Jump to content

Bologna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBologna
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

LeasainmLa dotta, La rossa agus La grassa Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 44° 29′ 38″ N, 11° 20′ 34″ E / 44.4939°N,11.3428°E / 44.4939; 11.3428
Tíran Iodáil
Réigiún san IodáilEmilia-Romagna
Metropolitan city of Italy (en) AistrighCeannchathair Bologna Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tiarnas Bologna (1337–1506)
Bolognese Republic (en) Aistrigh (–1796)
Reno Department (en) Aistrigh (1797–1815)
Italian United Provinces (en) Aistrigh (–1831)
Emilia-Romagna (1970–)
Cúige Bologna (–2014)
Ceannchathair Bologna (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán387,971 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,754.3 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla140.86 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde54 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
ÉarlamhCatherine of Bologna (en) Aistrigh agus Petronius of Bologna (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachBologna City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Bologna Cuir in eagar ar WikidataMatteo Lepore (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist40121, 40122, 40123, 40124, 40125, 40126, 40127, 40128, 40129, 40131, 40132, 40133, 40134, 40135, 40136, 40137, 40138, 40139 agus 40141 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód051 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantas ISTAT037006 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód cadastair na hIodáileA944 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincomune.bologna.it Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair san Iodáil í Bologna. Tá 370,000 ina gcónaí inti. Príomhchathair Emilia-Romagna í.[1]

Tá an t-ainm bunaithe ar Bononia na Laidine. Tá leasainmneacha éagsúla ag Bologna: Bologna la dotta (Bologna léannta) mar gheall ar an ollscoil cháiliúil, Bologna la grassa (Bologna ramhar) mar gheall ar an mbia saibhir, Bologna la rossa (Bologna dhearg) mar go bhfuil an oiread sin dá foirgneamh déanta de bhrící dearga.

Bhunaigh na hEatroscaigh an chathair timpeall na bliana 534 RC, agus ón treabh Gallach na Boii a d'ainmnigh na Rómhánaigh an chathair nuair a ghabh siadsan seilbh uirthi, timpeall 189 RC. Le tógáil an Via Aemilia i 197 RC bhí an-tábhacht leis an chathair mar ionad cumarsáide agus tráchtála. Timpeall 10,000 duine a bhí inti i aimsir Impireacht na Róimhe agus áiríodh Bononia ar cheann de na cúig chathracha ba shaibhre san Iodáil ag an am. Tar éis do Impireacht na Róimhe dul i léag rinneadh athnuachan ar an chathair faoin easpag Petronios sa chúigiú haois.

Ghabh rí na Lombard, Liutprand, seilbh ar an régiún i 728. Bhain Bologna neamhspleáchas amach arís san aonú haois déag, agus bhí sí páirteach i gConradh na Lombard in éadan an Impire Barbarossa. Cuireadh an Studio ar bun in 1088, agus is as a d'fhás Ollscoil Bhologna, an ollscoil is sine san Eoraip.

Ritheadh dlí darbh ainm Legge del Paradiso (Dlí Pharrthas) i 1256, dlí a chuir deireadh leis an daoirse d'oibrithe. Tógadh an-chuid túr, clochar, eaglaisí agus pálás sa tréimhse sin, agus faoi dheireadh an 13ú haois bhí Bologna ar cheann de na cathracha ba mhó san Eoraip.

Túir Bologna

Bhí rialtaisí Poblachtacha sa chathair ó am go ham ach bhí sí ina cuid de shealúchas an Phápa chomh maith uaireanta, agus teaghlaigh ceannasacha na cathrach de shíor ag troid eatarthu féin. Chuaigh teaghlach Bentivoglio i gceannas i lár an 15ú haois, agus bhí an-rath ar Bologna lena linn. Ghabh saighdiúirí an Phápa Julius II seilbh ar Bologna i 1506 agus creachadh an pálás. Bhí Bologna faoi smacht an phápa as sin i leith go dtí an 18ú haois, ach bhí rath ar an gcathair ina ainneoin sin.

Bunaíodh an phoblacht Repubblica Cispadana le linn réimeas Napoleon agus Bologna ina príomhchathair uirthi. Ghabh an Pápa seilbh uirthi arís nuair a thit Napoleon ach bhí éirí amach sa chathair i 1831 agus arís i 1849. Tar éis chuairt an Phápa Pius IX in 1857 vótáil muintir na cathrach ar son dul isteach i Ríocht na Sairdíne, agus ina dhiaidh sin aontaíodh an Iodáil.

Mhéadaigh tábhacht Bhologna mar ionad cultúrtha agus mar lárionad tráchtála, tionsclaíochta agus cumarsáide. Thosaigh an daonra ag fás arís agus leagadh seanbhallaí na cathrach ar mhaithe le tithe nua a thógáil don phobal.

Rinneadh damáiste do Bhologna le linn an Dara Cogadh Domhanda ach tháinig sí chuici féin go mear agus tá sí anois ar cheann de na cathracha is saibhre agus is deaphleanáilte san Iodáil.

Orologio della stazione di Bologna fermo alle 10:25 ora della strage del 02/08/1980

Tá stáisiún traenach Bologna an-mhór agus an-tábhachtach, agus ba ann a tharla an pléascán mór i mí Lúnasa 1980 inar maraíodh 85 duine in ionsaí nuafhaisisteach.

Tá an-cháil ar chomhlachtaí innealtóireachta Bhologna, go háirithe gluaisrothair Ducati, agus carranna Lamborghini.

Tá an-spéis ag muintir na cathrach sa chispheil, rud annamh i dtír ina bhfuil dúil as cuimse ag daoine sa sacar.

  1. Mairéad Ní Nuadháin (22 Meán Fómhair 2023). "Cathair Bologna – cathair na dTúr agus na nEaglaisí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-23.