An Iúgslaiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaAn Iúgslaiv
Bratach na hIúgslaive Coat of arms of Serbia and Montenegro.svg
Bratach na hIúgslaive Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiún Hey, Slavs (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Yugoslavia location map.svg
 44°49′14″N 20°27′44″E / 44.820555555556°N 20.462222222222°E / 44.820555555556; 20.462222222222

Príomhchathair Béalgrád Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán 23,271,000 (1991) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An tSeirbea-Chróitis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 255,804 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Muir Aidriad Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Triglav (en) Aistrigh (2,864 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú Nollaig 1, 1918
Díscaoileadh Aibreán 27, 1992
Á leanúint ag Poblacht Chónaidhme na hIúgslaive Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtais monarcacht agus poblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Yugoslav dinar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .yu (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód +38 Cuir in eagar ar Wikidata

Tugadh an Iúgslaiv ar thrí aonad éagsúla polaitiúla sa bhfichiú haois. Tír na Slavach ó Dheas is ciall leis an ainm i dteangacha Slavacha na mBalcán.

Alexander I

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

1918-1941[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Ríocht na hIúgslaive an chéad tír ar tugadh an t-ainm uirthi, agus d'eascair sí as Ríocht na Seirbiach, na gCróiteach agus na Slóivéineach a bunaíodh ar an i Nollaig 1918, nuair a cruthaíodh aontas idir stáit na Slóivéineach, na gCróiteach agus na Seirbiach agus ríocht na Seirbe.

Athraíodh ainm na tíre go Ríocht na hIúgslaive ar an 3 Deireadh Fómhair 1929. Ba é Rí Alexander I, ceannaire na ríochta.

Tito, 1942

Tito 1942[cuir in eagar | athraigh foinse]

1941-1991[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an Iodáil agus an Ghearmáin ionradh ar an tír sa bhliain 1941 . Mar gheall ar na heachtraí a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda cuireadh an ríocht ar ceal sa bhliain 1945.

D'fhógair treallchogaithe cumannach (na Páirtínigh) An Iúgslaiv Dhaonlathach Fheidearálach sa bhliain 1943.

D'athraíodh an t-ainm go Daonphoblacht Fheidearálach na hIúgslaive sa bhliain 1946 agus rialtas comhchumannach i gceannas.

Athraíodh an t-ainm arís sa bhliain 1963, go Poblacht Shóisialach Fheidearálach na hIúgslaive.

Slobodan Milosovic, Cúisíodh é as coireanna cogaidh a dhéanamh

Bhí an tír comhdhéanta de shé phoblacht shóisialach: an tSlóivéin, An Chróit, An Bhoisnia-Heirseagaivéin, Montainéagró, An tSeirbia agus An Mhacadóin.

Dúradh le Colm Doyle sa leabhar Witness to War Crimes gur eascair an nimh sa bhfeoil idir na náisiúin éagsúla as eachtraí an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh faoi ndeara do na dreamanna éagsúla a tháinig le chéile san Iúgslaiv faoi cheannas an Ghinearáil Tito tarraingt le chéile.[1] Ní hé sin le rá go ndearna siad dearmad ar naimhdeas na staire agus rinneadh seanchairteacha a thochailt tar éis titim an Aontais Shóivéadaigh agus imeachtaí 1991/1992.

1991-2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit an Iúgslaiv as a chéile sna cogaí a lean bás Tito.

Bunaíodh Poblacht Fheidearálach na hIúgslaive i mí Mhárta 1992 agus í comhdhéanta den dá thír nár fhág an Chónaidhm, an tSeirbia agus Montainéagró,

Ba é Slobodan Milošević Uachtarán na Seirbia idir 1989 agus 1997 agus Uachtarán Iúgslavach idir 1997 agus 2000.

Ar an 1 Aibreán 2001 gabhadh Milošević sa Bhéalgrád. Cúisíodh é as coireanna cogaidh a dhéanamh.

Cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an Iúgsláiv nuair a d'fhógair an dá thír sin a neamhspleáchas i mí Mheithimh, 2006.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]