An tSlóivéin
| Slovenija (sl) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Zdravljica | ||||
| Mana | «I feel SLOVEnia» | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Liúibleána | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 2,066,880 (2018) | ||||
| • Dlús | 101.96 hab./km² | ||||
| Déamainm | Slóivéanach | ||||
| Teanga oifigiúil | an tSlóivéinis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | an Eoraip Láir an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch stáit Iar-Iúgslavacha | ||||
| Achar dromchla | 20,271 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Aidriad agus an Mheánmhuir | ||||
| Pointe is airde | Triglav (en) | ||||
| Pointe is ísle | Muir Aidriad (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive agus Socialist Republic of Slovenia (en) | ||||
| Cruthú | c. 700: (Carantania (en) 25 Meitheamh 1991: () | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | democratic republic (en) | ||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Slóivéine | ||||
| Comhlacht reachtach | Slovenian Parliament (en) | ||||
| • Uachtarán na Slóivéine | Milan Kučan (1992–2002) | ||||
| • Príomh-Aire na Slóivéine | Robert Golob (2022–) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóivéine | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| OTI ainmniúil | 62,117,768,015 $ (2022) | ||||
| Airgeadra | Euro | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .si | ||||
| Glaochód | +386 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 113 | ||||
| Cód tíre | SI | ||||
| Cód NUTS | SI | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | gov.si | ||||
Tír bheag i lár na hEorpa, in oirthear na nAlp is ea an tSlóivéin (Slóivéinis: Slovenija), go hoifigiúil Poblacht na Slóivéine (Slóivéinis: Republika Slovenija), le teorannacha leis an Ostair, an Iodáil, an Ungáir agus an Chróit.
Gach seans go bhfuil an tSlóivéin ar an gceann is forbartha agus is iartharaí de na tíortha a bhíodh ar an taobh thoir den chuirtín iarainn tráth (an Eastóin as an áireamh, b’fhéidir).[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Achar iomlán 20,273 ciliméadar cearnach. Cósta: 46.6 km.
- Aeráid mheánmhuirí ar an gcósta, aeráid Alpach sa réigiún sléibhtiúil in aice na hIodáile agus na hOstaire.
- Daonra (2005): 2,011,070, ag titim go mall.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí tailte na Slóivéine mar chuid den Impireacht Naofa Rómhánach agus d'Impireacht na hOstaire go dtí 1918. Ag an am sin, chuaigh na Slóivéanaigh i bpáirt leis na Seirbiaigh agus na Cróátaigh chun stát nua ilnáisiúnta, an Iúgslaiv a bhunú.
D'fhan an tSlóivéin ina cuid den Iúgslaiv tar éis an Dara Cogadh Domhanda, faoi rialtas Cumannach
I 1991 d'éirigh leis an tSlóivéin a neamhspleáchas a bhaint amach tar éis chogadh deich lá; bhí an tSlóivéin ar an gcéad cheann de bhallstáit na hIúgslaive a d’fhógair neamhspleáchas ón tír sin in 1991.

Ar an 28 Meitheamh 1991, rinne trúpaí na hIúgslaive ionradh ar an tSlóivéin 48 uair an chloig tar éis a neamhspleáchas a fhógairt.
Mar gheall ar na naisc stairiúla le tíortha ar nós na hIodáile agus na hOstaire, ní raibh sé deacair don tSlóivéin dul i bpáirt arís leo.
Glacadh an tSlóivéin isteach san Aontas Eorpach agus in ECAT sa bhliain 2004.

Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáladh olltoghchán sa tSlóivéin i mí an Mhárta 2026. D’éirigh le hiarrthóir na heite clé, Robert Golob, a bhí ina chéad-aire ó bhí 2022 ann, an ceann is fearr a fháil, ach ar éigean, ar an bpobalóir Janez Janša, a raibh trí thréimhsa cheana aige i gceannas ar an tír, ó bhain an tSlóivéin neamhspleáchas amach i 1991. Ní raibh ach suíochán amháin idir páirtithe na beirte, agus ní raibh tromlach ag aon pháirtí sa pharlaimint.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Alex Hijmans (1 Aibreán 2026). "TUAIRISC ÓN EORAIP: Fuath is scéin i mBúdaipeist, ‘Gimme Hope Jo’Anna’ i Ljubljana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-02.
