Eoiginic
Appearance
Iarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna (nó a dhéanann dochar dó) is ea eoiginic, go fisiciúil is go hintleachtach, trí steiriliú, oideachas, fachtóirí sóisialta is a leithéid.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Francis Galton a chum an coincheap is an téarma i 1883. Bhí sé i gceist daoine nach raibh oiriúnach a chosc ó shíolrú, agus a mhalairt maidir le daoine a bhí oiriúnach.
Tharraing gluaiseachtaí polaitiúla a raibh polasaithe mar seo acu sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe sa chéad chuid den 20ú céad míchlú críochnaithe uirthi.
Cur in aghaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceistíodh an modh smaointeoireachta seo go héifeachtach i leabhair cosúil le Brave New World (Domhan Nua Dána, 1932) le Aldous Huxley, agus Nineteen Eighty-Four (Míle Naoi gCéad Ochtó Ceathair, 1949) le George Orwell.[1]
Lucht tacaíochta eoiginice
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eoiginic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 247.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |