Nicolaus Copernicus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nicolaus Copernicus
Nikolaus Kopernikus.jpg
Portráid ó Toruń - 16ú haois
Dáta breithe 19 Feabhra, 1473
  Toruń, An Pholainn
Dáta báis 24 Bealtaine, 1543
  Frombork, Warmia, An Pholainn
Réimsí Réalteolaíocht, leigheas, matamaitic, agus eacnamaíocht
Iomráiteach do Córas héilealárnach
Síniú
Nicolaus Coppernicus sig.png

Ba réalteolaí é Nicolaus Copernicus (19 Feabhra, 147324 Bealtaine, 1543). Saolaíodh é in Torún na Polainne.

Ba é an chéad eolaí é a d'fhógair an córas héilealárnach, teoiric a deir go dtéann an Domhan agus pláinéid eile an ghrianchóras timpeall na gréine. Roimhe sin creideadh gurbh é an Domhan lár na cruinne agus go raibh gach rinn eile ag dul ina thimpeall.

Deirtear gur chuir a leabhar De revolutionibus orbium coelestium (I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe 1543) tús leis an réalteolaíocht nua-aimseartha agus a thug spreagadh don eolaíocht i gcoitinne. Luaitear an leabhar seo agus Principia Newton mar bhunús na réabhlóide eolaíche.