Fealsúnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá san fhealsúnacht iarracht ar dhul amach ar an saol agus brí a bhaint as trí réasúnaíocht agus trí dhíospóireacht. Ní hionann an tuiscint atá ag fealsúna ar an saol i ngach aois, ach is gnách leis na scoileanna fealsúnacha is déanaí feidhm a bhaint as a ndúirt na scoileanna a tháinig rompu, fiú más le fonn sáraíochta é. Tagann an focal Gaelach ó fhocal Sean-Ghréigise, "φιλοσοφια" ("philosophia"), a chiallaíonn "grá an eolais", agus ba iad na Gréagaigh (Sócraitéas agus Eipiciúras, mar shampla) a bhunaigh traidisiún na fealsúnachta in Iarthar Eorpa.

Fealsamh a thugtar ar dhuine a bhíonn ag plé le fealsúnacht, ach is iomaí dearcadh agus modh anailísithe a d'fhéadfadh a bheith ag fealsúna an lae inniu.

Platón (ar thaobh na láimhe clé) and Arastotail (ar thaobh na láimhe deise): cuid de "Scoil na hAithine". Raffaello Sanzio (1509) a rinne.

Nádúr na Fealsúnachta[athraigh | edit source]

D'fhéadfadh an fhealsúnacht í féin a chur in iúl ar thrí shlí:

  • mar léiriú cuimsitheach
  • mar mhachnamh ar an saol agus ar eiseadh an duine
  • mar cheistiú.

Pé aidhm a bheadh ag an bhfealsamh – breith ar an bhfírinne, an maitheas nó an áilleacht a thuiscint – ní foláir dó dianmhachnamh a dhéanamh agus a chuid barúlacha a chur i gcomórtas le barúlacha daoine eile.

Níl ábhar machnaimh ar leith ag an bhfealsúnacht, murab ionann is na heolaíochtaí daonna, na heolaíochtaí nádúrtha agus na heolaíochtaí foirmiúla, disciplíní a bhfuil dlúthbhaint ag an bhfealsúnacht leo.

Tá gaol ag an bhfealsúnacht leis an loighic, leis an eitic, leis an meitifisic, le teoiric an eolais agus eile. Nascadh na brainsí bunúsacha úd le disciplíní eile - fealsúnacht na n-eolaíochtaí, fealsúnacht na hintleachta, an antrapeolaíocht fhealsúnach, an aestéitic, fealsúnacht an dlí agus fealsúnacht na teanga.

Modhanna Fealsúnachta[athraigh | edit source]

Chun comharthaí sóirt na fealsúnachta a aithint, ní mór a thuiscint céard iad na modhanna agus na prionsabail nach mbaineann léi.

Ní dual don fhealsúnacht an modh trialach, rud a dhealaíonn amach ón bhfisic nó ón mbitheolaíocht í. Ba dhóigh le fealsúna áirithe, ar nós Kant agus Wittgenstein, gur cuid dhílis den fhealsúnacht an easpa trialach seo.

Is beag aird a thugann an fhealsúnacht ar na fíricí iontu féin, cé nach ionann sin is a rá nach gcuireann sí bunfhíricí áirithe san áireamh. Ní úsáidtear siombailí foirmiúla, cé go raibh fonn ar Leibniz fadhbanna fealsúnacha a fhuascailt le loighic éigin uilíoch. Fiú má bhaineann an fhealsúnacht anailíseach feidhm as an loighic mhatamaiticiúil, is trí theanga nádúrtha a chuireann sí í féin in iúl.

Fágann sin gur de réir airíonna eile atá an fhealsúnacht le sainmhíniú. De réir sainmhíniú áirithe atá in úsáid faoi láthair, is criticeas í an fhealsúnacht. Ní sainmhíniú diúltach ar fad é, ós áil leis an bhfealsamh dearbhuithe nua a chumadh, eolas neamhchruinn a cheartú, míthuiscintí coitianta a shoiléiriú agus earráidí na fealsúnachta féin a chealú. Sa ré nua-aoiseach is é Descartes is fearr a sheasann don dearcadh sin i leith na fealsúnachta, agus barúil aige nach mbíonn eolas gan amhras.

Deirtear gurb é gnó na fealsúnachta coincheapa a chumadh le dul amach ar an réaltacht, rudai a shoiléiriú agus a mhionscrúdú, agus débhríochtaí na gcoincheap a scagadh. Is fada eolas ag fealsúna ar na fadhbanna a bhaineann le débhríochtaí teanga, fadhbanna a bhfuil an fhealsúnacht anailíseach sáite iontu.

Fadhbanna agus Modhanna[athraigh | edit source]

Caithfidh an fhealsúnacht féin a shocrú cén teorainn atá idir modhanna agus ábhar, cé go bhfuil dlúthcheangal eatarthu. Bíonn an fhealsúnacht ag filleadh uirthi féin, ag dul amach uirthi féin, nó, lena rá níos cruinne, ag scrúdú na modhanna eolais uile (tuairimí, an ealaín, smaointe eolaíocha agus eile) go réasúnach.

Fágann sin gur disciplín déaduchtach agus intleachtúil í an fhealsúnacht nach bhfuil i dtuilleamaí iomfheasa ná tuairimí suibíochtúla. Is í an fhealsúnach toil na réasúnaíochta ón uair a scar na réamhShocraitéasaigh leis an dearcadh reiligiúnda. Riamh ó shin tá na fealsúna tugtha don tsoiléire agus don chruinneas, rud nár bhac ar fhealsúnacht an lae inniu an réasún féin a dhianscrúdú: Nietzsche, Heidegger agus Adorno.

An Modh Ann Féin[athraigh | edit source]

Is éard atá sa Mhodh treoracha áirithe a theastaíonn chun gníomh a chur i gcrích – feidhmiú casta comhchoitianta, b’fhéidir, dála pobal a rialú nó fadhb theoiriciúil a fhuascailt. Ó thaobh na staire de, ní féidir ceist an mhodha a scaradh ó cheist an deimhnithe sa mhachnamh. Is dóigh le Sócraitéas go gcaithfear cloí le rialacha áirithe agus eolas á lorg mar a dhéantar i ngach ceird eile. Tá ceangal idir an t-eolas agus an dóigh a dtagtar ar an eolas. Is ceart d'fhealsúna earráidí a sheachaint agus smaointe á scagadh, go háirithe earráidí a bhaineann le claontuairimí agus le foshuímh.

An Fhealsúnacht mar Nós Beatha[athraigh | edit source]

Is minic a chuimhnítear ar an bhfealsúnacht mar nós beatha seachas mar mheabhrú teoiriciúil. déanann an fealsamh é féin a iompar ar nós áirithe seachas ceisteanna teibí a chíoradh, rud a fhágann go bhfuil tionchar an smaoinimh le haithint ar bheatha an duine. Dá bhrí sin measann fealsúna éigin go gcaithfidh siad daoine eile a chur ar bhealach a leasa. Is féidir cuspóir comhchoiteann agus polaitiúil féin a dhéanamh de nós pearsanta. Féadann fealsamh cuideachta chuí a tharraingt chuige féin.

Ach ní gá go ndéanfadh fealsamh faillí i bhfadhbanna teoiriciúla. An chríonnacht úd (nó lena rá níos beaichte, an sophia) is áil leis an bhfealsamh a bhaint amach, is oilteacht freisin í. Tá a fhios ag an bhfealsamh, de réir an traidisiúin a bhunaigh Sócraitéas, conas a chaithfidh sé é féin a iompar, agus a fhios aige conas údar a chur leis. Iarrann Sócraitéas ar a chomhchainteoirí údar réasúnach a chur lena mbreithiúnas. Féadann an réasúnaíocht riachtanach sin bunús eolaíoch a thabhairt leis an bhfealsúnacht. Ghlac a lán fealsamh de chuid na Sean-Ghréige, ar nós Eipiciúrais, leis an dearcadh seo. Is iomaí fealsamh a shíl nár nós beatha í an fhealsúnacht ach obair intleachtúil: níl aon amhras ná gur mar sin atá an scéal inniu i gcúrsaí léinn agus taighde.

Bás Shócraitéas. Jacques-Louis David (1787) a rinne. Tá Sócraitéas fealsamh ar tí deoch nimhe (muing mhear) a ól.

Fealsúnacht na Meánaoise agus a hOighreacht[athraigh | edit source]

Is í fealsúnacht na Meánaoise bunús an léinn Chríostaí in Iarthar Eorpa. Is amhlaidh gur shealbhaigh scoláirí Críostaí na húdair Ghréagacha, go háirithe Platón agus Arastotail. Sholáthair fealsúnacht Arastotail córas intleachtúil agus flúirse tráchtaireachta, agus aisti a fáisceadh an scolaíochas, scoil ar mhian léi an diagacht agus an fhealsúnacht a chur in oiriúint dá chéile. Trí údair Laidine, trí aistriú ón nGréigis agus trí thráchtaireacht Arabach a rinneadh an t-athshealbhú sin.

Is fiú a chuimhneamh go ndeachaigh fealsúnacht an Iarthair, an fhealsúnacht Ioslamach agus an fhealsúnacht Ghiúdach i bhfeidhm ar a chéile ar feadh na tréimhse seo.

Tréithe na Fealsúnachta Meánaoisí[athraigh | edit source]

Is féidir a rá go raibh dhá thréimhse mhóra ann:

An Ard-Mheánaois (ón 6ú haois go dtí an 10ú haois)[athraigh | edit source]

I rith na tréimhse sin ní raibh in Iarthar Eorpa ach coillte agus páirceanna, mórán. Sna mainistreacha a tháinig an léann chun cinn sna mainstreacha, taobh amuigh de na bailte móra, de réir riail Naomh Beinidict, riail a raibh saothar inleachtúil ceangailte di agus a chuir na manaigh ag trascríobh na seanúdar.

Sna scoileanna manachúla a bhí teacht ar scoth an léinn mheánaoisigh. I leabharlanna na mainistreacha a bhí na príomhúdair Laidine le fáil, cé nach mbíodh ann ach cúpla céad leabhar ar a mhéad. Bhí eolas éigin ar fhealsúnacht na Gréige, mar bhí Platón á aistriú go Laidin agus á léamh. Ní raibh fáil ar shaothar Arastotail fós, lasmuigh den mhéid de a tháinig anuas trí Phloitín, trí Agaistín agus trí Iseadór Sheiville.

Ba é Bede, Sasanach, a bhunaigh, sa 7ú haois, na saorealaíona (septem artes liberales) agus a rinne staidéar ar leith ar an reitric agus ar an dialachtaic, ag leanúint lorg na nGréagach. Bhí Platón á léamh i gcúirt Shéarlais Mhóir, a bhuíochas sin ar scoláirí ar nós Alcuin.

Bhláthaigh saothar na bhfealsúnaithe nuaphlatónacha, dála an Éireannaigh Johannes Scottus Eiriugenus (Eoin a rugadh in Éirinn). Mhairfeadh an scoil sin go dtí an Mheánaois Íochtarach, agus as sin amach mar Agaistíneachas.

Sa seansaol bhí an fhealsúnacht bunaithe ar cheisteanna agus ar fhreagraí, córas dialachtaiceach a bheartaigh Séanan Éilé, fealsamh réamhShocraitéasach. Mheath an córas sin agus roinnt saorealaíon eile in Iarthar Eorpa tar éis ionradh tubaisteach na Lochlannach. D'éirigh leis an manach Gerbert d'Aurillac an léann a athmhúscailt, go háirithe trí fhealsúnacht Arastotail a shaothrú. Thug sé dhá bhliain sa Chatalóin sa chuid deireanach den 10ú haois, i mainistir nárbh fhada ó Bharcelóna, é ag déanamh staidéir ar shaothar Arastotail, ar an matamaitic agus ar an réalteolaíocht, agus ag baint tairbhe as léann na Muslamach, dream a raibh an chuid ba mhó den Spáinn faoi smacht acu. Bhain sé amach Réims na Fraince ansin gur chuir sé an dialachtaic agus an quadrivium (ailgéabar, céimseata, réalteolaíocht, ceol) á múineadh i scoil na hardeaglaise: go háirithe an ailgéabar. Bhí tuiscint an-soiléir aige ar rangú na fealsúnachta. Rinneadh Pápa de faoin ainm Silveastar II.

An Mheánaois Íochtarach (ón 11ú haois go dtí an 15ú haois)[athraigh | edit source]

Chuathas i mbun saothar Arastotail a aistriú arís sa 11ú haois, ach níor eagraíodh an obair i gceart go dtí na blianta idir 1120 agus 1190.

An 11ú haois[athraigh | edit source]

Sa 11ú haois ba mhó ná riamh an tábhacht a bhí leis an dialachtaic i gcúrsaí léinn, rud a d'fhág lucht dialachtaice agus lucht frithdhialachtaice in adharca a chéile. Shíl lucht dialachtaice gurbh fhéidir rúndiamhra na Críostaíochta a mhíniú go réasúnach le loighic Arastotail. Dúirt a naimhde go raibh an dialachtaic i mbaol na rúndiamhra úd a mhilleadh, agus chuir siad rompu an creideamh, údarás na bPápaí agus údarás na gComhairlí a chosaint. Ba é saothar Anselm Chanterbury ba mhó éifeacht sa tréimhse sin agus daoine ag iarraidh léargas a fháil ar an gcaidreamh idir réasún agus creideamh.

An 12ú haois[athraigh | edit source]

Leanadh de shaothrú agus de shaibhriú na dialachtaice sa 12ú haois, obair a shíolraigh an scolaíochas sa 13ú haois. Saothraíodh an loighic agus an ghramadach thuairimeach freisin agus rinneadh uirlisí diagachta díobh (féach Alain de Lille). Sa 12ú haois a buanaíodh argóint na n-uilithe idir na réalaithe agus na n-ainmníoch. Is beag eolas atá againn orthu inniu seachas ar ainmneacha Roscelin de Compiègne agus Guillaume de Champeaux, máistrí Abélard, an t-ainmníoch agus an dialachtaiceach ba mhó. Níorbh é dianchíoradh na loighice an t-aon ghnó intleachtúil amháin a bhí ar siúl sa 12ú haois. Bhí dhá scoil mhanachúla ann:

  • Rinne scoil Chartres, a bhunaigh Gerbert d'Aurillac tríd an scoláire Fulbert, fealsúnacht nádúrtha a bheartú a raibh baint aici le saothrú na n-eolaíochtaí agus na dteicnící agus a chealódh scéim thraidisiúnta an "quadrivium" faoi dheireadh.

Réitigh na scoileanna seo an bealach chun ollscoileanna a bhunú - Bolóin ar dtús, ansin Páras agus Oxford (an ollscoil ab ansa leis na hÉireannaigh).

I ndeireadh an 12ú haois d'aistrigh Anraoi Aristippe Leabhar IV de Mhéitéara Arastotail ó Ghréigis go Laidin, tar éis do Ghearóid Chreimeona Leabhair I-II a aistriú ó Araibis. Chuir Alfred de Shareshal gluaiseanna leis an téacs seo, agus d'aistrigh trí chaibidil "bhreise" ó Araibis - De mineralibus Avicenna (Ibn Sina). Ar an dóigh seo d'fhill an eolaíocht Arastotaileach ar an Iarthar.

Sa tréimhse seo rinneadh teagasc aithreacha na hEaglaise agus na gComhairlí a chur in eagar. Sholáthair Pierre Lombard Liber de Sentencia, saothar a bhí mar bhunábhar ag múinteoirí diagachta go dtí deireadh na Meánaoise. As eagrú sin na diagachta a tháinig achoimrí diaga na haoise dar gcionn.

Sa dara leath den 12ú haois tháinig raidhse aistriúchán amach, ó Toledo tar éis do na Críosatithe an Spáinn a ghabháil, agus ón Iodáil ina dhiaidh sin. Sa tír úd a d' fhoilsigh grúpaí asitritheoirí téacsanna diaganta (cuireadh Laidin ar an gCóran féin) agus eolaíocha (saothair chéimeata agus ailgéabair), agus mórán saothar fealsúnach: Arastotail, Proclas, agus tráchtais le Al-Kindi agus Al-Farabi. D'aistrigh Gondisalvi saothair le hAvicenna, Al-Ghazali agus Salomon Ibn Gabirol. Cé nach raibh na saothair seo go léir ina mbuntéacsanna, chuir siad ar fáil a lán de shaothar Arastotail ón Arabais, ábhar ar cuireadh cuma nuaphlatónach air.

An 13ú haois[athraigh | edit source]

As fealsúnacht Arastotail, mar sin, a d'eascair modh nua fealsúnach: an scolaíochas. Is é an bonn a bhí léi roinnt saothar le hArastotail a bhailigh Tomás Acuineas agus fealsúna eile de chuid Ollscoil Pháras de réir a chéile. Rangaíodh iad ina n-aicmí: loighic, fisic, meitifisic, eitic, polaitíocht, fileatacht. Ach bhí fadhb mhór ag baint le hathshamhlú shaothar iomlán Arastotail sa mhéid nach ndearna sé tagairt ar bith don chreideamh Críostaí. Ach faoi lár na haoise bhí an tArastotaileachas curtha in oiriúint don Chríostaíocht, comhtháthú ollmhór Tómasach nach gcreidfeá ach chomh deacair leis. Ghlac lucht páirte na nDoiminiceach leis gan mhoill ach dhiúltaigh lucht páirte na bProinsiasach dó de ghrá Agaistín, agus ba rogha le daoine eile Avicenna nó Averroës (Ibn Rushd) thar aon údarás eile. Lean imreas intleachtúil nár chríochnaigh nó gur dhamnaigh Easpag Pháras 219 tairiscint de chuid Arastotail agus Avicenna ar chúiseanna nach léir anois. Cuireadh an teagasc Tómasach ar fionraí go dtí an bhliain 1285 agus lucht frithThómasach ag cruinniú nirt go díograiseach. Fáisceadh scoileanna nua as an bhfreasúra sin i dtús an 14ú haois agus iad bunaithe ag máistrí Proinsiasacha: Duns Scottus agus Uilleam ó Occam.

An 14ú haois[athraigh | edit source]

An 15ú haois[athraigh | edit source]

An Ré Nua-Aoiseach (ón 16ú haois go dtí an 21ú haois)[athraigh | edit source]

Ón 16ú haois go dtí an 19ú haois[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1447 scar Ollscoil Lováin teagasc na diagachta ó theagasc na fealsúnachta, rud a bhí ina chomhartha ar dheireadh na fealsúnachta meánaoisí. Mhair na seanscoileanna go fóill ach bhí siad gan fuinneamh, rud ba léir faoin 16ú haois. Sa 17ú haois ba léir nach raibh an scolaíochas in ann an fód a sheasamh i gcoinne an eolais a bhí á bhaint as trialacha fisice; d'fhág scéal Ghalileo go háirithe smál air, agus bhí Descartes an-dian riamh ar a sheanmháistrí agus ar fhealsúnacht Arastotail. In Les Principes de la philosophie, saothar a tháinig amach sa bhliain 1644, .mhol sé go rangófaí an t-eolas mar mheascán fealsúnachta agus eolaíochta.

Bhí an lochtú seo i dteann a réime sa 19ú haois, nuair a d'fhógair Auguste Comte nach raibh suim ar bith aige sa mheitifisic, agus dúil aige i dteoiricí fealsúnacha an 17ú haois agus an 18ú haois (Descartes, Hume, Condorcet). Caitheadh amhras ar dhearfachas Compte féin nuair a tháinig an éipistéimeolaíocht ar an saol.

Idir an dá linn bhí doicheall roimh Arastotail ar dhá chúis:

  • An geolárnachas a bhí mar chuid d'eolas an domhain lena linn, sa 5ú haois BC.
  • A mhíniú ar an ngluaiseacht, míniú a bhain leis an eitic.

Cé is moite de neamhéifeacht éigin i gcúrsaí tástála agus de dhamnuithe éigin nach furasta a thuiscint inniu, chuir fhealsúnacht na meánaoiseanna bonn intleachtúil le sibhialtacht an Iarthair. Chuir sí féin agus sibhialtacht an Ioslamachais machnóirí móra an tSeanreachta (Platón, Arastotail agus eile) ar fáil. Ach níor leor léi an machnamh Gréagach a chur in oiriúint don Chríostaíocht, ós rud é gurbh éigean di a dhéanamh amach cén ceangal a bhí idir réasún agus creideamh. Inniu, ar ndóigh, is deacair glacadh le réiteach na meánaoiseanna – an réasún a chur faoi bhráid an chreidimh agus an fhealsúnacht a fhágáil faoi smacht na diagachta.

Ach thug an fhealsúnacht mheánaoiseach iarracht rathúil ar dhá bhealach machnaimh ó fhoinsí difriúla a thabhairt le chéile, agus is géire a d'iniúch sé nádúr an réasúin agus teorainn na tuisceana ná mar a rinne na Gréagaigh riamh. D’fhéadfaí a rá go raibh toradh an iniúchtha sin róbhriathartha, rótheibí, agus go raibh sé dall ar an tástáil. Mar sin féin, bhí an t-iniúchadh sin (a rinneadh i Laidin fhíortheibí) ar na cúiseanna ba mhó le haontú intleachtúil na hEorpa faoi scáth na Críostaíochta.

An cruthú “ex nihilo,” an tsaoirse mheitifisiceach agus mhorálta, an indibhidiúlacht, an saol atá le teacht, smaointe nárbh eol do na Gréagaigh, tháinig siad isteach san fhealsúnacht agus chlaochlaigh í. D’eascair siad as an Meánaois agus shealbhaigh an machnamh nua-aoiseach, rud a d'fhág a rian orainn go léir, a bheag nó a mhór. Leis an gCríostaíocht a bhaineann na smaointe seo, gan amhras, ach ní léise a bhaineann siad ar fad. Sin é an fáth ar tháinig bláth orthu lastall den scolaíochas, le linn Athbheochan an Léinn agus lenár linn féin. Is fealsúnacht Chríostaí í fealsúnacht na Meánaoiseanna, fiú más scéal conspóideach é sin i gcónaí, agus ní féidir í a scaradh óna haimsir féin.

Fealsúnacht chomhaimseartha (ó c. 1900 i leith)[athraigh | edit source]

Tríd is tríd, disciplín gairmiúil is ea an fhealsúnacht anois agus é á chleachtadh sna hollscoileanna. Cíorann speisialtóirí an t-ábhar le speisaltóirí eile, agus tá méadú as compás tagtha ar na foréimsí. Ní féidir le haon duine amháin dul amach ar an iomlán.[1]

I saol an Bhéarla is í an fhealsúnacht anailíseach a bhí i dtreis ar feadh an chuid is mó den fhichiú haois. Sa chéad chuid den aois ba scoil í a bhí an-chosúil leis an bhposaitíveachas loighciúil, agus barúil aici gurbh fhéidir fadhbanna feasúnacha a fhuascailt trí aird a thabhairt ar loighic agus ar úsáid teanga. Sa dara cuid den aois tháinig a lán tuairimí difriúla i réim agus gan de cheangal eatarthu ach rian an tionchair stairiúil agus aird ar an tsoiléire. Déanann an fhealsúnacht thrialach fadhbanna a athscrúdú le modhanna taighde na heolaíochta sóisialta.

Ní raibh aon scoil ar leith i réim i Mór-Roinn na hEorpa. Thréig lucht an phosaitíveachais loighciúil lár na hEorpa sna tríochaidí agus sna daichidí, agus riamh ó shin tá lorg an léinn dhaonna ar an bhfealsúnacht ann: feiniméineolaíocht, eiseachas, heirméineotaic, teoiric chriticiúil, struchtúrachas agus iarstruchtúrachas.

Ag seo cuid d'fhealsúna móra an fichiú haois:

  • Jacques Derrida, ar tugadh "díthógáil" ar an dianscrúdú a rinne sé ar stair na fealsúnachta.[2]
  • Jürgen Habermas, a d'fhéach leis an teoiric chriticiúil a chur tosaigh mar dhearcadh normatach i leith na réasúnaíochta mar chumarsáid idéalach.[3]
  • Martin Heidegger, a bhain tairbhe as smaointe Kierkegaard, Nietzsche agus Husserl chun ointeolaíocht a phlé i bhfianaise an eiseachais.[4]
  • Edmund Husserl is mó a bhunaigh an fheiniméaneolaíocht, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Heidegger agus ar fhealsúnacht na hEorpa.[5]
  • Bertrand Russell, a rinne obair nua i gcúrsaí loighice agus a chuidigh le fás na fealsúnachta anailísí dá bharr.[6]
  • Ludwig Wittgenstein, a d'fhág rian mór ar an bposaitíveachas loighciúil agus ar fhealsúnacht na gnáthchainte.[7]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Soames, Scott: Philosophical Analysis in the Twentieth Century, iml. 2, lch 463.
  2. Internet Encyclopedia of Philosophy [1].
  3. James Bohman, Stanford Encyclopedia of Philosophy [2].
  4. Raymond Geuss, in Thomas Baldwin (ed.), The Cambridge History of Philosophy 1870-1945 (Cambridge University Press, 2003).
  5. [http://plato.stanford.edu/entries/husserl/
  6. Stanford Encyclopedia of Philosophy, "Bertrand Russell".
  7. Avrum Stroll, Twentieth-Century Analytic Philosophy (Columbia University Press, 2000).

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]