Ba teoiricí, údar, fealsamh, agus ollamh Francach é Michel Foucault. Is duine de bhunaitheoirí iarstruchtúrachais le Jacques Derrida, Gilles Deleuze, Jean-François Lyotard, agus Jean Baudrillard é. Marxach ag an tús, dhiúltaigh sé Marxachas agus rinne sé léirmheas ar chineálacha na nua-aimsearthachta ar fad. Cuimsíonn a shaothair tábhachtacha Histoire de la folie à l'âge classique, Naissance de la clinique, Les Mots et les Choses, L'Archéologie du savoir, Surveiller et punir, agus Histoire de la sexualité. Fuair sé bás le SEIF, an chéad phearsa thábhachtach sa Fhrainc a fháil le SEIF.