Neiptiún (pláinéad)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Neiptiún)
Neiptiún

Is é Neiptiún an t-ochtú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, an 4ú pláinéad is mó. Bíonn Plútón níos gaire ó am go chéile de bharr a fhithis siúd a beith an-éalárnach[1] (ach ní rangaítear é sin mar phláinéad a thuilleadh; is abhacphláinéad é).

Airíonna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá Neiptiún ag meánfhad 30.0 AD amach, agus tógann fithis iomlán 165 bliain.

Tá trastomhas 34,800km aige.

Rothlaíonn Neiptiún ar a ais le tréimhse 16.1 uair.

Fithis

As uisce is carraig leáite atá sé déanta, timpeallaithe le hatmaisféar de hidrigin, héiliam is meatán.

Bíonn spotaí dorcha ar a aghaidh, ina measc an Spota Dorcha Mór sa leathsféar theas. Taispeánann na spotaí neamhbhuana seo go bhfuil aimsir ghaofar chlamprach ar Neiptiún.

Tá Neiptiún giota beag níos lú ná Úránas agus is cosúil le leathchúplaí iad a mbeirt.

Stoirm ar Neiptiún

In aonaid réalteolaíocha (is ionann 1 AD agus an fad ón domhan don ghrian), is iad seo na príomhphláinéid is a meánfhad amach ón ngrian:

ach tá Neiptiún 30 AD amach ón ngrian.

Fionnadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Má tharlaíonn aon chlaonadh ón rian éilipseach, ciallaíonn sé sin go bhfuil réad eile i gceist freisin. Sin a tharla sna blianta 1845/1846: díreach tar éis do na réalteolaithe claonadh a bhrath i bhfithis Úránais, fionnadh Neiptiún.

Sa bhliain 1845, réamhinis John Couch Adams go raibh an pláinéad Neiptiún ann ó anailís a dhéanamh ar neamhrialtachtaí i ngluaisne Úránais. Ag an am céanna, réamhinis Urbain Jean Joseph Le Verrier go raibh leithéid Neiptiúin ann sula bhfacthas an pláinéad.

D'fhionn Johann Gottfried Galle an pláinéad Neiptiún, agus é ag obair i Réadlann Bheirlín, ar an 23 Meán Fomhar 1846.

De réir dlíthe Newton, ba chóir d'Úránas bheith in áit eile agus mar sin bhí Galle de thuairim acu go raibh pláinéad mór eile ann taobh amuigh d'Úránas. Fuarthas amach níos déanaí gur de thaisme a tharla na an fionnadh seo.

I 1989 ghlac an spásárthach Voyager 2 pictiúir shoiléire den phláinéad seo is a ghealacha. Chomh maith leis an dá ghealach a bhí ar eolas roimhe sin, Tríotón is Neiréid, fuarthas 6 cinn eile le fáinní. Faoi seo is eol go bhfuil 13 ghealach ag Neiptiún.

Voyager 2, 1989 agus Neiptiún

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)


athraigh An Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Mars Phobos agus Deimos Ceres An príomhchrois astaróideach Iúpatar Gealacha Iúpatair Satarn Gealacha Shatairn Úránas Gealacha Úránais Neiptiún Gealacha Neiptiúin Plútón Gealacha Phlútóin Haumea Gealacha Haumea Makemake Crios Kuiper Eris Dysnomia An diosca scaipthe Scamall Hills Scamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris