Pápa Pius IX
(1875) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (la) Pius PP. IX |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | (it) Giovanni Maria Battista Pietro Pellegrino Isidoro Mastai-Ferretti 13 Bealtaine 1792 Senigallia (Stáit an Phápa) |
| Bás | 7 Feabhra 1878 85 bliana d'aois an Pálás Aspalda (Ríocht na hIodáile) |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
| Áit adhlactha | Tomb of Pius IX (en) |
| 16 Meitheamh 1846 – 7 Feabhra 1878 ← Pápa Greagóir XVI – Pápa Leo XIII → | |
| 14 Nollaig 1840 – 7 Feabhra 1878 ← Giacomo Giustiniani – Gaetano Baluffi (en) | |
| Roman Catholic Bishop of Imola (en) | |
| 17 Nollaig 1832 – 21 Meán Fómhair 1846 ← Giacomo Giustiniani – Gaetano Baluffi (en) Deoise: Deoise Chaitliceach Imola | |
| Ard-Easpag Spoleto | |
| 3 Meitheamh 1827 – ← Mario Ancaiani (en) Deoise: Archdiocese of Spoleto (en) | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Phontaifiúil Ghréagóra |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | An Róimh Stáit an Phápa |
| Gairm | sagart Caitliceach (1819–), taidhleoir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Iodáilis agus an Laidin |
| Ord crábhaidh | Proinsiasaigh |
| Coisreacan | Pápa Pius VIII |
| Ardú | |
| |
| Lá féile | 7 Feabhra |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| 8 Nollaig 1869 | An Chéad Comhairle Vatacáine |
| 1846 | comhthionól cairdinéal 1846 |
| Eile | |
| Teideal uasal | Cunta |
| Teaghlach | Mastai family (en) |
| Céile | luach ar iarraidh |
| Athair | Conte Girolamo Mastai Ferretti agus Caterina Solazzi |
Bhí Pius IX Beannaithe (Iodáilis: Pio Nono) mar dhuine de na pápaí ar an Eaglais Chaitliceach is conspóidí riamh (13 Bealtaine 1792 – 7 Feabhra 1878). Chaill sé Stáit an Phápa nuair a ghabh Giuseppe Garibaldi an Iodáil sa bhliain 1870.
D'fhógair an Chéad Comhairle Vatacáine nach ndéanfadh an Pápa faillí agus é ag labhairt ex cathedra ar ábhar creidimh.

Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Giovanni Maria Mastai-Ferretti i Senigallia san Iodáil in 1792. Oileadh é mar shagart agus bhí sé ag obair sa tSile agus Peiriú sular fhill sé ar ais ar an Iodáil mar Ardeaspag Spoleto in 1827. Ceapadh é mar Easpag Imola (a bhí i bhfad níos tábhachtaí ná Spoleto) agus cairdinéal in 1839.

Pápa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Mastai-Ferretti mar Phápa in 1846 tar éis bháis Ghreagóir XVI. Bhí cáil air mar liobrálaí ag an am. Ghlac sé an cairdinéal liobrálach, Gizzi, mar Rúnaí Stáit.
Nuair a rinne na náisiúnaí Iodáileacha ionsaigh ar an Róimh in 1848, bhí ar an bpápa éalú ón Róimh. Tháinig sé ar ais le mheon athraithe, agus fís fíor-choimeádach aige.

I 1860 ghabh Garibaldi mórchuid de críocha an Phápa, am a bhí aontú na hIodáile ar siúl. Ghabh an Ríocht Iodálach an Róimh agus Stáit an Phápa. Ó shin i leith, chuir Pius IX 'príosúnach na Vatacáine' air féin. Thosaigh mór-fhadhbanna ansin le Poblacht nua na Fraince agus Impireacht na Gearmáine tar éis do Bismarck an Kulturkampf a cuir i bhfeidhm. Ba léir nach raibh an meas céanna ar na mór-chumhachtaí ar an bPápa níos mó.

Diagacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1854, d'fhógair sé go raibh Muire gan smál mar dhogma Caitliceach. In 1864, d'fhógair sé an Syllabum Errorum, a chuir síos earráidí na nua-aoise.
In 1869, ghlaoigh sé an Chéad Comhairle Vatacáine; d'fhógair a Chomhairle go mbeadh an Pápa saor ó earráide nuair a labhair sé ex cathedra (ón gcathaoir) ar ábhair chreidimh nó morálta.
Pius IX & Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cheap Pius IX Pól Ó Cuilinn, Ard-easpag Átha Cliath, mar an chéad cairdinéal Éireannach i stair na heaglaise.
Scríobh Pius IX an imlitir Praedecessores nostros sa bhliain 1847.[1] Bronnadh airgead ar charthanacht in Éirinn gus an Gorta Mór faoi lán seoil.
Cháin Pius IX na "Godless colleges" (Queens) in Éirinn ag an am.[2] Scríobh sé an imlitir, Optime noscitis (Catholic University of Ireland) a tháinig amach ar 20 Márta 1854.

Bás agus comharbas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an Pápa Pius IX bás i 1878. Chaith sé níos mó ná 31 bhliain mar phápa. Tháinig Leo XIII i gcomharbacht air.
Rinne Eoin Pól II beannú ar Pius IX sa bhliain 2000, gníomh conspöideach ag an am.

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Praedecessores nostros" (as en) (2021-11-17). Wikipedia.
- ↑ Aodán Ó Sé. (Meitheamh 2013 / Feasta 66 (6), lch 22.). "Dr James Good: Réabhlóidí Inmheánach Eaglaise". Dáta rochtana: 2022.