Muir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid den aigéan, éadomhain go leor de ghnáth, sainmhínithe go scaoilte ag teorainneacha a bhaineann le tíortha mórthimpeall. Luíonn mara ilchríochacha os cionn cuid de scairbh ilchríochach, an Mhuir Thuaidh is Muir na Síne, mar shampla. Tá mara talamhiata, cosúil leis an Meánmhuir, aonraithe go hiomlán ar an aigéan, beagnach, gan ach cainéal caol amháin á gceangal le haigéan. Tá locha móra intíre ann freisin a dtugtar mara orthu, Muir Chaisp is an Mhuir Mharbh, mar shamplaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Muir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 472.