Jump to content

Abhainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhainn ag tosú sna hAlpa

Sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige is ea abhainn.[1]

Abhainn na Danóibe

De ghnáth éiríonn abhainn mar shruthán i dtalamh ard. Gluaiseann abhainn le fána, ag creimeadh cainéil, agus fásann de réir mar a ritheann craobhaibhneacha isteach inti, ag gearradh amach gleannta móra go minic.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúrsa abhann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má bhíonn titim mhaith leis an dtalamh, ritheann an t-uisce go mear. Ach má bhíonn an talamh go cothrom réidh, bogann an t-uisce leis go mall.

Sceitheann uisce na habhann isteach san fharraige, ar loch nó ar abhainn eile (agus sa chás sin tugtar fo-abhainn nó craobh uirthi). Tugtar an béal ar an chuid dheireanach den abhainn.

Ní mór an méid a bhíonn i sruthán i gcomórtas le habhainn. Ach bailíonn sé an t-uisce a bhíonn ina limistéar féin chun na farraige nó chun abhainn eile.

Uaireanta críochnaíonn abhainn, sa deireadh, i gceantar gaineamhlach ina bhfuil na huiscí caillte trí insíothlú agus ghalú.

Bíonn cúrsa na habhann go casta, mar déanann sí a slí tríd an dtalamh is boige agus is ísle, agus má tharlaíonn aon chonstaic nó talamh cruaidh roimpi, tugann sí cor timpeall. Tógann sí an cúrsa is saoráidí i gcónaí.

Nuair a thiteann a lán báistí, tá tuile san abhainn, agus is minic a sceitheann an t-uisce amach thar bhruacha na habhann ar an dtalamh mór-dtimpeall. Ar thalamh íseal agus tuile mhór ann, is minic a dhéanann an tuile mórán díobhála do churadóireacht; agus caitheann na daoine na tithe d'fhágaint uaireanta mar is baol dóibh an t-uisce. Is minic a thagann tuilte in iomaí tíortha, agus déanann siad díobháil an-mhór. Báitear na mílte daoine gach bliain i dtuilte timpeall na cruinne.

Sruthchúrsa faoi thalamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aibhneacha ann a ghluaiseann faoin dtalamh. I dtalamh aolchloiche a tharlaíonn sin, mar is furas don uisce a shlí do ghearradh tríd an aolcloch. Bíonn cortha ar aibhneacha chun an t-uisce do bhailiú i dtreo go mbainfí feidhm as nuair bheadh gá leis.

Seo an limistéar talún óna shreabhann an t-uisce dromchla uile le sruth, trí ghréasán de shruthanna, aibhneacha agus lochanna i bhfarraige ag béal abhann, inbhir nó deilte amháin[2].

Uisce dromchlach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uiscí intíre ar dhromchla na talún (leithéidí taiscumair, lochanna, aibhneacha, uiscí trasdultacha, uiscí cósta) laistigh d’abhantrach.

Bíonn talamh maith i ngleannta na n-abhann de ghnáth, agus bíonn curadóireacht, tógaint stoic agus ba bainne ar siúl iontu. Bíonn bailte móra iontu de ghnáth.

Is suntasach mar a athraíonn aibhneacha taobh tíre, agus bhí a gcúrsaí fíorthábhachtach i bpatrúin áitrithe talmhaíochta, trádála is tráchtála. Is féidir abhainn a úsáid i gcomhair iascaireacht agus bádóireacht chomh maith.

Úsáidtear aibhneacha freisin le haghaidh breith earraí isteach i dtír éigin, nó amach aisti.

Bíonn droichead thar abhainn chun dul trasna uirthi: droichid cloch nó adhmaid srl. Anseo is ansiúd bíonn droichead coisithe do lucht coisíochta.

Fadó thrasnaigh daoine an abhainn ag áth, nó caol abhann (nó clochán fiú), áit is féidir dul trasna. Faightear an focal áth go coitianta i logainmneacha na hÉireann inniu.

Na haibhneacha is faide

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo na habhainnchórais is faide ar domhan (níos faide ná 4000km):

Na habhainnchórais is faide ar domhan
RangAbhainnFad (km)Deireadh
1An Níl6,650an Mheánmhuir
2An Amasóin6,400an tAigéan Atlantach
3An Iaing-tsí6,300Muir na Síne Thoir
4Abhainn Mississippi6,275Murascaill Mheicsiceo
5An Yenisei5,539Muir Chara
6An Huaing-hó5,464an Mhuir Bhuí
7An Óib5,410Muir Chara
8Rio de la Plata4,880an tAigéan Atlantach
9An Congó4,700an tAigéan Atlantach
10Abhainn Amur4,444Muir Ocatsc
11Abhainn Lena4,400Muir Laptaiv
12An Mekong4,350Muir na Síne Theas
13An Mackenzie4,241Muir Beaufort
14an Nígir4,200Murascaill Ghuine

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An Foclóir Beag: abhainn" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  2. Plean Bainistíochta Curtha i gcartlann 2017-10-23 ar an Wayback Machine Abhantraí nEathach Banna (2009-2015)