An Danóib
| (ro) Dunărea (hu) Duna (de) Donau (sr) Дунав (sk) Dunaj (bg) Дунав (hr) Dunav (uk) Дунай (pl) Dunaj | |||||
| Cineál | Abhainn agus abhainn trasteorann | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Foinse | |||||
| Mór-roinn | an Eoraip | ||||
| Tír abhantraí | an Ghearmáin, an Ostair, an tSlóvaic, an Ungáir, an Chróit, an tSeirbia, an Rómáin, an Bhulgáir, an Mholdóiv, an Úcráin, an Eilvéis, an Iodáil, an tSlóivéin, an tSeicia, an Pholainn, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, Montainéagró, an Chosaiv, an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh | ||||
| Limistéar riaracháin | Baden-Württemberg, An Ghearmáin | ||||
| Suíomh | Brigach | ||||
| Deireadh | |||||
| Suíomh | an Mhuir Dhubh | ||||
| |||||
| Codanna | |||||
| Craobh-abhainn | 314 | ||||
| Abhantrach draenála | Abhantrach na Danóibe | ||||
| Tréithe | |||||
| Toisí | 2,850 ( | ||||
| Abhantrach | 801,463 km² | ||||
| Bearta agus táscairí | |||||
| Sreabhadh | 5,433 m³/s | ||||
Is abhainn Eorpach í an Danóib. Is í an Danóib an dara habhainn is faide san Eoraip. Tosaíonn sí san Fhoraois Dhubh sa Ghearmáin, áit a dtagann dhá abhainn eile le chéile, an Bhrigach agus an Bhreg. Tagann deireadh léi sa Mhuir Dhubh.
Ainmneacha agus sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Laidin, ar shlite éagsúla, tugadh Danubius, Danuvius nó Ister ar an Danóib.[1] Tá an t-ainm Laidine firinscneach, mar atá a hainmneacha Slavacha go léir, ach amháin an tSlóivéinis (tá ainm na Réine firinscneach sa Laidin, an chuid is mó de na teangacha Slavacha, chomh maith leis an nGearmáinis). Tá an t-ainm Gearmánach Donau baininscneach, toisc gur ath-léirmhíníodh go bhfuil an iarmhír -ouwe "bogach" ann.
Úsáideann na nuatheangacha a labhraítear in imchuach na Danóibe ainmneacha a bhaineann le Dānuvius: Gearmáinis: Donau ; Bavárais: Doana; Siléisis: Důnaj; Sorbais Uachtarach: Dunaj; Seicis: Dunaj; Slóvaicis: Dunaj ; Polainnis: Dunaj ; Ungáiris: Duna ; Slóivéinis: Donava ; Seirbea-Chróitis:Dunav (Дунав) ;Rómáinis: Dunărea; Bulgáiris: Дунав (Dunav); Rúisis: Дунай (Dunaj); Úcráinis: Дунай (Dunaj); Gréigis: Δούναβης; Iodáilis: Danubio.
Tá ceathair príomhchathracha na Eorpach - Vín, an Bhratasláiv, Búdaipeist agus Béalgrád - suite ar an Danóib.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ancient Languages of the Balkans, Part One" (1976). Paris: Mouton.
