Pápa Leon X

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pápa Leon X
Raffael 040 (crop).jpg
protonotary apostolic (en) Aistrigh


ab Monte Cassino

1486 - 1504
ab

1487 - 1495
cairdinéal-deagánach

Márta 26, 1489 - Márta 9, 1513
Giambattista Orsini (en) Aistrigh - Pápa Clemeint VII
riarthóir aspalda

Deireadh Fómhair 27, 1503 - Bealtaine 27, 1504
Deoisí: Diocese of Pesaro (en) Aistrigh
cairdinéal-prótadheagánach

Samhain 29, 1503 - Márta 9, 1513
Raffaele Riario (en) Aistrigh - Federico di Sanseverino (en) Aistrigh
riarthóir aspalda

Nollaig 9, 1510 - Márta 9, 1513
Deoisí: Archdiocese of Amalfi (en) Aistrigh
217. Pápa

Márta 19, 1513 - Nollaig 1, 1521
Pápa Iúil II - Pápa Aidrian VI
Saol
Ainm iomlánGiovanni di Lorenzo de' Medici
Eolas breitheFlórans, 11 Nollaig 1475
NáisiúntachtStáit an Phápa
BásAn Róimh, 1ú Nollaig 1521
Áit adhlacthaSanta Maria sopra Minerva (en) Aistrigh
Muintir
AthairLorenzo de' Medici
MáthairClarice Orsini
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
TreibhTeaghlach Medici
Oideachas
Alma materOllscoil Pisa
TeangachaAn Iodáilis
An Laidin
MúinteoiríDimitrios Chalkokondyles
Filippo Decio (en) Aistrigh
Gairm
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach, sagart Caitliceach agus Pápa
Áit oibreAn Róimh, Stáit an Phápa agus Pisa
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
Signatur Leo X..PNG

Rugadh an Pápa Leon X ar an 11ú Nollaig, 1475, leis an ainm Giovanni di Lorenzo de' Medici. Bhí sé mar an Pápa ón 9ú Márta 1513 go dtí a bháis i 1521.[1] Tá sé ceaptha bheith mar an Pápa is tábhachtaí i rith an Renaissance, agus bhí a cinneadh chun saol loghanna a cheadú cheann de na cúinsí ag baint leis an Reifirméisean.

Rug sé i bhFlórans sa bhliain 1475 mar an dara mac le Lorenzo de Medici[2]. Bhí an oideachas is fearr ar fáil dó mar gheall ar cumhacht agus saibhreas a hathair. Ó 1489 rinne sé staidéir ar an diagacht agus dlí canónta ag Ollscoil Pisa. I 1492, rinne mar bhaill de Ollscoil na gCairdinéal é, gan é a bheith mar sagart roimh ré. Rinne sé an cinneadh chun a bheith ina chónaí sa Róimh, ach mar gheall ar bás a hathair agus toghadh an Pápa nua, bhog sé ar ais go bhFlórans.

Ó 1494 go 1500, rinne sé taistil thar timpeall ar Tuaisceart na hEorpa. I 1500, bhog sé ar ais don Róimh, agus d’fhan sé ann. Rinne é mar leagáid an Phápa do Bologna agus Romagna i 1511, agus i 1512 bhí sé ag stiúir thar athbhunú cumhacht na Medicis go bhFlórans.

I 1513 fuair an Pápa Julius II, bás. Bhí ar Ollscoil na gCairdinéal Pápa nua a phioca. Tar éis íosmachnamh a dhéanamh, phioc siad an Cardinéal de Medici mar Pápa. Thóg sé an ainm Leon X.

An Pápa Leon X.

Ag 37 bliain d’aois, bhí an Pápa seo mar samhail de idéal an Renaissance. Bhí an Pápa seo ciúin agus suaimhneach, difriúil leis an saighdiúir-Pápa roimhe é, Julius II.

Bhí Leo an-flaithiúl leis a chuid airgead féin, agus airgead an Eaglais. Faoi a chuid Pátrúnacht, rinne an Róimh mar lárionad cultúr an dhoman thiar arís eile. Bhí tógáil Baisleac Naomh Peadar - a roimh tosaithe faoi Julius II - déanta i bhfad níos sciobtha, bhí bailiúchán Leabharlann na Vatacáine méadaithe go mór, agus chaitear an t-uafás airgead ar na healaíona, a chuaigh faoi bhláth de bharr. Freisin, rinne cráifeacht an Pápa níos faoi faoi Leon, a raibh droch-cháil air mar gheall ar cúpla de na Pápaí roimh ré.

Thóg an 5ú Comhairle Lateran an chéad chuig bhliain dá phápacht suas, mar bhí súil aige go mbeidh sé in ann leasú a dhéanamh ar an Eaglais Chaitliceach. Theip sé leis an tasc seo, áfach, agus níor rinne sé mórán.

Thug Leon faomhadh loghanna a dhíol sa bhliain 1517 chun airgead a fháil don Eaglais. Duiridh le muintir na hEorpa go rachaidh siad díreach go Neamh má cheannaigh siad na loghanna seo. An fá a raibh an Pápa ag bailiú airgead ná chun críochnú tógáil Baisleac Naomh Peadar. Bhí sé i gceist aige freisin leath don airgead a raibh bailithe a thabhairt d’Ard Easpaig Mainz freisin. Bhí iasacht airgead tógtha ag Ard-Easpaig Mainz chun a phost a cheannach.

Nuair a chuala fear darbh ainm Mártan Liútar faoi seo bhí sé ar buille. Bheartaigh sé 95 de na rudaí a raibh mícheart leis an Eaglais a scríobh síos, agus chroch sé iad sa séipéil i Wittenberg.

Nuair a chuala an Pápa go raibh daoine ag ceistiú an Eaglais chuir sé alltacht air. Thosaigh sé Liútar a stopadh.

Bhí díospóireacht poiblí idir Liútar agus díogaire cáiliúil ag an am, Johann Eck. I rith na díospóireachta cheistigh Liútar údarás an Pápa. Scríobh an Pápa litir do Liútar ag rá go raibh air gach rud a raibh ráite aige a shéanadh nó go gcuirfeadh sé faoi choinnealbh é. Glaoitear an Exsurge Domine ar an litir seo. An freagra a raibh ag Liútar ná chun an litir a dhó go poiblí chomh maith le roinnt leabhar Caitliceach. Nuair a chuala an Pápa faoi seo chuir sé Liútar faoi choinnealbhá.

Níor rinne Leon mórán faoi an Ghearmáin agus tuaisceart na hEorpa ag brise ón Eaglais Caitliceach. Fuair sé bás ar an 1ú Nollaig 1521. Bhí sé curtha ina luí i Santa Maria sopra Minerva.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Leo X | pope" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  2. "Leo X | pope" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-12-02.