Is achar mór uisce é aigéan, nó an fhairsinge uisce sin a chlúdaíonn timpeall 70% de dhromchla an domhain agus a thimpeallaíonn na hilchríocha[1]. Tugtar Muir ar chuid d'aigéan.
Má fhéachann muid ar aigéan i bhfad uaim, níl le feiceáil ann ach uisce agus a thuilleadh uisce.[2] Ach tá na haigéin lán de bheatha. Maireann níos mó ná 1 mhilliún speiceas de phlandaí agus d’ainmhithe sna haigéin. Deir eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil suas le naoi milliún sórt eile nach bhfuil aimsithe acu fós.
Tagann 71% d’ocsaigin an domhain ó na haigéin. is sna haigéin atá na sléibhte is airde ar domhan agus na gleannta is doimhne ar domhan. Is sna haigéin atá cónaí ar an ainmhí is mó riamh – an míol mór gorm.
Cruthaíodh na haigéin go luath i stair an domhain de réir dealraimh, chomh luath is a d'fhuaraigh an pláinéad a dhóthain chun go dtiocfadh an t-uisce leachtach, timpeall 4,000 milliún bliain ó shin.
Bíonn uisce na n-aigéan ag síor-ghluaiseacht de bharr na feachtaí is an taoidí a iompraíonn uisce na n-aigéan ó áit go háit.
Tá sléibhte is gleannta ar ghrinneall na farraige go díreach mar atá ar talamh. Is oileáin iad cuid de na sléibhte mar éiríonn siad chomh hard sin go bhfuil siad le feiceáil os cionn na farraige.
Tugtar dromanna aigéin ar na sliabhraonta is trinsí ar na gleannta.
Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint timpeall an domhain. Tá fianaise ann anois, gan ardú teochta domhanda níos mó, go n-ardóidh leibhéal na mara 0.27m, mar tá an oiread "leac oighir zombaí" i Muir na Graonlainne agus ar chósta thiar na Graonlainne i láthair na huaire.[3]
Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta ollmhór ann (níos mó ná 2°C), leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.[4] Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall cúpla méadar dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn.