Grúpa eitneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Grianghraf de na hAinu, grúpa eitneach ó oileán Hokkaido, An tSeapáin, tógtha sa bhliain 1904.

Is éard is grúpa eitneach nó eitneachas ann ná catagóir daoine a aithníonn a chéile, de ghnáth ar bhonn cosúlachtaí toimhdithe amhail teanga chomhchoiteann, sinsearach coiteann, stair, sochaí, cultúr, náisiún nó cóireáil shóisialta laistigh dá gceantar cónaithe. .[1][2] Is minic a úsáidtear eitneachas go comhchiallaithe leis an téarma náisiún, go háirithe i gcásanna an náisiúnachais eitnigh, agus tá sé scartha ó ach bainteach le coincheap na gciníocha.

Is stádas oidhreachta é eitneachas, de ghnáth bunaithe ar an tsochaí ina gcónaíonn an duine. Is iondúil go mbíonn ballraíocht i ngrúpa eitneach sainmhínithe ag oidhreacht chultúrtha chomhroinnte, sinsearacht, miotas bunúis, stair, tír dhúchais, teanga nó canúint, córais shiombalacha cosúil le reiligiún, miotaseolaíocht agus deasghnáth, cócaireacht, stíl chóirithe, ealaíncuma fhisiciúil. Is minic a leanann grúpaí eitneacha ar aghaidh ag labhairt teangacha gaolmhara agus ag roinnt linn ghéinte den chineál céanna. Trí bhíthin aistrithe teanga, athchultúraithe, an uchtaithe agus tiontaithe reiligiúnaigh, is féidir le daoine aonair nó le grúpaí grúpa eitneach amháin a fhágáil agus páirt a ghlacadh i gceann eile (seachas grúpaí eitneacha a chuireann béim ar aonchineálacht nó ar íonacht chiníoch mar phríomhchritéar ballraíochta).

Is éard atá sna grúpaí eitneacha is mó ar na saolta seo ná na céadta milliún duine (na Han-Sínigh an ceann is mó), cé go bhfuil na cinn lú teoranta do roinnt dosaen daoine aonair (go leor daoine dúchasacha ar fud an domhain). Is féidir grúpaí eitneacha a fhoroinnt ina bhfoghrúpaí nó ina dtreibheanna, a d'fhéadfadh a bheith ina ngrúpaí eitneacha ar leithligh de réir a chéile mar gheall ar leithlisiú iongamas nó leithscaradh fisiciúil ón mháthair grúpa. Os a choinne sin, is féidir le heitneachtaí ar leithligh teacht le chéile chun paineitneach a chruthúa (mar shampla Han-Sínigh) agus d’fhéadfadh aon eitneachas amháin a chumasc sa deireadh. Cibé acu trí rannán nó trí chónascadh, tagraítear do bhunú grúpa eitneach ar leithligh mar eitnigineas

Téarmaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an téarma eitneach díorthaithe ón bhfocal Gréigise ἔθνος ethnos (níos beaichte, ón aidiacht ἐθνικός ethnikos,[3] a tugadh ar iasacht sa Laidin mar ethnicus).

"Is toisc bhunúsach i saol an duine í an eitneacht [4] : Mar sin féin, ní mheasann go leor eolaithe sóisialta, ina measc na hantraipeolaithe Fredrik Barth agus Eric Wolf, go bhfuil an fhéiniúlacht eitneacha uilíoch. Féachann siad ar an eitneachas mar tháirge de chineálacha idirghníomhaíochtaí sonracha i measc ghrúpaí, seachas saintréith riachtanach de dhlúth agus d'inneach i ngrúpaí. [5]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "ethnicity: definition of ethnicity". Oxford Dictionaries.
  2. People, James (2010). "{{{title}}}". Wadsworth Cengage learning. “"In essence, an ethnic group is a named social category of people based on perceptions of shared social experience or one's ancestors' experiences. Members of the ethnic group see themselves as sharing cultural traditions and history that distinguish them from other groups. Ethnic group identity has a strong psychological or emotional component that divides the people of the world into opposing categories of “us” and “them.” In contrast to social stratification, which divides and unifies people along a series of horizontal axes based on socioeconomic factors, ethnic identities divide and unify people along a series of vertical axes. Thus, ethnic groups, at least theoretically, cut across socioeconomic class differences, drawing members from all strata of the population."” 
  3. ἐθνικός, Henry George Liddell, Robert Scott, A Greek-English Lexicon, on Perseus
  4. Statistics Canada
  5. Fredrik Barth ed. 1969 Ethnic Groups and Boundaries: The Social Organization of Cultural Difference; Eric Wolf 1982 Europe and the People Without History p. 381