Impireacht na Rúise
Impireacht na Rúise | |||||
---|---|---|---|---|---|
Российская империя (ru) | |||||
|
|||||
tuathánach | |||||
Aintiún | Go Soirbhí Dia don tSár (1833-1917) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Cathair Pheadair | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 181,537,800 (1916) | ||||
• Dlús | 7.66 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Rúisis an Pholainnis an Fhionlainnis an tSualainnis | ||||
Reiligiún | Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise, Ceartchreidmheach an Oirthir agus Ceartchreidmheachas | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 23,700,000 km² | ||||
Ar theorainn le | Impireacht na Breataine Impireacht na Seapáine Stáit Aontaithe Mheiriceá (1784–) Comhlathas na Polainne - na Liotuáine (–1795) an Ostair-Ungáir (1867–) Impireacht na hOstaire (–1867) Impireacht na Gearmáine (1871–) ríshliocht Qing (–1912) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Talysh Khanate (en) , Prionsacht na hAbcáise, Shahrisabz beylik (en) agus Tsardom of Russia (en) | ||||
Bunaitheoir(í) | Peadar Mór | ||||
Cruthú | 22 Deireadh Fómhair 1721 (Iúlach) | ||||
Díscaoileadh | 1 Meán Fómhair 1917 (Iúlach) | ||||
Á leanúint ag | Poblacht na Rúise | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | dual monarchy (en) , monarcacht absalóideach agus monarcacht bhunreachtúil | ||||
• Impire na Rúise Uile | Peadar Mór (1721 (Iúlach)–1725 (Iúlach)) | ||||
• List of heads of government of Russia (en) | Nikolay Rumyantsev (1810–1812) Ivan Shcheglovitov (1917–1917) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | rúbal óir | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é.
B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná Impireacht na Rúise (Rúisis: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain 1721 go dtí an bhliain 1917. Ba í Cathair Pheadair príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na naoú haoise déag. De réir dhaonáireamh na bliana 1897, bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla an Fhionlainn, an Eastóin, an Liotuáin, an Laitvia, an Bhealarúis, an Úcráin, an Pholainn, an Mholdóiv, agus na tíortha Moslamacha i lár na hÁise ar a dtugadh na Rúisigh an Turcastáin.
Monarcacht oidhreachtúil ab ea an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le ríshliocht Romanov. B'í Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir an reiligiún oifigiúil, agus b'í an Rúisis an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "Go Soirbhí Dia don tSár!" (Rúisis: Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!) an t-amhrán náisiúnta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
- Féach freisin Stair na Rúise roimh Pheadar Mór.
Peadar Mór
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glactar leis gurbh é Peadar Mór, nó Pyotr Alexeyevich Romanov, a rugadh sa bhliain 1672, a d'iompaigh an Rúis ina hImpireacht. Chaith sé tamall maith dá óige i gCeantar na nGearmánach nó Nemetskaya Sloboda, áit a raibh cónaí ar na coimhthígh i Moscó. Go bunúsach, bhí sé ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí ansin, nó bhí cúrsaí na comharbachta ina bpraiseach san am, agus lucht leanúna na bhfaicsean éagsúil sa chúirt ag marú na gcomharbaí a fuair tacaíocht na bhfaicsean eile. I measc daoine ó thíortha an Iarthair, chuir Peadar óg spéis i léann na dtíortha sin, agus nuair a bhí sé ina fhear óg, chuaigh sé ag staidéar innealtóireachta agus loingseoireachta san Ollainn, i Sasana agus in áiteanna eile. D'earcaigh sé cuid mhór saineolaithe freisin le léann na dtíortha sin a scaipeadh sa Rúis.
Nuair a d'fhill sé ar an Rúis, fuair sé a chuid saighdiúirí - na "lámhachóirí" nó streltsy - i mbun ceannairce, agus chuir sé an t-éirí amach faoi chois go cruálach. Spreag an cheannairc é, áfach, chun cuma nua a chur ar na fórsaí armtha freisin agus reisimintí nua-aoiseacha a bhunú in áit na streltsy sean-Rúiseacha.
Cosúil lena lán Sár Rúiseach, chuir Peadar cogadh ar an Tuirc, agus d'fhorghabh sé tailte nua don Rúis theas. I dtús na hochtú haoise déag, chuir sé ladar i gCogadh Mór an Tuaiscirt idir an tSualainn, an Danmhairg, agus an Pholainn. Mhair an cogadh seo go dtí an bhliain 1720, agus níor shaothraigh Peadar mórán air, amach ó thailte Oirthearacha na Fionlainne a bhí ag teastáil uaidh le haghaidh sábháilteachta dá phríomhchathair úrbhunaithe, Cathair Pheadair.
Ba le linn an chogaidh seo a bhunaigh sé an chathair, agus chuir sé d'fhiacha ar mhuintir na tuaithe timpeall ar an láithreán tógála an áit a ghlanadh agus na foirgnimh a thógáil. Bhí sé díreach cosúil leis an dóigh a mbíodh Stailín ag maslú na gcimí go héag le hobair, ach is gá a admháil gur éirigh le Peadar rud fónta a chur i gcrích ar an mbealach seo.
I ndiaidh Chogadh Mór an Tuaiscirt, gaireadh Impire na hUile Rúise de Pheadar. Cé go raibh ríthe na Moscóive ag tabhairt "Sár" (tsar) orthu féin le fada, teideal a bhí bunaithe ar ainm Iúil Caesar, níor tháinig an focal "Impire" (imperator) in úsáid sa Rúis roimh Pheadar.
I gcúrsaí riaracháin na tíre, chuir Peadar deireadh leis na prikazy, is é sin, na húdaráis láir a bhí bunaithe ag na Sáir roimh a lá féin le freastal ar chúrsaí éagsúla, agus chuir sé ranna rialtais den chineál Iartharach ina n-áit. Cheap sé tábla céimíochtaí do na maorlathaithe a bhí iontach cosúil le céimeanna na n-oifigeach airm, agus nuair a bhainfeadh an maorlathaí amach ceann de na céimeanna ab airde, bhronnfaí uaisleacht oidhreachtúil air. Cuid ab ea é seo d'iarrachtaí Pheadair cumhacht shean-uasalaicme na dtiarnaí talún a chloí agus uasalaicme nua na maorlathaithe a chur ina háit.
Rinne sé a dhícheall freisin leis an tionsclaíocht a fhorbairt, agus é ag bunú monarchana le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgeadh le haghaidh easpórtála. San am céanna, d'fhéach sé le hearraí iasachta a choinneáil amuigh ón margadh intíre le dleachtanna arda custaim. Is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugtar marsantachas, polasaí is mó a shamhlaítear leis an tseachtú haois déag in Iarthar na hEorpa.
I gcúrsaí oideachais, bhí Peadar ag iarraidh léann agus innealtóireacht an Iarthair a chur in áit léann eaglasta na Críostaíochta Oirthearaí. Bhunaigh sé scoileanna le loingseoireacht, fisic, ceimic agus eolaíochtaí matamaiticiúla eile a theagasc. Mar sin, cuireadh tús le léarscáiliú na Rúise, go háirithe le taobhshúil ar acmhainní nádúrtha na tíre. D'fhéach Peadar freisin faisean na gcultacha agus na n-éadaí a thabhairt chun Iartharachais, agus chuir sé cosc, fiú, leis na féasóga fada a bhí traidisiúnta sa tír.
Níor fhág Peadar comharba ceart ina dhiaidh nuair a fuair sé bás sa bhliain 1725, i ndiaidh a shaol a chaitheamh ag ól, ag déanamh pléaráca agus ag bualadh craicinn. Ní raibh sé ábalta a mhac Alexey a thabhairt suas mar ba chóir, agus mar sin, ní raibh aon mhaith sa mhac mar ríchomharba. Thairis sin, ghlac an freasúra coimeádach eaglasta buntáiste ar an mac, agus iad míshásta le leasuithe a athar. Bhí siad ag iarraidh Peadar a chur ó chumhacht Nuair a fuair Peadar amach faoi seo, chaith sé a mhac i dtóin an phríosúin, áit ar bhásaigh sé.
I ndiaidh Pheadair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh Pheadair, b'í a bhaintreach, Caitríona, ba thúisce a chuaigh i mbun na tíre, ach fuair sí bás i ndiaidh chúpla bliain. B'é garmhac Pheadair, Peadar a Dó, a tháinig i gcomharbas uirthi. Ní raibh ann ach buachaill óg a tholg ulpóg a bháis sula raibh d'uain ag lucht na cúirte é a chorónú ina Impire. Ansin, b'í Áine (nó Anna Ioannovna), bandiúc Kurland agus neacht shean-Pheadair, a thosaigh ag rialú na tíre. Ní raibh inti ar dtús ach ban-Impire sealadach a raibh diansrianta lena cumhacht. Ní raibh sí sásta leis na srianta sin, áfach, agus nuair a chonaic sí an chéad áiméar, chaith sé lucht na comhairle rúnda sa phríosún. Ó bhí baint ag Áine le diúcacht Kurland sa Laitvia, d'fháiltigh sí chuici uaisle ón gcearn sin den domhan, agus fuair cuid mhór acu an-chéimíocht sa chúirt. Lucht labhartha Gearmáinise ab ea iad, mar ba dual d'uasalaicme na Laitvia, agus dímheas acu ar an Rúisis is ar nósanna na tíre. Mar sin, fuair na Rúisigh iad féin curtha i leataobh ina bpríomhchathair féin.
B'é leannán Áine, Ernst Johann von Biron, a bhí i gceannas ar lucht leanúna an bhanimpire, ach nuair a bhásaigh Áine, d'éirigh idir eisean agus peataí eile na caillí, ionas go ndearnadh príosúnach de. Bhí na cúrsaí comharbachta ina bpraiseach i gcónaí, agus is mar sin a d'fhan siad, go dtí go ndearna Éilís (Yelizaveta), deirfiúr Pheadair Mhóir, an chumhacht a fhorghabháil le láimh láidir i Mí na Samhna den bhliain 1741. Ó bhí Éilís bréan breoite de na Gearmánaigh a tharraing Áine isteach sa chúirt, ruaig sí chun na Sibéire iad, agus chuir sí Rúisigh dhúchasacha ina n-áit le gnóthaí na ríochta is an rialtais a rith.
Ní raibh Éilís féin róthugtha do ghnáthaimh an rialtais, nó b'fhearr léi pléaráca agus ragairne. Murab ionann is Peadar Mór, áfach, thuig sí go sármhaith chomh tábhachtach is a bhí cúrsaí na comharbachta, agus í ag iarraidh líne ghlan folaíochta ó Pheadar Mhór anuas a dhearbhú mar bhunchritéar don oidhre cheart Impiriúil. Ar an drochuair, roghnaigh sí an duine contráilte mar chomharba: Karl Peter Ulrich von Holstein-Gottorp.
Bhí fuil Pheadair Mhóir in Karl Peter Ulrich ceart go leor, ach sin a raibh de. Nó siúd is gur mac deirféara do Pheadar a bhí ann, ní raibh focal Rúisise ina phluc, ná suim aige i gcúrsaí na Rúise. Nuair a tháinig an buachaill seo i réim sa bhliain 1761, agus Éilís básaithe, bhí an Rúis agus an Phrúis in adharca a chéile, agus Cogadh na Seacht mBlian faoi lán an tseoil. Bhí an Phrúis ag cailleadh fóid go tiubh, agus Feardorcha a Dó (Friedrich II), rí na Prúise, ar shéala géilleadh go neamhchoinníollach. Is amhlaidh, áfach, nach raibh in Karl Peter Ulrich - nó Peadar a Trí, mar a thugtaí air ins an Rúis - nach raibh ann ach mionphrionsa Gearmánach. Mar ba dual do mhionphrionsa Ghearmánach, bhí sé ag dearcadh ar Rí na Prúise mar bhoc mór millteanach a raibh urraim agus dílseacht ag dul dó - ní raibh sé in ann a thuiscint go raibh sé féin ar aon leibhéal le Feardorcha anois, agus é ina Impire ar ríocht chomh fairsing leis an Rúis. Mar sin, d'éirigh Peadar a Trí as an gcogadh ar an toirt. Aon scraith talún de chuid na Prúise a bhí sealbhaithe ag díormaí na Rúise, thug Peadar ar ais d'Fheardorcha í, agus sin faoi chroí mhór mhaith.
Is beag an díol iontais é gur tharraing a leithéid d'fheillbheart míghnaoi an airm ar Pheadar a Trí. Gan mórán moille, chuaigh siad chun ceannairce air. Bhí siad i gcomhcheilg le Caitríona, bean Pheadair, agus í sásta iomlán na cumhachta a ghlacadh chuici féin, nuair a bhí an tImpire scuabtha i leataobh.
Caitríona Mhór
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gearmánach ab ea Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríre. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina raibh sí le gnóthaí na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, ní raibh Caitríona i bhfad ag tógáil na Rúisise, agus sa deireadh, bhí deis mhaith a labhartha aici sa teanga. Deirtear go raibh Rúisis bhorb bhríomhar na cosmhuintire aici go líofa, cé go dteipfeadh an ghramadach uirthi an chorruair. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léi mar dhuine acu féin, agus rinne sí a cuid féin de chultúr na tíre, idir shuáilcí agus dhuáilcí. Ní raibh mórán suime aici riamh ina fear céile ó thaobh an chraicinn de, agus nuair a saolaíodh mac di i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain 1754, is iomaí tuairim a bhí ag lucht na caidéise faoi atharthacht an linbh. Bhíothas ag cogar, fiú, gur scológ de phór na Fionlainne a chuir an síol. San am seo, bhí cuid mhór scológa ag labhairt na Fionlainnise timpeall na cathrach i gcónaí. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona an leanbh a thógáil í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Pavel, nó Pól, a baisteadh ar an mbuachaill.
Bás an Tríú Peadar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1762 a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus fuair mo dhuine bás faoi imthoscaí doiléire go gairid ina dhiaidh sin. Gaireadh impire mná de Chaitríona, agus chrom sí ar a cuid oibre go dian díograiseach. Ós rud é gur Gearmánach a bhí inti ó dhúchas, rinne sí a dícheall gnaoi na Rúiseach a thabhú. Thug sí bata agus bóthar do na hoifigigh Phrúiseacha a bhí earcaithe ag a fear céile le haghaidh an airm, agus í ag cur saighdiúirí dúchasacha ina n-áit. Na tailte a choigistigh Peadar Mór, fuair an eaglais Cheartchreidmheach ar ais iad ó Chaitríona faoi chroí mhór mhaith, agus na heaglaisigh buíoch beannachtach astu. Nuair a corónaíodh ina Banimpire í, choisric siad í de réir an tsearmanais chéanna a bheadh ag dul d'aon impire fir.
Banimpire Soilsithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na Fraince, a bhí ag cur síol na réabhlóide faoin am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faiseanta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áirithe an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá gnáthobair rialtais. Níor éirigh chomh maith léi leis seo agus mar a bhí súil aici leis. Chuir sí le chéile cineál tionól nó parlaimint le fáil amach fá dtaobh den dearcadh a bhí ag an náisiún féin ar chúrsaí rialtais na tíre. Ní raibh an tionól nua in ann mórán maithe a dhéanamh, áfach. Sa deireadh, bhris ar a foighne ag Caitríona, agus scoir sí an tionól comhairleach arís. Ina dhiaidh sin féin, rinne sí leasuithe bunúsacha ar an rialtas áitiúil nó réagúnda, agus í ag féacháil le haird a thabhairt ar thuairimí agus ar éilimh an tionóil, nó an chuid acu a fuair sí sách ciallmhar nó siosmaideach. Thar aon chuid eile, dhílárnaigh sí cuid mhór den rialtas réigiúnda trí sheanchúigí a scoilteadh, cúigí nua a bhunú agus leibhéal nua rialtais réigiúnda - an ceantar - a thabhairt isteach. Ar an mbealach seo, thug sí ar an uasalaicme áitiúil páirt a ghlacadh i rialú na tíre - rud nach mbeidís sásta a dhéanamh dá ndeoin féin.
Éirí Amach na gCosacach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an seirfeachas ag tarraingt trioblóide ar Chaitríona ar bhealach a chuirfeadh i gcuimhne éirí amach Stenka Razin sa tseachtú haois déag. D'éirigh ina cheannairc sna tailte taobh thuaidh den Mhuir Chaisp, idir na haibhneacha Volga agus Yaik. (D'athbhaist Caitríona an t-ainm "Úrail" ar an abhainn sin Yaik d'aon turas in éis na ceannairce seo, lena cuimhne a mhúchadh - go dtí sin níor thagair ainm na hÚráile ach amháin do na Sléibhte Úralacha a scarann an Áise ón Eoraip.) Chuaigh an Cosacach Yemelyan Pugachov i gceannas ar lucht na ceannairce, agus mar a d'éiligh traidisiún na Rúise, bhain Pugachov úsáid as cleas Dmitry Bréige: is é sin, d'áitigh sé gurbh eisean Peadar a Trí ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí. Nuair a phléasc an cheannairc seo amach sa bhliain 1773, bhí an chuid ba mhó d'Arm na Rúise ar shiúl ag cur cogaidh ar an Tuirc, mar ba ghnách, agus cead a gcos ag na ceannairceoirí ar fud na tíre, dá réir sin. B'iad na seirfigh ba chroí d'arm Phugachov, ach fuair siad tacaíocht ó shluaite de Chosacaigh. De réir a chéile thaobhaigh an dúrud dreamanna míshásta eile leo, ar nós na mionlach Moslamach a raibh teangacha Tuircice á labhairt acu. Maraíodh na scórtha uaisle, agus an chuid a tháinig slán as an bhfaopach, níor spáráil siad na dathanna ag cur síos ar na huafáis a bhí feicthe acu. Baineadh scanradh as Caitríona. Shocraigh sí síocháin leis an Tuirc chomh tapaidh in Éirinn agus a thiocfadh léi, agus ansin thug an t-arm Rúiseach aghaidh ar na ceannairceoirí ina dtír féin.
Bhí na seirfigh ag seasamh an fhóid go héadóchasach in éadan shluaite Chaitríona. Bhí ciall éigin ag Pugachov do chúrsaí polaitíochta, áfach. Mar sin, d'fhéach sé le dlíthe dá chuid féin a reachtú, a eisiúint agus a chur i bhfeidhm: d'fhógair sé go raibh an seirfeachas curtha ar ceal, agus é ag iarraidh tailte na dtiarnaí a roinnt ar na scológa sceidíneacha, ar na bochta is ar na nochta. Mar sin, thug Pugachov cúis pholaitiúil do lucht a leanúna. Cúis a bhí ann a chosnóidís go míthrócaireach i bpáirc an áir.
I Mí Lúnasa den bhliain 1774 a cuireadh an cath mór a shocraigh an scéal. Tháinig táinrith agus scaipeadh na mionéan i ndíormaí Phugaitseov. Cimíodh an ceann urra féin, agus cuireadh chun báis é i dtús na bliana 1775. Níor leor é sin, áfach, nó i ndiaidh an bhua chaith fórsaí sluaíochta an Bhanimpire dreas maith ama ag siúl na gcúigí is na gcúlriasc agus iad ag baint sásamh fola as na scológa a fuarthas ciontach sa cheannairc. Ruaigeadh lear mór daoiní óna gceantair dhúchais go dtí an tSibéir, agus tugadh an seirfeachas isteach i ndúiche na gCosacach, a bhí chomh bródúil sin as a seantsaoirse go dtí sin.
An Saoradh ó Bhráca ar Fionraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh na dtrioblóidí seo, tháinig Caitríona Mhór ar athrú comhairle i dtaobh shaoirse na scológ is na seirfeach, ní nárbh ionadh. Bhí an claochlú seo le haithint ar a polasaithe cultúir fosta. I dtús a réime bhí sí an-ghnóthach ag iarraidh faisin intleachtúla Pháras a chur chun cinn sa tír, ach ní raibh sí róthugtha don litríocht dhúchasach Rúisise a bhí díreach i dtús a forbartha. Nuair a thosaigh sí ag tabhairt airde uirthi, ní le dea-mhéin a rinne sí é. Chuir sí an-chron ina raibh á chur ar pár ag na huaisle faoi thionchar an smaointeachais Iartharaigh chéanna a raibh sí féin chomh doirte dó. Chaith sí Nikolay Novikov, athair na hiriseoireachta Rúisise, i dtóin phríosúin, nuair a d'aithin sí go raibh sé ag foilsiú leaganacha Rúisise de scríbhinní radacacha Francacha. Bhí réabhlóid na Fraince sna fonsaí tógála san am, nó fiú faoi lán an tseoil, rud a bhí ag cur go mór mór as don Bhanimpire, mar is léir ón dóigh ar chaith sí le hAleksandr Radishchev.
Cás Radishchev
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fear de na mionuaisle ab ea Radishchev a d'fhoghlaim dlí i Moscó ar dtús. Ansin, chuaigh sé go dtí Leipzig sa Ghearmáin le dlaíóg mhullaigh a chur ar a chuid staidéir ar an gcoigríoch, mar ba nós do Rúisigh ardléannta a linne. D'fhill sé abhaile agus thosaigh sé ag obair ina dhlíodóir sa státseirbhís, rud a chuidigh leis aithne cheart a fháil ar iomlán na héagóra sóisialta ar fud na Rúise. Mar sin, scríobh sé leabhar - "Taisteal ó Chathair Pheadair go Moscó" - inar thug sé cur síos neamhbhalbh ar na fadhbanna agus na trioblóidí a bhí ag crá na tíre. Thairis sin, bhí sé de dhánacht i mo dhuine an tátal a bhaint as an scéal nach dtiocfadh feabhas ná biseach ar na cúrsaí ach córas an tseirfeachais a chur ar ceal agus na scológa a shaoradh ó bhráca. Réabhlóideachas lom mínáireach a bhí anseo, dar le Caitríona, agus ruaig sí Radishchev chun na Sibéire i ndiaidh an fear bocht a dhaoradh chun báis ar dtús. Tháinig Radishchev slán ó thua an bhásadóra, ach nuair a fuair sé cead filleadh abhaile ón tSibéir, i ndiaidh bhás Chaitríona, bhí a chroí briste ag an gcruatan, agus ní raibh biseach ar fáil dó, nó chuir sé lámh ina bhás féin le teann éadóchais.
"Stáidbhean na Rúise" ag cogaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh réimeas Chaitríona saor ó chogaí, ach oiread. Nó chuir stáidbhean na Rúise, mar a thug Johan Ludvig Runeberg uirthi, - chuir sí cúpla cath ar na Sualannaigh; ach b'é an sean-namhaid, sabhdán na Tuirce, an chloch ba mhó ar a paidrín. Bhí Gustaf a Trí, rí na Sualainne, iontach araiciseach chun troda le hoirthear na Fionlainne a fháil ar ais ón Rúis, ach, thairis sin, bhí sé ag dréim le Cathair Pheadair a ghabháil, i gcruth is go dtiocfadh leis malairt impire a chur in ionad Chaitríona - impire a bheadh ina phuipéad ag an tSualainn. Ar ndóighe, thuirsigh Gustaf é féin agus a chuid saighdiúirí i bhfad roimh an gcuspóir neamhréadúil meigleamáineach seo a bhaint amach ar aon nós. Ón taobh eile de, siúd is go raibh arm na Rúise ábalta go maith an fód a sheasamh in éadan na Sualannach, bhí an teagmháil seo ag éileamh fórsaí armtha a bhí ag teastáil ar chathéadan na Tuirce. Mar sin, nuair a socraíodh an tsíocháin i ndiaidh chúpla bliain cogaíochta sa bhliain 1790, bhí an dá thaobh sách géilliúlach dá chéile, agus iad ar aon bharúil nach raibh aon ghá leis na teorainneacha a athrú soir ná siar.
Críochdheighilt na Polainne
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é an t-éacht ba mhó i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh a d'éirigh le Caitríona ná críochdheilghilt na Polainne. (Nó an choir ba mhó, dar le muintir na Polainne.) Nuair a bhí rí nua le ceapadh don tír sin sa bhliain 1763, chuaigh Caitríona i muinín gach cineál uisce faoi thalamh agus bagairtí le puipéad dá cuid féin a chur ag rialú na tíre sin. Bhí an t-ádh léithi, nó gaireadh rí de Stanisław August Poniatowski, iar-leannán leapa dá cuid féin, agus é ina ambasadóir Pholannach i gCathair Pheadair go dtí an ceapachán seo. Fear ró-éirimiúil, ró-thírghráúil a bhí i Stanisław August le Caitríona a shásamh taobh amuigh den leaba, mar a d'iompaigh an scéal amach, nó bhain sé mealladh aisti ar fad lena chuid polasaithe. D'fhéach sé le córas polaitíochta na Polainne a fheabhsú is a dhaingniú agus an tsean-ainriail a ruaigeadh, agus é ag iarraidh eacnamaíocht na tíre a thabhairt i dtreo an bhisigh chomh maith. Nuair a sháigh Caitríona a ladar i saol pholaitiúil na Polainne leis an bhforbairt seo a chosc, chuaigh uaisle na tíre in anuabhar uirthi. Thionóil siad i mBar le konfederacja a bhunú - is é sin, cineál "comhcheilg phoiblí" nó comhcheangal den chineál a cheadaigh bunreacht na Polainne do na fir uaisle. Bhí sé de chuspóir acu ar dtús an creideamh Caitliceach a chosaint, ach is é an chiall a bhain an chuid is mó de na baill as seo ná go raibh an comhcheangal le cath a chur ar Chaitríona agus ar na Rúisigh. Bhí lucht an chomhcheangail in ann slua mór saighdiúirí a earcú go sciobtha, agus iad ag éirí an-bhagrach i súile an Bhanimpire.
Na Haighdeamacaigh ag easaontú leis an bPolainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]An chéad chuspóir a bhí ag an gcomhcheangal, áfach - an cath i bhfách leis an gCaitliceachas - níor thaithin sé le cách i bPolainn ilnáisiúnta, ilchreidmheach na linne. Mura gcuirfeadh an Comhcheangal an oiread sin béime ar an gcreideamh Caitliceach, d'fhéadfaí Cosacaigh na hÚcráine - na Haighdeamacaigh - a chealgadh chun comhoibriú, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, bhí na Cosacaigh as pabhar míshásta le pleananna na n-uasal, agus, sa deireadh thiar thall, d'éirigh ina chogadh chathartha idir an dá dhream. B'é ba toradh dó sin ná gur chuir an Rúis, an Ostair agus an Phrúis, an trí chomharsa, - gur chuir siad ladar i gcúrsaí inmheánacha na Polainne arís, agus ansin, chuaigh an chéad chríochdheighilt ar an tír, sa bhliain 1772. Níor chaill na Polannaigh, áfach, ach píosaí beaga de thailte in aice leis na teorainneacha, ach b'é fíor-oighear an scéil gur cuireadh srianta i bhfeidhm ar rialtas na Polainne, srianta a bhí dírithe ar lucht rialtais na tíre a stopadh ó aon iarracht le córas rialaithe an stáit a leasú nó a nua-aoisiú. B'é an liberum veto an rud ba mhó a bhí ag déanamh scime do na leasaitheoirí forásacha sa Pholainn.
Liberum veto
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é is brí leis an liberum veto ná go raibh gach aon mhac máthar de na mionuaisle féin i dteideal bille ar bith a stopadh sa Dáil - nó Sejm, mar a thugtaí uirthi as Polainnis - ach na focail nie pozwalam ("ní cheadaím") a rá. Ní cheadódh Caitríona do na Polannaigh, áfach, an prionsabal seo a chaitheamh i dtraipisí. Fad is a bheadh sé i bhfeidhm, thiocfadh le Caitríona smacht iomlán a choinneáil ar an Sejm, nó ní bheadh de dhíth uirthi ach aon duine amháin de na teachtaí a bhreabadh chun reachtaíocht ar bith a chealú nach mbeadh ag teacht le sainleas na Rúise dar léi féin.
Targowica - an focal nua Polainnise ar fheillbheart
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a phléasc cogadh amach eadar an Rúis agus an Tuirc ins an bhliain 1788, ghlac na Polannaigh buntáiste air sin agus d'éirigh siad amach in éadan na Rúise. Ní raibh an t-ádh leo ach tamall beag, áfach, agus b'é deireadh an scéil ná gur cuireadh an cheannairc faoi chois go brúidiúil. Ansin, chaill an Pholainn cuid mhór dá críocha i gcríochdheighilt nua sa bhliain 1793. B'é Comhcheangal Targowica an gléas polaitiúil a bhí ag Caitríona leis an mbuille seo a chur i gcion: dornán de thiarnaí uaisle na Polainne a ghlac seasamh i bhfách leis an Rúis agus a chuaigh le chéile ina gcomhcheangal, agus iad ag iarraidh ar Chaitríona teacht chun a dtarrthála agus "an dlí" a chur i bhfeidhm ar an tír in athuair. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne ort an polasaí a bhíodh ag Stailín san fhichiú haois agus é ag cur smacht ar na "daonphoblachtaí" in Oirthear na hEorpa.
Éirí Amach Kościuszko
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go gairid i ndiaidh don dara críochdheighilt teacht i bhfeidhm d'éirigh na Polannaigh amach arís agus Tadeusz Kościuszko i gceannas orthu, ach ní raibh rath ar an gceannairc seo, ach oireadh leis an iarracht roimpise. Nuair a bhí an cluiche caillte ag Kościuszko, d'éalaigh sé béal a chinn as a thír dhúchais, agus chuaigh an tríú críochdheighilt ar an bPolainn. B'ansin a cuireadh an Pholainn de dhroim an tsaoil mar thír ar leith, go dtí gur tháinig sí ar an bhfód aríst i ndiaidh an chéad chogadh domhanda.
Bás agus Oidhreacht Chaitríona
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Caitríona bás sa bhliain 1796. Siúd is nár chruthaigh sí leath chomh liobrálach ná mar ba mhaith léi a chur in iúl, is léir go ndearna sí a dícheall an tír a choinneáil bord ar bhord leis an aimsir agus an córas rialtais a chur in oiriúint do riachtanaisí an lae. Thug sí cuireadh d'fheirmeoirí Gearmánacha cur fúthu sa Rúis le modhanna nua curadóireachta a mhúineadh do na scológa, ach is beag rath a bhí ar an scéim seo. Le linn Chaitríona a bheith ina banimpire a tháinig an práta chun úsáide ag muintir na Rúise freisin. Bhí sé sách fadálach ag dul chun leitheadúlachta, áfach. Mar a chonaic muid thuas i gcás na ceannairce atá ainmnithe as Pugachov, ní raibh Caitríona róchinnte faoin dóigh cheart le ceist an tseirfeachais a fhuascailt ach an oiread. Níor thuig sí riamh go raibh na scológa ionraic faoin dílseacht a bhí acu don Impireacht mar fhoras sóisialta, fiú nuair a bhí siad ag déanamh ródaigh ar na huaisle. Shíl na scológa gur leosan an talamh, agus gur leis an Impire iad féin: is é an meas a bhí ag an scológ ar na tiarnaí talún nach raibh iontusan go bunúsach ach lonnaitheoirí agus mealltóirí a chuir iad féin idir muintir bhocht na tuaithe agus an tImpire. Mar sin, má bhí sé i ndúchas na scolóige an tiarna talaimh a dhiúltú faoi dhílseacht, níorbh ionann seo go fóill agus é a bheith ag diúltú don Impire.
Cibé faoin spéis a chuireadh Caitríona i bhfealsúnacht na hEagnaíochta, nuair a tharraing na smaointí nua seo Réabhlóid na Fraince ina ndiaidh, baineadh stangadh as an mbanimpire, agus chrom sí ar ais ar an gcoimeádachas le linn í a bheith ag druidim le deireadh a saoil féin.
I ndiaidh bhás Chaitríona, tháinig a mac Pól (Pavel) a hAon i gcomharbacht uirthi. Bhí Pól go tréan in aghaidh Réabhlóid na Fraince, agus é sásta conradh comhghuailliochta a shocrú leis an Tuirc - le bíobha bunaidh na Rúise féin! - chun cuidiú a fháil in éadan na Fraince agus a tionchair réabhlóidigh. Rinne an Rúis is an Tuirc an-chomhar ag cur ruaigeadh ar na Francaigh ó oirthear na Meánmhara. Roimh i bhfad, áfach, d'éirigh idir an Rúis agus na tíortha eile a bhí ag iarraidh an réabhlóid a choinneáil taobh istigh den Fhrainc. Go háirithe, bhí na Sasanaigh an-teann as an smacht a bhí acu ar an bhfarraige, agus ní cheadóidís d'aon stát eile dul in iomaíocht leo. Bhí Pól géarbharúlach nach raibh cead ceart trádála ag na stáit eile fad is a choinneodh na Sasanaigh súil ar gach aon long a mhusclódh a ndrochamhras. Bhí Pól chomh haraiciseach is go ndeachaigh sé chun cogaidh in aghaidh Shasana faoi dheoidh, agus d'ordaigh sé dá chuid Cosacach ionsaí a thabhairt faoin India.
Níor thaitin an díth chéille seo le ginearáil na Rúise. Ba léir dóibh nach raibh cabhlach na Rúise introda le loingeas cogaidh Shasana. Leis an tír a shábháil ar ionradh na Sasanach, d'éirigh na ginearáil amach in éadan Phóil agus mharaigh siad é. B'é an mac ba sine aige, Alastair (Aleksandr) a hAon a tháinig ina ionad ansin.
Alastair - an tImpire ab Fhearr acu go Léir?
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é Alastair a hAon an chéad Sár sa naoú haois déag, nó chuaigh sé i gceannas ar an tír in Earrach na bliana 1801; agus dealraíonn sé go raibh sé ar an Impire ba chumasaí dár rialaigh an tír san aois sin. I dtús a réimis shocraigh sé síocháin le Sasana agus leis an bhFrainc, le súil is go gcoinneodh sé an Rúis glan ar an gcogadh idir an bheirt eile. De réir is mar a bhí Napoleon ag éirí bagrach, áfach, fuair Alastair riachtanach dul i gcomhghuaillíocht le Sasana agus leis an Ostair in éadan na Fraince. Rinne na Francaigh ciolar cíot d'arm na hOstaire is na Rúise in Austerlitz (Slavkov i bPoblacht na Seice sa lá atá inniu ann) sa bhliain 1805, agus nuair a madhmadh ar na Prúisigh dhá bhliain ina dhiaidh, fuair Napoleon geataí na Rúise oscailte roimhe. Bhí Alastair cinnte nach dtiocfadh leis an fód a sheasamh in éadan Napoleon, agus shocraigh sé síocháin leis an bhFrainc le hanáil a tharraingt agus scíth nó cairde a fháil roimh an chéad teagmháil eile.
D'iarr Napoleon ar Alastair cogadh a chur ar an tSualainn nach raibh sásta páirt a ghlacadh in Imshuí na hIlchríche, is é sin, an scéim a bhí ag Napoleon ilchríoch na huile Eorpa a dhúnadh ar longa na Sasanach. Rinne Alastair mar a hiarradh air - ar a laghad, d'ionsaigh sé an tSualainn agus ghabh sé an Fhionlainn ó na Sualannaigh sa bhliain 1809. Dearbhaíodh an nascghabháil i gconradh síochána Hamina/Fredrikshamn. Thairis sin, chuir Napoleon duine dá chuid marascal, Jean Baptiste Bernadotte, i gceannas ar an tSualainn. Ní raibh Bernadotte, - ar gaireadh Rí na Sualainne de faoin ainm Séarlas Eoin (Karl Johan) - chomh mór sin istigh le Napoleon mar a shamhlófá le ginearál dá chuid. Nuair a tuigeadh do Bhernadotte agus d'Alastair araon nach raibh an t-imshuí ach ag dul chun dochair don dá thír, idir an Rúis agus an tSualainn, chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le chéile in aghaidh na Fraince. Ní thabharfadh Alastair an Fhionlainn ar ais don tSualainn, ach gheall sé do Bhernadotte go raibh cead aige an Iorua a ghabháil ón Danmhairg in éiric na Fionlainne.
Cogadh Alastair agus Napoleon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a fuair Napoleon amach faoin uisce faoi thalamh seo, chruinnigh sé le chéile na sluaite síoraí de shaighdiúirí as na tíortha uile a bhí faoina smacht faoin am seo - an Grande Armée, mar a tugadh ar an arm úd. Thrasnaigh an Grande Armée teorainn na Rúise i ndeireadh Mhí an Mheithimh den bhliain 1812, ach má thrasnaigh féin, ní raibh moill ná cúl ar mhuintir na Rúise cur le chéile ar mhaithe leis an Sár, leis an tír agus leis an gcreideamh, in aghaidh an "tíoránaigh aindiaga", mar a chonacthas Napoleon dóibh.
Napoleon i Moscó
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh chath Borodino i Mí Mheán Fómhair den bhliain chéanna d'éirigh le Napoleon Moscó a bhaint amach. Bhí an chuma ar an scéal go raibh na saighdiúirí á gcur thar a n-acmhainn aige, agus súil aige go dtiocfaidís trasna ar bhia is ar bheatha sa chathair. Bhí na Rúisigh tar éis an áit a thréigean, a bheag nó a mhór, gan plaic bhia a fhágáil ina ndiaidh. Le teann frustrachais, chuir Napoleon cuid den chathair trí thine, ach má chuir féin, ní raibh gar ann: ní bhfaigheadh sé aon tairiscint síochána ó Alastair cuma cá fhad eile a d'fhanfadh sé. Sa deireadh thiar thall, ní raibh de rogha aige ach filleadh abhaile. Ansin, áfach, bhí geimhreadh míchlúiteach na Rúise ag teannadh ar a chuid saighdiúirí, agus chuir treallchogaíocht na Rúiseach go mór mór leis an éag a bhí ag siúl ar an nGrande Armée. Nuair a d'fhág Napoleon an Rúis, ní raibh ach fear amháin fágtha aige as gach cúigear déag a bhí aige nuair a thosaigh sé ar an bhfeachtas.
Alastair ina Laoch - Fuascailteoir na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig díormaí dochloíte Alastair sna sálaí ag Napoleon, áfach. Faoi cheannas an tSáir chruinnigh stáit na hEorpa le chéile in aghaidh na bhFrancach, go dtí go ndeachaigh an dá arm chun teagmhála i gCath na Náisiún in aice le Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1813. An bhliain a bhí chugainn, 1814, bhain Alastair amach príomhchathair na Fraince, áit a bhfuair sé fáilte an laoich ó mhaithe agus ó mhóruaisle na hEorpa.
An Dá Alastair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú mhaith ar Alastair i gcónaí, go háithrid i bhfarradh is an cineál Impire a bhí ina athair. Dealraíonn sé, áfach, go raibh an dá Alastair ann, nó, i mbreis ar an oideachas shaorealaíonta a fuair sé, níor spáráladh diantréanas an tsaighdiúra air ach an oiread, nó bhí a athair géarbharúlach go gcaithfeadh an buachaill an taobh sin den tsaol a fheiceáil chomh maith céanna. B'é ba toradh don déscarúint seo go raibh Alastair ag guagaíl idir an dá thine Bhealtaine go lá a bháis.
I dtús a réimis chuir Alastair ar bun club comhrá, "coiste na maitheasa poiblí", mar a bhaist sé air in aithris ar ainm an rialtais réabhlóidigh sa Fhrainc. Ní raibh i gceist leis an gcoiste seo ach fir uaisle ag útamáil le smaointí radacacha nach raibh inchurtha i gcrích sa Rúis ar aon nós ná slí. Nuair a d'éirigh ina chogadh dhearg idir an Rúis agus an Fhrainc an chéad uair, scoir Alastair an coiste seo.
Ní raibh mórán ratha ar Mikhail Speranskiy ach an oiread. Bhí seisean ina Phríomh-Aire (nó ina Phríomh-Státrúnaí, de réir na téarmaíochta oifigiúla) sna blianta 1807-12, agus é as pabhar díocasach ag féacháil le córas rialtais na tíre a leasú is a chur in oiriúint don aois úr. Theastaigh uaidh dumaí nó tionóil ionadaíochta a bhunú ar gach leibhéal i riarachán na tíre - ó dhuma an pharóiste go duma na huile Rúise (sin le rá, bhí sé meáite ar pharlaimint cheart a chur ar bun sa tír) - ach nuair a tháinig a chuid pleananna a fhad leis seo, thosaigh Alastair ag cur amhrais iontu: ní raibh sé ag dréim lena dhath dá chumhacht uathlathach a thabhairt uaidh, i ndiaidh an iomláin. Sa bhliain 1812, chaill Speranskiy a phost, agus díbríodh go dtí an tSibéir é. Mar sin féin, cuireadh cineál duma nó comhairle stáit ag obair de réir mar a bhí leagtha amach ag an bpríomh-aire mí-ádhúil. Ní parlaimint d'aon chineál a bhí ann, áfach, ach comhthionól comhairleach, agus an Sár féin ag ainmniú na gcomhaltaí. Seanghinearáil a bhíodh ar an gcomhairle seo, an chuid ba mhó acu.
Nuair a bhí Napoleon cloíte, tháinig maithe is móruaisle na hEorpa le chéile i Vín le caoi cheart a chur ar chúrsaí na hilchríche aríst. Fágadh an Rúis i seilbh na Fionlainne, agus bronnadh an Iorua ar an tSualainn ina héiric. D'éirigh ina achrann mór idir Alastair agus lucht rialtais na Prúise is na hOstaire faoin bPolainn, nó bhí Alastair barúlach gur chóir an Pholainn a athbhunú mar stát a bheadh neamhspleách go foirmiúil, ach é a bheith faoi aon choróin leis an Rúis. Sa deireadh thiar thall, fuair Alastair an chuid lárnach den tír sin, limistéar ar tugadh "Polainn na Comhdhála" nó "Ríocht na Comhdhála" air, ós rud é go mb'í Comhdháil Vín a chruthaigh an stát seo. (Królestwo Kongresowe nó Kongresówka an leagan Polainnise.) D'fhág Alastair cineál féinrialtais ag na Polannaigh, ach má d'fhág, níor mhair sé ach tamall. Sna blianta a bhí chugainn, d'iompaigh sé amach nach mó ná sásta a bhí na Polannaigh le bronntanas seo an tSáir, agus iad ag éirí amach ina éadan uair i ndiaidh uaire, go dtí go bhfacthas don Impire nach raibh de rogha aige ach an féinrialtas a chur ar ceal agus gnáthchúige a ghairm den "ríocht".
Mar ba dual don Rúiseach, bhí féith an reiligiúin is na rúndiamhrachta reiligiúnda in Alastair féin, agus mhol sé do na ríthe is na rialtóirí eile comhghuaillíocht a shocrú le chéile "leis an tsíocháin bhuan is an creideamh Críostaí a chosaint in éineacht". B'í seo an Chomhghuaillíocht Naofa, agus an chuid eile de lucht rialtais na hEorpa barúlach nach raibh ann ach seafóid. Mar sin féin, b'é ba toradh don chomhdháil is don chomhghuaillíocht gur thosaigh na polaiteoirí Eorpacha ag glacadh na Rúise dáiríre mar pháirtí comhoibrithe. Thar aon rud eile, bhí na ríthe is na polaiteoirí coimeádacha i dtíortha eile meáite ar iarsmaí na réabhlóide Francaí a choinneáil faoi smacht, lucht leanúna nó adhartha Napoleon ach go háirithe. Bhí an Rúis araiciseach chun cuidiú leis an gcuid eile acu san obair seo, rud a thabhaigh an-mhíchlú don tír i measc lucht an radacachais ar fud na hEorpa: bhaist siad "póilín airm (gendarme) na hEorpa"ar an Rúis.
Tháinig Alexey Arakcheyev i gcomharbacht ar Speranskiy. Ginearál a bhí in Arakcheyev, agus dearcadh dian míleata aige ar chúrsaí na tíre. D'fhág sé a shliocht ar an gcuid deiridh de réimeas Alastair, ach ní raibh sé ábalta na leasuithe sóisialta a stopadh a raibh bun curtha leo ag Speranskiy. Deirtear go seasann an dá thréimhse agus an dá chineál Príomh-Aire i réimeas Alastair don dhá chineál Alastair a bhí ann, an leasaitheoir forásach agus an saighdiúir dian dána.
Bás Alastair agus Éirí Amach Mhí na Nollag
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Alastair bás sa bhliain 1825, agus praiseach déanta aige de chúrsaí na comharbachta. D'eitigh an duine ba sine dá chlann mhac, Konstantin, don choróin ó thús; mar sin, ní bhfuair an Sár de bhealach éalaithe ach ordú rúnda a thabhairt uaidh ag gairm ríchomharba den mhac eile, Nikolay (Nioclás). Bhí an t-ordú seo ag teacht crosach ar an dlí a bhí achtaithe sa bhliain 1797 le achrann comharbachta a sheachaint, agus nuair a tháinig Nioclás i réim in áit Konstantin, shíl go leor daoine gur forghabháil mhídhlíthiúil cumhachta, nó coup d'état, a bhí déanta ag Nioclás.
D'éirigh comhcheilg d'oifigigh óga radacacha amach in éadan Niocláis, agus iad ag baint a leasa as an gcuma dhoiléir a bhí ar chúrsaí na comharbachta. Ós rud é gurb i Mí na Nollag den bhliain 1825 a rinne siad a gceannairc, baisteadh an t-ainm Dekabristy, nó lucht Mhí na Nollag, orthu. (Dekabr an focal Rúisise a chiallaíonn "Mí na Nollag", agus níl sé doiligh a aithint gur tháinig an focal iasachta seo ón bhfoinse Laidine chéanna agus an focal Béarla úd December.) Ní raibh aon rath ar an éirí amach seo, áfach. A mhalairt ar fad, thug sé siocair don tSár cúngú uafásach a dhéanamh ar gach cineál freasúra. Scríobh an seanréabhlóidí agus an dírbheathaisnéisí Aleksandr Herzen, nach raibh ach ina bhrín óg faoin am seo, - scríobh sé ina dhírbheathaisnéis ríspéisiúil Byloe i dumy ("Cuimhní cinn agus smaointí") gur tháinig athrú cuma ó bhonn ar an Impireacht nuair a shealbhaigh Nioclás a hAon an choróin. An té ar mian leis a ríomh cá ham a chuaigh an Rúis go deifnídeach ar bhealach a míleasa, is dócha nach mbeidh sé mórán as cosán má chuireann sé an marc i Mí na Nollag den bhliain 1825. Tugaimis cluas éisteachta do Herzen:
Maidin amháin sa gheimhreadh, go míthráthúil b'fhéidir, tháinig an Seanadóir ar cuairt chugainn. Bhí cuma bhuartha air, nuair a tháinig sé, bhí coiscéim ghéar ghasta faoi agus é ag tabhairt aghaidh ar staidéarlann m'athara. Sméid sé orm fanacht sa seomra mór agus dhún sé an doras ina dhiaidh.
Ní raibh mé, áfach, i bhfad ag déanamh iontais de cibé rud a thit amach. Tháinig oscailt bheag ar dhoras an halla, agus fear a raibh gnúis dhearg air ag cur forráin orm de chogar íseal: b'é seo giolla an tSeanadóra, agus léim mé chuige ar an toirt.
- Nár chuala tú an scéala? a d'fhiafraigh sé.
- Cén scéala?
- Fuair an tImpire bás i dTaganrog.
Bhain an nuacht seo cliseadh agus stangadh asam, nó go dtí seo níor taibhsíodh dom riamh go bhféadfadh an tImpire bás a fháil. Tógadh le hurraim mhór d'Alastair mé, agus tháinig cumha orm anois i ndiaidh an lae a chonaic mé an uair dheireanach i Moscó é. Bhí muid ag déanamh spaisteoireachta, agus casadh ag Tverskaya Zastava orainn é. Bhí sé ag taisteal i gcuideachta cúpla ginearál, agus é ag filleadh ó Khodynka, áit a mbíodh na saighdiúirí á gcur ar inlíocht. Bhí gnúis fháiltiúil air, agus aghaidh bhog chruinn, ach bhí sé ag amharc cineál tuirseach nó buartha. Nuair a tháinig sé a fhad linn, d'ardaigh mé mo hata dó; chuir sé sonrú ionam, agus é ag meangadh gáire is ag beannú dom. Nach mór idir é agus Nioclás, fear a chuirfeadh meadúsa bearrtha le croiméal i gcuimhne ort! [...] Mura raibh i séimhe Alastair ach cur i gcéill - nárbh fhearr an cur i gcéill féin ná an tíorántacht oscailte, mhínáireach?
Alastair agus Nioclás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus dáiríribh, ní hé seo an t-aon chuimhne amháin den chineál chéanna a d'fhág Alastair agus Nioclás ina ndiaidh i litríocht na Rúise. Deir Herzen gurbh é Nioclás a thug isteach pionós an bháis i gcóras dlí na Rúise. B'fhéidir go bhfuil sé ag cur an iomarca i leith an Impire áirithe seo, ach is fiú marana a dhéanamh ar an líomhain seo mar sin féin, nó léiríonn sí an t-imprisiún a d'fhág Nioclás ar mhuintir na tíre. Is é an chiall a bhain Herzen, dála an scéil, as an úrscéal clúiteach a scríobh Lermontov, Geroy nashego vremeni ("Laoch ár Linne"), ná gur chuir an t-údar síos ar staid intinne na Rúiseach i ndiaidh éirí amach Mhí na Nollag agus an dóigh ar cloíodh lucht Mhí na Nollag. Na daoine a raibh comhábhair an laoich iontu, fágadh ar fán sa saol iad, nuair a bhí an Rialtas ag fabhrú do lútálaithe lagmheasartha nach raibh smaointí forásacha ar bith acu. Is é Pechorin, laoch an úrscéil seo, samhailchomhartha na ndaoine úd: fear nach bhfuil in ann ach a chuid ama a chur amú ag ragairneacht agus ag cearrbhachas, ó tháinig scrios agus scaipeadh ar lucht an radacachais leis an bhfeachtas a bhí idir lámhaibh ag Nioclás le brathladh a chur ar an tsochaí ar fad.
Nioclás a hAon - an tImpire Míleata
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saighdiúir a bhí i Nioclás amach is amach. Ní bhfuair sé tabhairt suas an tSáir, ó bhí gach duine ag glacadh leis go raibh an cúram sin daite dá dheartháir Konstantin. B'é an míleatachas an t-aon taobh amháin a chonaic sé de réimeas Alastair. Dá réir sin, bhí sé ag iarraidh smacht míleata a choinneáil ar an stát. Ní raibh glacadh ar bith aige le monarcachas bunreachtúil: bhí sé den tuairim nach raibh ann ach an dá rogha, an phoblacht agus an t-uathlathas - an mhonarcacht absalóideach gan srianta dlí nó bunreachta le cumhacht an Impire - agus dá ndéanfaí aon iarracht comhréiteach nó comhghéilleadh a lorg idir an dá rogha seo, ní bheadh ann, dar leis, ach bréag agus cur i gcéill. Chaithfeá do rogha a bhaint as an mbeirt, agus bhí a rogha féin bainte aigesean ó thús, ceart go leor. Thug sé isteach a lán míleatachais sa saol sibhialta: chuir sé inneall nua ar an gendarmerie, ar na péas armtha, a bhí ag fiosrú coireanna polaitíochta, cosúil le réabhlóideachas.
Nioclás agus an Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón taobh eile de, d'fhill Mikhail Speranskiy ón tSibéir le seal maith oibre a dhéanamh i réimeas Niocláis ag códú is ag cur in eagar reachtaíocht na Rúise. Bhí claonadh áirithe chun dlíthiúlachais i Nioclás fosta, i ndiaidh an iomláin. D'fhéach sé le seandlíthe a choinneáil i réim is i bhfeidhm, ach arís, bhí sé chomh scanraithe sceimhlithe roimh gach aon chineál "réabhlóideachais" agus go raibh sé sách neamhshrianta ag déanamh géarleanúna ar an bhfreasúra polaitíochta. Chuala an saol mór ar ghrúpa Phetrashevskiy: dornán de státseirbhísigh agus intleachtóirí óga a bhí ann a thagadh le chéile ag caibidil cúrsaí reatha go neamhfhoirmiúil, go dtí gur rug na péas orthu agus gur caitheadh i dtóin an phríosúin iad mar a bheadh coirpigh iontu. Is ar éigean más féidir a rá gur "freasúra" nó "réabhlóideachas" a bhí i gceist ag an ngrúpa seo, ach rinne na péas an-chomhcheilg de ina gcuid tuairiscí. D'imir an Sár cleas cruálach magaidh ar an ngrúpa: ghearr sé pionós an bháis orthu, ach nuair a bhí ceangal na gcúig gcaol curtha ar chúpla duine acu cheana féin lena gcur chun báis, hinsíodh dóibh gur athraigh an Sár na pionóis bháis go téarmaí fada príosúnachta ar díbirt amuigh sa tSibéir. Ghlac na cimí an pionós báis dáiríre píre, fad is nár chuala siad an "pardún"; chuaigh duine acu as a mheabhair go doleigheasta, a deirtear. Bhí an scríbhneoir Dostoyevskiy, nach raibh ann ach fear óg san am, i measc na gcimí, agus chuaigh an eachtra seo go buan i bhfeidhm air. Thrácht sé faoi dhó uirthi ina chuid saothar.
Ceist an tSeirfeachais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Nioclás chomh hamaideach is nach n-aithneodh sé fadhbanna abhalmhóra na sochaí. D'admhaigh sé go raibh, cuir i gcás, an seirfeachas ag luí go trom ar an náisiún. Mar sin féin, tuigeadh dó nárbh fhéidir na scológa a shaoradh ó bhráca ach athruithe doimhne a theacht ar an tír ar a lorg sin, athruithe nach mbeadh neart ag an Impire féin orthu a thuilleadh; agus bhí drogall agus doicheall ar Nioclás roimh na hathruithe sin.
Bhí na seirfigh ag éirí mífhoighneach, áfach, agus iad ag dul chun ceannairce anseo is ansiúd sna críocha cúil. Bhí na péas in ann na ceannaircí áitiúla a theorannú agus a choinneáil scartha ó chéile, ach ba chomhartha iad go raibh sé thar am an córas a athrú. Mar sin féin, níor chuir Nioclás an seirfeachas ar ceal. An rud a rinne sé, áfach, ná gur mhaolaigh sé ar chruachás scológa an stáit trí thuilleadh tailte a roinnt orthu, i gcruth is go mbeidís in ann an dá thrá a fhreastal, idir a gcuid cánacha a íoc mar ba chóir agus an bia a choinneáil lena muintir. Go ginearálta, áfach, bhí cás na seirfeach ag dul chun donais, nó fuair na tiarnaí talún blas ar an airgead, agus theastaigh tuilleadh torthaí feirmeoireachta uathu lena ndíol sa mhargadh. De réir a chéile, áfach, tuigeadh dóibh nach raibh mórán thar a n-acmhainn le baint as na scológa, agus iad fágtha chomh fann folamh nach raibh siad go rómhaith ag obair. Mar is féidir linn a léamh ar Chuimhní Cinn an tSealgaire leis an scríbhneoir Turgenyev (tá fiú aistriúchán Gaeilge ann!), thoiligh an chuid ab fhorásaí de na tiarnaí talún le cáin airgid (obrok as Rúisiss) óna gcuid seirfeach in áit an dualgais oibre i bpáirceanna an tiarna. Le bheith ábalta an cháin a dhíol, bhí cead ag na scológa ceird a fhoghlaim, agus go leor daoine acu ag dul le saoirsineacht de chineál éigin, ar nós na cearpantóireachta, mar shampla.
Ní raibh an uasalaicme ag déanamh go rómhaith ach oiread, áfach. Bhí cuid acu ag cur bail úr ar na tailte ag baint úsáide as leas málaí agus as gléasanna nuafhaiseanta talmhaíochta eile, agus iad ag saothrú go maith. An chuid eile, áfach, bhí siad ag cloí leis an seanghnáthamh, agus ós rud é go raibh an stát féin coimeádach, fiú ag tabhairt le fios gur suáilce ann féin a bhí sa choimeádachas, bhí gustal as an ngnáth de dhíobháil ar aon tiarna talaimh le dul le curadóireacht nua-aimseartha.
Tógáil na Tromthionsclaíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'i réimeas Niocláis a cuireadh dlús le forbairt na tionsclaíochta sa Rúis. An té a fuair a chéad léargas ar stair agus ar chultúr na Rúise ag léamh cuimhní cinn le hiar-chimí Sóivéadacha, tagann iontas air ag cur sonrú sna cosúlachtaí idir an tAontas Sóivéadach agus an Rúis Impiriúil dó. Nó bhí córas rialtais an tSáir féin ag fabhrú don tionsclaíocht throm agus ag cur béime ar riachtanaisí míleata na harmála, - díreach mar a rinne an tAontas Sóivéadach. Thairis sin, bhí na poill mhianaigh á saothrú ag daoir - ag príosúnaigh agus ag seirfigh - in áit lucht oibre ar tuarastal. Ní doiligh a shíleadh gur réamhtheachtaithe a bhí iontu do na cimí daorbhroide ar thug Aleksandr Solzhenitsyn agus Varlam Shalamov cur síos orthu ina gcuid scríbhinní.
Ag Dul leis an Eoraip - nó ag Cloí leis an Sean-Fhód?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Siúd is go raibh greim teann ag lámh an Impire ar an tír, bhí an saol cultúrtha agus an saol intleachtúil sa Rúis iontach saibhir, iontach suimiúil. Bhí smaointí nua-aoiseacha ag tonnadh isteach ón Iarthar in ainneoin na dianchinsireachta a chuir an stát ar na foilseacháin, agus lucht na salón liteartha á gcardáil go diograiseach díbhirceach. Ba mhinic nach raibh i gceist acu ach faisean intleachtúil agus aithris bhacach ar an Iarthar, ach mar sin féin, bhí dreamanna ann fosta a rinne a gcuid féin de na hidéanna coimhthíocha. Go háirithe, b'iad na 1840idí tréimhse mhór na ndiospóireachtaí intleachtúla. B'ansin a tarraingíodh an teorainn idir na hIartharaigh - na Zapadniki - agus na Slavaifíligh. (Zapad an focal Rúisise ar Iarthar.)
Dream reiligiúnda náisiunaíoch a bhí sna Slavaifíligh, agus iad ag frithghníomhú ar réasúnachas an Iarthair. Bhí siad barúlach gurbh ionann patrarcachas na sean-Rúise agus an cultúr Críostaí a bhí caite i dtraipisí ag muintir an Iarthair. Saol ceart comhdhaonnach a bhí ag na Rúisigh, dar leo (sobornost' an focal Rúisise ar an gcomhdhaonnachas seo), agus iad ag éileamh go dtabharfadh an Rúis droim láimhe le salachar agus seafóid na hEorpa. Bhí siad in éadan an dóigh a raibh an uasalaicme ag labhairt Fraincise agus ag meascadh focla coimhthíocha trína gcuid Rúisise.
Siúd is go raibh príomhluachanna na Slavaifíleach - idir dhúchas na Rúise agus chreideamh Críostaí an Oirthir - á n-urramú i mbolscaireacht oifigiúil na hImpireachta, bhí cuid de na Slavaifíligh sáite in achrann leis an Stát. Nó bhí an Slavaifíleachas bunaithe ar chineál ainrialachas reiligiúnda, agus thug na Slavaifíligh tús áite don scológ (muzhik) gan scolaíocht, mar dhea-shampla i gcúrsaí an chreidimh is na moráltachta. Ó lig Peadar Mór tionchar an Iarthair isteach, ní raibh an rialtas inchomórtais leis an scológ seo a thuilleadh, a shíl siad - agus ar ndóigh, ní chuirfeadh an rialtas ná an tImpire suas leis an gcineál seo fealsúnachta a bhí ag tabhairt le fios nach raibh cead ag an Impire a thír féin a rialú mar ba mhian leis féin.
Faoin am seo a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht fosta, nó ba sna tríochaidí a scríobh nó a d'fhoilsigh file náisiúnta na Rúise, Aleksandr Pushkin, an chuid ba thábhachtaí dá shaothar. Tháinig Nikolay Gogol go tiubh sna sálaí aige, agus é ag baint stangadh as an náisiún leis an úrscéal mhór úd Mertvye dushi ("Na hAnamacha Marbha"). Tagairt is ea na "hanamacha" do na seirfigh, nó ba ghnách "anam" a thabhairt ar aon seirfeach amháin, cosúil leis an dóigh a dtugtar "cloigeann" ar aon bhó amháin sa Ghaeilge. Is iad na "hanamacha marbha" na seirfigh a fuair bás i ndiaidh an daonáirimh dheireanaigh, ionas go bhfuil siad i gcónaí ar na rollaí mar dhaoine beo. Is é is ábhar d'úrscéal Gogol ná fear - Chichikov is sloinne dó - a bhíonn ag ceannach "anamacha marbha" den chineál seo ó na tiarnaí talún.
Maidir leis na gnóthaí eachtracha, chuir Nioclás cogadh ar na Peirsigh agus ar na Turcaigh, agus é ag sealbhú tailte nua don Rúis sna Sléibhte Cugasacha (an tSeoirsia agus an Airméin), chomh maith le lámh a chur i bpolaitíocht inmheánach na Tuirce. I ndiaidh na gcogaí seo, sa bhliain 1830, phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach anseo agus ansiúd sa chuid Eorpach den tír, go háirithe sa Pholainn. Ní raibh i gceist ansin ach ceannairc bheag i measc na n-ábhar oifigeach i scoil traenála an Airm, ach ós rud é go raibh na Polannaigh araiciseach chun éirí amach le dul ar lorg saoirse dá dtír, chuaigh siad ina sluaite síoraí ag cur cogaidh ar na Rúisigh. Fuair Nioclás é féin in abar ar fad ag iarraidh na saighdiúirí Polannacha a chloí. Nuair a cuireadh an t-éirí amach faoi chois, bhain Nioclás a bunreacht den tír cheannairceach, ach ó theastaigh uaidh urraim a thabhairt d'fhoirmiúlachtaí dlí, d'fhág sé féinrialtas de chineál éigin ag na Polannaigh, de réir an ghealltanais a bhí tugtha ag Alastair ag comhdháil Vín.
Bhí na Fionlannaigh dílis do Nioclás, siúd is nár bhac sé le Dáil fhéinrialaitheach a dtíre a chomhthionól, ach oiread le hAlastair. Mar sin, ghreamaigh míchlú áirithe dá ainm san Fhionlainn, cé go mbíodh an Sár seo agus Fionlannaigh a chomhaimsire sách sásta lena chéile.
Ós duine coimeádach a bhí i Nioclás a hAon, go háirithe i gcomparáid leis na rialtóirí Eorpacha, theastaigh uaidh comhoibriú le fórsaí coimeádacha eile le síocháin a thíre is a rialtais féin a chinntiú is a dhíonadh roimh ré ar gach cineál ceannairce, cearmansaíochta nó radacachais. Sa bhliain 1833, shínigh Nioclás conradh le príomhchumhachtaí eile na hEorpa faoi chomhoibriú míleata in éadan gluaiseachtaí radacacha agus ceannaircí réigiúnda i measc mionlach náisiúnta. Tharraing an conradh seo fuath na gciorcal liobrálach agus radacach ar an Rúis, agus mhéadaigh ar an gcúlchaint fá dtaobh den Rúis mar "phéas armtha na hEorpa". Bhí an gendarme sin an-ghnóthach ag cloí na dtrioblóidí réabhlóideacha sa Fhrainc agus sa Ghearmáin sa bhliain 1848 - "Earrach na Náisiún" nó "bliain mire na hEorpa", bain do rogha astu - agus san Ungáir an bhliain dár gcionn.
Cogadh na Crimé agus bás Niocláis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1850idí, áfach, go gairid roimh bhás Niocláis, phléasc cogadh amach idir an Bhreatain Mhór agus an Rúis fá dtaobh den Tuirc. Bhí ré na Tuirce rite mar mhórchumhacht Eor-Áiseach, agus an Bhreatain Mhór is an Rúis ag santú na creiche a bheadh in iarsmaí na himpireachta seo ar ball. Dáiríribh, cogadh idir an Rúis is an Tuirc a bhí ann ar dtús (an gnáthrud, a déarfá), ach ansin, chuir na Sasanaigh a ladar ann. Laindeáil a gcuid trúpaí i Leithinis na Crimé i dtús an fhómhair sa bhliain 1855; sin é an fáth gurb as an leithinis sin a hainmníodh an cogadh féin.
Shíothlaigh Nioclás i Mí na Samhna den bhliain chéanna, agus ó chruthaigh an Rúis ní ba laige ó thaobh na n-armálacha de, b'éigean don tSár Alastair a Dó, a tháinig i réim ansin, deifir a dhéanamh ag éirí as an gcogaíocht. Ghabh sé leor le comha síochána a bhí an-mhíbhuntáisteach don Rúis agus a thaispeáin don tsaol mhór nach raibh comhábhair na mórchumhachta sa tír a thuilleadh. Bhí faillí déanta ag an Impireacht i bhforbairt an bhuneagair, nó an infreastruchtúir: ní raibh na bóithre iarainn sách iomadúil leis na saighdiúirí a thabhairt a fhad le páirc an áir in am.
San Fhionlainn, dála an scéil, is gnách "Cogadh na nOileán Álannach" a thabhairt ar an chogadh áithrid seo. Na hOileáin Álannacha, nó Åland as Sualainnis, tá siad suite idir an Fhionlainn agus an tSualainn, agus siúd is gur leis an bhFionlainn iad inniu, is í an tSualainnis teanga dhúchais na n-oileánach. Tá na hoileáin dímhíleataithe inniu, ach nuair a bhí na Rúisigh i seilbh na tíre, ba bhunáit thábhachtach do chabhlach cogaidh na Rúise iad, rud a d'fhág go leor focail Rúisise i ngnáthchaint Sualainnise na n-oileán. Nuair a bhí ina chogadh, rinne loingeas cogaidh na Breataine Móire ionsaí ar na hoileáin, nó mar a deir an seanamhrán Fionlainnise:
- Ja se Oolannin sota oli kauhea, hurraa, hurraa, hurraa
- kun kolmella sadalla laivalla
- seilas engelsmanni Suomemme rannoilla,
- sunfaraa, sunfaraa, sunfarallallallallaa,
- hurraa, hurraa, hurraa!
- "Is uafásach an cineál cogaidh a bhí ann, hurá, hurá, hurá
- agus trí chéad long de chuid Sheáin Bhuí
- ag cóstóireacht timpeall na Fionlainne,
- sunfará, sunfará, sunfarallallallallá,
- hurá, hurá, hurá!"
B'fhéidir nach raibh "trí chéad long" ag "Seán Buí" chois chósta na Fionlainne i ndiaidh an iomláin, ach bhí an oiread sin cathanna mara timpeall na tíre agus go bhfuair an chosmhuintir riachtanach cuimhne an chogaidh a chur i míotar.
An Dara hAlastair
[cuir in eagar | athraigh foinse]An fear a tháinig i gceannas ar an Rúis i ndiaidh Niocláis agus an cogadh seo á fhearadh, an tImpire Alastair a Dó, thabhaigh sé clú an liobrálachais is na caoinfhulaingthe dó féin. Scéal eile, ar ndóighe, an raibh mórán de dhíth ar aon nós le sin a dhéanamh, i bhfianaise chomh dian is a bhí an t-uathlathas is an t-anlathas i mblianta Niocláis.
An Saoradh ó Bhráca faoi dheoidh!
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Alastair meáite ar an gcóras a leasú, go háirithe an seirfeachas a chur ar ceal agus na seirfigh a shaoradh ó bhráca. Ó nach raibh an scéim seo ag taithneamh go rómhaith leis na huaisle - leis na tiarnaí talún - b'éigean don Impire dul i muinín na státseirbhíseach lena chumhacht a bhuanú agus a chuid leasuithe sóisialta a chur i gcrích. Mar sin, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag mo dhuine ach treisiú leis an maorlathas.
Bhí srianta le leasuithe Alastair féin, ná creideadh aon duine a mhalairt. Ní raibh sé sásta oiread is cluas éisteachta a thabhairt dóibh siúd a bhí ag áitiú air parlaimint nó tionól náisiúnta a chur ar bun don Rúis. Má bhí sé ag iarraidh saoirse a bhronnadh ar na seirfigh, ní raibh mórán liobrálachais ná radacachais de dhíth lena aghaidh sin: tar éis an tsaoil, bhí an tír ar coipeadh le ceannaircí scológ agus trioblóidí tuaithe, agus fuascailt ag teastáil go dóite leis an tír a thabhairt chun síochána.
An dóigh ar cuireadh an seirfeachas ar ceal, níor leigheas sé fadhbanna na tuaithe ach ar éigean. B'éigean do na seirfigh dul ag saothrú a gcuid tailte le luach a bhfuascailte a íoc - ní saor in aisce a bronnadh orthu iad. Ba mhinic nach raibh siad in ann ach cuid a cheannach den talamh go léir a bhí siad a shaothrú roimh an saoradh ó bhráca. Ón taobh eile de, ní raibh siad ceangailte den talamh a thuilleadh - mar sin, d'fhéadfaidís fód a ndúchais a fhágáil le gléas beo ní b'fhearr a bhaint amach sna cathracha. B'é ba toradh don leasú seo, i ndiaidh an iomláin, ná go raibh idir scológ agus thiarna talún thíos leis.
Go nuige seo, choinníodh na seirfigh na maintithe móra ag imeacht agus iad faoi dhualgas a gcion féin a shaothrú i bpáirc an tiarna talún. Anois, áfach, chaithfeadh an tiarna talún pá a íoc lena lucht oibre - chaithfeadh sé éirí as an bhfeodachas agus talmhaíocht chaipitlíoch a thabhairt isteach ina áit. Is é sin, chaithfeadh a chuid tailte a bheith ag táirgeadh barraí indíolta le gléas beo a chinntiú dó féin agus pá an lucht oibre a íoc. Ba mhinic nár éirigh a leithéid d'éacht leis na huaisle tuaithe, agus b'é deireadh an scéil gur cuireadh na tailte ar ceant leis na fiacha a ghlanadh. Ón taobh eile de, nuair nach raibh na scológa in inmhe iomlán a gcuid tailte a cheannach, fuair siad iad féin in anás talún agus bia. Chuaigh an t-ampla talún in olcas ar fud na Rúise, agus praghas na talún ag dul in airde dá réir.
Ba sa bhliain 1861 a cuireadh deireadh leis an seirfeachas, ach tharraing an leasú seo tuilleadh ina dhiaidh. Tháinig athrú ar an rialtas áitiúil le bunú na dtionól áitiúil, nó na seimstveanna - tá gaol ag an fhocal seo, zemstvo, le zemlya, an focal Rúisise a chiallaíonn "talamh".
B'iad na huaisle a stiúradh na seimstveanna, ach mar sin féin, ba chéim chun tosaigh iad, no cibé locht a bhí orthu, chuidigh siad le meabhraíocht éigin polaitíochta agus fonn féinrialtais a chothú i measc na cosmhuintire féin. Mar sin, tháinig cúrsaí na sláinte, mar shampla, go mór ar aghaidh faoi stiúrú na seimstveanna.
San am céanna, sa bhliain 1864, leasaíodh an córas dlí agus cirt fosta le hiarsmaí an fheodachais a throid. Go dtí seo, bhí na seirfigh fágtha faoi dhlínse a dtiarna talún, ach nuair a tháinig deireadh leis an seirfeachas féin, ba mhithid an dlínse seo a bhaint den tiarna agus cumhacht neamhspleách bhreithiúnach a chur ar bun, mar ba dual d'aon stát faoi riail an dlí.
Deich mbliana ina dhiaidh sin, d'athchóirigh an Sár an t-arm in aithris ar an bPrúis. Cuireadh coinscríobh ceart in áit na seanphriosála, agus giorraíodh téarma na seirbhíse armtha go mór - ó bhreis is fiche bliain síos go sé bliana amháin. hAthraíodh na dlíthe cogaidh fosta, nó tháinig deireadh leis na pionóis bhrúidiúla chorpartha, le linn na síochána ar a laghad. Thairis sin, bunaíodh scoileanna míleata le scileanna proifisiúnta nó speisialta na n-oifigeach a fheabhsú, gan aon trácht ar léamh agus scríobh a bheith á mhúineadh do na saighdiúirí úrearcaithe ón tuath - ba mhinic nach raibh ceá ná ciú acu.
Bhí an scolaíocht ar ceann de na clocha ba mhó ar phaidrín Alastair ar bhealaí eile fosta. Mar sin, thug sé cead a gcinn do na hollscoileanna a gcuid cúrsaí a reáchtáil go neamhspleách, chomh maith le tacú leis na seimstveanna agus iad ag féachaint le scoileanna bunteagaisc a thógáil faoin tuath. Tháinig an-dlús le bunú na scoileanna faoi cheannas Alastair. Nuair a bhí sé ina Impire, bhí litríocht na Rúisise ag dul chun cinn fosta, nó chuala an saol mór iomrá ar scríbhneoirí na linne.
Fuair Alastair é féin in abar de réir a chéile, nó ní raibh sé ábalta ag seachthorthaí a chuid polasaithe. Sin é an phríomhdheacracht le stát uathlathais: nuair atá aon duine amháin i gceann na gcúrsaí, agus é ag cinneadh ar leasú a dhéanamh ar an tsochaí, ar ndóighe níl sé in ann a theacht roimh na seachthorthaí ná súil aige leo; agus na daoine féin, níl cead acu a gcuid mioncheartuithe-san a dhéanamh ar an leasú a bhrúigh an Sár anuas orthu, ná fiú a saol féin a chur in atheagar leis na hiarmhairtí gan choinne a sheasamh ní b'fhearr. Níl aon solúbthacht i gcóras an uathlathais Impiriúil. Mar sin, ba dual córais d'Alastair brachán a dhéanamh de na leasuithe, siúd is nach féidir mórán locht a fháil ar a dhea-thoil ná ar a ionraiceas.
Bhí fadhbanna ag Alastair leis an bPolainn, fosta. Tháinig le mo dhuine an chuid ba saibhre d'uasalaicme na tíre a chealgadh chun comhoibriú, ach má tháinig, bhí an chuid eile den náisiún chomh reibiliúnach is a bhí riamh. Sa bhliain 1863, d'éirigh na Polannaigh amach arís mar ba ghnách, cloíodh iad mar ba ghnách, agus d'imigh ainm na Polainne féin de mhapaí oifigiúla na Rúise: is é an t-ainm a baisteadh ar an tír sin ná Privislinye, nó an cúige chois na habhann úd Wisła (Vistula as Béarla, Weichsel as Gearmáinis).
Fréamha an Radacachais sa Rúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]An dóigh a ndeachaigh d'Alastair fadhbanna na tuaithe a fhuascailt tríd na seirfigh a shaoradh ó bhráca, d'fhág sé go leor siocracha ag na radacaigh trioblóid a tharraingt i measc na cosmhuintire. B'iad na raznochintsy, "lucht na n-ilaicmí", ba mhó a chuir suim sa réabhlóideachas agus sa radacachas. Thar aon rud eile, ba chlann do na heaglaisigh iad na fir óga seo. Tá cead pósta ag sagairt na hEaglaise Ceartchreidmhí, agus le cuid de na postanna eaglasta a bhaint amach, fiú, caithfidh siad a bheith pósta. Deirtear go bhfuair Impire éigin de chuid na Rúise foláireamh ó státaire Chaitliceach, gur botún a bhí ann cead a bpósta a fhágáil ag na heaglaisigh, ó nach raibh aon áit cheart ar fáil dá gclann i sochaí le scoilteacha dosháraithe idir na haicmí éagsúla - cosúil le sochaí na Rúise. B'fhéidir nach bhfuil ann ach scéilín magaidh den chineál apacrafúil, ach is léir go raibh sliocht na n-eaglaiseach go mór mór chun tosaigh i measc na radacach is na réabhlóidithe. I mbreis orthusan, lucht féinteagasctha a bhí i gcuid mhaith de na h-"ilaicmigh". Daoine a bhí ann a tháinig as measc na scológ is na mbochtán agus iad ag súil le háit sheascair shócúlach sa tsochaí, ó bhí siad i ndiaidh dintiúirí oiliúna agus oideachais a bhaint amach. Ós rud é go raibh na teorainneacha idir na haicmí chomh righin is a bhí, ní raibh an dul chun cinn sóisialta ar fáil do na daoine seo, agus is léir gur éirigh siad míshásta.
San am chéadna, bhí radacachas de chineál nua - radacachas éadóchasach, éadrócaireach - á fháscadh as na smaointí faiseanta ag scríbhneoirí agus ag intleachtóirí óga ar nós Nikolay Chernyshevskiy. Scríobh Chernyshevskiy an t-úrscéal ab fhearr le Léinín - Chto delat'? nó "Cad é ba chóir a dhéanamh?" - agus é ag móradh na brúidiúlachta crua cranraithe a ba dual don fhíor-réabhlóidí, dar leis.
Na Naroidnicí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maidir leis na scológa, is dócha gurbh iad na Naroidnící ba mhó a d'fhéach lena gcúis siúd a chur chun cinn sa tsochaí. Gluaiseacht a bhí sna Naroidnící - nó na Cosmhuintirigh, más fearr leat an focal Rúisise a aistriú go Gaeilge - a bhí ag iarraidh meabhraíocht pholaitiúil a chruthú is a chothú faoin tuath. Ós rud é gur fágadh go leor scológa in anás talún nuair a bhí an seirfeachas curtha ar ceal, bhí an-phoitéinseal réabhlóideach sna hiar-sheirfigh, ach é a chanálú ar mhaithe leis an ghluaiseacht.
Bhí cuid de na Naroidnící sásta cloí le modhanna síochánta oibre, agus iad ag cur béime ar an scolaíocht agus ar an tsoilsitheoireacht, nó ba dóigh leofa gurb í an stair féin a chuirfeadh an réabhlóid i gcrích, chomh túisce is a thiocfadh an lá ceart; go dtí sin, dar leo, ba chóir don ghluaiseacht - fiú más gluaiseacht réabhlóideach a bhí ann - na scológa a mhuscailt agus a chur ar a gcumas a réabhlóid féin a dhéanamh, ar acht gur mhian leo é. Bhí na Naroidnící inbharúla gur chóir urraim agus ómós a thabhairt do na traidisiúin áitiúla agus do riachtanaisí na scológ féin, seachas an tsochaí a leasú ón uachtar anuas, beag beann ar an dóigh a raibh na scológa ag dearcadh ar a gcás féin. Na hiarrachtaí a bhí ar cois ag an Impire, ionraic is uile mar a bhí siad, ba mhinic nach ndeachaigh siad chun mórán leasa don chosmhuintir i ndiaidh an iomláin, ó nach raibh na húdaráis sásta na pleananna a thabhairt i gcrann ná na leasuithe a chur i gcrích i gcomhar ná i gcomhthuiscint leis an chosmhuintir féin.
An chuid eile de na Naroidnící, áfach, chuaigh siad le sceimhlitheoireacht, agus ó bhí na síochánaithe is na sceimhlitheoirí in aon eagraíocht le chéile, chuir an Stát cath ar an dá eite. Mhéadaigh sin go mór mór ar an radacachas, ar ndóigh. Siúd is gur thit gluaiseacht na Naroidnící as a chéile faoi dheireadh sa bhliain 1879, agus an dá eite ag bunú eagraíochtaí dá gcuid féin, d'fhág siad a sliocht ar pholaitíocht na Rúise a mhair beo breabhsánta bíogúil go lá na réabhlóide. B'iad na Réabhlóidithe Sóisialacha - an páirtí Sóisialach a bhí i muinín na tuaithe is na sluaite móra faoi choinne tacaíochta - ba phríomhoidhrí polaitiúla do na Naroidnící.
Bás an Impire
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'iad na Naroidnící radacacha - lucht leanúna na heagraíochta úd Narodnaya Volya, nó Toil an Phobail - a thug bás an tSáir Alastair. Is iomaí iarracht a rinne siad leis an Impire a mharú ón mbliain 1879 i leith, agus tháinig imní agus oibriú intinne ar an targaid féin de thoradh na n-iarrachtaí seo, ní nárbh ionadh. Mar bhfreagra ar an fheachtas sceimhlitheoireachta, chuaigh an tImpire i dtuilleamaí an Ghinearáil Mikhail Loris-Melikov a raibh clú na dúthrachta is na héifeachtúlachta air. Chuaigh Loris-Melikov i gceann na Roinne Gnóthaí Inmheánacha, agus bhronn an Sár cumhachtaí an deachtóra air.
Chuir Loris-Melikov i dtoll le chéile plean leasaithe na sochaí le fréamhacha na sceimhlitheoireachta a stoitheadh. Fuair sé faomhadh an Impire, ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh leis na sceimhlitheoirí an t-anam a shéideadh as Alastair le buama a phléasc siad i gCathair Pheadair sa bhliain 1881.
Shíl na sceimhlitheoirí go dtiocfadh an réabhlóid ar lorg dhúnmharú an tíoránaigh, ach cosúil le lucht Mhí na Nollag rompu, bhí fuar acu. Nó is é an rud a fuair siad ar son a bhfuadair ná tíoránach a bhí i bhfad Éireann ní ba mheasa.
Alastair a Trí: Ní feillbheart go bunreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é a mhac, an Tríú hAlastair, a tháinig i gcumhacht i ndiaidh a athara. Ní raibh puinn foighne aige le haon chineál liobrálachais nó radacachais, ná tuiscint aige do leasuithe sóisialta a athara. Nuair a fuair Alastair a Dó bás, bhí an Ginearál Loris-Melikov go díreach in éis a phlean a chumadh leis an gcóras rialtais a leasú. Mhol sé, i measc rudaí eile, ná coistí comhairleacha a chur ar bun le cead cainte a fhágáil ag an gcosmhuintir in ullmhú na ndlíthe úra. Is maith an léiriú, áfach, ar mheon Alastair a Trí an breithiúnas a thug sé ar scéimeanna an Ghinearáil: is é a bhí idir lámhaibh ag Loris-Melikov, dar leis, ná céim fhealltach choiriúil á glacadh i dtreo an bhunreachta. Bunreacht, poblacht agus daonlathas - ní raibh iontu sin, dar le hAlastair a Trí, ach focail gháirsiúla nár chóir a labhairt os ard ina fhianaise. B'ionann an bunreacht agus srianta dlí á gcur le cumhacht an Impire - ach ó shíl Alastair gurb ó láimh dheis Dé a fuair sé a chumhacht, bhí meas an diamhasla aige ar aon chosc a chuirfí leis an úsáid a bhainfeadh sé as tíolacthaí Dé.
B'ionann an t-uathlathas, faoi chomandracht Alastair a Trí, agus cead a gcinn á fhágáilt ag na póilíní agus ag an rúnseirbhís. Ná creid, áfach, go mbainfeadh an polasaí seo a dhath den lobhadh uilechoiteann ar fud na Rúise. Siúd is go raibh lear maith státseirbhísigh go hionraic ar fad ag iarraidh a ndualgaisí a chomhlíonadh go dúthrachtach dicheallach, ba mhinic ab ionann cead a gcinn agus cead a mbreabtha, sna cúlriasca ach go háirithe, áit a raibh "Dia i bhfad thuas agus an tImpire i bhfad i gcéin".
Mhéadaigh Alastair go mór millteanach ar líon agus ar chumhachtaí na bpéas is na mbleachtairí rúnda. Bhí an tír foirgthe le spiadóirí ag iarraidh comhcheilgeanna radacacha a thabhairt chun tsolais, agus nuair a chuaigh díobh theacht ar aon chomhcheilg cheart, níor shíl siad a dhath de cheann a chumadh as a bhfantaisíocht féin. Na cumhachtaí speisialta a bhí ag na péas armtha faoin dlí cogaidh, bhítí an-mhíchúramach faoina n-úsáid, rud a chuir rialtas an dlí is an chirt go mór mór i mbaol.
Ní féidir a rá nach mbeadh tacaíocht na ndaoine lena raibh idir lámhaibh ag Alastair. Bhí cuid mhaith den chosmhuintir ar aon bharúil leis gurb ó Dhia a fuair an tImpire a chumhacht, cibé faoin gcos ar bolg a bhí na mionstátseirbhísigh áitiúla a imirt ar na daoine: ní chuirfeadh an scológ ba bhoichte féin a mhilleán sin ar "Dheaid" (batyushka), mar a thugadh uasal agus íseal na Rúise ar an Sár.
Lena cheart a thabhairt don Tríú hAlastair, fear stuama a bhí ann i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh nach gcuirfeadh acmhainní na tíre amú ag fearadh cogaí in aisce. Siúd is nach raibh claonadh i mo dhuine chun leasuithe liobrálacha polaitiúla, chuir sé an-suim i gcúrsaí na heacnamaíochta agus na tionsclaíochta. Bhí polasaithe forbartha tionsclaíochta aige agus iad cineál cosúil lena bhfuil ar cois sa Rúis inniu, nó rinne sé a dhícheall airgead, infheistíochtaí agus infheisteoirí a mhealladh isteach ón gcoigríoch. Chuidigh an Cunta Sergey Witte - fear uasal de phór Ghearmánach a bhí ina Aire Airgeadais ag an Impire - leis go mór mór san obair seo. Faoi chúram Witte, bhí geilleagar na tíre ag borradh go sciobtha sa deich mbliana deireanacha den naoú haois déag, agus fir ghnó na Rúise ag glacadh páirte i bhforbairt na tionsclaíochta chomh maith leis na hinfheisteoirí coimhthíocha. Bhí an Rúis ag ceangal nasc leis an saol ina timpeall ar go leor bealaí.
An Caipitlíochas sa Rúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh mórán tionchair ag an "gcomhdhlúthú eacnamaíoch" seo ar shaol na cosmhuintire, áfach. Bhí na daoine bochta ag dul i líonmhaireacht faoin tuaith; siúd is gur thug cuid mhaith de dhaoine óga na tuaithe aghaidh ar mhonarchana na cathrach, d'fhan saol na scológ, den chuid ba mhó, mar a bhíodh sé riamh roimhe sin, beag beann ar shaol na n-uasal is na n-intleachtóirí sna cathracha. Ní raibh mórán suime ag na scológa i ndul chun cinn na heacnamaíochta ná na teicneolaíochta. B'é an talamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín. Tuilleadh talún a bhí de dhíobháil ar an scológ, i gcruth is go gcothódh sé é féin is a mhuintir. Ós rud é nach raibh glainíneacht ná sláinteachas ar eolas ag na scológa, bhí na hulpóga is na galair ag siúl orthu, agus i bhfianaise chomh gann is a bhí an bia, ní raibh mórán imdhíonachta iontu ar na tolgáin, ach an oiread. Más ag fás féin a bhí an daonra, bhí an saol go dona i gcónaí, agus an mhortlaíocht ard.
Bhí seansanna áirithe san Impireacht do dhuine ghustalach dul chun cinn a dhéanamh, áfach. Siúd is go raibh cara sa chúirt de dhíobháil ar an státseirbhíseach a bhí ag iarraidh post ní b'fhearr a bhaint amach, is iomaí duine ar bheagán fáltais nó de phór íseal ar éirigh éacht leis i saol an ghnó nó sa léann is san eolaíocht.
In ainneoin na ndea-chomharthaí seo - nó b'fhéidir dá dtoradh? - bhí míshástacht á fairsingiú ar fud na tíre. Ní raibh na scológa féin sásta lena seanchuid a thuilleadh, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na tiarnaí talún anseo agus ansiúd. Bhí ceannaircí ann agus na scológa ag ionsaí maintithe na dtiarnaí talaimh, á gcur le tine nó ag déanamh loitiméireacht ar an troscán istigh. Chuir a leithéid d'ainghníomhartha eagla mhór ar na huaisle, agus iad ag éileamh ar an Stát smacht a choinneáil ar an daoscarshlua le lámh láidir.
Cuid de na huaisle féin, bhí siad thíos leis an aois nua. Ó nach raibh siad in ann, cuir i gcás, modhanna torthúla oibre a chur in úsáid ar a gcuid tailte ná déanamh as dóibh féin ar aon dóigh eile, shíl siad go rabhthas ag imirt éagóra orthu, ó bhí an bochtanas ag bagairt orthu - agus iad ina ndaoine uaisle! Bhí siad barúlach go raibh gléas a mbeatha dlite dóibh ón saol mór, agus iad ar lorg a gcirt (mar a tuigeadh dóibh féin) ón Stát. Nuair a dhiúltaigh an Cunta Witte faoina n-achainí iad, chuaigh siad le hantoisceachas na heite deise, agus iad ag fógairt go hard na spéire go raibh na faisin nua ag cailleadh na hImpireachta.
Siúd is go raibh an lucht oibre ag forbairt mar aicme ar leith sa tsochaí cheana féin, ní raibh scoilt ná teorainn shoiléir ag dealú lucht oibre na monarchan ó scológa na tuaithe go fóill. Ní chaitheadh an gnáthfhear oibre ach seal sa mhonarcha, nó is ar éigean a bhacfadh sé leis an gcineál sin oibre, murach go raibh sé ar a theitheadh ó na trioblóidí sealadacha thiar sa sráidbhaile - drochbhliain churadóireachta, triomach nó mífhortún eile den chineál sin. A thúisce is a thiocfadh bláth is bisiú ar an ngléas beo faoin tuath, áfach, ba ghnách leis an lucht oibre éirí as obair na monarchan arís. Ar ndóigh, ní raibh na toscaí seo ag fabhrú don cheardchumannachas ná do throid an lucht oibre ar mhaithe le feabhas a gcáis; mar sin, sheachain lucht an rachmais na trioblóidí oibreachais. Ach, san am céanna, chuir sé isteach go mór mór ar úinéir na monarchan nach bhféadfadh sé a chuid táirgeachta a phleanáil roimh ré ná a chuid táirgí a dhíol leis na custaiméirí ach iad a bheith ar stóras cheana. Ní fhéadfadh sé réamhíocaíocht a ghlacadh as na táirgí nach raibh aige go fóill, nó ní fhéadfadh sé a bheith ina mhuinín go mbeadh a dhóthain lucht oibre aige leis na tráchtearraí sin a tháirgeadh do lucht a gceannaithe.
Lá an tSóisialachais ag gealadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus, ar ndóigh, sula raibh aon lucht oibre ann arbh fhiú a n-ainm iad, tháinig an Sóisialachas isteach cheana féin. Bhí na Sóisialaigh Réabhlóideacha ar an chéad mhórghluaiseacht Shóisialach in Impireacht na Rúise, agus iad ag iarraidh na scológa a ghríosú chun réabhlóide. B'as na scológa céanna - as prólatáirigh na tuaithe - ba mhó a bhí muinín acu leis an réabhlóid a chur i gcrích, ós rud é nach gcreidfidís go mbeadh an beagán lucht oibre sna monarchana in ann mórán a athrú i sochaí na tíre. Faoin tuath a bhí na sluaite síoraí.
Ba oidhrí do na Naroidnící iad na Sóisialaithe Réabhlóideacha, idir smaointeachas agus mhodhanna oibre. Is é an cuspóir a bhí acu ná stát Sóisialach a dhéanamh den Rúis, tír de chineál nua nach mbeadh i gcall caipitlíochais, buíochas leis an sóisialachas instinneach a bhí i ndúchas na scológ, dar leo. Nuair a thug Seosamh Mac Grianna Cumannach air féin, agus é ag rá go raibh an Cumannachas i ndúchas mhuintir na Gaeltachta, bhí dul amú air: b'fhearr dó a rá gur Sóisialaí Réabhlóideach a bhí ann sa chiall Rúiseach.
Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an Marxachas ceartchreidmheach i gcoimhlint le Sóisialachas dúchasach, Rúiseach na n-iar-Naroidnící. Sa bhliain 1903, gan ach cúig bliana i ndiaidh bhunú Pháirtí Sóisialach Daonlathach na Rúise, scoilt an páirtí, nuair a scar na Meinséivigh agus na Boilséivigh le chéile. B'iad na Meinséivigh an chuid de na Sóisialaithe Daonlathacha a bhí den tuairim gur chóir don pháirtí a mhuinín a chur sna sluaite síoraí. Na Boilséivigh, áfach, bhí siad inbharúla go gcaithfeadh an páirtí a bheith ina "mheitheal tosaigh", ina fheadhain dhruidte nach bhfáilteodh isteach ach an rogha is an togha, agus na sluaite á dtreorú ag feidhmeannaigh an Pháirtí a bheadh ardeolach ar theoiricí agus ar phrionsabail an Mharxachais.
An tAntoisceachas ag Dul chun Treise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair na gluaiseachtaí antoisceacha, réabhlóideacha tacaíocht fhorleathan ón lucht oibre, gan aon trácht a dhéanamh ar na mionlaigh náisiúnta, a raibh, ar ndóigh, an náisiúnachas ag borradh ina measc, i ndiúnas ar phóilíní an tSáir. Chruinnigh lucht leanúna timpeall ar gach cineál antoisceachais, ós rud é nach raibh an liobrálachas measartha ag obair go fónta. Ar ndóighe, bhí uaisle soilsithe trócaireacha ag iarraidh scolaíocht agus oideachas a chur chun cinn i measc mhuintir na tuaithe agus ospidéil is otharlanna a thógáil is a reáchtáil. Ba mhinic, áfach, nach raibh na forais seo ach ag déanamh na hoibre ba chóir don Stát a dhéanamh. An neamhshuim a rinne an Stát de leas na cosmhuintire, b'ábhar éadóchais do na liobrálaigh mheasartha féin í.
Ní raibh an chumhacht anlathach in inmhe freasúra measartha a aithint thar na sceimhlitheoirí is na réabhlóidithe cibé scéal é, áfach. A mhalairt ar fad. Is iomaí giolla oibre de chuid an tSáir a bhí géarbharúlach gur chóir cath a chur ar na liobrálaigh is ar na hiar-naroidnící thar aon dream eile, ó ba rud é gurbh iad na dreamanna seo an chontúirt ba mhó, agus an sórt cuspóirí praiticiúla, intuigthe, measartha, pragmatúla, inbhainte amach, a bhí acu. Na grúpaí ba mhó antoisceachais, áfach, ar nós na mBoilséiveach, ní raibh siad ach ag díospóireacht agus ag geamhthroid le chéile faoina gcuid teoiricí nach raibh baint dá laghad acu leis an réaltacht. Bhail, sin é an breithiúnas a thug na péas ar an scéal. Mar sin, níor bhac siad le mórán géarleanúna a dhéanamh ar radacaigh na heite clé, fad is a bhí na liobrálaigh ann.
Maidir leis an míshuaimhneas a bhí ag leitheadú i measc na mionlach náisiúnta le teacht an scarúnachais is an náisiúnachais, ba seanscéal é cheana féin go n-éireodh na Polannaigh amach in éadan an tSáir gach uair dá bhfaighfidís an t-áiméar. Thairis sin, áfach, ní raibh na Fionlannaigh féin chomh dílis don Impireacht agus a bhídís, tráth den tsaol. Nó nuair a rith leis an Sár an frithghníomhach seoibhineach Mikhail Bobrikov a chur i mbun na Fionlainne mar Ghobharnóir Ginearálta, thart faoi chasadh an chéid, chrom fear nua an Impire seo ar shainstádas na Fionlainne mar Ard-Diúcacht ar leith a chur ar ceal. Theastaigh uaidh dlúthchuid den Impireacht a dhéanamh den tír. Cuireadh an Rúisis in áit na Sualainnise agus na Fionlainnise mar theanga oifigiúil sa státseirbhís, agus cuireadh cosc le cuid mhaith nuachtán a bhíodh ag fáil loicht ar pholasaithe oifigiúla na hImpireachta. B'é ba toradh dó seo ná gur tháinig deireadh leis an tseanmhuinín a bhíodh ag na Fionlannaigh as a nImpire go nuige sin, agus iad ag tosú ag cur spéise i gcomhoibriú agus i gcomh-uisce faoi thalamh le réabhlóidithe rúnda na Rúise.
Nioclás a Dó - an tImpire Deireanach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé a bhí ina Impire san am seo? Níorbh é Alastair a Trí é a thuilleadh, nó tháinig an bás á thabhairt leis sa bhliain 1894. An fear a tháinig i gcomharbacht air, b'é a mhac óg é - Nioclás a Dó, Sár deireanach na Rúise. Is follas go ndearna staraíocht na gCumannach a dícheall le clú an fhir seo a mhilleadh, ach thairis sin, tá cuid mhór de na saineolaithe go léir barúlach nach raibh Nioclás bocht go rómhaith in ann ag a chuid cúraimí. Nuair a bhí an tír ag déanamh a rúchlaidh isteach sa nua-aois, bhí an náisiún go léir i gcall ceann feadhna a bheadh ábalta ar chiall a bhaint as smaointeachas na comhaimsire agus a chuid féin a dhéanamh de na hidéanna ab fhearr dá raibh ag an fhreasúra féin. Ní raibh cuma an athnuaiteora ná an nuálaí ar Nioclás óg, áfach. Bhí dearcadh frithghníomhach, anlathach aige, agus chreid sé go dian daingean gurbh é Dia a chuir i mbun na gcúrsaí é ar dtús. Ghlac sé leis, fosta, go raibh an chosmhuintir ar aon fhocal leis. Ní raibh san fhreasúra, dar leis, ach drong de Ghiúdaigh nó d'intleachtóirí místiúrtha faoi thionchar gach cineál miodamas smaointeachais ón Iarthar - leathstrainséirí, mar sin, nach raibh ciall cheart acu d'anam rúndiamhrach na Rúise. Ní bhuairfeadh a Mhórgacht a chloigeann uasal le seafóid an dreama sin.
Bhí an tImpire pósta ar bhean de phór na Gearmáine a raibh lúb ghaoil aici le cúirt na Banríona Victeoiria chomh maith. Siúd is gur coimhthíoch a bhí inti ar dtús, chuaigh an banphrionsa Aileacsándra go hiomlán le cultúr na Rúise, mar a thuig sí féin é. Is é sin, bhí sí go mór mór i bhfách leis an uathlathas neamhshrianta, ach, thairis sin, bhí féith na pisreogachta inti. Chuir sí suim ins gach cineál asarlaíochta, agus mar sin, fuair gach seort doilfeoirí, draíodóirí, réadóirí agus rúndiamhróirí tionchar nach beag ar chúrsaí na cúirte is na Rúise féin.
Bhí an Rúis ag teacht i seilbh ghabháltais i ndiaidh gabháltais ins na críocha thoir leis na cianta cairbreacha anuas, agus lean Nioclás leis ag iarraidh cumhacht na Rúise a shíneadh amach ins an tSín, go háithrid ins an Mhancúir, an cúige in ascaill na Rúise idir an Chóiré, an Mhongóil agus an tSín. B'as an tír seo a tháinig sinsir an rítheaghlaigh dheireanaigh a bhí ag rialú in Beijing, ach faoin am seo, bhí na Mancúirigh go léir in éis dul le cultúr na Síne, an teanga ins an áireamh. (An dornán de Mhancúirigh a mhaireann inniu ag labhairt a seanteanga sa tSín, níl cónaí orthu in aon ghaobhair do thír dhúchais a sinsear. Is sliocht sleachta iad don choilíneacht a bhunaigh an chéad Impire de phór na Mancúire in aice le teorainn a ríochta, le súil a choinneáil ar na naimhde. Xibe a thugtar ar an náisiúntacht seo sa tSín inniu.) Mar sin féin, dealraíonn sé go raibh sé de rún ag na Rúisigh, chomh maith leis na Seapánaigh, an Mhancúir a fhorghabháil agus a choilíniú ar an tsiocair nár leis an tSín í ó thús.
Cogadh na Rúise is na Seapáine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a shealbhaigh saighdiúirí na Rúise Port Artúir, cuanchathair in aice leis an gCóiré, sa bhliain 1898, chuir siad an-mhíshástacht ar na Seapánaigh, a bhí buartha go raibh siad lena dtionchar ar an gCóiré a chailleadh. Ní raibh aon mhoill orthu téisclim a dhéanamh chun cogaidh; agus i Mí Fheabhra den bhliain 1904, d'ionsaigh siad Port Artúir le garastún na Rúiseach a ruaigeadh as an áit. D'éirigh leo an chuid is mó de loingeas cogaidh na Rúise a scrios, agus bhí na Rúisigh sách mall ag tabhairt freagra. Ní raibh an t-ádh orthu ina dhiaidh sin, ach an oiread. Thuirsigh maidhm i ndiaidh maidhme iad, agus nuair a tháinig cabhlach cogaidh na Bailte ó Chathair Pheadair thart ar an Afraic go dtí an Cian-Oirthear le fortacht a thabhairt do na díormaí Rúiseacha ansin, d'ullmhaigh an t-aimiréal Seapánach Heihachiro Togo luíochán roimh na Rúisigh. Nuair a nocht na longa Seapánacha óna bhfolacháin, fágadh an cabhlach Rúiseach i ngaiste, agus chuaigh an chuid ba mhó acu i dtóin an phoill i gCaolas Chisima idir an Chóiré agus an tSeapáin i lár Mhí Bhealtaine den bhliain 1905. Ní tháinig ach sé long chogaidh slán as an teagmháil, agus acu sin féin, b'éigean do thrí long sábháilteacht a lorg i gcuan cogaidh na Meiriceánach i Manila. Ó bhí na Meiriceánaigh neodrach sa chogadh seo, rinne siad na longa agus a gcuid crú a imtheorannú sa chuan - is é sin, choinnigh siad istigh ansin iad go dtí go raibh an cogadh thart.
B'iad na Seapánaigh a ghnóthaigh an cath agus an cogadh, mar sin. Siúd is gur láimhsigh an tAimiréal Togo an cath go snoite, b'é ba phríomhchúis leis an rath ná go raibh na Seapánaigh i bhfad chun tosaigh ar na Rúisigh i gcúrsaí teicneolaíochta, a fhad is a bhí na longa cogaidh i gceist. Bhí a gcuid long ní ba luaithe, agus a gcuid gunnaí ní b'fhearr, chomh maith.
Bhí cosmhuintir na Rúise den bharúil gurbh iad na huaisle is na hoifigigh ba chiontaí leis an dóigh ar briseadh an cath ar a dtír. Mar sin, d'éirigh ina cheannairc ar fud na Rúise.
Réamhchleachtadh na Réabhlóide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gnách inniu "réamhchleachtadh na réabhlóide" a thabhairt ar imeachtaí na bliana 1905. Thosaigh na trioblóidí i bhfad roimh dhíomua deifnídeach Chisima, chomh fada siar le Mí Eanáir den bhliain chéanna. Ar an naoú lá den mhí, cóiríodh mórshiúl os coinne an Pháláis Gheimhridh i gCathair Pheadair le héilimh an lucht oibre a chur in iúl do Nioclás. Léirsiú dílseachtúil dlitheanach a bhí i gceist, gan bhlas ar bith den réabhlóideachas. B'é an t-eaglaiseach Ceartchreidmheach, Grigoriy (nó Geoirgiy, de réir foinsí eile) Gapon a bhí i gceannas ar na léirsitheoirí. Fear a bhí ann nach raibh ródhoirte do réabhlóidithe na heite cle ar aon nós, ná iadsan dó féin. Nó chreid sé go hionraic, go saonta fiú, go raibh an tImpire toilteanach cluais uasal éisteachta a chromadh ar an gcosmhuintir ach deis a bheith acusan a gcás a mhíniú dá Mhórgacht, beag beann ar na hairí, na státseirbhísigh agus na comhairleoirí cranraithe croíchruaite idir é agus iadsan. An cineál "ceardchumann" a bhí bunaithe ag Gapon, bhí diansúil ag rúnseirbhís an tSáir air, agus a chaoinchead sin acu ó Ghapon faoi chroí mhór mhaith - theastaigh uaidh a thaispeáint nach raibh a dhath le ceilt ag lucht an chumainn. Ní raibh d'airm ag na léirsitheoirí ach dealbha naofa agus pictiúirí den tSár féin. "An balla atá idir tusa agus do chuid géillsineach, a Dheaidí, bris síos é", a d'iarr Gapon ar an Impire.
Ní raibh an tImpire ar fáil leis an achainí a chluinstint. A mhalairt ar fad. A thúisce is a chuala sé an chéad iomrá ar an mórshiúl agóide a bhí ar na bacáin ag Gapón, d'éalaigh sé ón bPálás Geimhridh, gan ach na saighdiúirí a fhágáil ina ndiaidh lena bhfáilte féin a fhearadh roimh na léirsitheoirí, rud a rinne siad lena gcuid raidhfilí. Nuair a chonacthas dóibh go raibh cuma bhagarthach ag teacht ar na léirsitheoirí, thosaigh siad a scaoileadh urchair leo le scaipeadh a chur iontu.
Doirteadh uafásach fola a bhí ann - "Domhnach na Fola" a thugtar ar an lá sin in annálacha na staire inniu. Fágadh na céadta sínte marbh ar fud na háite, báite ina gcuid fola, idir fhir, mhná agus pháistí. Fáisceadh an t-anam as cuid mhaith eile sa tranglam. An sagart macánta a chuir tús leis an léirsiú, Gapón, d'éirigh leis teacht slán as an gcosair easair seo, ach ní raibh aon mhuinín aige as an Sár a thuilleadh. "An fhuil a dhoirt tú, a mhurdaróir, bí cinnte go mbáfaidh sí thú i ndeireadh na dála!" - sin í an teachtaireacht a bhí ag an ngéillsineach dílis seo don Impire anois. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach ina dhiaidh sin, tháinig tairngreacht Ghapon isteach fíor.
Ní raibh na daoine comhaimseartha i dtaithí an chineál seo brúidiúlachta, nó ní raibh ionsaithe gáis an Chéad Chogadh Domhanda, sluachampaí géibhinn Stailín agus Hitler, seomraí gáis na Naitsithe ná na mionchogaí i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda feicthe acu go fóill. Bhain na himeachtaí seo stangadh as na Rúisigh ar fad, gan trácht ar mhuintir na dtíortha coimhthíocha, agus thosaigh síocháin phoiblí na tíre ag titim as a chéile. Phléasc scliúchais agus círéibeacha amach anseo agus ansiúd, agus an lucht oibre ag dul ar stailc in áiteanna. Le teacht an Earraigh, chonaic an tImpire a údarás féin ag leá ar aon luas le sneachta an gheimhridh.
Ba dual don Impire anois dul i muinín an tseanleigheasra ghinearálta - na saighdiúirí. B'é oighear an scéil, áfach, go raibh mórchuid na saighdiúirí i bhfad i gcéin - ag cur cogaidh ar na Seapánaigh! Mar sin, ní raibh an lámh láidir ar fáil don Impire le himirt ar an gcosmhuintir.
Ní raibh aon chúl ar na scológa bochta sásamh a gcruacháis a bhaint as na tiarnaí talún. Chuaigh baiclí de scológa ag creachadh tithe móra maisithe na n-uasal, d'fhoscail siad doirse na stóras, agus roinn siad eatarthu féin an t-arbhar a fuair siad ansin.
Ní raibh de rogha ag an Sár ach dul i muinín Sergey Witte, iar-Aire Airgeadais a rinne gal is gaisce ag cur caoi ar chúrsaí geilleagair na tíre roimhe seo. Bhí roinnt blianta caite i leataobh ag Witte faoin am seo, nó bhí sé ró-neamhspleách ar an Impire, agus ba dual dó a bharúil a labhairt amach go neamhbhalbh, rud nár thaitin leis an anlaith nach raibh súil aige ach le lútáil is le lústar, le plámás agus le slusaíocht. Mar sin, b'fhearr leis an Impire fabhrú d'Aire na nGnóthaí Inmheánacha, Vyacheslav von Plehwe, a bhíodh ag moladh na láimhe láidre mar leigheas ar gach aon ghalar a d'fhéadfadh an tsochaí a bhualadh. Bhí von Plehwe ar shlí na fírinne anois, áfach. Dúnmharaíodh é, agus ba mhaith an airí air é, dar lena lán.
D'iarr an tImpire ar Witte anois go gcuirfeadh sé síocháin agus sonas ar bun sa tír arís, a fhad is a thiocfadh leis. Ó tharla gur fear beartach éirimiúil a bhí ann, chrom sé, mar Witte, ar an obair ar áit na mbonn. Thar aon rud eile, chuaigh sé go Portsmouth sna Stáit Aontaithe leis an tsíocháin a shocrú leis na Seapánaigh. B'é Theodore Roosevelt, Uachtarán na Stát Aontaithe, a bhí ina eadarghabhálaí idir an dá namhaid, agus b'eisean a thairg an áit seo dóibh faoi choinne na gcomhchainteanna.
An chomha a chuir na Seapánaigh os coinne Witte, bhí sí as compás ar fad. Bhí siad ag éileamh thailte Cian-Oirthearacha na Rúise ar fad in éiric an chogaidh, gan aon trácht a dhéanamh ar an airgead a bhí ag teastáil uathu. D'fhan Witte dian diúltach, agus sa deireadh thiar thall ghéill na Seapánaigh dó. Ní bhfuair siad ach an taobh thuaidh d'oileán Sachailín agus an chuanchathair úd Port Artúir. Bhí na Rúisigh sásta, áfach, suim áirithe airgid a íoc leis na Seapánaigh mar luach fuascailte na gcimí cogaidh. I bhfianaise an dóigh ar briseadh an cath ar na Rúisigh, d'éirigh go sármhaith le Witte cúis a thíre a chosaint ag bord na gcomhchainteanna.
Ag filleadh abhaile ó Phortsmouth dó, fuair Witte an tír ar fad ina cíor thuathail roimhe ag an ollstailc. Bhí sé meáite ar pharlaimint agus bunreacht a thabhairt don Rúis, i gcruth is go bhfaigheadh cuid de na radacaigh a mian, agus go bhféadfaí iad a tharraingt isteach i rialú na tíre agus cuidiú a fháil uathu feasta leis an tír a phóilíniú is a fhorbairt.
Ó bhí na ceannairceoirí ag tuirsiú cheana féin, agus iad in éagmhais comhchuspóirí cibé, d'éirigh le Witte iad a chloí, go háirithe nuair a thug cuid mhaith acu creidiúint dá gheallúintí faoin monarcacht bhunreachtúil le parlaimint agus cead cainte do chách. Nuair a bhí cúrsaí na tíre ag ciúnú síos arís, thoisigh na Rúisigh á n-eagrú féin ina bpáirtithe polaitiúla.
Saol Polaitiúil ag Forbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iad siúd a bhí ag léiriú tacaíocht don mhonarcacht mheasartha a bhí geallta ag Witte, bhunaigh siad Aontas Mhí Dheireadh Fómhair, ós rud é gurb i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1905 a thug Witte uaidh an forógra leis na geallúintí. Na liobrálaigh níos radacaí, áfach, tháinig siadsan le chéile i bPáirtí na nDaonlathaithe Bunreachtúla, nó na Cáidéataigh - Кадеты/Kadety (КД/KD, Ка-Де/Ka-De, Конституционные Демократы/Konstitutsionnye Demokraty as Rúisis). Bhí na Cáidéataigh ag éileamh parlaiminteachas iomlán, agus iad den bharúil go gcaithfeadh airí an Rialtais a bheith freagrach don pharlaimint amháin - go bunúsach, is é an rud a bhí de dhíobháil uathu ná poblacht, nó monarcacht den chineál dheasghnáthúil, nach bhfágfadh cumhacht ar bith ag an Impire. Ón taobh eile de, bhunaigh an eite dheis radacach eagraíochtaí polaitiúla chomh maith, ar nós Aontas Naomh Míchíl nó Aontas Mhuintir na Rúise, agus baill na n-aontas seo go minic ag spreagadh trioblóide trí Ghiúdaigh agus liobrálaigh a ghéarleanúint agus a fheallmharú. Ní raibh na póilíní ná an tImpire féin rófhonnmhar radacaigh na heite deise a smachtú, siúd is go raibh siad ag tarraingt calláin agus ag déanamh dochair is damáiste do shíocháin phoiblí na tíre, lán chomh dona leis an gcuid ba mheasa de na Sóisialaithe.
Príomhlocht Niocláis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déanta na fírinne, is anseo a fheicimid cad é a bhí cearr faoi Nioclás a Dó mar Impire. Ní raibh sé sásta na leasuithe riachtanacha a chur i gcrích ach amháin ar an nóiméad deireanach, le hiarsmaí a údaráis a shábháil. Agus ansin féin, ní raibh an tImpire ábalta cloí leis na rialacha úra a bhí leagtha amach ag Witte lena chaoinchead-san. Bhí Nioclás ag iarraidh an craiceann is a luach a choinneáil aige féin, nuair b'fhearr dó "ár dtubaiste leis" a rá agus a údarás féin a chur i bhfeidhm de réir an chórais nua.
An Chéad Dúma
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghnóthaigh fórsaí an fhreasúra an chéad olltoghchán sa bhliain 1906, agus na Cáidéataigh ar an dream ba mhó sa pharlaimint úrbhunaithe - an Dúma. Bhí an tImpire agus a chuid comhairleoirí chomh páistiúil is a shíl siad gurbh iad na scológa crann taca an Impire. Nó bhí na smaointeoirí Slavaifíleacha ag áitiú nach raibh i gceist le héilimh na liobrálach ach smaointeachas coimhthíoch nach mbacfadh na scológa leis choíche, agus an urraim agus an dílseacht don Impire a bhí ina ndúchas. Tháinig sé aniar aduaidh ar an Impire ar fad chomh mícheart agus a bhí sé ag measúnú mheon na scológ. Nó chaith siad a gcuid vótaí i bhfách lena n-iarrthóirí féin, agus na feisirí a tháinig as measc na scológ, bhí cuid mhór acu chomh radacach is gur sháraigh a gcuid éileamh na Sóisialaithe féin.
Stolypin ina Phríomh-Aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh an tImpire sásta comhoibriú leis an chéad Dúma. Chuir sé Pyotr Stolypin, fear mór na láimhe láidre, in áit Witte mar Phríomh-Aire, agus thosaigh na trioblóidí arís. Scoir Stolypin an Dúma, agus níor dhruid sé siar ón raidhfil ná ón gcroch mar chógaisí ar mhíshuaimhneas an phobail. Thairis sin, bhí sé chomh dúthrachtach ag díbirt daoine go dtí an tSibéir is go dtugadh na cimí i bhfad i ndiaidh a lae féin "stolypinka" ar an chineál vaigíní iarnróid a d'úsáidtí leis na príosúnaigh a thabhairt go dtí críocha fuara an Oirthir.
Lena cheart a thabhairt don Phríomh-Aire seo, thuig sé nár leor an foréigean is an tíorántacht leis an tír a chur ar bhealach a leasa. D'aithin sé cúiseanna na míshástachta, go háirithe an talamh a bhí de dhíobháil ar na scológa, agus d'fhéach sé leis na scológa a iompú ina bhfeirmeoirí beaga neamhspleácha le leasuithe dlí agus le lacáiste cíosa. Níor mhaolaigh sé ar thíorántacht na bpóilíní, áfach, nó bhí sé géarbharúlach go raibh fiche éigin bliain de dhíth le go rachadh na leasuithe i gcion i gceart, agus idir an dá linn, ní fhéadfaí ach an tsíocháin a choimeád le lámh láidir. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda leis na leasuithe seo a stopadh i gceann ocht mbliana, agus mar sin, is deacair a rá, an raibh aon rud fónta déanta ag an bPríomh-Aire leis na hiarrachtaí seo. Is fíor gur spreag scéim Stolypin eacnamaíocht na tíre go léir, ach d'fhan na sluaite síoraí de scológa gan spleotáiníní talún dá gcuid féin.
An Dara Dúma
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1907, vótáladh an darna Dúma isteach, ach níor chiúnaigh saol stoirmiúil an pharlaiminteachais Rúisigh síos, ná geall leis. Le linn sheisiúin na parlaiminte, bhí na Sóisialaithe go hoscailte ag déanamh bolscaireacht réabhlóideach. Bhí a fhios acu go gcaithfeadh na scríobhaithe gach focal a bhreacadh síos agus go bhfoilseodh clólann an Stáit na miontuairiscí. Nuair a chuala Nioclás feisirí de chuid an Dúma seo ag cáineadh an dóigh a raibh an rialtas ag riar ar na fórsaí armtha, scoir sé an Dúma seo chomh maith leis an chéad cheann. Ina dhiaidh sin, d'ordaigh sé do Stolypin leas a bhaint as a chuid cumhachtaí éigeandála lena chinntiú nach dtiocfadh an iomarca radacaigh ar an Dúma sa chéad olltoghchán eile. Mar sin, d'athraigh Stolypin an reachtaíocht as a stuaim féin agus d'fhéach sé chuige go mbeadh an chéad Dúma eile ní ba choimeádaí.
An Tríú Dúma
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an tríú Dúma ag obair sna blianta 1907-1912, agus ó bhí sé ní ba mheasartha i dtaobh na polaitíochta de, níor scoir an tImpire é sula raibh a théarma caite. Bhí an Dúma seo ábalta leasuithe tábhachtacha sochúla a chur i gcrích. Mar shampla, leag sé amach scéim árachais náisiúnta - cineál leas sóisialta - do lucht oibre na tionsclaíochta. Ní hionann sin is a rá, áfach, nach mbeadh an tImpire agus a chuid comhairleoirí ag iarraidh dochar a dhéanamh don Dúma seo.
Bás Stolypin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go gairid roimh dheireadh théarma an tríú Dúma, dúnmharaíodh an Príomh-Aire Stolypin. Bhí sé ag iarraidh na scológa a iompú ina bhfeirmeoirí neamhspleácha, agus é ag déanamh go gcruthódh sé aicme nua faoin tuath a bheadh dílis don tSár. Níor éirigh leis an scéim go rómhaith, áfach. Níor theastaigh ó na scológa bheith neamhspleách, ach an talamh a bheith ag an bpobal áitiúil i gcomhar, mar ba nós sa Rúis.
Cibé scéal é, bhí an dá eite pholaitiúla míshásta le Stolypin, nó bhí an eite chlé den tuairim go raibh a chuid leasuithe sóisialta ag teacht rómhall ar aghaidh, agus an eite dheis géarbharúlach nach raibh gá le leasuithe ar bith, ach a ghlanmhalairt. An fear a mharaigh an Príomh-Aire, - Dmitriy Bogrov ab ainm dó, - bhí sé ina ghníomhaire rúnda ag radacaigh na heite clé agus ag péas rúnda an tSáir araon, agus ní bhfuarthas amach riamh cé acu na radacaigh nó na frithghníomhaithe a spreag chun an ghnímh seo é. Básaíodh Bogrov deich lá i ndiaidh an ionsaí a rinne sé ar Stolypin, agus níor cheadaigh an tImpire do na péas an scéal a fhiosrú go bonn, ó bhí eagla air go gciontófaí daoine de lucht a dhlúthaitheantais féin.
B'é an tAire Airgeadais Vladimir Kokovtsov a fuair an Phríomh-Aireacht i ndiaidh Stolypin. Fear cúramach éirimiúil a bhí ann agus é dílis don tSár, ach ní raibh seans aige riamh a fheabhas a chruthú, ó bhí faicseanaíocht inmheánach na cúirte ní ba thábhachtaí don chuid ba mhó de lucht an rialtais ná feabhas na hoibre.