Marsantachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Foirceadal eacnamaíochta é an marsantachas atá bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil sé riachtanach smacht an stáit a chur i bhfeidhm ar an trádáil leis na tíortha iasachta le slándáil mhíleata agus eacnamúil an stáit a chinntiú. Cuireann an marsantachas béim ar leith ar chomhardú na trádála a bheith ag fabhrú do do stát féin, seachas na tíortha coimhthíocha. Is minic a tharraing an marsantachas cogadh idir tíortha éagsúla Eorpacha, agus ba iad na modhanna oibre a bhí ag na stáit le polasaithe marsantachais a chur i bhfeidhm ná dleachtaí arda custaim agus monaplachtaí - go bunúsach bhí gach stát ag iarraidh a chosc ar a mhuintir féin trádáil a dhéanamh le muintir na stát eile. Bhí an marsantachas faoi lántseoil ón séú haois déag go dtí an ochtú haois déag. Sa naoú haois déag, áfach, thosaigh na stáit ag éirí as, agus smaointeachas na saorthrádála ag dul chun cinn.

Glactar leis gurbh é an trádálaí Sasanach Thomas Mun (1571-1641) an chéad scríbhneoir tábhachtach a chuir chun cinn an smaointeoireacht mharsantach, go háirithe sa saothar iarbháis úd Treasure by Foreign Trade, nár tháinig i gcló ach sna 1660idí, áfach: an chuid ba mhó den litríocht mharsantach foilsíodh sna 1620idí i Sasana í. Ba é an saothar tábhachtach ba dheireanaí de litríocht an mharsantachais ná Principles of Political Economy le James Steuart ón mbliain 1767. Bhí ceisteanna an mharsantachais á bplé ag scríbhneoirí agus eacnamaithe i dtíortha eile freisin, cosúil le Giovanni Botero agus Antonio Serra san Iodáil nó Jean Bodin agus Jean-Baptiste Colbert san Fhrainc.