Eotanáis

Deireadh 'gan phian' a chur le beatha duine is ea eotanáis, mar ghníomh trócaire chun deireadh a chur le pian ainsealach is fulaingt gan staonadh.
Tá eagraíochtaí i dtíortha áirithe a mholann a leithéid do sheandaoine a bhfuil a ndúil sa bheatha caillte acu de thoradh míchumais nó galair fhorchéimnithigh gan leigheas. Tarlaíonn cásanna féinmharaithe le cabhair dochtúra ó am go chéile, othar le tinneas foirceanta a fhaigheann dáileog mharfach drugaí ó lia.
Is ceist chonspóideach eitice í seo sa mhíochaine agus i gcoitinne. Mar sin féin rinneadh an cleachtas dleathach i stáit áirithe de na Stáit Aontaithe sna 1990idí, agus san Ollainn is an Bheilg, sa bhliain 2002.[2]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Anna Hiatt (2016-01-06). "The History of the Euthanasia Movement | JSTORY Daily" (en-US). JSTOR Daily. Dáta rochtana: 2022-10-20.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eotanáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |