Plútón (abhacphláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Plútón

Abhacphláinéad is ea Plútón atá suite ar imeall an ghrianchórais. Ó 1930 go 2006, thugadh an tAontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta agus na gnáthdaoine pláinéad air, ach athraíodh an cinneadh sin i mí Lúnasa 2006, ós rud é go bhfuil reanna neimhe sonraithe i gCrios Kuiper taobh thiar de atá ar aon mhéid leis.[1] De réir dealraimh, tá Plútón cosúil le Tríotón, an ghealach is mó ag Neiptiún[2].

Sceabhacht agus córas comhordanáidí an éicliptigh

Mar sin, is féidir nach bhfuil i gceist le Plútón ach an ceann is cóngaraí dúinn de reanna an chreasa seo. I ndáiríre, níl sé ag imeall an ghrianchórais mar a cheaptaí: taobh amuigh de, leanann réimse maighnéadach na Gréine agus. tá crios de na billiúin cóiméad i scamall Oort, cuid den bhunscamall as ar cumadh an grianchóras.

Tréithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Fithis

Fithis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceapann réalteolaithe gur ghealach de chuid Neiptiúin é lá dá raibh, ach gur tharla eachtra éigin chun é a chuaradh amach ina fhithis féin.

Mar sin, tá Plútón ag timpeallú na gréine ar fhithis atá an-difriúil le fithisí na ngnáthphláinéad. Fithis an-chlaonta, an-éalárnach í. Mar sin, siúd is go raibh sé de nós ag na daoine a shíleadh gurb é Plútón an pláinéad is faide ón ngrian, chaith sé na blianta 1979-1999 taobh istigh d'fhithis Neiptiúin.

Sa bhliain 1978, cuireadh an chéad sonrú i satailít Phlútóin, Carón. Tugadh dhá ghealach níos lú faoi deara sa bhliain 2005, mar atá, Nix agus Hydra.

Déanta na fírinne, níl sé furasta a rá, ach an oiread, an "satailít" é Carón dháiríre. B'fhearr a rá gur córas imtharraingthe iad Plútón agus Carón in éineacht, agus go bhfuil an bheirt acu ag timpeallú meáchanlár an chórais sin. Tá an meáchanlár sin suite in aice le Plútón, ach níl sé taobh istigh de.

Atmaisféar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Grianghraf New Horion (2015)

Tá Plútón fuar, le meanteocht -223°C, agus tuigtear gur as carraig, meatán is oighear atá sé déanta, le hatmaisféar éadlúth meatáin.

Níl ach atmaisféar an-tanaí ag Plútón, agus é comhdhéanta as meatán go hairithe, nítrigin agus aonocsaíd charbóin. Tá na substaintí céanna ar fáil i bhfoirm sholadach ar dhromchla Phlútóin, agus an dóigh a bhfuil siad ag galú agus ag sioc arís, tá an-bhaint acu le cothromaíocht na teochta ar Phlútón.

Níl brú an atmaisféir ar Phlútón ach aon seacht míliú cuid de bhrú ár n-atmaisféir féin, ach mar sin, is féidir é a thabhairt faoi deara le linn urú. Nuair a bhogann Plútón amach óna gharphointe don ghrian, siocann tuilleadh den atmaisféar go solad, agus é ag titim ar dhromchla an phláinéid.

Internal Structure of Pluto.jpg

Ag teacht níos gaire don ghrian dó arís, imíonn cuid den nítrigin reoite ina gás arís, rud a chuireann dromchla Phlútóin ag fuarú. Sin é an fáth go bhfuair na saineolaithe amach le déanaí go bhfuil an abhacphláinéad seo deich gcéim Celsius (nó Kelvin) níos fuaire ná mar a shíl siad roimhe sin.

Cosúlacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá dromchla Phlútóin an-éagsúil. D'fhéadfá a rá go bhfuil dhá aghaidh ar Phlútón. Go bunúsach, an leath de Phlútón atá ag drannadh le Carón, tá sí níos saibhre sa mheatán sioctha, agus an nítrigin reoite agus an aonocsaíd charbóin níos tipiciúla ar an taobh eile de.

Níl Plútón ach 14m ar mhéid dhealraitheach, agus mar sin, ní féidir sonrú a chur ann gan teileascóp. Sna teileascóip mhóra féin, ní aithnítear Plútón ach mar phointe solais atá cosúil le réalta, agus dath buí nó donnbhuí ann.

Nuair a tugadh Carón faoi deara an chéad uair, tuigeadh go raibh Plútón i bhfad ní ba lú ná mar a síleadh go nuige sin, agus go gcaithfeadh sé go raibh Plútón in ann i bhfad níos mó solais a fhrithchaitheamh, freisin. Mar sin, chuaigh meastacháin ailbéideachta Phlútóin in airde ansin. Inniu, glactar leis go bhfuil ailbéideacht Phlútóin beagnach chomh hard le hailbéideacht Véineas.

Tá Plútón chomh fada ar shiúl uainn is nach bhfuil mórán saintréithe nó sonraí inaitheanta ar a dhromchla.

Satailítí Phlútóin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Gealach ag Plútón darb ainm Carón (a fionnadh i 1 978), ar mhéid cothrom le leath Phlútóin féin.

Tá trí shatailít ag timpeallú Phlútóin. B'é an réalteolaí Meiriceánach James Christy a d'aithin an chéad cheann acu, Carón, chomh fada siar leis an mbliain 1978, ach ní bhfuarthas amach faoin dá cheann eile ach sa bhliain 2005. I bhfarradh is na pláinéid eile agus an dóigh a mbíonn a gcuid gealach ag dul ina dtimpeall, tá na satailítí an-chóngarach do Phlútón.

Is gnách "sféar Hill" a thabhairt ar an réigiún sféarúil timpeall den phláinéad atá go hiomlán faoi imtharraingt an phláinéid féin, beag beann ar na réadanna neimhe eile. Ní sháraíonn fithisí na satailítí 3 % de gha an réigiúin seo, cé go bhféadfadh an tsatailít a fithis a choinneáil cobhsaí i bhfad níos faide amach ó Phlútón - 53 % de gha an sféir, nó fiú 69 %, dá mbeadh sí ag timpeallú Phlútóin sa treo contrártha. (Mar shampla, tá Psamathe ag timpeallú Neiptiúin ag 40 % de gha Hill.)

Plútón agus Carón

Carón[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'fhéadfá a rá nach "satailít" nó "gealach" é Carón mar a shamhlaítear an coincheap sin dúinn de ghnáth, nó le fírinne, córas délárnach atá i gceist le Plútón agus Carón, agus iad ag dul timpeall ar bharalár (meáchanlár) an chórais sin.

Tá an lárphointe seo suite taobh amuigh de Phlútón, cé go bhfuil sé an-chóngarach dó. (Ar mhaithe leis an gcomparáid, tá an domhan agus an ghealach ag timpeallú a gcomh-mheáchanláir freisin, ach tá an lárphointe sin suite taobh istigh den Domhan, cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain féin.) Rud eile fós, tá "glas taoide" ar rothlú Phlútóin agus Charóin: is é sin, drannann Plútón an taobh céanna le Carón, agus a mhalairt. Mar sin, an té a bheadh ar aon taobh le Carón de Phlútón, d'fheicfeadh sé Carón suite sa bhall céanna den spéir gan éirí ná dul faoi, agus dá mbeadh an breathnóir ar a mhalairt de thaobh, ní bhfaigheadh sé an chéad radharc ar Charón choíche.

Nix agus Hydra

Na Satailítí Beaga[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 15 Bealtaine 2005, haithníodh an chéad uair riamh go raibh dhá shatailít eile ag dul timpeall ar Phlútón, mar atá, Nix agus Hydra. Ba é Teileascóp Spáis Hubble a thóg na chéad ghrianghrafanna díobh, agus ansin, tháinig na saineolaithe a bhí ag obair ar na grianghraif seo, tháinig siad ar an tátal go raibh dhá ghealach eile seachas Carón ag timpeallú Phlútóin.

Le bheith beacht, ar ndóigh, níl an dá ghealach seo ag fithisiú Phlútóin i gciall cheart an fhocail, nó cosúil le Carón agus le Plútón féin, tá siad ag dul timpeall ar mheáchanlár an chórais.

Nix agus Hydra: grianghraf ó New Horizons, 2015

Tá fithis Nix suite timpeall is 48,700 ciliméadar ón meáchanlár, agus fithis Hydra timpeall ar 64,800 ciliméadar ón meáchanlár. Tá fithisí an dá ghealach seo an-chosúil le ciorcal ceart.

Fionnachtain[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá scéal fionnachtana Phlútóin fite fuaite le fionnachtain Neiptiúin. Sna 1840idí, agus iad i dtuilleamaí mheicníc Newton, d'oibrigh Urbain Le Verrier agus John Couch Adams amach suíomh Neiptiúin, nach raibh aimsithe go fóill, agus iad i ndiaidh anailís a dhéanamh ar an dóigh a raibh mais mhór mhillteanach éigin ag cur isteach ar ghluaiseacht Úránais ar a chonair. Thuig siad nach mbeadh ach imtharraingt ó phláinéad eile in ann a leithéid a dhéanamh, agus ceart go leor, tháinig Johann Gottfried Galle ar Neiptiún ar an 23ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1846.

Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, thosaigh na réalteolaithe ag déanamh go raibh conair Neiptiúin faoi thionchar den chineál chéanna, agus iad ag dul ar lorg pláinéad eile fós. Sa bhliain 1909, bhí William H. Pickering agus Percival Lowell ag moladh comhordanáidí éagsúla neamhaí don phláinéad sin. I Mí na Bealtaine sa bhliain 1911, d'fhoilsigh an réalteolaí Indiach Venkatesh Ketakar figiúirí ar bhullaitín na réalteolaithe Francacha inar thairngir sé suíomh an phláinéid nach raibh aimsithe fós. Cailleadh Percival Lowell sa bhliain 1916, ach níor tháinig deireadh leis na hiarrachtaí teacht ar an bpláinéad a bhí ag teastáil.

20ú haois[athraigh | athraigh vicithéacs]

B'é an réalteolaí Clyde Tombaugh, agus é ag obair i Réadlann Lowell in Arizona, a chuir an chéad sonrú i bPlútón ar an 18 Feabhra 1930. Lean sé ar aghaidh ag cur grianghrafanna den spéir i gcomparáid[3] le chéile.[4]. Nuair a bhí tuilleadh grianghrafanna tógtha le Tombaugh an bhfiannachtain a dheimhniú, cuireadh an nuacht ar an teileagraf chuig Réadlann Choláiste Harvard ar an 13 Márta. Ina dhiaidh sin féin, haithníodh an pláinéad ar sheanghrianghrafanna ón 19 Márta 1915. Fuarthas amach go raibh sé ag dul ar aghaidh 39.48 aonad réalteolaíoch, nó 14.283 stuashoicind in aghaidh an lae.

Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na "mírialtachtaí" a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin measúnaithe i gceart ag réalteolaithe na naoú haoise déag. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.

Taiscéalaí sa 21ú haois[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scaoileadh New Horizons chun siúil ó lárionad spáis Cape Canaveral ar an 19 Eanáir 2006, ó lárionad spáis Cape Canaveral. D'eitil sé thar Plútón sa bhliain 2015

Ainm[athraigh | athraigh vicithéacs]

Percival Lowell, réadlann Lowell, 1914

B'é Vesto Melvin Slipher, stiúrthóir Réadlann Lowell, a fuair "spreagadh chun ainm a bhaisteadh ar an bpláinéad nua sula ndéanfadh aon duine eile é", mar a dúirt Tombaugh. Thosaigh na mílte duine ó gach cearn den domhan ag moladh ainmneacha éagsúla ar Phlútón, Thairg Constance Lowell, baintreach Percival, na hainmneacha Zeus, Lowell, agus fiú Constance, ach ní raibh fáilte ar bith roimh na moltaí seo. Is iomaí ainm miotasúil de chuid na sean-Róimhe agus na sean-Ghréige a cuireadh chun tosaigh, ach má cuireadh, bhí cuid mhór acu úsáidte cheana féin, agus iad bronnta ar na hastaróidigh iomadúla.

An t-ainm a roghnaíodh, is é ainm an dé i seanreiligiún na Róimhe a bhí ag gardáil an Domhain Thíos. Thairis sin, cuireann an chéad dá litir an réalteolaí Percival Lowell i gcuimhne dúinn, an fear céanna a thuar go mbeadh pláinéad eile le fáil taobh thiar de Neiptiún. B'í Venetia Burney, cailín nach raibh ach aon bhliain déag d'aois, a mhol an t-ainm. Chuir sí an smaoineamh in iúl dá seanathair, a bhí ag obair sa Bhodleian Library, is é sin, leabharlann na hOllscoile in Oxford.

Leabhalann Bodleian

Chuaigh an t-ainm ón seanathair go Herbert Hall Turner, Ollamh le Réalteolaíocht, agus b'é an tOllamh Turner a chuir an smaoineamh in iúl do na réalteolaithe i Meiriceá ar an teileagram. Sa deireadh thiar thall, baisteadh Plútón ar an bpláinéad go hoifigiúil, rud a fógraíodh don tsaol mhór ar Lá Bealtaine, 1930.

Tréithe fisiceacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níl Plútón ach dhá thrian mhéid ár ngealaí, cothrom le 1/500 mhais an domhain.

Mais agus méid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Trastomhas 2306 ± 20 km (18% de thrastomhas an Domhain)

Achar an dromchla 1.795×107 km2 (0.033 d'achar an Domhain)

Toirt 7.15×109 km3 (0.0066 de thoirt an Domhain)

Mais (1.305±0.007)×1022 kg (0.0021 de mhais an Domhain)

Meándlús 2.03±0.06 g/cm3

Pluto animiert.gif

Imtharraingt ag an meánchiorcal 0.58 m/s2 (0.059 den domhantarraingt)

Treoluas éalaithe 1.2 km/s

Tréimhse rothlaithe −6.387230 lá (6 lá 9 n-uaire 17 nóiméad 36 soicind)

Treoluas rothlaithe 47.18 km/h (ag an meánchiorcal)

Claonadh na haise 122.54° (i gcomparáid leis an bhfithis)

115.60° (i gcomparáid leis an éiclipteach)

Ceartairde an Phoil Thuaidh 133.02° (8 h 52 min 5 s)

Diallas -9.09°

Ailbéideacht 0.49–0.66

Teocht ar an dromchla:

íosmhéid 33 K

meán 44 K

uasmhéid 55 K

Pluto Orbit Top View.gif

Fithis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ais leathmhór 5,906,376,272 km 39.481 686 77 aonad réalteolaíoch

Imlíne na fithise 36.530 Tm 244.186 aonad réalteolaíoch

Éalárnacht 0.248 807 66

Peirihéilean (garphointe don Ghrian) 4,436,824,613 km 29.658 340 67 aonad réalteolaíoch

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian) 7,375,927,931 km 49.305 032 87 aonad réalteolaíoch

Réalt-tréimhse fithise 90,613.3055 lá (248.09 bliain)

Treoluas ar an bhfithis, meán 4.666 km/s, uasmhéid 6.112 km/s, íosmhéid 3.676 km/s

Pluto Orbit.gif

Claonadh na fithise 17.141 75° (11.88° i gcoibhneas mheánchiorcal na Gréine)

Fad an nóid éirithigh 110.303 47°

Argóint an pheirihéilin 113.763 29°

Satailítí: 3

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Sa bhliain 2005, thángthas ar réad de chuid Kuiper, 2003 UB313, atá níos mó ná Plútón.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  3. Leis an ngléas "Astrograph", rinne Clyde Tombaugh fótagraif den chuid den spás inar aimsigh sé an abhacphlainéad Plútón
  4. Chaith Tombaugh taobhshúil fosta ar ghrianghraf a tógadh ar an 20 Eanáir nach raibh chomh maith leis na grianghrafanna eile
athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeresAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris