Síceolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisSíceolaíocht
cuir in eagar
MeSHD011584 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist leis an tsíceolaíocht (nó an aigneolaíocht uaireanta) ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta.

Tá naisc thábhachtacha idir í agus brainsí eile den eolaíocht nádúrtha (mar shampla, an bhitheolaíocht agus go háirithe an eolaíocht néarach) agus shóisialta (mar shampla, an tsocheolaíocht agus an eolaíocht pholaitiúil).

Tá brainse feidhmeach aici freisin, go háirithe an tsíceolaíocht chliniciúil, atá dírithe ar chothú sláinte intinne, agus an tsíceolaíocht gnó, atá dírithe ar fhadhbanna a bhaineann le dul chun cinn eagraíochta agus gnó. Uaireanta sa ghnáthchaint measctar síceolaíocht le síciatracht, ach ní hionann an dá rud. Is brainse leighis í an tsíciatracht agus is lia an tsíciatraí. De ghnáth ní bhíonn traenáil sa leigheas ag síceolaithe agus dá bhrí sin ní úsáideann siad cógais nó drugaí mar áiseanna theiripeach. Mar sin féin, is fíor go bhfuil gaol idir síciatracht agus síceolaíocht chliniciúil nuair atá scileanna síciteiripe i gceist.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]