Radharc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas in orgánaigh chun samhail inmheánach a chruthú den chomhshaol seachtrach mar thoradh ar na patrúin solais a bhíonn ar fáil dóibh. Tá sé bunúsach go mbíonn glacadóir solasíogair ar fáil chuige. Bíonn an-chuid fótaghlacadóirí ag na hainmhithe arda (timpeall 230 milliún i súil amháin ag an duine) is iad leata amach chun dromchla fótaghlacadóra — an reitine — a dhéanamh. Má bhíonn gá le rud níos casta ná brath garbh an tsolais, bíonn gá leis an íomhá, samhail eagraithe ar an reitine d'eagar spásúil na réad sa chomhshaol. Tarchuirtear an t-eolas ionchuir ón reitine ar feadh na milliún snáithín den néaróg optach suas go dtí an choirtéis cúlphlaice, an chéad réigiún san inchinn a láimhseálann eolas mar gheall ar an bhfís. De réir a chéile tá ár dtuiscint ag feabhsú ar conas a ionchódaíonn an inchinn airíonna amhairc cosúil le dath, imill is gluaisne, ach mar sin féin, níl a fhios mórán fós mar gheall ar conas a bhaineann an inchinn ciall is aithint réad as na hairíonna seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amharc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.