Jump to content

Báisteach aigéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dochar déanta ag báisteach aigéadach, sna Sléibhte Jizera, 2006

Báisteach, sneachta is flichshneachta a bhfuil a pH níos lú na 5.6 (a nglactar leis mar luach normálta) is ea báisteach aigéadach.[1]

Déantar báisteach níos aigéadaí ná mar a bheadh normálta ag dé-ocsaíd sulfair is ocsaídí nítrigine a sceitear san atmaisféar, ag loscadh breoslaí iontaisithe i bhfoirnéisí ollmhóra, stáisiúin ginte leictreachais agus innill dócháin inmheánaigh. Imoibríonn na ceimiceáin seo le galuisce san atmaisféar chun aigéad sulfarach (H2SO4) is aigéad nítriúil (HNO3) a tháirgeadh.

Is féidir go dtitfidh an bháisteach aigéadach na mílte ciliméadar i gcéin ón mbunionad dóite. Níl sé cinnte go gcuireann sí isteach go díreach ar dhaoine, ach cuireann isteach go tubaisteach ar éisc is gach beo uisciúil eile. Déanann sí damáiste tubaisteach do chrainn freisin.

Cheap Robert Angus Smith an téarma “báisteach aigéadach” le linn ré na tionsclaíochta.[2] Mhothaigh sé an difear sna 1860idí a bhí ar an fhearthainn i ndiaidh gur thosaigh na monarchana móra ag brúchtadh toit ghránna isteach sa spéir.[3]

Ó dheireadh na 1980idí tá comhaontuithe idir na príomhthíortha tionsclaíocha, an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe is an tSeapáin, chun na hastaíochtaí tionsclaíocha is cúis léi a laghdú de réir a chéile.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, "acid rain"
  2. "Robert Angus Smith" (as en) (2026-01-10). Wikipedia.
  3. Pól Ó Muirí (26 Márta 2026). "Ruathar gasta ach fiúntach ar an mBreatnais agus fáithe fearthainne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-26.
  4. Hussey, Matt (2011). "Báisteach aigéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.