Aldous Huxley
Cuma
Scríbhneoir Sasanach ab ea Aldous Leonard Huxley. Chaith sé deireadh a shaoil sna Stáit Aontaithe ina chónaí i Los Angeles ón mbliain 1937 go dtí a bhás sa bhliain 1963. Tá clú agus cáil aice de bharr a úrscéal Brave New World ach scríobh sé an-chuid aistí chomh maith. Bhí sé mar eagarthóir ar an irisleabhar Oxford Poetry, agus d'fhoilsigh sé gearrscéalta, dánta agus scripteanna.
Ba daonnachaí agus síochánaí é Huxley agus níos déanaí ina shaol bhí suim aige in ábhair spioradálta mar paraisíceolaíocht agus misteachas fealsúnachta.
Cuirtear an t-úrscéal iar-apacailipteach An Dara Rogha le Celia de Fréine i gcomparáid le Brave New World, i measc saothar eile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (2022-01-24). "Saol nua misniúil". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2026-03-06.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |