Comhshaol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An domhan, ó Apollo 17 ar an 7 Nollaig 1972

Is éard is comhshaol ann ná téarma a chuireann síos ar rudaí beo agus neamhbheo ar ann dóibh go nádúrtha ar an domhan nó cuid de (mar shampla, comhshaol i dtír ar leith).

Níos ginearálta, sin iad na coinníollacha is iarmhairtí a ghnáthóige ar orgánach[1]. Níl aon sainmhíniú amháin ann toisc go bhfuil an oiread sin gnáthóg éagsúil ann, ón gcomhshaol uirbeach go dtí an fhoraois thrópaiceach báistí.

Go ginearálta cuimsíonn an comhshaol fisiciúil airíonna an taobh tíre (mar shampla, an gheolaíocht, an aeráid) nár athraíodh go mór ag iarmhairt daoine.

Ach cuimsíonn an comhshaol geografach an comhshaol fisiciúil chomh maith leis na hathruithe a rinne daoine air (mar shampla, córais talmhaíochta, tionsclaíocht, uirbiú).

Baineann éiceolaíocht leis an ngaol idir orgánaigh bheo is a gcomhshaol.

forthéamh an domhain

Is í an imní go bhfuil codanna móra den chomhshaol fisiciúil á milleadh trí ró-úsáid is mí-úsáid atá mar bhunús leis an ngluaiseacht caomhnaithe, agus tá cuid mhaith de na bagairtí don chomhshaol léirithe ag an ngluaiseacht sin don domhan mór:

truailliú na farraige

Cuimsíonn an téarma roinnt comhábhar riachtanacha chomh matih:

  1. aonaid chomhlána éiceolaíochta a fheidhmíonn mar chórais nádúrtha gan ró-chuir isteach ón duine daonna; an fásra ar fad, na h-ainmhithe, na micrea-orgánaigh, na carraigeacha, an t-atmaisféar agus feiniméin nádúrtha a tharlaíonn taobh istigh dá dteorainn.
  2. na h-Acmhainní nádúrtha ar fad agus feiniméin fhisiciúla nach bhfuil teorainneacha soiléire ag baint leo, mar shampla, aer, uisce, aeráide chomh maith le fuinneamh, radaíocht, lucht leictreachais, agus maighnéadachas, nach n-eascraíonn as gníomhaíocht an duine.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)