Isaac Newton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir
Isaac Newton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Nollaig 1642 (Iúlach)
Mainéar Woolsthorpe (Ríocht Shasana)
Bás20 Márta 1727 (Iúlach)
84 bliana d'aois
Kensington (Ríocht na Breataine Móire)
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
12 Uachtarán an Chumainn Ríoga
1703 – 1727
← John Somers, 1st Baron Somers (en) AistrighHans Sloane →
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Nollaig 1701 – 1702
Toghcheantar: Ollscoil Cambridge
Master of the Mint (en) Aistrigh
Eanáir 1700 – 31 Márta 1727
Warden of the Mint (en) Aistrigh
1696 – Eanáir 1700
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
1689 – 1690
Toghcheantar: Ollscoil Cambridge
Ollamh Lúcásach le Matamaitic
1669 – 1702
Ball de pharlaimint Shasana

Toghcheantar: Ollscoil Cambridge
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana

Toghcheantar: Ollscoil Cambridge
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSasanaigh
ReiligiúnNontrinitarianism (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge - Máistir Ealaíon (1667–1668)
Coláiste na Tríonóide, Cambridge - Baitsiléir Ealaíon (1661–1665)
The King's School, Grantham (en) Aistrigh (1655–1659)
Ollscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaluach ar iarraidh
Áit chónaitheSasana
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic, meicnic, matamaitic, réalteolaíocht, eolaíocht nádúrtha, meicnic neamhaí, imtharraingt, optaic, anailís mhatamaiticiúil agus móiminteam
Suíomh oibre Cambridge
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmatamaiticeoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iMóiminteam, meicnic neamhaí, optaic agus imtharraingt
Mac/iníon léinn de chuidIsaac Barrow agus Benjamin Pulleyn
Mac/iníon léinnRoger Cotes, John Flamsteed agus William Whiston
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairIsaac Newton Sr.  agus Hannah Ayscough
Duine muintearthaCatherine Barton (neacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

iTunes: 459693255 Find a Grave: 21644 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach ab ea an Ridire Isaac Newton (4 Eanáir, 1643 - 31 Márta, 1727), a rugadh i Woolsthorpe.[1] Bhí sé ar dhuine de na heolaithe ba thábhachtaí ar domhan.[2]

Tháinig sé na prionsabail is bun le gluaisní réad ar domhan is na reanna spéire. Chuir na dlíthe a nocht sé sa saothar seo bonn faoi dhul chun cinn na fisice is na meicnice go dtí an atá anois ann.

Mhínigh a chuid dlíthe, ar nós dlíthe na gluaiseachta is dlí na himtharraingthe, fithis na reann timpeall na gréine agus fithis na gealaí timpeall an domhain.

Cheap Newton agus Leibniz an mionchalcalas timpeall an ama céanna agus go neamhspleách ar a chéile.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Newton a mhórshaothar Philosophiae Naturalis Principia Mathematica ("Prionsabail Mhatamaiticiúla na Fealsúnachta Aiceanta") sa bhliain 1687. Sa leabhar seo, thosaigh sé leis na coincheapanna bunúsacha mais móiminteam, luasghéarú is fórsa, na trí bhundlí gluaisne, agus dlí na himtharraingthe, chun cur síos go cuimsitheach ar ghluaisne na bpláinéad is na réalta agus gluaisne réad ar domhan.

Leis na huirlisí seo, mhínigh sé fithisí na bpláinéad is na ngealach, gluaisne na gcóiméad, gluaisne réada atá ag titim faoi dhomhantarraingt, meáchan, na taoidí, agus fiú boilsc an domhain ag an meánchiorcal.

Thaispeáin sé den chéad uair go bhfuil an fórsa imtharraingthe díreach i gcomhréir le hiolrú an dá mhais is i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu ceamaithe.

Chun a smaointe a láimhseáil go matamaiticiúil, d'fhionn sé an calcalas difreálach. D'oibrigh sé amach conas a shuimíonn dathanna chun dath bán a chumadh, agus thaispeáin an feiniméan seo le priosma.

Bhí a shaothar bunaithe ar shaothar is fionnachtana a réamhtheachtaithe Copernicus, Kepler is Galileo Galilei.

Mar a dúirt sé féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinneas é trí sheasamh ar ghuaillí fathach."

Dlí na himtharraingthe agus an úllord[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir scéal go raibh Newton ina shuí in úllord lá amháin agus go bhfaca sé úll ag titim go talamh.[3] Thosaigh sé ag smaoineamh ar an bhfáth a dtitfeadh rudaí. Shocraigh sé go raibh fórsa dofheicthe ag an domhan agus ag an úll a tharraing rudaí eile chucu.

Bhí fórsa an Domhain ábalta an t-úll a tharraingt go talamh toisc go raibh an domhan chomh mór sin agus go raibh fórsa an Domhain i bhfad níos cumhachtaí ná fórsa an úill. Ní raibh fórsa an úill láidir go leor chun an domhan a tharraingt chuige. Tugaimid domhantarraingt mar ainm ar an bhfórsa seo a bhíonn thart ar rudaí

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain. Nuair a leasaigh Einstein iad, ní treascairt a bhí i gceist ach teoiricí comhlántacha, chun a dtarlaíonn i ngluaisne na gcáithníní fo-adarnhacha is gluaisní ag luasanna atá gar do luas an tsolais, a mhíniu.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Newton bás "ina chodladh" ar an 31 Márta 1727. Tá sé curtha in Abteach Westminster.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Biography of Isaac Newton" (Béarla). Dictionary of Scientific Biography. Dáta rochtana: 2008-11-28.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  3. cogg.ie (Aibreán 2010). "Eureka 6-22". Dáta rochtana: 2021.

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]