Jump to content

Múinteoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmMúinteoir
Cineál fostaíochta
oideoir, school staff (en) Aistrigh agus acadóir
Réimse oibre
múineadh agus oideachas

Is éard is múinteoir (ar a dtugtar múinteoir scoile freisin, nó, i roinnt comhthéacsanna, oideoir) ann ná duine a chuidíonn le mic léinn eolas nó inniúlacht a fháil.

Go neamhfhoirmiúil, féadfaidh duine ar bith ról an mhúinteora a ghlacadh (mar sh. nuair a thaispeánann sé/sí do chomhghleacaí conas tasc faoi leith a dhéanamh). I roinnt tíortha, féadtar daoine óga in aois scoile a theagasc i suíomh neamhfhoirmiúil, mar shampla laistigh den teaghlach (scolaíocht bhaile), seachas i suíomh foirmiúil mar scoil nó coláiste. D’fhéadfadh go mbeadh méid suntasach teagaisc i gceist le roinnt gairmeacha eile (e.g. oibrí óige, sagart).

Coinníollacha oibre

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na coinníollacha oibre sách crua uaireanta. Tá leibhéil arda struis agus traochadh i measc múinteoirí, dar le taighde ó OIlscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2025, agus cuir leis sin, an t-ualach riaracháin, an curaclaim, uaireanta fad oibre agus easpa tacaíochtaí córasacha. Dar leis an taighde, deir 86% de mhúinteoirí go bhfuil idir leibhéal measartha agus ard traochadh pearsanta orthu, deir 85% go bhfuil idir leibhéal measartha agus ard traochadh oibre orthu, agus deir 85% freisin gur chuir an t-ualach oibre go díreach leis an traochadh atá orthu.[1]

Sa bhliain 2024, dúirt cigirí na Roinne Oideachais nach raibh dóthain líofachta sa Ghaeilge ag go leor múinteoirí in Éirinn chun curaclam teanga na bunscoile a chur i bhfeidhm mar is cóir. De réir thuarascáil na gcigirí bhí éagsúlacht ó thaobh chaighdeán Gaeilge na múinteoirí i scoileanna Béarla “go háirithe i ndáil le cruinneas gramadaí, fuaimniú agus líofacht. Cé gur léirigh formhór na múinteoirí dea-chaighdeán Gaeilge labhartha le linn cigireachtaí ar an nGaeilge, chuaigh sé dian ar roinnt múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go héifeachtach.[2]