Córas céadfach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCóras céadfach
Cuid denéarchóras
Aitheantóirí
TAA15.0.00.000
FMA75259 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch


Is í súil an duine an chéad bhall de chóras céadfach: sa chás seo radharc, i gcomhair, an chórais amhairc.

Is cuid den néarchóras é an Córas céadfach a bhíonn freagrach as faisnéis chéadfach a phróiseáil. Is trí mheán na mball céadfach seo a fhaigheann lárchóras na néaróg faisnéis faoin timpeallacht inmheánach agus sheachtrach. Sna baill chéadfacha bíonn a lán gabhdóirí céadfacha cruinnithe le chéile iontu. Is é a bhíonn ann i gcóras céadfach ná; glacadóirí céadfacha, líonraí néaracha, agus páirteanna na hinchinne bainteach le haireachtáil chéadfach. De ghnáth, aithnítear na céadfaí seo a leanas; radharc, éisteacht, tadhall, blaiseadh agus boladh.

Is é an réimse gabhálach an chuid den timpeallachta ar leith a fhreagraíonn na gabhdóirí nó na horgáin céadfacha dó; an solas a bhfeiceann na slata agus na cóingach go léir.

An córas radhairc, léirithe sa leabhair iomráiteach Gray's Anatomy

Go nuige seo, sonraíodh réimsí gabhálacha don chóras radhairc, córas éisteachta agus an córas sómachchéadfach, blaiseadh agus boladh

Spreagadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Códaíonn an córas céadfach ceithre ghré spreagthachta; 'tíopa' (módúlacht), 'déine', 'suíomh' agus 'fad ama'. Úsáidtear 'am sroichte' na bíge fuaime agus pasdifríochtaí na fuaime leanúnaí i gcomhair foinse fuaime a aimsiú. Bíonn íogair ar gabhdóirí áirithe le haghaidh cineálacha áirithe spreagthaí (mar shampla, freagraíonn meicneaghabhdóirí difriúla níos fearr do spreagthaí tadhaill éagsúla, ó uirlisí géara nó maola). Seolann gabhdóirí ríoga i bpatrúin faoi leith, a thugann le fios cé chomh mór is atá an spreagadh (mar shampla, cé chomh hard is atá fuaim). Tugann suíomh an ghabhdóra a bhfaigheann an spreagthach eolas don intinn faoi suíomh an spreagtha (mar shampla, seoltar eolas chuig na hintinne faoin mhéar nuair a fhaigheann mheicneaghabhdóir sa mhéar spreagadh). Tugann patrún gníomhaithe na néar-ríge le fios fad ama an spreagtha.

Modúlacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sort feiniméin fhisiceach is ea modúlacht chéadfach, a bhíonn inairithe (mar shampla, teocht, blais, fuaim, brú). Tá ról lárnach ag an chineál ghlacadóra a bhíonn spreagtha i gcódú na modúlachta céadfaí.

Sa chreat tuairchuimhne (nó i mBéarla, the memory-prediction framework), tugann Jeff Hawkins le fios go bhfuil comhfhreagairt idir sé chiseal na coirtéise ceirbrí agus sé chiseal na conaire optaice den chóras radhairc. Tá na réigiúin seo, V1, V2, V3, V4, V5, MT, IT, srl sa phríomh-choirtéis amhairc. Is éard a bíonn i gceist i réigiún V1 (féach ar aghaidh) ná aicme amháin de chealla na hintinne, cé go bhfuil a lán ceall eile agus feidhm na radharc acu .

Leagann Hawkins scéim amach i gcomhair na modúlachta céanna den chóras céadfach. Tóg faoi deara, gur féidir a lán cineálacha chéadfaí a bheith ann, cuid nach bhfuil luaite anseo. Ach go háirithe, sa duine, beidh cealla sna réigiúin V1, V2 A1, A2, srl.:

V1 (Radharc)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Achar radhairc 1, nó V1, in úsáid i gcomhair na radhairc, via an córas amhairc go dtí an phríomh-choirtéis amhairc.

cluas

A1 (Éistitheach - cloisteáil)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Achar éisteachta 1, nó A1, in úsáid i gcomhair éisteachta, via an córas éisteachta, go dtí an phríomh-choirtéis éisteachta]].

S1 (Sómachchéadfach - tadhall)[cuir in eagar | athraigh foinse]

G1 (Blaiseadh)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Achar blaiste 1, nó G1, in úsáid i gcomhair blaiste.

O1 (Boltanach)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Achar boltanach 1, nó O1, in úsáid i gcomhair bolaidh.

Baill Chéadfacha an Duine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsíonn córas céadfach an duine na fochórais a leanas;

Seo a leanas glacadóirí céadfacha an duine:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Kolb & Whishaw: Fundamentals of Human Neuropsychology (2003)