Uisce
Is é atá in uisce ná leacht leamh, agus níl boladh nó blas air. Clúdaíonn uisce 70% de dhromchla an domhain.[1] Tá aibhneacha, lochanna agus farraigeacha déanta as uisce. Tuaslagann sé beagnach gach ábhar a bheag nó a mhór, ach arnháin ábhair i bhfoinn mhóilíneach (mar shampla, O2, CH4). Riachtanach don bheatha, agus i láthair i ngach orgánach beo.
Ceimic[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é atá i móilín uisce ná dhá adamh hidrigin agus aon adamh ocsaigin. H2O is foirmle cheimiceach dó. Is í an chomhdhúil mhóilíneach is coitianta ar Domhan.
Ní aigéad nó alcaileach é, agus tá pH 7 aige. Tá fiuchphointe 100 °C agus reophointe 0 °C aige. Mar sin, is leacht é a reonn ina oighear ag O °C, agus a fhiuchann chuig gás/galuisce ag 100 °C. Má bhruithtear é, déantar gal as, agus má reotar é, déantar oighear as.
Nasctha le chéile le naisc hidrigine mar leacht, agus oibríonn uisce i gcomheagar le hiain thuaslagtha ann. Neamhchoitianta go leor, tá an solad níos éadroime ná an leacht.
Nuair a bhíonn tiúchan ard ian cailciam is maignéisiam ann, deirtear gur uisce crua é. Bogtar é trí na hiain seo a athshuíomh le sóidiam is potaisiam nach ndéanann táirgí dothuaslagtha le gallúnach.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Fréamh an Eolais, Matt Hussey, Coiscéim, p690
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Uisce. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |