Friedrich Nietzsche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Friedrich Nietzsche

Fealsamh Gearmánach ab ea é Friedrich Wilhelm Nietzsche (Röcken-Lützen 15 Deireadh Fómhair 1844 - Weimar 25 Lúnasa 1900). Rinne sé staidéar ar na teangacha clasaiceacha agus ar an diagacht, ach is mar fhealsamh frith-Chríostaí is mó a thabhaigh sé a cháil. Coincheap tábhachtach ina fhealsúnacht is ea é an Sár-Dhuine (Übermensch), agus mar sin, is minic a chuirtear ina leith go raibh sé ag réiteach an bhealaigh don Naitsíochas.

Saol[athraigh | edit source]

Ní raibh Nietzsche ach ceithre bliana fichead d'aois nuair a bhain sé amach ollúnacht le teangacha clasaiceacha in Ollscoil Basel san Eilvéis. D'éirigh sé as an bpost sin i gceann deich mbliana, agus a shláinte ag teip air. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag taisteal ó thír go tír, idir an Eilvéis, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin. Ní raibh ann ach scríbhneoir sách anaithnid ag an am. In aois a cheithre bliana is dhá scór buaileadh é le galar tromchúiseach siciatrach, agus b'éigean dó a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh faoi chúram a mháthar agus a dheirféar. Faoin am seo bhí aird ag teacht ar a shaothar.

Agus é óg, bhí Nietzsche go mór faoi thionchar Arthur Schopenhauer, a bhfuil blas mór duaircis agus éadóchais ar a chuid fealsúnachta. Ina dhiaidh sin, áfach, theastaigh ó Nietzsche duairceas Schopenhauer a chloí agus an saol a fhaomhadh.

Rinne Nietzsche scagadh géar ar an moráltacht, ar an reiligiún, ar an bhfealsúnacht, ar an eolaíocht agus ar an ealaín. Bhí sé míshásta le meon fannlag a aimsire agus b'fhearr leis meon na Sean-Ghréige. D'ionsaigh sé moráltacht agus meitifisic na Críostaíochta agus chuir sé amhras i nóisean na fírinne; dá bhrí sin chuir sé in iúl roimh ré gach a mbeadh le rá ag fealsúnacht an nua-aoiseachais agus an iarnua-aoiseachais. Inniu féin, is ábhar diospóireachta iad an Toil chun Cumhachta, an Sár-Dhuine agus an Filleadh Síoraí, coincheapanna a chuir Nietzsche os ár gcomhair den chéad uair.

Tá tionchar Nietzsche le mothú go mór lasmuigh den fhealsúnacht, agus is iomaí ciall a baineadh as a shaothar i rith na mblianta. Dearctar air freisin mar dhuine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise, ó bhí stíl shnoite ghreanta aige, beag beann ar an ábhar.

Tréithe Ginearálta a Shaothair agus a Mhachnaimh[athraigh | edit source]

Chuir Nietzsche roimhe dul amach ar conas an duine a uaisliú. B’éigean, mar sin, prionsabail na huaisleachta a chinntiú mar fhadhb chultúir. Chuir sé an mian sin in iúl ar shlite difriúla: meitifisc an ealaíontóra, staidéar stairiúil ar na mothúcháin agus ar shamhlaithe morálta, agus an eiseadh tragóideach a dhearbhú trí nóisin Thoil na Cumhachta, an tSíor-Fhillte agus an tSár-Dhuine.

Tá iarraidh déanta ar mhachnamh Nietzsche a eagrú de réir tréimhsí, ach is deacair fás an mhachnaimh sin a thuiscint, go hairithe de bharr na feidhme a bhain sé as na natháin agus iad roinnte de réir téamaí. B’fhearr leis gan trácht a dhéanamh de réir oird agus eagair, mar shíl sé go raibh an machnamh ag fás uaidh féin i gcónaí agus go raibh spontáineacht éigin ag baint leis na natháin úd. Ní raibh fonn air ach oiread freastal ar lucht mearléitheoireachta nach gcuirfeadh de dhua orthu féin athmhachnamh a dhéanamh ar ar léigh siad. Mar sin féin, scríobh sé a leabhair dheireanacha go slachtmhar chun go dtuigfí gan dua é.

Toil na Cumhachta[athraigh | edit source]

Ba í an aidhm a bhí ag Nietzsche bonn a bhaint ó na fealsúnachtaí a bhí ann cheana agus amhras a chur sna prionsabail a luaimid leis an bFhírinne, leis an Maith agus leis an Eiseadh Daonna. D'fhiafraigh Nietzsche cén prionsabal ba dhual do dhearcadh áirithe. Cén prionsabal, a dúirt sé, a bhaineann le prionsabal na fírinne féin? Ba mhian leis a fháil amach cén bunús a bhí leis an ceisteanna úd agus arbh fhéidir míniú úr a dhéanamh orthu. Ní ceart a rá, mar sin, gurbh fháidh é agus Toil na Cumhachta mar fháistine aige. Ba dhóigh leis go raibh fealsúnachtaí níos saoire á bhfógairt aige faoi phrionsabail mhorálta agus mheitifisiceacha araon.

I gcoitinne, déanann an frása Toil na Cumhachta tagairt do cháilíocht ginearálta a bhaineann le teacht ar an saol: ní féidir le haon réaltacht fanacht laistigh dá teorainn féin. Is ionann toil chun cumhachta a bheith agat agus gan a bheith comhionann leat féin riamh; caithfidh tú dul lastall díot féin. Ach ní féidir gluaiseacht chun cinn mar sin mura samhlaítear an chumhacht mar riachtanas sealbhaithe, mar bhua a fhaightear ar rud atá ag cur i do choinne: téann an Toil úd i neart, mar sin, i mbun an angair, nó tugann sí iarracht ar í féin a chur i bhfeidhm ar dhóigh eile. Mar a deir Nietzsche: Is ionann a bheith ann agus treisiú.

Is amhlaidh nach mbíonn fonn ar an toil cumhacht a bhaint amach mar chuspoir ann féin, ach go dteastaíonn uaithi a cumhacht féin a dhearbhú. Seo bunús dearcaidh nua, i dtreo gur féidir na prionsabail idéalacha Phlatónach-Críostaí a chealú agus cur in aghaidh na staire mar a tháinig sí chun cinn faoi anáil Phlatóin.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Magnus and Higgins, "Nietzsche's works and their themes", in The Cambridge Companion to Nietzsche, Magnus and Higgins (eag.), University of Cambridge Press, 1996, lgh 21–58. ISBN 0-521-36767-0
  • Seung, T.K., Nietzsche's Epic of the Soul: Thus Spoke Zarathustra. Lanham, MD: Lexington Books, 2005. ISBN 0-7391-1130-2
  • Nietzsche, Lettres choisies, litreacha a d'aistrigh Alexandre Vialatte go Fraincis, Gallimard, 1937. 147 litir ó lámh Nietzsche.
  • Friedrich Nietzsche, Correspondance: Giorgio Colli agus Mazzino Montinari a roghnaigh na litreacha, Henri-Alexis Baatsch, Jean Bréjoux agus Maurice de Gandillac a d'aistrigh. Gallimard. Cúig imleabhar; tháinig trí cinn amach.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

  • Brian Leiter's Nietzsche Blog: Díospóireacht faoi Nietzsche agus faoina bhfuil ar siúl i léann Nietzsche: blag le Brian Leiter (University of Chicago).