Sóisialachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An sóisialachas)
Bosca Sonraí EagraíochtaSóisialachas
Sonraí
Cineálidé-eolaíocht pholaitiúil
social formation (en) Aistrigh
córas eacnamaíochta
gluaiseacht shóisialta Cuir in eagar ar Wikidata

Is fealsúnacht pholaitiúil í an sóisialachas. Creideann sóisialaithe gurb cheart don tsochaí go léir an eacnamaíocht a stiúradh go díreach trí na hoibrithe nó go hindíreach tríd an rialtas. Tá easaontas go minic idir sóisialiathe maidir le saghas an tsóisialachais le cur i bhfeidhm. Is saghsanna difriúla an tsóisialachais iad an daonlathas sóisialta agus marxach-leninach.

Tá barúlacha difriúla ann maidir le ciall an tsóisialachais. Creideann a lán sóisialaithe gur cheart do thionscail mhóra a bheith leis an rialtas. Creideann daoine eile gur cheart do chomhlachtaí a bheith le hoibrithe. Dar le daoine eile ba cheart don phobal a bheith ionann faoi chaipitleachas leasaithe.

Síleann bunús na ndaoine a chuireann "sóisialaithe" orthu féin nach córas daonlathach atá sa chaipitleachas. Molann siad sórt "daonlathas an phobail" ina gcinneann na hoibrithe cad a tháirgeadh agus conas é a dháileadh. Is minic go n-áitíonn criticeoirí an tsóisialachais gur deachtóireachtaí brúidiúla atá i roinnt tíortha sóisialacha in ainm agus gur maraíodh a lán daoine ann, agus gur cheart córas sóisialach a sheachaint dá bharr sin. Freagraíonn bunús na sóisialaithe nach raibh na deachtóireachtaí seo sóisialach go fíor nó gur chuir siad polasaithe sóisialacha go holc i bhfeidhm.

In Éirinn bíonn: Partai na h-Oibrithre Sóisialach [1], Partai Sóisialach [2], agus Partai na h-Oibrithe

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.swp.ie
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-14. Dáta rochtana: 2008-01-30.