin fola goirme Íosáic, bhí sé de mhíchliú air gur mheatachán plobaireach a bhí ann. B’fhéidir gur chomhartha a’ bhig a measadh de gur fhág Andronacas ainm Íosáic as liosta de na huaisle le bheith gaibhte, agus is dócha nár scríobhtaí aon scéala breise fá Íosác murach Stíofán Haigíochríostophóirítis. Feidhmitheoir an rialtais impiriúil a bhí ann, agus é chomh éilitheach in a dhualgas gur thóg sé air fhéin go ngabhfadh sé Íosác. Bhí eagla a’ tsaoghail Bhiosántaigh roimh Stíofán as an chéasadh agus as an mharú a dhéanadh sé i seirbhís don impire, agus bhí Íosác chomh croithte ag radharc an amhais seo go dtug sé ruathar ar Stíofán, agus mharaigh sé a thóraí ar an bpointe le buille a chlaidhimh.
Theith Íosác go láithreach chuig an Hagia Sóphia a dh’iarraidh tearmainn. Scaipeadh scéala éachta Íosáic timpeall na cathrach, agus thionntaigh an ardeaglais i lárionad na gceannairceach, agus iad ní ba dána ansin tar éis bhás Stíofáin. Cor deagh-chinniúna a b’ea é gur san eaglais sin a bhí áit-taisce na corónach impiriúla, agus thug na huaisle reibiliunacha ar Íosác í a ghlacadh. De réir a nadúr meata, dhiúltaigh Íosác an choróin, an baol, agus an dualgas a bhainfeadh leotha. Ach, nuair a d’éiligh siad go dháiríre fán adhbhar, cha raibh de mhisneach aige an dála d’uaisle a dhiúltú arís. Tháinig sé mar theifeach, agus d’imigh sé amach den eaglais mar an t-Impire Íosác a Dó Aingealas.
Tháinig slua na n-uaisle don phálas ríoga chun Andronacas a tharraingt amach. Bhí gardaí na múrtha cosanta ag tabhairt neamh-shuime don chuid orduithe a bhí ghá scairteadh ag an iar-impire, agus é ar bís, ag déanamh iarrachta scannraithe le hiad a spreagadh chun gnímh. Thuig na fir, is dócha, nach mbeadh ciall ná tairbhe i gcur in aghaidh an athrú réimis. Le heiseamláir a thabhairt, b’fhéidir, thóg Andonacas bogha de shaighdiúir, agus scaoil sé amach roinnt saighead i ndorchadas na hoídhche (gan éifeacht ar bith). Rith tuigsint uathbháiseacht a’ scéil tríd an tíoránach ansin, agus chaith sé de a róba ríoga, chuir sé air boinéad Rúiseach, agus théaltaigh sé amach den chaisleán le dís de na mná ab fhearr leis. Gabhadh é ag an slua, áfach, nuair a bhí sé ag feitheamh bhád éalaithe, agus cuireadh an t-impire treascartha i gcomhair an impire theagmhasaigh.

D’fhág Íosác don daoscar dán Andronacais a shocrú, agus d’imir siad an cineál ceartais is gnách le gráscar mire a léiriú. Teannadh Andronacas de chrann, agus tugadh greadadh i ndiaidh greadta dhó ar feadh trí lá. Scoitheadh an lámh dheis de, agus tarraingíodh na fiacla agus an ghruaig dá chlaigeann. Buineadh súil de, agus caitheadh uisce bruithte in a éadan. Ar dheireadh, streachlaíodh Andronacas don hipeadróm mar a crochadh é dá chosa eadar dhá cholún. Sa dóigh sin a fágadh é, le cráidh tuilleadh a dh'fheitheamh. Dúradh go raibh a mheabhair agus a mhisneach aige ar feadh fhad na brúidiúlachta, a chríochnaigh le beirt shaighdiúir Laidineach á chiorrú le buillí a gclaidhmhte.
Chuaidh an Impireacht in olcais faoi réimeas Íosác a Dó agus a dheartháir, Alacs a Trí, agus thit a raibh fágtha d’inneall a’ rialachais lárnaigh. Léirigh na hAingealais laigeacht na hImpireachta le linn a míbhainistíocht na gcrosáidí. Leis an bhearna cumhachta i lár na hImpireachta, cuireadh misneach do cheannaircigh i gcearnaí éagsúla chun údarás Biosántach a chaitheamh siar. De réir an staraí Alexander Vasiliev, “Thapaigh an rí-shliocht Aingealas bás na himpireachta, a bhí lagaithe amuigh agus scoilte astoigh cheana fhéin.”
Faoi theacht a’ rí-shleachta seo, bhí na laethanta glórmhara caite ag an impireacht, agus is stair de mheatha agus truailliú a bhí ann. Faoi riail fir stuama, bhí mothú tosaíochta i réim agus coimeádadh dúilcí eadar teorainneacha áirithe, áfach.
Ligeadh na bealaí agus na droichidí i leig. Ní raibh airgead go leor le hinfreastruchtúr na himpireachta agus diomailteacht an impire a choinneáil ag an am céanna, agus cha dtigfeadh focal stuama mar rabhadh dó as na huaisle a bhí ag brath air. Ós rud gurbh fhir náireacha a bhí i gceannas, caitheadh an t-airgead ar shiamsaíocht agus oirfeid in ionad calaí agus droichead, cleasaithe agus damhsóirí in áit dúnta agus uiscerianta. Laghdaíodh gradam na himpireachta agus mórtas a’ phobail aisti agus, leis sin, d’ísligh mian na ndaoine chun í a chosaint.
Nuair nár leor maoiniú a atreorú, thoisigh an rialtas ar fheachtas cánach a bhí chomh iomarcach ar na daoine nárbh fhéidir leo maireachtaint faoi. Chomh cruaidh agus a bhí an cánachas agus na dlíthe carnaithe ar an phobal dúchais gur tréigeadh trachtanna móra na himpireachta, agus leis an tír folmhaithe de dhaoine thairgiúla mar sin, tháinig sluaite na mbarbarach a thógáil a’ spáis.
An Ceathrú Chrosáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ins an bhliain 1198, thoisigh an Pápa Innoicéintius a Trí ag seoladh litreacha in a dtug sé cead le crosáid nua a dhéanamh. Bhí mar phríomhaidhm na gcrosáidí ná gabháltas na hÉigipte, a bhí in a lár chumhacht na Moslomach sa Leiveaint. Tháinig arm na gcrosáidí ag Veinéis sa samhradh den bhliain 1202, ach ba lú a líon ná an méid saighdiúirí a bhí geallta. Ní ba mheasa ná sin, cha raibh an oiread airgid acu ar son chíos an fhlít Veinéisigh a dh’íocadh. In áit íoca, réitíodh go mbeirfeadh na Biosántaigh cabhair do na Veinéisigh a dh’athghabháil Zara–calachathair a dhiúltaigh smacht na Veinéiseach tamall beag roimhe sin. Bhí rath ag an chomh-ghuaillíocht Bhiosántach-Veinéiseach, agus thit Zara tar éis léigir.
Bhí an chrosáid faoi cheannaireacht Bhonaifeas de Montferrat, cara do Philip de Swabia, agus bhí bean chéile de bhunadh a’ teaghlaigh ríoga Bhiosántaigh ag na comrádaithe araon. Nuair a thug Bonaifeas cuairt ar a chara Philip, cuireadh é in aithne don Phrionsa Alacsaías Aingealas, mac Íosáic a Dó Aingealas, impire Biosántach treascartha. Chaith Alacsaías a leanbaíocht i mbraighdeanas baile i gCathair Chonstaintín, sular éalaigh sé don iarthar, mar a fuair sé fáilte i bpálás a dheirféar agus a fear céile, Philip.
Rinne an prionsa óg moladh dána do Bhonaifeas. Gheall Alacsaías go dtabhfadh sé tacaíocht na hImpireachta Biosántaí do na crosáidí dá gcuideodh Bonaifeas le h-é a chur ar an rí-chathaoir i gCathair Chonstaintín. D’ofráil Alacsaías 200,000 punt d’airgead do na crosáidí agus an oiread solatháirtí a mbíodh de dhíth orthu. Chomh maith leis sin, gheall sé go gcuirfeadh sé a bhrú impiriúil ar an Phatrarc ionas go n-aithneodh an cléireach Ortadocsach údarás a’ Phápa ar an domhan Críostaí iomlán.
Cuireadh an Pápa in eolas den phlean ionraidh ar Chathair Chonstaintín, agus sheol sé litir in ar chuir sé cosc ar na crosáidí an chathair a dh’ionnsaí. A scríobh sé: “Ná bíodh in aigne d’aon duine agaibh go gceadfaí dhaoibh creachadh a dh’imirt ar thíortha na nGréagach, le cúis nach ngéilleann siad don Hagia Sophia, ná ar an leithscéal gur threascairt an t-impire a dheartháir leis an rí-chathaoir a ghabháil dó fhéin. Cé go ndearna an t-impire na peacaí sin, agus peacaí sa bhreis, ní gá dhaoibhse breitheamhnas a thabhairt air. Níor thóg sibh an chros leis an pheacadh seo a cheartú. Gheall sibh go n-imreodh sibh díoltas ar iad a thug dímheas don chros.”
Níor léigh na crosáidí fógra a’ Phápa. Faoin uair a shroich an litir an cala, bhí an armáid imithe cheana fhéin chuig Chathair Chonstaintín. Cha raibh aon chosaint curtha in áit ann nuair a dtáinig na crosáidí ar an 24 Meithimh. Theith Alacsaías a Trí, agus cuireadh Íosác ar ais ar an ríchathaoir, le n-a mhac Alacsaías Aingealas mar chomh-impire. Thug an Pápa iomárdú do cheannairí na crosáide, agus d’ordaigh sé go leanfaidís ar aghaidh don Talamh Naofa.
Faoi dheireadh mhí na Samhna, thug an t-impire Alacsaías le fios nach n-íocfadh sé an dara chuid den mhéid geallta–den 200,000–ar an leithscéal de ghanntanas maoinithe. Chuir sé na Veinéisigh trí chéile fosta, nuair a lig sé air nach raibh sé ábalta cíos a fhlít a dh’íocadh ach oiread, agus d’fhógair an comh-ghuaillíocht cogadh ar an impire.
Le leathíoc na suime, chruthaigh Alacsaías naimhde dó fhéin i ngach uile phointe a thimpill, ó nár ligfeadh ceannaire na nguaillíochta iad fhéin a bheith feallta, agus gur cruinníodh an oiread a d’íoc sé as robáil na n-eaglaisí agus an leá shaothraí ealaíne reiligiúnacha, frámaí íocón ,agus araile.
Oídhche amháin, tháinig an cúirteoir Alacsaías Múrtsúphós chuig áras an impire Alacsaías a Ceathair, le scéim chliste a chur i bhfeidhm. Bhí fhios ag an impire Alacsaías go raibh an pobal ar tí reibiliúin, agus bhí fhios ag an chúirteoir gur mheatachán an t-impire. D’inis Múrtsúphós scéalta bréaga uathbhásacha fá bhuidheanta comóntach fuilteach ag sceimhliú tríd an chathair agus an mearadh acu chun eirleach a dhéanamh. Bhí an t-impire buartha cheana fhéin, ach chuir tuairisc a’ chúirteora eagla a’ domhain air. Croitheadh an seomra go tobann ansin le buillí ag an doras agus screadanna de shlua taobh amuigh den seomra. Grúpa comrádaithe Mhúrtsúphós a bhí ann, ag déanamh a’ róil de chíréibeoirí rímharfóireacha. Le cuma sábhálaí, d’ofráil an cúirteoir slí éilimh don impire, agus threoraigh sé é tríd an lúbra pasáistí den chaisleán. Chríochnaigh an turas ag an donsiún, áfach, mar a tachtadh Alacsaías tamall ni ba dhéanaí, ar an 25 Eanair, sa bhliain 1204.
Leis an treascairt dánach, thuill an t-impire nua fearg na gcrosáidí, agus thoisigh siad ag beartú ionsaithe na priomhchathrach, an chóras rialtais a chuirfidís i bhfeidhm ann, agus na dóighe a roinnfeadh siad an impireacht eatarthu. Shocraigh ceannairí na comh-ghuaillíochta go dtoghfaí impire nua ag comhairle de 12 acu, agus go mbeadh cothromaíocht eadar sé crosáidí agus sé Veinéisigh ag an chomhairle sin.

Ar an 12 Aibreáin, thoisigh na crosáidí ionsaí cabhlaigh ar Chathair Chonstaintín. Tháinig siad ar an chósta le flít de longa dúbláilte, (is é sin, bhí na longa nasctha le chéile i bpéire le hiad a dhéanamh ní ba láidire mar ullmhúchán don dúshlán a bhí rompu). Cath catapalt a bhí ann, leis an teicneolaíocht sin á úsáid ar an dá thaobh. Bhí an bhuntáiste ag na cosantóirí áit ní ba dhaingnithe a bheith acu, agus buntáist na so-iomramháilteachta ag na seoltóirí crosáidí. Dhírígh na hionsaitheoirí a mbairáiste ar thúr áirithe ar nós comhordaithe, agus b’éigean do na cosantóirí Biosántacha dul ar foscadh leis an stoirm cloiche a sheachaint. B’ansin–le postanna an túir tréigthe ag na saighdiúirí–a bhí an deis ann do na crosáidí na rampair a thógáil. Gabhadh an chéad túr agus trí eile go tapaidh in a dhiaidh. Rúid na fir a b’fhearr de na crosáidí ansin chun na geataí cosanta a dh’oscailt le n-a gcomrádaithe den mharcshlua a chur i dtír.
Ag radharc thógáil bhratach na gcrosáidí, theith an t-impire Alacsaías den champa. Chruinnigh a phobal tréigthe sa Hagia Sóphia leis an éigeandáil a phlé agus plean a réiteach. Toghadh impire nua ag an chruinniú sin: Téadór Lascaris. Theip air in a chuid iarrachtaí le fir na cathrach a spreagadh chun cogadh in aghaidh na saigdiúirí cleachta, proifisiúnta na gcrosáidí, agus d’imigh sé leis le breacadh an lae arna mhárach.
Le n-a gcathair agus a misneach caillte acu, agus trócaire geallta dhóibh, lig na Biosántaigh síos a n-airm. B’ansin a pléascadh an t-uathbhás. Scaoilteadh fir fuathúil na gcrosáidí amach tríd na sráideanna. Rinneadh uirísliú beag agus mór ar an phobal chloíte den chathair. Creachadh tithe na sibhialtachta; éigníodh na mná, agus tógadh a gclann mar sclábhaí. Truaillíodh a creideadh a bheith naomhtha de na heaglaisí, agus goideadh a bhí de luach airgid díobh. Cuireadh corónacha d’ór; scrínte taisí; dealbha clasaiceacha, agus seodra Biosántacha leis na boinn d’ór a bhí goidte den taisce impiriúil, agus na hearraí ar tógadh amach de thrádstórais agus de thithe na cathrach. Scríobh an staraí Geoffroy de Villehardouin, “ní dhearnadh an leithéid creachta ar chathair ariamh.” Mheas Bóduin in litir a scríobh sé gur mhó an luach a bhuin siad amach de Chathair Chonstaintín ná an méid a bhí sna stórais d’Eoraip Thiar in éinneacht.

Nuair a tháinig tuairisc a’ scéil náirigh don Róimh, scríobh an Pápa litir don leagáid Peadar, in a chur sé friotal ar a chorraíl maidir le gníomhaíochtaí na gcrosáidí agus a dhubhionntas gur ofráil an sagairt sin apsalóid dóibh, rud, dar leis an Phápa, nach raibh in údarás Pheadair a dhéanamh. “Cad é a chuir an smaoineadh i do chlaigeann?”, a cheistigh sé an sagart. “Conas a cuireadh thú ar seachrán?”.
Baineadh an Pápa siar ag an drochscéal, agus cháin sé go dian na crosáidí as an ainghníomh. Dúirt sé go raibh ní ba shuim acu i maoin shaolta agus in íospairt a dhéanamh ar Chríostaithe ná mar a bhí acu in atógáil Iarusailéime agus i gcosaint na gcreidmheach. Cha raibh na crosáidí ná na Veinéisigh ró-buartha faoi focla a' Phápa, agus leanadar ar aghaidh leis an phlean a bhí beartaithe acu: tóghadh Baldwin mar impire, agus roinneadh an mhór-chuid den impireacht eadar na huaisle. Tarraingíodh an forghabhálaí Alacsaías Múrtsúphós as comhair cúirte na gceannairí nua. D’áitigh sé gur bh’fhealltóir a réamhtheachtaí, agus gur thoradh bínse dhlisteanaigh an cinneadh é a thachtadh. Níor chuir an chosaint sin in a luí ar aon duine, áfach, agus teilgeadh Múrtsúphós de cholún i gcearnóg Thauros.
Athghabháil Chathair Chonstaintín
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh Cathair Chonstaintín a bheith tógtha dhíobh, bhunaigh na Biosántaigh dhá stát comharba: an Impireacht de Nícaea agus an Forlámhas d’Eipírús. (Bunaíodh stát Biosántach eile, an Impireacht Trezibond, roinnt seachtainí roimh chreachadh Chathair Chonstaintín.) Ón dtús, bhí na stáit Bhiosántacha i gcoimhlint leis na Laidinigh agus na Turcaigh. Sa bhliain 1075, tháinig an taoiseach cogaidh Súlaidhmeán ibn Cútalmais ar an bhfód i ndiaidh dó a smacht a chur ar na sléibhte Tabhrós, agus sa bhliain 1080, le cuidiú an fhealltóir Nícéipheoras, géilleadh Nícaea dó. Thug an Sultán Máilíc Seá aitheantas do Shúlaidhmeán mar rialtóir iarthar na hImpireachta Seilsiúc sa bhliain dar gcionn.
De bhreis ar na naimhde áitiúla, bhí cumhacht eile ag teacht, cumhacht ní ba mhó, ní ba láidire ná na faicsin eile in éineacht, agus iad ag trasnú na sléibhte agus ag rásáil ar thaobh a’ chósta le mian an Eoraip go léir a ghabháil.
Ré ionraí na Mongólach a bhí ann, agus eadar na blianta 1204-1243, (blianta in a raibh na ríochtaí Críostaí ag déanamh cogaidh ar a chéile i ndiaidh bhriseadh na hImpireachta Biosántaí), thogh na Mongólaigh Geingeas Chán mar impire, thoisigh siad feachtas gabhála uathbhásaí, agus leathanaigh siad a n-impireacht go dtí gur shínigh a dteorainneacha ó Vítneam don tSibéir, agus ó Mhuir na Seapáine go dtí, faoin bhliain 1243, an Anatóil, mar a bhuaigh arm na Mongólach ar fhórsaí na hImpireachta Seilsiúc.
Cé gur ghéill na Turcaigh go tapaidh agus go hiomlán do na Mongólaigh, d’fhág na hionróirí arm san Anatóil le n-a smacht sa reigiún a chinntiú. Bhí eagla ann go mbeadh na stáit Bhiosántacha na céad tíortha eile a d’fhulaingeodh uathbhás na Mongólach. Ach bhí na Mongólaigh sínte fada tanaí go leor faoin uair sin agus, le tuigsint an fhiúntais a mbeadh i gcomh-ghuallaíocht áitiúil, socraíodh póstaí eadar roinnt ógmhná na mBiosántach d’fhir uaisle na Mongólach. Leis na Turcaigh cloíte agus, mar sin, gan iad a bheith á n-ionsaí a thuilleadh, bhí na Biosántaigh ábalta a n-iarrachtaí míleata a dhíriú ar na Laidinigh ó thuaidh agus athógáil na ndúichí caillte dhóibh.
Nuair a corónaíodh Seán a Ceathair, Dúcas Lascairis, (1250-1305) cha raibh ach seacht mbliana d’aois aige agus, mar sin, ainmníodh cara a athar, Seoirse Múzalón, mar leasrí dhó. Bhí neart naimhde ag an chúirteoir sin, agus dúnmharaíodh é ar feadh aifrinn naoi lá ní ba dheireanaí. I ndiaidh an aingnímh sin agus éiginnteachta dá bharr, thapaigh Mícheál a hOcht a dheis chun údarás a thógáil. Oidhre den trí theaghlach ba ríoga den domhan Biosántach a bhí i Mícheál, an leasrí nua, le cois a bheith in a ghinearál maith le lán tacaíocht an airm. Tugadh ardú céime i ndiaidh ardaithe céime dhó; aimníodh aimiréal a’ chabhlaigh é, agus tamall ní b’fhaide, Tíoránach. Agus é ina Thíoránach, bhí an t-impire agus a mhuinntir ró-lag a chur i ndiaidh a dhánachta. Sa bhliain 1259, shocraigh Mícheál a chorónú mar chomhimpire, agus trí mheascán tosca agus stuaime, tháinig an chliú air d’impire a d’athbhunaigh an Impireacht Bhiosántach.
Le linn na nglúnta tar éis na tubaiste den bhliain 1204, tháinig na Biosántaigh i staid nirt, ag eagrú agus ag forbairt de réir a chéile. Thóg siad ar ais cuid mhaith na ndúichí a chaill siad agus, ón bhliain 1230, (seachas roinnt oileán agus úrphost) bhí impireacht na Laidineach agus na Veinéiseach teoranta go dtí iomall Chathair Chonstaintín í fhéin, faoi shúile ghéara na nGréagach. Ó thaobh na Laidineach, is dócha go raibh rialú Chathair Chonstaintín agus a ndúichí dúshlán nach raibh i gcumas na mBeilgeach ná na Veinéiseach.
In ionad fhorbairt tionscail agus infheistíochta stuama, bhí eacnamaíocht na Laidineach ag brath ar an mhéid a mbíodh siad ábalta a bhladar as an Phápa agus an oiread arbh fhéidir leotha a bhuaint as an phobal. Bhí an stát agus na daoine ag dul i mbochtanas de dheasca na bpolasaithe truaillithe, agus faoin bhliain 1261 bhí an scéal chomh dona go raibh na Laidinigh ag leagan agus ag leá na ndíonta órga de na heaglaisí.
I measc na mBiosántach, mhéadaigh mian Chathair Chonstaintín a athghabháil agus an dóchúlacht go gcuirfidís an dúshlán sin i gcrích. Bhí na Biosántaigh eolach nár tógadh Cathair Chonstaintín ariamh gan smacht na n-uiscí dá timpeall a bheith ag na gabhálaithe, agus d’eagair siad pleananna ghabháil na cathrach le cuidiú a gcomh-ghuaillithe den ríocht Geineoch, leis a bhí ceann de na cabhlaigh ba mhó den aois.
Bhí oifigigh an airm Bhiosántaigh i dteangmháil leis na Thelematorioi le roinnt blianta. Saorálaithe de mhíliste Gréagach neamhspleadhach a bhí ionntu, a d’oibríodh san eadrána ar an teorainn. Bhí siad in ainm a bheith faicsean neodrach agus, go dtí an uair seo, níor throid siad ar thaobh amháin ná an taobh eile. Gréagaigh go léir a b’iad, áfach, agus le blianta bhí siad ag baint tairbhe as a suite uathúil chun fhaisnéis staide na cathrach agus tuairisc fá ghluaisteachtaí trúpaí a chruinniú leis an eolas sin a thabhairt dá gcomhthírigh. Thug na saorálaithe Gréagacha scéala do Strataigeapólós–ginearál na hImpireachta de Nicaea–go raibh an flít Veinéiseach imithe chun Daphnúisia le sprioc an oileán sin a réiteach mar chaladh cosanta in ullmhúchán don ionnsaí Geineoch a bhí siad á fheitheamh.
Tháinig trúpaí Straiteagopólós chuig pointe áirithe de bhalla cosanta na cathrach mar a raibh roinnt saighdiúirí den Thelematorioi á bhfeitheamh ar an taobh eile den mhúr. Ag meán oídhche, cuireadh na dréimeirí agus tosíodh an iontráil fáilí isteach i gChathair Chonstaintín. Chomh ciúin cúramach agus a bhí na fir ag dul thar na ballaí ollmhóra nár braitheadh aon duine acu roimh an mhóimint a dhruideadar de rúid ar fhairtheoir de Gheata na Foinse. Leagadh amach an garda sin, agus osclaíodh an geata chun an t-arm Biosántach a ligint isteach. Ruaig Straiteagopólós na trúpaí Laidineacha a rinne iarracht an treo don phálás a bhlocáil, agus dheifrigh an t-impire Balduain chun a’ chalaidh. Cé go mb’fhéidir leis cath a dhéanamh ansin–bhí a ghardaí cosanta leis agus an flít Veinéiseach ag teacht–léirigh Balduain a chladhaireacht nuair a thóg sé an bád ba ghaire, agus d’imigh sé leis ón dainséar.
Faoin uair a d’fhill an cabhlach Veinéiseach, bhí an chathair chaillte dhóibh. Bhí na Gréagaigh ag gardáil na múrtha cosanta, agus iad i ndiaidh tinte a lasadh síos i measc tithe na cathrach. Bhí na teaghlaigh Laidineacha agus Veinéiseacha i mbun tréaniarracht an baol sin a dh’éalú le n-a gcuid seodra agus an oiread earraí a bhí siad ábalta a dh’iompar amach.
Ar an chúig lá déag de mhí Lúnasa, rinne an t-impire Mícheál filleadh glórmhar isteach Cathair Chonstaintín leis an Impireacht Bhiosántach a dh’athbhunú. Coisriceadh an Hagia Sóphia don chreideamh ortadocsach. Corónadh Mícheál agus a bhean, agus rinneadh comh-impire dá mhac, Andronacas. Dalladh Seán, agus cuireadh i bpriosún é. Mar sin a bunaíodh an ríshliocht Phalaelógós, an teaghlach ríoga a rialódh an impireacht le tréimhse ní b’fhaide ná aon teaghlach eile.
Cogaí Cathartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh Cathair Chonstaintín ar ais, ach bhí glóir chinseal na hImpireachta chaillte fós. Bhí na sean-tíortha Biosántacha i seilbh a sean-naimhde, agus cuireadh trí chéile trádáil chuig an phríomhchathair de bhrí neartú smacht na Veinéiseach sa Mhuir Aegéach. Tugadh neamhshuim don bhagairt Thurcach. Ó thaobh cúrsaí inmheánacha, chuaidh na caidrimh eadar na haicme in olcas. Bhí na huaisle ag seasamh talaimh agus ag loiceadh a ndualgas maidir le hearcaíocht mhíleata. Ins an ré úd, leantaí cogadh cathartha de chogadh cathartha eile, agus bhí gach aon de na hanachainí úd mar chéim eile i dtreo bhás na hImpireachta Biosántaí.
Nuair a corónaíodh Mícheál a hOcht, ní raibh i bhfairsingeacht na hImpireachta Biosántaí ach an cósta thiar d’Anatóil, codanna na Tráicia agus na Macadóine, roinnt oileán sa Mhuir Aegéach, chomh maith le cuid tíre comhionann le taobh thiar na Gréige den lá atá inniubh ann. Shocraigh Mícheál go bhfeabhsódh sé an méid a bhí fágtha dhó, agus thoisigh sé ar fheachtas atógála agus ath-dhaonraithe. Mhaoinigh sé forbairt mhíleata trí cánachas cruaidh agus díluacháil an airgeadra.
In ainneoin na staide éiginnte den impireacht, láinseáil Mícheál ionsaithe in iarracht críoch a ghabháil ach, den chuid is mó, theip ar. Le cosaint in aghaidh chreachta eile ar an chathair, thug sé ar an Eaglais Ortodocsach a ghéilleadh don Róimh, cé gur thuill sé fuath na ndaoine leis an straitéis sin.
Tharla cogadh cathartha eile i ndiaidh bhás Andronacais a Trí sa bhliain 1341, a mhair se bliana. Bhí mac Andronacais, Seán Palaileogós, faoi stiúradh Áine de Shaváí. Cé gur mhian le Andronacas a Trí go gceapfai Áine mar leasrí a mhic, bhí cara an impire sin, Seán Cantacúiseanas, míshásta leis an tsocrú, agus thug sé é fhéin in iomaíocht leis an bhean uasal Áine. Cha raibh rath ar a chuid iarrachtaí chun smacht na leasríochta a bhuint d’Áine, cé go bhfuair sé tacaíocht go leor i dTráicia. Coimhlint aicmeach a bhí ann, in a dtug na huaisle agus na daoine saibhre a dtacaíocht don tiarna talaimh Cantacuiseanus, nuair a bhí na gnáth-dhaoine ar son Áine.
Bhí na Biosántaigh i mbun cogaidh ar a chéile, agus bhuin an rí Stiofán Úrós a Ceathair leas as an scéal sa bhliain 1345, nuair a chloígh sé cuid mhaith na Gréige. Chuir Cantacúiseanas Cathair Chonstaintín faoi n-a smacht ins an bhliain 1347, agus cuireadh i gcrích an cogadh cathartha. D’úsáid Cantacúiseanas amhais Thurcacha le linn a’ chogaigh, agus bhí sé ag brath orthu fós le n-a údarás a choimeád. D’fheall na Turcaigh ar luath go leor, agus ins an bhliain 1354 thóg siad Gallipolí de na Biosántaigh. Lagaíodh an Impireacht Bhiosántach de dheasca na gcogaí cathartha, agus fágadh í soleonta d’ionsaithe a gcomhrasan.
B’ainnis an staid in ar fágadh an impireacht i ndiaidh a’ chomhraic. Le hoiread mór de na fir óga Gréagacha caillte sna cogaí cathartha, bhí a dtír dúchais ansin soghonta ag a naimhde, agus bhí na Turcaigh i dtús báire den áireamh. Tar éis coimhlinte inmheánaí eile, a tháinig eadar na bliana 1373-1379, agus an suaitheadh den bhliain 1390, bhí an Impireacht Bhiosántach beagnach timpeallaithe ag na Turcaigh Otamánacha.
Cinsealacht na nOtamánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn a’ chogaidh chathartha, scriosadh Dún Ghallipolí ag crith talún, rud a lig do na Turcaigh a thrasnú isteach san Eoraip an chéad lá eile. Faoin am a cuireadh críoch leis an chogadh, bhí na Seirbigh cloíte ag na hionróirí agus curtha i sclábhaíocht. Neartaíodh fós smacht na dTurcach i ndiaidh chath Chosaive.
D’iarr na himpirí Gréagacha cuidiú na n-iartharach, ach mhínigh an Pápa go soléir nach bhfaigheadh na Biosántaigh cabhair as cumhachtaí an iarthair muna ngeillfidís don Eaglais Romhánach. Cuireadh toscairí na cúirte Biosántaí don dara chomhairle de Lyon le litreacha ó pheann Mhíchil agus ceannairí Eaglais an Oirthear, in a d’aithin siad údarás a’ Phápa.
D’fhoghlaim an t-impire gurbh fhusa scríobh litir ná iompú pobail, agus thuill sé fuath ó gach uile aicme den tsochaí Bhiosántach as an bhfeall a d’imir sé ar an Eaglais Ortodocsach. Spreagadh agóidí, agus buineadh an teanga de cheannaire dhíobh, an manach Meileiteos; dalladh manach eile, agus gealladh bás d’aon duine ar a bhfaighfí paimphléad frith-impireach. Tugadh bóthar do shaighdiúirí a bhí claonta go hoscailte don taobh Ortodocsach. Bhí roinnt saighdiúirí eile nár aontaigh le cinneadh an impire a bhí a coimeád a míshástachta faoi ceilt, ach thug siad droim a láimhe don arm ansin.
Bhí an suite céanna ann i rith réimis Sheáin a Cúig. Faoi bhrú bhagairt na dTurcach, d’amharc sé don Róimh le cuidiú a fháil, agus d’ofráil an Pápa den uair sin na téarmaí céanna agus a d’ofráil an Pápa don impire Mícheál caoga bliain ní ba luaithe. D’fhógair Seán géilleadh don údarás na Róimhe ar an 17 Meán Fómhair sa bhliain 1369. Ach ba lú an cabhair mhíleata a fuair sé ná an méid a tugadh do Mhícheál caoga bliain ní ba luaithe. Le teann éadóchais, shocraigh Seán ansin nach raibh rogha fágtha dhó ach conradh a dhéanamh leis na Turcaigh Otamánacha. Drochmhargadh a bhí ann, leis na Biosántaigh faoi oibleagáid airgead agus trúpaí a sheoladh do na Turcaigh mar chíos-cháin bhliaintiúil.

Sa bhliain 1370, pléascadh sraith streachailte eadar an t-impire Seán a Cúig agus a mhac Andronacas. Bhí an t-impire i ndiaidh Andronacas a chur as a oidhreacht, agus chuir sé a dara mhac, Manuel, in a áit. Ansin, chuaidh Andronacas i gcomhar le mac a’ sultáin Otamánaigh, an prionsa Daivcí, ag a raibh fuath dá athair fhéin. Bhí an dís acu tógtha le díoghrais díoltais, agus thoisigh siad ag pleanáil treascartha in aghaidh a n-aithreacha. Nuair a fuarthas amach an bhrathadóireacht, d’ordaigh an sultán Múrad go ndallfaí a mhac Daivcí, agus thug sé ar an impire Mícheál go gcinnteodh sé an ciorrú céanna dá mhac, Andronacas. Bhí an t-ádh ag Andronacas ach súil amháin a chailleadh sular cuireadh é i gcarcair san oileán Leimneos. B’ann a bhí sé sáinnithe gus go bhfuair sé cabhair ó na Geinéivigh agus na hOtamánaigh. Bhí sé soléir do na náisiúin siúd, dhá shean-naimhde na mBiosántach, go mbeadh sé dá dtairbhe an cogadh náireach a chothú, agus chuidigh siad leis an bhfealltóir éalú ó phríosún. D’fhill Andronacas go Cathair Chonstaintín, mar a bhuin sé amach a shean uaill-mhian. Mhair sé trí bliana mar impire, agus i rith a réimis fhealltaigh, chuir sé a athair i bpriosún, agus ghéill sé Gallipolí do na Turcaigh Otamánacha.
Scaoileadh Seán a Cúig amach den phriosún ag na Veinéisigh, agus cuireadh ar ais é mar impire. San eadarlinn, d’éalaigh Andronacas i dtearmann na nGeinéiveach, agus thoisigh sé ansin cogadh eile, le haidhm an impireacht a athghabháil. I ndiaidh chúpla bliain, cealadh an cogadh, agus síníodh conradh síochána. Cé go raibh sé geallta d’Andronacas i dtéarmaí an chonartha go n-aithneofaí arís é mar oidhre na hImpireachta, rinne sé cogadh nua ar a athair sa bhliain 1385. Ba í a dhíth foighidne údar a bháis, agus cailleadh é i gcath sa bhliain céanna. Bhí tuilleadh tréatúireachta roimh an impire Seán, áfach, nuair a fógraíodh cogadh eile fós air, agus a gharmhac agus chomhainmneach, Seán mac Andronacais, an fealltóir den bhabhta seo. Thimpeallaigh Seán Óg a chuid fórsaí ar Chathair Chonstaintín, agus tar éis léigir ghairid, osclaíodh na geataí dó. Bhí an t-impire Seán a Cúig amuigh ag an am, agus cha raibh morán de bhac curtha eadar an t-éilitheoir agus an ríchathaoir, a thóg sé mar impire Seán a Seacht. Cuireadh as é cúig mhí ní ba dheireanaí, áfach, nuair a tháinig an prionsa Manuel, mac Sheán a Cúig, le flít lán de shaighdiúirí Biosántacha agus Veinéiseacha le hoiread rídirí de Rhodes. Ghlac Manuel cabhair Thurcach in a heachtra fosta agus, mar chostas a’ chuidiú sin, b’éigean dó cónaí i gcúirte a’ shultáin, mar vasailleach.
D’éiligh Beyazid fosta go gcuirfí ceantar ar leith do na trádálaithe Turcacha, agus go n-aithneofaí udarás an Chadaí, is é sin, breitheamh Moslamach, a chinnteodh aon chás a mbainfí le Moslamach ar bith i gChathair Chonstaintín. Chomh maith leis sin, bheadh údarás an impire teoranta don taobh astoigh de Chathair Chonstaintín.
Ins na blianta céanna, bhí na Turcaigh ag neartú a smachta sa réigiún. Bhí cuid mhór na mBalcán cloíte acu chean fhéin, agus cailleadh an chuid eile dhóibh tar éis chath Chosaiv, mar ar rugadar buadh ar fhórsa aontaithe de Bhosnaithe, Alba, agus Valac. Cailleadh an rí Turcach sa chath, agus d’éiligh a mhac, Beyazid, den Chailif de Chairo go gceadófaí dó Cathair Chonstaintín a ghabháil agus go dtabharfaí dó an teideal “Sultán na Róimhe”. Thaitnigh leis na Moslamaigh an nóisean iad a bheith in a ngabhalaí na hImpireachta Romhánaí agus an oidhreacht stairiúil a bhain léithe.
Seán a Seacht agus Streachailt in Aghaidh na dTurcach
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Manuel ag oibriú mar impire de facto fiú sular corónaíodh é, agus sa bhliain 1422 shocraigh sé tacíocht Bhiosántach a thabhairt d’éilitheoir don ríchathaoir Otamánach. D’ imir an sultán Murad a Dó díoltas ar na Biosántaigh nuair a chuir sé léigear ar Chathair Chonstaintín agus scrios sé an Forlamhaí de Mhorea. Íslíodh na Biosántaigh ar nós ní ba náirí fós faoi théarmaí conartha nach raibh rogha acu ach a shíniú sa bhliain 1424. Socraíodh go n-íocfadh na Biosántaigh cíos-cháin de 300,000 bhonn bliaintúil agus go ngéilfí geataí na Mara Duibhe don Impireacht Otamánach.
Thuig Manuel go soléir tabhacht a’ cháis. Uair amháin eile, d’fhill impire Biosántach go Pápa le cuidiú a iarraidh, agus dhearbhaigh Pápa eile nach dtabharfaí an cuidiú sin muna mbeadh aitheantas Biosántach tugtha dá údarás reiligiúnach. Gaireadh comhairle i bhFerrara ar an ochtú lá de mhí Eanáir, ach cuireadh siar na cainteanna nuair a bhris amach an Phlá sa chathair. Aistríodh an eadarbheartaíocht go Firenze an bhliain in a dhiaidh, agus shocraigh na ríthe ar chrosáid nua a dhéanamh. Fógraíodh, ar dheireadh, aontú na n-Eaglaisí Thiar agus Thoir, agus arís eile spreagadh suaite i measc na mBiosántach dá dheasca.
Tháinig an t-impire agus na patrarcaí ar ais i gCathair Chonstaintín lán sásta le n-a saothar, cinnte dearbhtha go raibh an Eaglais uilíoch ath-bhunaithe ar nós ar chloígh leis na traidisiúin den Eaglais Ortadocsach, agus iad siúráilte go mbeadh siad slán sábháilte ó na Turcaigh ansin faoi chosaint arm an Iarthair. Bhí dearmad faoi dhó orthu, áfach. Ní raibh siad ábalta aontú na n-Eaglaisí a dh’fhógairt sa Hagia Sóphia, chomh díoghraiseach agus a bhí na daoine in aghaidh a’ mhéid a bhí socraithe ag an chomhairle. Chomh maith leis sin, thréig na ríthe den Iarthar na pleanannaí chun cogadh a dhéanamh ar na Turcaigh.
Léiríodh an misneach chun dúshlán a thabhairt ar Mhúrad as cearn eile nuair a d’eagraigh an Rí Vladislao a Trí na hUngáire meascán fórsaí chun cogadh a dhéanamh ar na Turcaigh. Spreagadh mothúchán dóchais as na mbuanna a rug Seán Hunyadi de Thransalváin ní ba dheireanaí, ach theip air teacht i dtír ar an rath luath sin, agus cuireadh deireadh ar an bhfeachtas de dheasca easpa comh-ordaithe le n-a chomh-ghuaillí Veinéiseacha agus Ungáracha. D’imir an prionsa Seán Hunyadi a dheis deiridh agus an Albánach Skanderbeg taobh leis nuair a thug siad aghaidh d’arm Mhúraid a Dó i Gcosaiv. Throid na hairm ar feadh trí lá, agus i ndiaidh a’ chomraic fhuilltigh dhíograisigh, ba Mhúrad a thug an lá leis.
Titim Chathair Chonstaintin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pléascadh cogadh eile i ndiaidh bhás Sheáin a hOcht sa bhliain 1448. Fuair Múrad bás ar an 2 Feabhra sa bhliain 1451, agus rinneadh rí dá mhac, Meithmeit a Dó. Bhí an sultán nua go díoghraiseach dírithe ar aidhm amháin, is é sin, gabháil Chathair Chonstaintín, agus, in ainneoin a óige agus déine a mhéine, chuaidh sé i mbun na scéime sin le plean stuaime a chuir sé i gcrích le oiread mór foighidne.

Thoisigh sé an próiseas i ndóigh phoiliticiúil, in ar chinntigh an sultán leislisiú na mBiosántach trí shíniú conarthaí leis na Veinéisigh. Agus é sásta siúráilte nach rachadh aon náisiún i gcabhair ar na Biosántaigh, thug Meithmeit an t-ordú chun dún chladaigh a thogáil ar bhruach a' Bhosparais le go mb’ fhéidir le n-a arm an sruth solártha a stopáil. Faoin bhliain sin, bhí an chathair i gcaoi náireach, a sráideanna seanchaite agus tréigthe. Ar an darna lá de mhí Aibreáin sa bhliain 1453, thoisigh léigear Chathair Chonstaintín. Cé go raibh sí in ainm a bheith in a príomhchathair impireachta fós, i dháirire, bhí a ré órga caite faoin lá úd, agus b'ach 7,000 fhear aici a thógfadh arm chun an chathair a chosaint. Nuair a bhí na trúpaí truacanta ghá gcruinniú in ullmhú don chath scáthmhar, bhí ambasadóirí Chathair Chonstaintín i mbun iarrachta práinní trí chuirtí an Iarthair ag agair agus ag iompú ar na ceannairí Laidineacha go gcuirfidís saighdiúirí le n-a gcathair a shábháil.
Ar taobh amuigh de na múrtha, bhí arm ollmhór Moslamach grupáilte, 80,000 saighdiúir proifisiúnta, agus comhraiceoirí tuilleadh mar chathlán tacaíochta. Trí stuaime, trí fhoighdne agus trí stratéis chiallmhar a dtáinig na Turcaigh ar tí na buaidhe, agus cha chuirfeadh Meithmeit an buntáist i bhfiontar ag an phoinnte sin den bhfeachtas.
D’ordaigh an sultán go dtógfaí droichead ollmhór snámha le cumarsáid eadar an t-arm agus an cabhlach a dh’éascú. Tógadh túr ionsaithe fosta, chun aidhm ní ba chruinne a fháil ar mhúrtha Chathair Chonstaintín. Lá agus oídhche, dhírigh na Turcaigh gunnaí móra ar na múrtha cosanta go dtí go bhfacthas bearna ag Geata Naomh Rómanós. Agus an chathair ar tí titime, seoladh téarmaí géillte don impire Constaintín. D’ofráil Meithmeit post mar vasailleach de chaladh éigin dá ngeillfeadh sé an chathair dó. Dhiúltaigh an t-impire an tairicsint náireach, cé go raibh fhios aige go raibh an chathair chaillte. Thóg sé an Eocairist ag an Hagia Sóphia, sular fhill sé don phálás den uair dheireanach. Chruinnigh Constaintín a chuid freastálaí, agus d’iarr sé go dtabharfaidís a maithiúnas dó as aon chion a mbíodh déanta aige in a n-aghaidh. D’imigh sé leis ansin ar dhroim eich le n-a bhás a dh’fháil.
An oídhche roimh ghabháil na cathrach, bhí guthanna na mílte Moslamach aontaithe in adhradh le clos do na cosantóirí, agus an toradh de ag léiriú aontachta agus dhisclipín an namhad. Mhínigh an sultán dá arm go gcuirfeadh na foirgnimh mhóra i leith dó fhéin, ach, seachas sin, go raibh cead acu an chathair go léir a chreachadh, agus na mná uile a thógáil dóibh fhéin.
Roimh bhreachadh lae, thoisigh an ionsaí deiridh, agus thug na hOtománaigh ruathar ar gach taobh na cathrach. Bhí na múrtha clúdaithe le hionraitheoirí ar feadh a dtimpeallacht, a fhad’s a bhí a gcomrádaithe ag teacht isteach tríd an bhearna a ndearnadh an lá roimhe. Throid na cosantóirí go cróga díograiseach agus, ar dtús, bhí an chuma ann go d’fhéadfaidís an lá a bhaint amach. Thit colún i ndiaidh colúin de na Moslamaigh, ach cuireadh saighdiúirí nua in a n-áit chomh luath agus a cailleadh iad. I ndiaidh chúpla uaire, gortaíodh Iústainiánaí, marascal an airm Bhiosántaigh, tubaiste a chuir a chuid trúpaí trí chéile.

D’aithin an sultán an mí-eagar a chruthaigh cailleadh a gceannaire i measc na mBiosántach, agus thug sé an t-ordú don bhfathach Hasán d’Uluabad chun an balla a ionsaí. Shroich an fathach agus a chuid fear barr a’ túir, a bhí os cionn an bhearna a ndearna na hOtamánaigh sa mhúr cosanta. Bhí an t-impire ann, ag díriú a trúpaí, agus chaith sé de ansin a feisteas ríoga, agus chuaidh sé i mbun comhraic ucht le hucht leis na Moslamaigh. Maraíodh an fathach agus a íochtaráin a bhí sé ghá dtreorú sa chomhrac uathbhásach, ach bhí míllte a gcomrádaithe ag rúid tríd an bhealach chéanna. Throid na cosantóirí siúd go fíochmhar in aghaidh slua ollmhór d’Otománaigh, ach sléachtadh iad go léir, Constaintín fhéin san áireamh. Leis sin, cailleadh an múr do na hOtamánaigh, a bhrúigh ansin isteach sa chathair, agus iad ag saitilt thar corp an impire martraithe.
Leis na múrtha cloíte ag na Moslamaigh, theith na sibhialtaigh chuig an Hagia Sóphia. Bhí siad plódaithe astoigh sa mhór-eaglais sin nuair a bhí na hOtamánaigh a sléachtadh trí sráideanna na cathrach. Roimh fhada, bhris na hionsaitheoirí isteach san eaglais, agus rinne siad ainghníomh náire uathbhásach. Na mná agus páistí a mhair an foréigean, tógadh iad mar sclábhaí. Faoi mheán lae, bhí an chathair iomlán faoi smacht na Moslamach, agus chuaidh an sultán ag marcaíocht trí Chathair Chonstaintín. Nuair a shroich sé an Hagia Sóphia, d’ordaigh sé go bhfógrófaí as balcóin na heaglaise go mbeadh an foirgneamh naofa in a mosc as an uair sin amach. Bhí scéal bhás an impire ghá scaipeadh tríd na cathrach, ach dhiúltagh na daoine don tuairisc mar ráfla mhearbhall cogaidh. Leis an drochscéal a chruthú, thaispeáin na Moslamaigh claigeann an impire do phobal Chathair Chonstaintín, sular seoladh é ar turas na gcathracha móra den domhan Gréagach.
Bhí 100,000 Biosántach in a gcónaí sa chathair ag an uair a gabhadh í. Den phobal sin, sléachtadh 40,000 duine, eadar shaighdiúirí a cailleadh i rith a’ chomhraic agus shibhialtaigh ar dúnmharaíodh san aingníomh in a dhiaidh. Tógadh 50,000 mar sclábhaithe. Spáráladh tuairim 10,000 saothraithe lathaí den sléachtadh agus den sclábhaíocht. D’éalaigh siad na tragóidí a d’fhulaing an mhórchuid dá muinntir de bhrígh gur bhraith glaineacht agus sláinte na cathrach orthu. Cathair Mhoslamach a bheadh ann den lá sin go dtí an lá a thá inniubh ann, ar dtús mar lárionad chumhacht na hImpireachta Otománaí, agus, ní b’fhaide, mar phríomhchathair Phoblacht na Tuirce.
- ↑ Paul Stephenson (2022-12-30). "Nathanael Aschenbrenner and Jake Ransohoff, eds., The Invention of Byzantium in Early Modern Europe. Washington, D.C.: Dumbarton Oaks, 2021. xviii 457 pages. ISBN: 9780884024842". Istanbul Research Institute. doi:. ISSN 2687-5691.
- ↑ George Finlay (1854). "History of the Byzantine and Greek empires from DCCXVI to MCCCCLIII" (as English). Edinburgh ; London : W. Blackwood,.
- ↑ Paul Stephenson (2022-12-30). "Nathanael Aschenbrenner and Jake Ransohoff, eds., The Invention of Byzantium in Early Modern Europe. Washington, D.C.: Dumbarton Oaks, 2021. xviii 457 pages. ISBN: 9780884024842". Istanbul Research Institute. doi:. ISSN 2687-5691.
- ↑ Nathanael Aschenbrenner, Jake Ransohoff (2023-05-26). "Hieronymus Wolf’s Silver Tongue:". Is Byzantine Studies a Colonialist Discipline?: 39–51. Penn State University Press.
- ↑ Edward A. Foord; Pratt - University of Toronto (1911). "The Byzantine Empire". London : Black.
- ↑ Réamonn Ó Muireadhaigh (2010). "Naomh Pádraig agus Eaglais Iarthar na hEorpa". Comhar 70 (3): 10–11. ISSN 0010-2369.
- ↑ Edward A. Foord; Pratt - University of Toronto (1911). "The Byzantine Empire". London : Black.
- ↑ Meaghan Anne McEvoy (2013). "Child emperor rule in the late Roman West, AD 367-455". Oxford: Oxford University Press.
- ↑ Douglas Boin (2020). "Alaric the Goth: an Outsider's History of the Fall of Rome". Erscheinungsort nicht ermittelbar: W. W. Norton & Company, Incorporated.
- ↑ Edward A. Foord; Pratt - University of Toronto (1911). "The Byzantine Empire". London : Black.
- ↑ George Finlay (1854). "History of the Byzantine and Greek empires from DCCXVI to MCCCCLIII" (as English). Edinburgh ; London : W. Blackwood,.