Stróc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarStróc
cuir in eagar
Cineálgalar ceirbreashoithíoch agus siomptóm néareolaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht agus néaramháinliacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
ScrúduitheROSIER scale (en) Aistrigh agus Orpington Prognostic Scale (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
Ualach tinnis141,348,082 Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Suíomhinchinn Dhaonna Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis ghéiniteachZFHX3, SPSB4, ALDH2, ADAMTS12, ADAMTS2, HDAC9, CRYBG1, IMPA2 agus KALRN Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
CIAPK90 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0248841 agus 0108630 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM601367 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB2247 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000726 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1159752, 1916852, 1916662 agus 323662 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKcerebrovascular-events Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD020521 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0751956 Cuir in eagar ar Wikidata
Póstaer ó Fhundúireacht Croí na hÉireann a thugann comharthaí strócanna, an feachtas FAST

Fabht sa chóras fola a bhaineann den inchinn is den cholainn i bhfoirm máchaile é stróc (teagmhas ceirbreashoithíoch an téarma teicniúil).

Tá dhá phríomchineál stróic ann; stróc de bharr iscéime (tarlaíonn seo nuair a bhlocáiltear feadán fola tábhachtach agus cuimsíonn seo 87% de strócanna) agus stróc de bharr rith fola (cuireann an rith fola brú ar an gcuid den inchinn atá ina aice).

An tríú cineál stróic is coitianta ná rith fola fo-aracnóideach.

Scríobh Matt Husseyː

Dochar don inchinn de bharr soláthar easnamhach fola don inchinn, agus mar sin soláthar easnamhach ocsaigine is aistriú easnamhach dé-ocsaíd charbóin is táirgí meitibileachta eile amach as an inchinn.[1]

Is féidir leis tarlú trí cheann de na heachtraí seo: scoilteadh artaire taobh istigh den inchinn nó ar an mbealach isteach inti, rith fola, bacadh artaire le heambólacht, cnapán fola nó bolgán aeir, nó caolú artaire de bharr plaic steanóise a bheith leagtha síos taobh istigh de bhallaí an artaire.

Braitheann déine an stróic ar an oiread den inchinn a scriostar, agus an chuid ar leith den inchinn a scriostar. Is féidir le stróc a bheith marfach.

Muna marfach é, is féidir go mbeidh damáiste déanta don radharc nó an guth, deacracht i dtuiscint urlabhra, agus easpa mothúchán is feidhmiúchán sna géaga, de ghnáth ar thaobh amháin den cholainn.

Ag brath ar dhéine an stróic, is féidir go dtiocfaidh feabhas ar na riochtaí seo taobh istigh de nóiméid, nó de réir a chéile de bharr teiripe thar mhíonna, nó nach dtiocfaidh feabhas go bás. Má dhéanann an bunstróc dochar do na láir análaithe i stoc na hintinne, seans go bhfaighidh duine bás go luath.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Husseyː (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).