Eitic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is brí leis an téarma eitic ná staidéar is measúnú ar iompar daonna ó dhearcadh na moráltachta. Bíonn coincheapa cosúil le coinsias, dualgas, freagracht, caighdeán, rialacha, cuspóirí pearsanta is sóisialta, gairmiúlacht agus a lán eile i gceist. Is iomaí teoiric, cur chuige is uirlis a tairgeadh thar na blianta chun fadhbanna eitice a réiteach: an t-imfhios, an cleachtadh turgnamhach, an t-idéal meitifisiciúil, an stát polaitiúil (nó an cumann gairmiúil), an dlí, an indibhid féin. Cosúil leis an mbeatha i gcoitinne, tagann fadhbanna eitice chun cinn arís is arís eile san eolaíocht is an teicneolaíocht: an eotanóis, an eoiginic, an bochtanas, an gorta, airm núicléacha, airm fhorbartha i gcoitinne, úsáideanna an Idirlín, truailliú an aeir, an uisce is na talún, ídiú foinsí nádúrtha, idirghníomhuithe daonna le hainmhithe, agus a lán lán eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eitic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 246.