Aleksandr Herzen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAleksandr Herzen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ru) Александр Иванович Герцен
25 Márta 1812 (Iúlach)
Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Eanáir 1870 (Iúlach)
57 bliana d'aois
Páras (an Fhrainc)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaReilig Père-Lachaise (1870–1870)
Cimetière du Château (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Physics and Mathematics of Moscow Imperial University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, polaitíocht, litríocht agus iriseoireacht tuairimíochta
Gairmfealsamh, iriseoir tuairime, oideolaí, polaiteoir, múinteoir, scríbhneoir próis, dírbheathaisnéisí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir, iriseoir, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPrós, iriseoireacht tuairimíochta agus léirmheastóireacht liteartha
Ainm cleiteIskander Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileNatalya Zakharyina (1838–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAleksandr Aleksandrovich Herzen, Natalie Herzen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIvan Yakovlev
Duine muintearthaNatalya Zakharyina (female first cousin (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0381260 iTunes: 512796945 Find a Grave: 35310735 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus réabhlóidí Rúiseach sa naoú haois déag ab ea Aleksandr Ivanovich Herzen, nó Gertsen (Rúisis: Алекса́ндр Ива́нович Ге́рцен). Saolaíodh ar an séú lá de Mhí Aibreán 1812 i Moscó é, agus fuair sé bás ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1870 i bPáras. Glactar leis gurbh eisean a thug an chéad spreagadh intleachtúil don tSóisialachas sa Rúis, agus gurbh é a thionchar indíreach ba chúis leis gur saoradh seirfigh na Rúise ó bhráca sa bhliain 1861. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ar deoraíocht, go háirithe i Sasana, agus é ag foilsiú na hirise Kolokol ("An Clog"). Ar a dhírbheathaisnéis is fearr a aithníonn lucht léite na Rúisise inniu é, áfach. Chuir sé imeachtaí a shaoil chorraigh i míotar i dtrí imleabhar móra faoin teideal Былое и думы/Byloye i dumy, is é sin, "Cuimhní cinn agus smaointe", a áirítear ar chlasaicigh na teanga, agus í ar an dírbheathaisnéis is tábhachtaí i stair liteartha na Rúise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aleksandr Herzen