Tataraigh
Cuma
| Cineál | grúpa eitneach |
|---|---|
| Daonra iomlán | 6,421,500 |
| Teanga | an Tatairis agus an Rúisis |
| Creideamh | an tIoslam Sunnaíoch agus Ceartchreidmheach an Oirthir |
| Ball de | Kipchak (en) |
Grúpa de bhunadh eitneach Tuirceach is ea na Tataraigh (Tatairis: татарлар / tatarlar, Sean-Tuircis:
). Cónaíonn siad in Oirthear na hEorpa agus i dTuaisceart na hÁise. Daonra bundúchasach iad na Tataraigh de chuid réigiún na Volga sa Rúis, An Tatarstáin agus an Bháiscortostáin. Bíonn formhór na Tataraigh ina gcónaí i gCónaidhm na Rúise, le daonra de 5.5 milliún, lena n-áirítear 2 mhilliún i bPoblacht na Tatarstáine, milliún amháin i bPoblacht na Báiscortostáine agus 2.5 milliún i réigiúin eile na Rúise.
Tar éis lánscor an Aontais Shóivéadaigh, bhí daonraí suntasacha Tatarach fágtha san Úisbéiceastáin nua neamhspleách, sa Chasacstáin agus san Úcráin.