An Fhionlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suomen Tasavalta
Republiken Finland
Poblacht na Fionlainne
Bratach na Fionlainne Armas na Fionlainne
Bratach Armas
Mana: (Níl aon cheann ann)
Amhrán náisiúnta: Maamme
Suíomh na Fionlainne
Príomhchathair Heilsincí
60°10′ Thuaidh 24°56′ Thoir
An chathair is mó Heilsincí
Teangacha oifigiúla Fionlainnis
Sualainnis
Sáimis (aitheanta)
Rialtas Poblacht
Sauli Niinistö
Juha Sipilä
Neamhspleáchas
Ón Rúis
 
1917
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
338,145 km² (65ú)
9.4%
Daonra
 • Meas. ó 2015
 • Daonáireamh 2014
 • Dlús
 
5,486,125 (112ú)
5,471,753
16/km² (161ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$163 billiún (52ú)
$34,819 (12ú)
Airgeadra Euro ()1 (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
EET (UTC+2)
EEST (UTC+3)
Fearann Idirlín .fi, .ax
Glaochód +358
(1) Roimh 1999: an markka

Is tír Nordach í an Fhionlainn (Fionlainnis: Suomi, Sualainnis: Finland) nó Poblacht na Fionlainne, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil. Tá sí suite i dtuaisceart na hEorpa, idir an tSualainn agus Murascaill Bhotnia ar an taobh thiar, agus an Rúis ar an taobh thoir. Ar an taobh ó thuaidh di tá tuaisceart na hIorua, agus ó dheas tá Murascaill na Fionlainne.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Príomhalt: Stair na Fionlainne

Ré na Sualainne[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an tír faoi smacht na Sualainne ar feadh beagnach 700 bliain ón mbliain 1154 i leith. Thosaigh sé seo nuair a thug Rí Eric na Sualainne an Chríostaíocht isteach sa tír. Chuaigh an tSualannais ar aghaidh mar theanga cheannais de réir a chéile, ach tháinig Fionlannais i réim arís sa 19ú hAois, le borradh an náisiúnachais Fhionlannaigh a tháinig ar aghaidh nuair a scríobhadh síos eipic náisiúnta na tíre, an Kalevala.

Bhí cogadh idir an tSualainn agus an Rúis faoin Sár Alastair I, a d'fhág an tír i lámha na Rúise ó 1809 ar aghaidh, agus ceapadh ina hArd-Diúiceacht fhéinrialaithe í i 1812.

Ré Impireacht na Ruise[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba faoin Impireacht na Rúise a d’fhan an tír go dtí Réabhlóid na Rúise, nuair a d’fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas ar an Nollaig 6ú 1917.

Cogadh cathartha agus neamhspleáchas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Lean cogadh cathartha gearr fuilteach é sin i 1918, rud a d'fhág a rian ar an bpolaitíocht áitiúil ar feadh na mblianta. I rith an Dara Chogaidh Dhomhanda, throid an Fhionlainn i gcoinne an Aontais Sóibhéidigh dhá uair: i rith Chogaidh an Gheimhridh (1939-1940) agus ansin ó 1941 go 1944 sa Chogadh a Lean. Lean an Cogadh Lappach é seo (1944-1945), nuair a throid an Fhionlainn i gcoinne Ghearmáin na Naitsithe.

I gconartha a síníodh i 1947 agus i 1948 leis an Aontas Sóibhéideach, bhí dualgais agus srianta ar an bhFionlainn maidir leis an A.P.S.S., agus b'éigean don Fhionlainn talamh a thabhairt suas don Rúis. (Féach: An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú.)

Mar gheall ar bhriseadh suas an Aontais Sóibhéidigh i 1991, bhí an Fhionlainn in ann a rogha féin a dhéanamh, agus chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach i 1995.

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá na mílte loch sa tír, agus Loch Saimaa ar na cinn is mó agus is clúití acu. Amach ón gcósta, tá na mílte oileán. Is iad oileáin Åland, nó Ahvenanmaa, idir an Fhionlainn agus an tSualann, an t-oileánra is mó, agus tá cearta áirithe féinrialaithe acu.

Réigiúin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Roinntear an Fhionlainn ina naoi réigiún déag (Fionnlainnis: maakunta, Sualainnis: landskap).

Gaeilge Fionnlainnis Sualainnis Príomhchathair Gníomhaireacht riaracháin
Laplainn na Fionlainne Lappi Lappland Rovaniemi Bardais na Laplainne
An Ostrabóitne Thuaidh Pohjois-Pohjanmaa Norra Österbotten Oulu Tuaisceart na Fionlainne
Kainuu Kainuu Kajanaland Kajaani Tuaisceart na Fionlainne
An Chairéil Thuaidh Pohjois-Karjala Norra Karelen Joensuu Oirthear na Fionlainne
An tSabhóin Thuaidh Pohjois-Savo Norra Savolax Kuopio Oirthear na Fionlainne
An tSabhóin Theas Etelä-Savo Södra Savolax Mikkeli Oirthear na Fionlainne
An Ostrabóitne Theas Etelä-Pohjanmaa Södra Österbotten Seinäjoki Iarthar agus Lár na Fionlainne
Lár na hOstrabóitne Keski-Pohjanmaa Mellersta Österbotten Kokkola Iarthar agus Lár na Fionlainne
An Ostrabóitne Pohjanmaa Österbotten Vaasa Iarthar agus Lár na Fionlainne
Pirkanmaa Pirkanmaa Birkaland Tampere Iarthar agus Lár na Fionlainne
Lár na Fionlainne Keski-Suomi Mellersta Finland Jyväskylä Iarthar agus Lár na Fionlainne
Satakunta Satakunta Satakunta Pori Iardheisceart na Fionlainne
Iardheisceart na Fionlainne Varsinais-Suomi Egentliga Finland Túrcú Iardheisceart na Fionlainne
An Chairéil Theas Etelä-Karjala Södra Karelen Lappeenranta Deisceart na Fionlainne
Päijät-Häme Päijät-Häme Päijänne-Tavastland Lahti Deisceart na Fionlainne
Bun na Tabhastlainne Kanta-Häme Egentliga Tavastland Hämeenlinna Deisceart na Fionlainne
An Nualainn Uusimaa Nyland Heilsincí Deisceart na Fionlainne
Gleann Kymi Kymenlaakso Kymmenedalen Kouvola Deisceart na Fionlainne
Oileáin Åland Ahvenanmaa Åland Mariehamn Åland

Aonaid riaracháin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is iad na bardais (Fionlainnis: kunta; Sualainnis: kommun) bun-aonaid riaracháin na tíre. Tugann roinnt mhaith dóibh bailte no cathracha orthu féin chomh maith. Sa bhliain 2015, bhí 317 bardas ann.

Cathair Léarscáil réigiúnach Daonra
Heilsincí
Bardais (imlínte tanaí) agus réigiúin (imlínte tiubh)
Population map of Finland.svg
Espoo
Tampere
Vantaa
Oulu
Túrcú
Jyväskylä
Kuopio
Lahti
Kouvola
Pori
Joensuu
Lappeenranta
Hämeenlinna
Vaasa

Déimeagrafaic[athraigh | athraigh vicithéacs]

Daonra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá 5.471 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair Heilsincí agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í Túrcú in iardheisceart na tíre an dara cathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre í go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a aistríodh an phríomhchathair go Heilsincí.

Meastar go bhfuil aon sauna amháin ann de réir gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas oideachais na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá ríomhairí pearsanta ag 64% de na teaghlaigh, agus ceangal Idirlín ag 51%. Tá gutháin phócaí ag 95% de na teaghlaigh.

Teangacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bardais san Fhionlainn:

██  Fionlainnis amháin

██ Dátheangach le Fionlainnis sa tromlach agus Sualannis sa mionlach

██ Dátheangach le Sualannis sa tromlach agus Fhionlainnis sa mionlach

██  Sualainnis amháin

██ Dátheangach le Fhionlainnis sa tromlach agus Saimis mar teanga mionlach

Labhraíonn 93% den daonra Fionlannais, teanga nach mbaineann leis an ngrúpa Ind-Eorpach. Ceann de na teangacha Finne-Úgracha í. Tá Sualainnis ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní mheastar gur de náisiún eile Sualannaigh na Fionlainne, mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinn-Úgrach dá gcuid féin, mar atá Sáimis. Labhraítear Cairéilis in áiteanna éagsúla chomh maith.

Creideamh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Baill den Eaglais Liútaránach is ea 85.1% den daonra de réir uimhreacha na bliana 2000. Baineann thart faoi 1% le hEaglais Cheartchreidmheach na Fionlainne. Baineann fíorbheagán le heaglaisí éagsúla Protastúnacha eile agus leis an gCaitliceachas, agus níl aon cheangal eaglasta ag 9%.

Baineann an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne leis an Eaglais Liútaránach. Cuid mhór acu, ní thaobhaíonn siad aon teach pobail ach amháin le féilte móra na bliana a cheiliúradh. Na daoine atá gníomhach san Eaglais, bíonn baint ag a bhformhór le ceann de na gluaiseachtaí athbheochana taobh istigh den Eaglais. Bíonn difríochtaí nach beag idir na gluaiseachtaí seo, agus is ábhar iontais do go leor Fionlannaigh go bhféadfaidís treabhadh le chéile in aon eaglais amháin. Is iad lucht an Chráifeachais, nó Lucht na hAthmhúscailte, an ghluaiseacht is cóngaraí do phríomhshruth na hEaglaise, agus is ar éigean ar féidir iad a aithint mar "lucht creidimh" thar an ngnáth-Fhionlannach nach bhfuil suim aige i gcúrsaí creidimh. Níl siad róchosúil le lucht leanúna Laestadius, ar ghrúpa an-dian iad i gcleachtadh an chreidimh. Gluaiseacht iad lucht leanúna Laestadius atá bunaithe i dtuaisceart na tíre, chomh maith le ceantair thuaisceartacha na Sualainne agus na hIorua. Ainmníodh an ghluaiseacht as Lars Levi Laestadius, eolaí agus ministéir, a chuir go tréan in aghaidh an ólacháin sna ceantair thuaisceartacha agus i measc na Laplannach. Inniu féin, déanann na Laestaidiaigh a ndícheall le hólachán, comhriachtain roimh phósadh agus frithghiniúint a sheachaint. Mar sin, bíonn teaghlaigh móra acu.

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Litríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is féidir a rá go bhfuil an Fhionlainnis ann mar theanga scríofa ó chuir Mikael Agricola peann ar phár ar aistrúchán ar an Tiomna Nua sa Reifirméisean Protastúnach. Ní raibh mórán ann ar fíu a luaigh go dtí gur gcuireadh síol le gluaiseacht náisiúnta rómánsaíochta sa 19ú haois. Spreagadh an file Elias Lönnrot chun filíocht tíre Fionlannach agus Cairéalach a bhailiú le chéile, a eagrú agus a fhoilsiú i bhfoirm Kalevala, eipic náisiúnta na tíre. Níorbh fhada go raibh borradh filíochta agus úrscéalaíochta faoi lán seoil - Aleksis Kivi agus Eino Leino sa bFhionlainnis agus Johan Ludvig Runeberg agus Zachris Topelius sa tSualainnis.

Ar na scríbhneoirí comhaimseartha is mó tóir ná Arto Paasilinna, Ilkka Remes, Kari Hotakainen, Sofi Oksanen agus Jari Tervo.

Ceol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an-cháil ar cheol clasaiceach na Fionlainne, agus clú idirnáisiúnta ar chumadóirí mar Jean Sibelius agus Kaija Saariaho, amhránaithe mar Matti Salminen agus Karita Mattila, agus stiúrthóirí ceoil mar Esa-Pekka Salonen. Tá caisleán Savonlinna suite ar bhruach Loch Saimaa, áit a mbíonn Féile Opera Savonlinna gach bliain.

Cuirtear suim mhór sa phopcheol chomh maith, seánra tradisiúnta a thugtar Iskelmä air ach go h-áirithe. Tá gean ar leith ag na Fionlainnaigh ar rac-cheol, rac crua, agus miotal trom fiú. Tá slua mór de rac-bhannaí a bhain cáil amach sa tír agus ar fud na cruinne - Hanoi Rocks, HIM, Apocalyptica, Lordi, Korpiklaani, Sentenced, Sonata Arctica, Stratovarius, Turisas, Finntroll agus araile.

Ailtireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cáil ar ailtirí na Fionlainne, freisin, mar shampla Eliel Saarinen, a mhac Eero Saarinen, agus Alvar Aalto.

Spórt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Paavo Nurmi ag cur tús le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1952

Is é pesäpallo cluiche náisiúnta na Fionlainne. Cluiche liathróide atá ann, agus é an-chosúil le daorchluiche. Ar na gcluichí is mó ó thaobh lucht féachana de ná haca oighir, lúthchleasaíocht, sciáil trastíre, léimneach sciála agus Foirmle a hAon. Ni nach ionadh go bhfuil an-tóir ar spóirt gheimhridh go ginearálta.

Tá an-chuid bainte amach ag lúthchleasaithe na tíre - na reathaithe Hannes Kolehmainen, Paavo Nurmi, Ville Ritola agus Lasse Virén; na léimneoirí sciála Matti Nykänen agus Janne Ahonen; na sciálaithe trastíre Veikko Hakulinen, Eero Mäntyranta, Marja-Liisa Kirvesniemi agus Mika Myllylä; an rámhaí Pertti Karppinen; an gleacaí Heikki Savolainen; na himreoirí haca oighir Kimmo Timonen, Jari Kurri, Teemu Selänne agus Saku Koivu agus na sciálaithe Alpacha Kalle Palander agus Tanja Poutiainen. Chomh maith le sin, tá coirn idirnáisiúnta bainte amach sa scátáil fhíorach.

Bhí an Fhionlainn ina tír aíochta le haghaidh trí ollchomórtas idirnáisiúnta - mar atá Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1962 agus Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain sna blianta 1983 agus 2005.

Tá iomrá ar an Fhionlainn mar thír as a thagann tiománaithe den chéad scoth - Keke Rosberg, Mika Häkkinen, Kimi Räikkönen, JJ Lehto agus Mika Salo i bhFoirmle a hAon agus na tiománaí railí Marcus Grönholm, Mikko Hirvonen, Sebastian Lindholm, Juha Salo, Juha Kankkunen agus Tommi Mäkinen.

sacar ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana chomh maith. Tá sacar imeartha ag peileadóirí na tíre ag leibhéal is airde na hEorpa - Jari Litmanen, Sami Hyypiä, Mikael Forssell, Jussi Jääskeläinen, Antti Niemi, Mixu Paatelainen agus Aki Riihilahti san áireamh. Is í Veikkausliiga (Sualainnis: Tipsligan) an tsraith pheile is airde sa tír.

Cluiche eile atá ag dul i dtreis de réir a chéile ná cispheil. Ghlac foireann idirnáisiúnta na tíre páirt i gCorn Domhanda sa Spáinn sa bhliain 2014.

Geilleagar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Gnó[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is olltáirgeadh náisiúnta na Fionlainne €26,860 in aghaidh an duine, agus é níos airde ná olltáirgeadh na Gearmáine, na Sualainne agus na Ríocht Aontaithe. Sa bhliain 2003, b'olltáirgeadh intíre na Fionlainne €143 billiún ina iomláine, agus d'fhás sé 2.04 % ón mbliain dheireanach roimhe sin.

Tá gnólachtaí móra ríomhaireachta san Fhionlainn, ina measc Nokia. Bhí an sceanra ina tháirge tábhachtach freisin, ach inniu, tá gnólachtaí tábhachtacha sceanra na tíre, ar nós Fiskars i dTampere agus Marttiini, tar éis cuid mhór den obair a aistriú thar lear ar lorg costais níos lú.

Iompar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá bonneagar bóthair d'ardchaighdeán fud fad na Fionlainne agus caitear timpeall aon bhilliún in aghaidh na bliana ar fhorbairt agus cothabháil.

Is é Aerfort Heilsincí príomh-aerfort na tíre, agus 16 milliún duine ag freastal air sa bhliain 2014. Is é Aerfort Oulu an dara ceann is mó, le thart ar scór eile dáilte ar fud na tíre.

Soláthraíonn an comhlacht stáit Grúpa VR (Fionlannis: VR-Yhtymä Oy, Sualainnis: VR-Group Ab) seirbhís iarnróid sa tír.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc