Tríotón
Tríotón | |||
---|---|---|---|
Cineál | gealach Neiptiún agus gealach neamhrialta | ||
Fionnachtaí | William Lassell[1] | ||
Dáta fionnachtana | 10 Deireadh Fómhair 1846, Sasana | ||
Eapainm | Tríotón | ||
Réad tuismitheora | Neiptiún | ||
Sonraí fithiseacha | |||
Ais mhór a | 354,759 km | ||
Éalárnacht e | 0 | ||
Tréimhse fhithiseach P | −5.876854 d | ||
Claonadh i | 129.812 ° ↔ éiclipteach 156.885 ° ↔ meánchiorcal 129.608 ° ↔ fithis | ||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||
Ga | 1,353.4 km | ||
Trastomhas | 2,700 km | ||
Dearbhmhéid | −1.2 | ||
Méid dhealraitheach (V) | 13.47 (banda V) | ||
Achar dromchla | 23,018,000 km² | ||
Mais | 21.39 Yg[2] | ||
Toirt | 10,384,000,000 km³ | ||
Meándlús | 2.061 g/cm³ | ||
Imtharraingt dromchla | 0.779 m/s² | ||
Ailbéideacht | 0.76 | ||
Teocht an dromchla |
| ||
Le cuid |
An ghealach is mó de 8 ngealach Neiptiúin is ea Tríotón. Tá trastomhas 2,700 km aige, agus tá sé i bhfithis chiorclach 328,000 km os cionn Neiptiúin. Tugadh faoi deara é den chéad uair i 1846. D'aimsigh an spásárthach Voyager 2 dhá bhrúchtadh arda géasair air, agus mar sin, is iad Tríotón, Io (gealach de chuid Iúpatair), agus an Domhan féin na reanna spéire i gcóras na Gréine a bhfuil brúchtaí orthu. Ní fios fós cad is bun leis na brúchtaí air. Dar le réalteolaithe áirithe, nítrigin faoi bhrú atá ag brúchtadh tríd an dromchla is ag iompar carraigeacha, cloch is deannaigh amach ón taobh istigh. Ar aon chuma, meastar é a bheith gníomhach ó thaobh teicteonaice, a dhromchla á athrú an t-am ar fad. Tá sé cosúil i méid agus nádúr le Plútón.[3]
Is ea Tríotón an seachtú gealach is mó sa Ghrianchóras, an dara gealach is mó i gcompráid leis a bpláineád (i ndiaidh gealach an Domhain), agus an abhacphláinéad is mó a bhfuil aithne air. Tá Tríotón i bhfithis chúlaithe — imrothlaíonn sé sa treo contrártha le rothlú an mháthairphláinéid — an t-aon ghealach mhór sa Ghrianchóras a dhéanann amhlaidh.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
- ↑ URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tríotón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 678.
- ↑ Dennis Overbye (2014-11-05). "Bound for Pluto, Carrying Memories of Triton" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-08-17.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |