Pápa Pius XII
Pápa Pius XII | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||
Aibreán 23, 1917 - Dioceses: See of Sardis (en) ![]()
Bealtaine 13, 1917 -
Meitheamh 23, 1920 - Nollaig 16, 1929 ← Pápa Leo XII - Cesare Orsenigo (en) ![]()
Nollaig 16, 1929 -
Feabhra 7, 1930 - Márta 2, 1939 ← Pietro Gasparri (en) ![]() ![]()
Aibreán 1, 1935 - Márta 2, 1939 ← Pietro Gasparri (en) ![]() ![]()
1937 - 1939 ← Lorenzo Lauri (en) ![]()
Márta 2, 1939 - Deireadh Fómhair 9, 1958 ← Pápa Pius XI - Pápa Eoin XXIII → | |||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||
Ainm iomlán | Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli | ||||||||||||||||
Eolas breithe | An Róimh, Márta 2, 1876 | ||||||||||||||||
Náisiúntacht |
An Iodáil Ríocht na hIodáile | ||||||||||||||||
Bás |
Castel Gandolfo (en) ![]() | ||||||||||||||||
Áit adhlactha |
Vatican Grotto (en) ![]() Baisleac Pheadair | ||||||||||||||||
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | bás nádúrtha (cliseadh croí) | ||||||||||||||||
Muintir | |||||||||||||||||
Athair | Filippo Pacelli | ||||||||||||||||
Céile/Céilí | no value | ||||||||||||||||
Siblíní |
liosta iomláin Francesco Pacelli (en)
![]() | ||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||
Alma mater |
Pontifical Gregorian University (en) ![]() Sapienza University of Rome (en) ![]() | ||||||||||||||||
Teangacha |
An Iodáilis An Ghearmáinis | ||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||
Gairm |
Roman Catholic priest (en) ![]() | ||||||||||||||||
Áit oibre | An Róimh agus Cathair na Vatacáine | ||||||||||||||||
Duais | |||||||||||||||||
Ainmníodh é/í le haghaidh |
liosta iomláin
| ||||||||||||||||
Ballraíocht |
Pontifical Academy of Sciences (en) ![]() | ||||||||||||||||
Féile | |||||||||||||||||
9 Deireadh Fómhair | |||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||||||||||||||
IMDb | nm0691068 | ||||||||||||||||
![]() |
Bhí Pius XII ina cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach ó 1938 tar éis bháis Pius XI go dtí 1958. Chaith sé a shaol i seirbhís lárnach na hEaglaise, ag caitheamh tréimhsí mar Nuinteas don Bhaváir i München, don Ghearmáin i mBeirlín agus ina Chairdinéal Rúnaí Stáit ('príomh-aire na hEaglaise').
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli sa Róimh ar 2 Márta 1876 de shíol uasail. Ba é an Rómhánach deireanach ar tógadh mar Easpag na Róimhe. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1899 agus fuair sé dochtúireacht sa bhliain 1901. Bhí sé ag obair sa Rúnaíocht Stáit ó shin amach tar éis dó staidéar agus taighde a dhéanamh ar Eaglais agus Stáit.
Coinscríobhadh ina easpag é ar 13 Deireadh Fómhair 1917 agus seoladh é chun München mar Nuntius Aspalda an Phápa don Bhaváir. Ag an am, bhíodh Nuntius faoi leith ag an mBaváir agus é scartha ón Nuntius i mBeirlín. Cuireadh chun Beirlín é sa bhliain 1925. Cé go raibh an Iodáil i gcoinne na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an Ardeaspag Pacelli chun na Baváire sa bhliain 1917, d'fhás mórchaidreamh idir é agus muintir na Gearmáine agus ba ghnách leis Gearmáinis a labhairt go príobháideach go dtí deireadh a shaoil.
Cairdinéal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinneadh cairdinéal de sa bhliain 1929 agus cheap Pius XI ina Rúnaí Stáit é sa bhliain 1930. Bhí lámh mhór aige sa Choncordat idir an Vatacáin agus an Ghearmáin sa bhliain 1933, tar éis teacht i gcumhacht Adolf Hitler.
An Concordat sínithe, bhí an-chuid scéalta ag an Eaglais faoi shárú an Choncordat ag na Naitsithe. Sheol Pius XI an tréadlitir Mit brennender Sorge chuig muintir na Gearmáine agus é ag cur i gcoinne gníomhartha agus fealsúnachta na Naitsithe. Bhí lámh ag an Cairdinéal Pacelli i scríobh na tréadlitreach sin.
Pápa[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tógadh mar Phápa é ar 2 Márta 1938 agus bhí sé ina Phápa le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Cé go bhfuil an-chuid scríobtha i gcoinne polasaithe Pius i leith na Gearmáine, ag an am aithníodh é mar an t-aon guth amháin a bhí le cloisteáil ar fud na hEorpa. Ar ndóigh, cheap roinnt daoine gur imigh sé thar fóir.
Tar éis an Chogaidh chuir sé go géar i gcoinne an chumannachais agus ghéaraigh na hionsaithe air ó shin i leith.
Bhí dúil aige sa diagacht riamh agus scríobh sé tréadlitreacha tábhachtacha tar éis an Chogaidh: Humani Generis, mar shampla, a chuir síos ar theoiricí Darwin sa bhliain 1950. Sa bhliain 1950 d'fhógair sé Deasghabháil Mhuire ar neamh mar dhogma de chuid na hEaglaise.
Bhí dhrochshláinte ag Pius XII ar feadh i bhfad agus fuair sé bás i gCastel Gandolfo ar 9 Deireadh Fómhair 1958.