Niall Ó Dónaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Niall Ó Dónaill
Saol
Eolas breithe Loch an Iúir, 1908
Náisiúntacht Éire
Bás Baile Átha Cliath, 1995
Oideachas
Alma mater An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm foclóirí agus teangeolaí
Saolaíodh Niall Ó Dónaill i Loch an Iúir sa bhliain 1908.

Foclóirí, teangeolaí, aistritheoir agus scríbhneoir Gaeilge ab ea Niall Ó Dónaill[1] (27 Lúnasa 1908, Loch an Iúir10 Feabhra 1995, BÁC).[2] Chuir an Dálach[3] in eagar an foclóir mór Gaeilge-Béarla a tháinig i gcló a chéad uair sa bhliain 1977.[4][5][6] Is beag scríbhneoirí na Gaeilge sna 1980idí-2000idí ar fud na cruinne nach raibh foclóir Uí Dhónaill acu – ‘Biobla’ na Gaeilge a bhí ann ar go leor bealaí.[7]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cainteoir dúchais ó Thír Chonaill a bhí ann. In Ailt an Eidhinn in aice le Loch an Iúir, paróiste Anagaire, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 27 Lúnasa 1908. Ba é an duine ba shine de sheisear é.[8]

Trí Bhéarla amháin a cuireadh bunoideachas ar an Dálach i Scoil Loch an Iúir. Thug scoláireacht é go Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn (1921-25), agus scoláireacht eile ón gcomhairle contae go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Bhí tosaithe aige ar scéalta agus aistí a chur i gcló in An tUltach in 1927 agus bhí ag aistriú don Ghúm ó 1929.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistritheoir don Ghúm ó 1929 ar aghaidh

Scríobh an Dálach a shaith aistí agus gearrscéalta d’irisí ar nós ‘An tUltach’ sna 1930idí, agus ‘Comhar’ níos déanaí.

Ó 1959 go 1978 bhí sé ina Eagarthóir ar Foclóir Gaeilge-Béarla, a tháinig i gcló a chéad uair sa bhliain 1977.[5][9][10]. Ba é ba chuspóir ‘don fhoclóir seo an chuid is coitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a thabhairt le chéile agus a mhíniú i mBéarla’[8]

Thairis sin, d'fhoilsigh sé leabhar stairsheanchais faoi cheantar na Rosann sa bhliain 1952, Na Glúnta Rosannacha - ceann den bheagán leabhar Gaeilge a úsáideann litriú caighdeánach agus cló Gaelach.

D'aistrigh an Dálach príomhscríbhinní na Fiannaíochta go Nua-Ghaeilge sa leabhar Seanchas na Féinne a foilsíodh sa bhliain 1942 - foilsíodh eagrán nua caighdeánaithe de sa bhliain 1998 - agus phléigh sé staid chomhaimseartha na Gaeilge sa leabhar clúiteach Forbairt na Gaeilge (1951).

Scríobh sé beathaisnéis Sheán Mhistéil chomh maith, agus rinne sé a lán aistriúchán.

Ba eisean a chuir in eagar Cora Cinniúna, Cith is Dealán, Nuair a Bhí Mé Óg agus Caisleáin Óir le Séamus Ó Grianna i litriú nua-aimseartha a bhí inléite acu siúd nach raibh taithí acu ach ar an gCaighdeán.

Sonraí pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair a bhean Sorcha bás ar 5 Eanáir 1995 agus d’éag an Dálach 10 Feabhra na bliana céanna; in Ascaill Vernon, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu.[8] Cuireadh iad i nGlas Naíon.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó 'Niall Ó Domhnaill' sa litriú réamhchaighdeánach
  2. "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". dib.cambridge.org. Dáta rochtana: 2021-02-11.
  3. Niall Ó Dónaill
  4. Eagarthóir: Niall Ó Dónaill (1977). "Foclóir Gaeilge – Béarla Ó Dónaill (Bog) | Tá idir chaint bheo na Gaeltachta agus shaibhreas focal ó fhoinsí liteartha na teanga mar aon le téarmaíocht an lae inniu tugtha le chéile" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-10.
  5. 5.0 5.1 Maolmhaodhóg Ó Ruairc. "Ar thóir gramadach nua" (ga-IE). Cois Life. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  6. Liam Mac Amhlaigh. "Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge" (ga-IE). Cois Life. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  7. Seán Ó Baoill, Fearghal Ó Maolagáin (19 Bealtaine 2015). "Fear an fhoclóra, Niall Ó Dónaill < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  8. 8.0 8.1 8.2 "Ó DÓNAILL, Niall (1908–1995)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  9. Pól Ó Muirí. "Féadaim a rá, i gcás an fhoclóra nua, go bhfuil mé á focain iarraidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  10. teg.ie (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad). "Siollabas Ardleibhéal 1 (C1), lch-65-66".
  11. ionad pobail agus músaem. "Teach Niall Ó Dónaill Loch an Iúir," (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-11.