Stróc teasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarStróc teasa
cuir in eagar
Cineál hipirteirme agus stróc teasa Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighis leigheas éigeandála Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10 T67.0 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB 5690 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus 000056 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSH D013474 Cuir in eagar ar Wikidata

Éirí i dteocht duine (go minic os cionn 41 °C) nó ainmhí eile, a tharlaíonn nuair is mó an táirgeadh teasa sa cholainn ná an chailliúint teasa, mar shampla in obair nó aclaíocht throm, tinneas fiabhrasach, nó le linn do theocht na timpeallachta a bheith ró-ard. Éiríonn na torthaí cliniciúla ón ardú teochta is dísciú. Tarlaíonn laige is urlacan, agus ina dhiaidh sin cailliúint comhfheasa is cliseadh na nduán. Mar chóireáil, ní mór an cholainn a fhuarú go práinneach is a hiodráitiú. Tugtar béim gréine ar an riocht seo freisin, ach ní gá go mbeidh duine amuigh faoin nGrian chun go dtarlóidh sé.