Bolcánacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teicteonaic phlátaí an Domhain

Tiomáineann an teas a ghintear taobh istigh de phláinéad nó gealach próisis a athchumann dromchla rinn na spéire an t-am ar fad. Is cruthú í an bholcánacht go bhfuil a leithéid ar siúl, brúchtadh gás te, deannaigh is carraigeacha trí scoilteanna i screamh sheachtrach rinn na spéire. Go ginearálta is amhlaidh a tharlaíonn comhiompar ábhair the go dtí an dromchla. Meath radaighníomhach is cúis leis an nginiúint teasa seo i gcroílár an phláinéid go bunúsach. Faightear bolcánacht ar Domhan, ar Thríotón, gealach de chuid Neiptiúin, agus ar Io, gealach de chuid Iúpatair. Measann réalteolaithe go bhfuil a leithéid ar siúl ar Véineas freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bolcánacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 82.